Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag insint bréag telling lies
" Tá fianaise le fáil sa tuarascáil sin go raibh na póilíní agus an t-arm ag insint bréag faoi na heachtraí a tharla in Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste anuraidh.
ag insint bréag telling lies
" Ach in áit do McLaughlin a rá go ndearna siad meancóg mhór agus leithscéal a ghabháil le cách, dúirt sé ar an raidió ar an BBC go raibh leithéidí Bruce Scott ag insint bréag.
mar mhaithe le scéal a insint for the sake of telling a story
" Ó tá a fhios ag an léitheoir gur thrasnaigh sé tairseach na réaltachta liteartha ar léamh na n-abairtí tosaigh dó, tuigeann sé go bhfuil sé ag plé anois le domhan a dhéantar a struchtúrú ar bhealach áirithe mar mhaithe le scéal a insint, le téamaí a phlé agus le hipitéisí a chur i gcás.
inste told
" Tá an scéal inste ag Banjo Patterson, Henry Lawson -agus ag tuilleadh de scríbhneoirí móra na tíre - faoi na héachtaí a rinne daoine ar nós the Man from Snowy River, Clancy of the Overflow agus daoine nach iad.
ag insint na fírinne telling the truth
" Gabh i leith!Come here! i bhfolach sna sceachahidden in the bushes ag insint na fírinnetelling the truth nach gcorróidh duitwhich won't move for you préacháincrows ag géarúintensifying tochtemoti
ag insint na fírinne telling the truth
" Gabh i leith!Come here! i bhfolach sna sceachahidden in the bushes ag insint na fírinnetelling the truth nach gcorróidh duitwhich won't move for you préacháincrows ag géarúintensifying tochtemoti
Ag insint na seanbhréag telling the old lies
" Ag insint na seanbhréag a bhí sí, mar is gnách, ina measc go raibh barraíocht daoine sa tír in 1833 ("With almost eight million people, Ireland was considerably over-populated and having difficulty feeding its populace") agus nach ndearna na scoileanna náisiúnta iarracht ar bith an Béarla a bhrú ar na hÉireannaigh.
leis an fhírinne ghlan a insint duit to tell you the truth
" “Ní dhearna mé mórán ina dhiaidh sin, leis an fhírinne ghlan a insint duit, ó thaobh tríú leibhéal de.
inste told
" Tá na mílte finscéal cumtha agus na mílte scéal atá fíor nó leathfhíor inste faoi eachtraí a bhain le lucht leanúna na hÉireann, an chuid is mó acu greannmhar agus áiféiseach.
a scéalta brónacha féin a insint their own sad stories
" Ligeann sé dóibh a scéalta brónacha féin a insint os comhair an cheamara agus fágtar fúinn féin breithiúnas a thabhairt orthu.
an míniú agus an insint the explanation and the telling
" Rud amháin a tháinig as cuairt na Sasanach ar Pháirc an Chrócaigh ná an t-ómós agus an urraim, an míniú agus an insint a tugadh sna meáin chumarsáide ar an méid a tharla ar Dhomhnach na Fola.
ag insint bréag. telling lies.
" Is é sin, bhí an margadh déanta i bhfad roimh an díospóireacht i Westminster agus nuair a dúirt Blair leis an Pharlaimint ar an 25 Feabhra 2003 go raibh an Rialtas ag tabhairt “one further, final chance to disarm voluntarily”, bhí sé ag insint bréag.
bhí sé tugtha do scéalta a insint, he was inclined to be telling stories,
" Rugadh é in Sussex sa bhliain 1948 agus, de réir cara óna óige, bhí sé tugtha do scéalta a insint, fiú agus é in aois scoile.
jóc a insint duit to tell you a joke
" Níl bhíonn sé ag iarraidh jóc a insint duit gach cúig nóiméad agus is duine oscailte é a bhfuil scileanna an-mhaithe cumarsáide aige.
an scéal iomlán a insint. to tell the whole story.
" Beidh sé suimiúil má bhíonn sé sásta an scéal iomlán a insint.
ag insint scéalta. telling stories.
" ”Bob Burke, múinteoir Gaeilge, Washington State agus Portland, Oregon“Bhíodh Seán i gcónaí ag lorg spraoi – ba bhreá leis damhsa, ceol agus a bheith ag insint scéalta.
agus an fhírinne shearbh, lom a insint and to tell the bitter, whole truth
" Ach is minic go mbíonn ealaíontóirí ábalta éalú ón laincis sin agus an fhírinne shearbh, lom a insint.
ag insint bréaga telling lies
" Rinne sé iniúchadh ar fhigiúirí an chomhlachta agus dheimhnigh sé an tuairim a bhí againn, is é sin, go raibh siad ag insint bréaga dúinn, go raibh ní ba mhó dlúthdhioscaí díolta acu ná an líon a bhí admhaithe acu agus go raibh airgead le híoc go fóill acu linn.
ag insint bréag telling lies
" Ní hamháin go bhfuil siad ag insint bréag dúinne, ach tá siad ag insint bréag dóibh féin! Deir siad nach bhfuil iasachtaí fophríomha sa tír seo, ach tá.
ar a laghad dhá insint two versions at least
" ’ Bhí ar a laghad dhá insint ar an scéal (3): (a) tá lánchead ag Dati dul ar ais ag obair aon uair is mian léi taobh istigh den tréimhse ama atá dlite di, fágaimis an cinneadh fúithi féin nó (b) ag dul ar ais ag obair chomh luath sin, nach bhfuil Dati ag tabhairt le fios gur tábhachtaí a cuid oibre ná a hiníon agus nach gá saoire máithreachais chomh fada a bheith ann in aon chor.
lucht inste scéil survivors
" Tógadh an lucht inste scéil go dtí an ilchríoch agus tá a bhformhór faoi chóireáil leighis in ospidéil éagsúla ar fud na tíre faoi láthair.
insint na meán the media's spiel
" Foghlaithe Mara na Somáile is ea an bhagairt is déanaí don tsibhialtacht gur mithid don chomhphobal idirnáisiúnta tabhairt faoi, de réir insint na meán mór ar an scéal.
áilleacht a inste the beauty of its narration
" Tá an díshondas idir an tragóid féin agus áilleacht a inste iomlán máistriúil.
leis an bhfírinne a insint if the truth be told
" SMM: Pearsa Teilifíse na Bliana – an *Sexiest TV Star* – Cé mhéad uair ar bhuaigh tú duaiseanna mar iad so? (Thosaigh Dáithí ag gáire láithreach) DÓS: An *Sexiest Thing*, ní thugaim aon cheann do rudaí mar san leis an bhfírinne a insint, ach Pearsa na Bliana, tá sé fachta dhá uair agam ó lucht an Oireachtais, tá sé ana-thábhachtach.
inste scannáin tale/delivery of a film line
" Mar sin, tugann Kiarostami dúshlán na ngnás eagarthóireachta agus inste scannáin atá ina bhíobla sa ghairm againn ó aimsir Eisenstein agus ‘Sraith na gCéimeanna Odessa’ anall - bíodh is nárbh Eisenstein amháin a chum ná a cheap na bun-choischéimeanna graiméara scannáin sin.
in-inste tell-able
" Agus caithfear an scéal a bheith in-inste laistigh de na teorainn ama sin.
Más aisteach féin le hinsint if in itself strange to relate
" Más aisteach féin le hinsint, is fíor gur san Astráil atá an cumann sciála is sine ar domhan.
trí insint lom by unaltered account
" Ach is é bua an leabhair nach ndéantar na gnéithe míthaitneamhacha den pheil Ghaelach a cheilt agus trí insint lom, fhírinneach na n-imreoirí go gcaitear solas ar an uirísle, an fhabhtacht agus ar an bhfalcaireacht a bhíonn chun cinn uaireanta ar pháirc na himeartha.
Bean inste na fírinne loime a woman who tells the bare truth
" Bean inste na fírinne loime, caol díreach amach, beag beann ar éinne a ghortófar.
insint aontaithe an agreed version
" Urlacan teilgthe ar leabhair ealaíne boird ísil nuair a thugann tuistí na beirte leads fána chéile tar éis dóibh ‘insint aontaithe’ ar an eachtra a chur le chéile in árasán an íobartaigh.
do-inste unrepeatable
" Nasc an Dá Thír ======= Scéalta do-inste iad scéalta an Titanic do mhuintir Halifax a raibh baint dhíreach acu le himeachtaí na seachtainí tar éis na tubaiste, ach is léir chomh maith gur cothaíodh naisc dhearfacha idir Halifax agus Éirinn ó shin i leith.
inste go cumasach told powerfully
" Scéal iontach eachtraíochta agus é inste go cumasach ag an údar.
inste go cumasach told powerfully
" Scéal iontach eachtraíochta agus é inste go cumasach ag an údar.
In ionad an fhirinne a insint rather than telling the truth
" In ionad an fhirinne a insint, chuir na póilíní an locht ar lucht taca Learphoill, daoine a ghníomhaigh mar laochra ar lá na tubaiste, ag déanamh a ndíchill cuidiú a thabhairt do na taismigh, le sinteáin a rinne siad féin as cláir fógraí agus mar sin de nuair a bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir.
Sí an insint it’s in the telling
"Sí an insint mar sin, agus taispeántas na príomhbheirte, bun agus barr an scannáin.
mb’éigean an fhírinne a insint amach had to tell the truth
" Ach, in ainneoin na hadmhála go léir, bhí sé le brath ar a chuid cainte agus ar a shúile nach raibh aiféala air faoin méid a bhí déanta aige ach gur rugadh air agus go mb’éigean an fhírinne a insint amach.
insint shoiléir clear description
" Ach theip ar pháirtithe agus ar ghluaiseachtaí na heite clé aon léamh nó insint shoiléir, intuigthe a chur ar an scéal.
modh, insint leanúnach is fealsúnacht style, a continual narration and philosophy
" Dar leis an bhFrancach seo, bhí trí riachtanais ag baint le gach leabhar staire, ‘modh, insint leanúnach is fealsúnacht’.
le linn na hinsinte during the narration
" Cuireann sé béim ar théamaí uilíocha le linn na hinsinte: crógacht na nGiúdach mar mhionlach stairiúil, tábhacht na bhfocal ina saol ó fhoilsiú an Tórah go dtí Díospóireacht Barcelona i 1263 idir Giúdaigh agus Críostaithe na Spáinne, agus an fhéinmhuinín eitneach ársa sin a léiríodh go glinn glé i leabhair nua-aimseartha Theodor Herzl.
chun an fhírinne a insint to tell the truth
" Bhí orm an leabhar seo a scríobh chun an fhírinne a insint faoin Ghaeilge sa chathair.
an méid scéalta atá fós gan insint the amount of tales still untold
" Léiríonn leabhar úr a dhéanann cur síos ar an bhaint a bhí ag imirceoirí as Éirinn le díormaí coiriúlachta i nGlaschú an méid scéalta atá fós gan insint sa leagan oifigiúil de stair na tíre seo.
Fíoraíodh mionsonraithe a insinte the minute details of its narration were verified
" Fíoraíodh mionsonraithe a insinte in eagrán léanta Eakin agus Logsdon (1968).
Bíonn dhá insint ar gach scéal there are two sides to every story
" Bíonn dhá insint ar gach scéal, ar ndóigh, ach is léir go bhfuil roinnt deacrachtaí ag roinnt oibrithe, stáit nó eile, le labhairt na Gaeilge.
cnámh lom na fírinne á insint telling the honest to goodness truth
" An bhfuil aon náisiún eile ar chlár na cruinne a bhíonn ciaptha de shíor ag smaoineamh faoina bhféiniúlacht? Bhí cnámh lom na fírinne á insint ag Brendan Behan nuair a mhaígh sé go bíonn síocóis náisiúnta ag an Éireannach san áit ina mbíonn féiniúlacht náisiúnta ag achan chine eile.
Bean Inste Scéil a survivor
" ' Bean Inste Scéil ===== Bhí an méid sin thuas sa gcaint againn féin i nGaillimh le mo linnse, ach téann an míniú a bhí ag Mícheál Ó Coincheanainn i bhfad níos faide leis an scéal.
insint chomhleanúnach a sholáthar provide a coherent narrative
" Ní féidir mar ní thig le haon dream insint chomhleanúnach a sholáthar d’áit mar seo, agus cuirim Sinn Féin san áireamh sin agus iad ar leath-thuarastal cheana féin.
Níl insint béil air there’s no describing the fact
" Níl insint béil air go bhfuil Peter Robinson fós ina phost.
dream inste scéil an Nakba survivors of a brutal ‘crystal night’
" Ciallaíonn an drochobair seo uilig go bhfuil na Palaistínigh, dream inste scéil an Nakba brúite isteach ar mullach a chéile in iamhchríocha nó i mBantustáin.
fulaingt dho-inste na mblianta a chur di shake of the untold suffering of so many years
" Is é scéal na Rómáine atá á chíoradh anseo, conas a thagann tír scriosta chuici féin arís agus fulaingt dho-inste na mblianta a chur di ag an am céanna.
ag insint dúinn telling us
" Higginses gona gcuid aitheasc áille – ‘*advocating peace*’ – agus ag insint dúinn céard a dhéanfaidh siad, ach nuair a bhaineann siad cathaoir na cumhachta amach, ní dhéanfaidh siad a dhath.
fulaingt lucht inste scéil a d’éalaigh as an tubaiste the suffering of survivors who escaped from the tragedy
" Eisíodh tuarascáil thábhachtach an mhí seo caite a bhain leis an bhás go léir in Hillsborough agus le fulaingt lucht inste scéil a d’éalaigh as an tubaiste ar rian a reatha ar éigean.
Fear inste scéil é he is a survivor
" Fear inste scéil é Diarmuid Johnson, is beag nach bhfuair sé bás ar son an dea-bhéasa ar Oileán na Meala faoi Nollaig tamall de bhlianta ó shin.