Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
inscne gender
" Caitheann Dorothy Cross súil aorach agus chliste ar chúrsaí inscne lena píosaí dealbhóireachta "Saddle" agus "Kitchen Table", saothar atá déanta as rudaí atá faighte aici in áiteacha éagsúla agus athraithe chun ráiteas dúshlánach a dhéanamh.
inscne gender
" Beidh an tOllamh Alan Smithers ag amharc ar aois, inscne agus cúlra ciníoch na múinteoirí a fhágfaidh an tslí bheatha i mbliana.
inscne gender
" Cé gur phléigh seansaothair ar nós *An Magna Carta* (1215), *Bille Cearta Shasana *(1689) agus *Forógra na bhFrancach maidir le Cearta an Duine agus an tSaoránaigh *(1789) le ceist na gcearta daonna, i ngach cás rinneadar uilig eisceacht nó d'fhágadar ar lár dream éigin daoine de bharr a gcreidimh, nó dath a gcraicinn, nó fiú a n-inscne.
inscne gender
" Níl amhras ar bith ach go bhfuil dearcadh "baininscneach" sa leabhar.
pholaitíocht na n-inscní the politics of gender
" Dúirt Enrique Juncosa, feighlí an taispeántais, gurb é a bhí sa saothar seo *“poetic amalgamation of found and constructed objects”* a spreagann an intinn agus a bhíogann an tsúil agus is mar sin a ardaíonn Cross díospóireacht dhúshlánach ar ábhair éagsúla ar nós pholaitíocht na n-inscní.
cothromas inscne. gender equality.
" *Ach, ar ndóigh, feicim na buntáistí atá agam féin agus ag mo thír – geilleagar láidir, caighdeán maith fostaíochta, oideachas, rogha slite maireachtála, sláinte, cothromas inscne.
mar gheall ar a hinscne, because of her gender
" Bítear ag maíomh go rialta agus a leithéid ag titim amach go bhfuil comharthacht ar siúl agus go bhfuil an post faighte ag pé bean atá i gceist mar gheall ar a hinscne, seachas ar a cumas.
is cuma faoina hinscne. it doesn't matter about her gender
" Ach tá beagnach 25 bliain imithe tharainn anois, agus is léir go mbreathnaíonn pobal Mheiriceá ar Hillary Clinton ar an dóigh chéanna a mbreathnaíonn siad ar iarrthóir ar bith: polaiteoir is ea í go príomha, is cuma faoina hinscne.
cúrsaí inscne. gender issues
" An rud is suntasaí faoi leabhar Biddy Jenkinson ná an chaoi a dtéann sí i ngleic le cúrsaí inscne.
buanchruthú inscne sexual stereotyping
" Lena chois sin, tá traidisiún fadbhunaithe ariamh anall in Éirinn gur fir is mó a bhíonn ag traenáil foirne peile is iomána agus, cé go bhfuil sé in am dul i ngleic le buanchruthú inscne den chineál sin, is mall a mhilleann na muilte in amanna.
neamh-chomhionannas inscne gender inequality
" Tá an t-eolas seo a tugadh dom ag teacht sna sála ar thaighde a léiríodh le linn comhdháil bhliantúil Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) i rith na Cásca maidir le neamh-chomhionannas inscne sa ghairm.
inscne gender
" Tá sé oscailte do dhuine ar bith atá ina chónaí sa Bhreatain agus ba mhaith leis an ealaíontóir go mbeadh meascán daoine le feiceáil iontu siúd a roghnófar, a bhéarfaidh léargas cothrom ar réigiúin éagsúla na Breataine agus a mbeidh cothroime ann ó thaobh mionlaigh chine agus inscne.
hinscne of gender
" Ar ndóigh, treisíonn seoltáin shóisialta i réimse na polaitíochta, an creidimh, na hinscne, agus i réimsí nach iad, béasa agus luachanna cultúrtha a bhíonn i gcúrsaíocht timpeall an domhain de bharr na teilifíse agus an idirlín.
Inscne gender
" Mheabhraigh an tAire Airgeadais , Cothroime Ní Inscne, T.
inscne gender
" Ba bhean í Eilís Ní Mhaolagáin (1866-1953) a d’imigh in éadan an tsrutha, bíodh cúrsaí inscne, cultúir nó cúrsaí polaitíochta i gceist.
bhacainní inscne gender barriers
" Breathnaíonn an cuairteoir seo ar Eilís Ní Mhaolagáin mar shiombail den ghníomhaíocht is den chruthaitheacht a spreag gluaiseachtaí éagsúla ag deireadh an naoú haois déag, beag beann ar bhacainní inscne agus creidimh.
cothromaíocht inscne gender equality
" An tAire Turasóireachta agus Ealaíona: Deirdre Clune ====================== Beidh ar Fhine Gael cothromaíocht inscne agus tíreolaíochta a chur san áireamh nuair a bheas an chreach á dáileadh.
inscne ainmfhocail nominal gender
" I measc na ngnéithe lárnacha léirithe ann tá an t-alt agus inscne ainmfhocail; an tuiseal ginideach, an chopail ‘is’; briathra rialta agus na cinn neamhrialta; foghraíocht agus litriú; míonna agus laethanta; suíomh agus gluaiseacht; na hairde; aidiachtaí; uimhreacha ; forainmneacha pearsanta; forainmneacha réamhfhoclacha; aidiachtaí sealbhacha; réamhfhocail shimplí; réamhfhocail shimplí móide an t-alt.
inscne neodrach neuter gender
" Bhéarfaidh tú ‘Watashi’ ort féin má bhíonn tú ag caint le daoine nach bhfuil aithne agat orthu agus tá inscne neodrach ag an cheann seo.
ionannas inscne gender identity
" Ionannas cultúir, ionannas náisiúnta, ionannas teanga, ionannas inscne, fiú ionannas pearsanta, an DNA san áireamh.
cúinsí lín inscne conditions of gender representation
" Cuirfear cúinsí lín inscne i bhfeidhm fosta.
is cuma cén cúlra, inscne no matter what background, gender
" Is é bunrud an phoblachtánachais go mbeadh cothroime, ceart agus cóir, is cuma cén cúlra, inscne, is cuma cén dath atá ar a gcraiceann, is cuma cá gcónaíonn siad, ach gur chóir go mbeadh an fáil nó an rochtain chéanna acub agus na deiseanna céanna acub ar theach, díon a chur os cionn a gcloigne, fostaíocht a fháil, deis ar shláinte, ar oideachas agus mar sin de.
gné na hinscne the gender aspect
" Ach gné amháin den daonra seo a bhfuil aird á díriú uirthi le blianta beaga anuas ná gné na hinscne.
beag beann ar cheist na hinscne having no bearing on gender
" Teitheann daoine áirithe óna dtíortha dúchais mar gheall ar thubaistí nádúrtha, beag beann ar cheist na hinscne.
tíortha bochta agus gné na hinscne poor countries and the gender aspect
" Cé go bhfuil plé polasaí déanta ar cheisteanna áirithe atá curtha chun cinn ag na NA cosúil le cosaint imirceach, imirce idir tíortha bochta agus gné na hinscne den imirce, níl an tsuim chéanna ag tíortha móra glactha sa togra go ligfí do níos mó oibrithe dul ar imirce go dtí na tíortha sin, oibrithe ar bheagán oiliúna san áireamh.
de chomhionannas inscne a thabhairt of gender equality
" Mhaígh sise go bhfuil ‘an tsíleáil ghloine’ fós le sonrú i gcúrsaí rialtais na tíre cé go bhfuil sé de dhualgas ar an bPríomh-Aire dea-shampla de chomhionannas inscne a thabhairt do na hearnálacha eile abhus.
beag beann ar inscne nó ar aois regardless of their gender or age
" Chuir céad Ghobharnóir na coilíneachta, Arthur Phillips, díorma agartha le chéile agus scaoil na saighdiúirí aon duine den mhuintir dhúchais a dtáinig siad air sa cheantar, beag beann ar inscne nó ar aois.
i ngaois sheanchaite a hinscne in the old wisdom of her gender
" Bean nach gcreideann a thuilleadh i ngaois sheanchaite a hinscne, an bhréagbhrionglóid thraidisiúnta – mair, a láir Mheiriceánaigh, agus gheobhair stail fir de rachmasóir groí.