Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
inniúla capable
" Dúradh go raibh gá le soláthar sa dréachtstráitéis do scéim earcaíochta nua chun go mbeadh dóthain daoine inniúla dátheangacha ag obair sa tseirbhís.
inniúil able
" Seo mar a fheicimse an scéal: faoi láthair, caitear méid áirithe acmhainní Stáit ag múineadh Ghaeilge le 90% de na scoláirí Ardteiste, gan ach thart ar 10% (+ 3%) inniúil ar an nGaeilge tar éis dóibh a bheith á foghlaim le 13 bhliain.
níos inniúla more skilled
" Ach bhí iománaithe na háite níos inniúla ar na cúil a aimsiú agus dob é an cúl a d’aimsigh Naoise Ó Lionáird a chuir Na Breathnaigh chun cinn agus bhí an bua ag fir Chois Fharraige ar éigean leis an scór dhá chúl agus naoi gcúilín i gcoinne trí chúilín déag.
inniúil ar capable in
" **Gaeilge sa Státchóras:** Is léir nach bhfuil a dhóthain daoine, atá inniúil ar an nGaeilge, ag obair sa Státchóras.
inniúil go leor capable enough
" “Is mór ar fad idir an cumas teanga sin agus an caighdeán a éilíonn fo-alt 33(2) den Acht: comhaltaí a bheith inniúil go leor sa Ghaeilge chun a chumasú dóibh í a úsáid go saoráideach le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh,” an breithiúnas a thug an Coimisiéir Teanga ar seo.
atá inniúil ar an teanga who is capable in the language
" Tá a laghad cainteoirí Gàidhlige ann anois go bhfuil teipthe ar Bhòrd na Gàidhlig príomhoide atá inniúil ar an teanga a earcú do Bhun-sgoil Ghàidhlig Inbhir Nis le trí bliana anuas.
ar an bhonn go bhfuil a dtuismitheoirí inniúil ar on the basis of their parents being capable
" Ní cheadófar feasta tosaíocht a thabhairt do dhaltaí ar an bhonn go bhfuil a dtuismitheoirí inniúil ar an Ghaeilge.
inniúil i léamh ná i scríobh na Gaeilge (are un)able to read nor write in Irish
" 'Sé an chúis is mó atá le seo ná nach bhfuil formhór na n-iriseoirí agus na staraithe a bhíonn ag scrúdú na gcáipéisí inniúil i léamh ná i scríobh na Gaeilge.
inniúil ar an nGaeilge capable in Irish
" Cén fáth go mbeadh muid ag iarraidh ‘na cáipéisí dlíthiúla ar fad’ a bhaineann leis an AE a bheith aistrithe go Gaeilge? Cé léifeadh na cáipéisí céanna? Státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath, gan ach codán an-íseal acu inniúil ar an nGaeilge? Postanna do na Gaeilgeoirí sa mBruiséil =============== Maíonn an Conradh go mbeadh ar Choimisiún na hEorpa ‘103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí, 42 rúnaí agus 6 ceann aonaid’ breise a earcú le dul ag obair leis an Aontas Eorpach, dá dtabharfaí an stádas iomlán oifigiúil don Ghaeilge, gan aon mhaolú.