Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an fhorbairt mar a beartaítear í the development as it is intended
" Níl an Bord sásta, ag cur san áireamh an tionchar suntasach dochrach a bheadh ag an bhforbairt seo ar an timpeallacht, gurb í an fhorbairt mar a beartaítear í an réiteach is fearr le riachtanais leictreachais an limistéir a shásamh… Bheadh tionchar suntasach dochrach ag an bhforbairt atá beartaithe ar thaitneamhacht agus ar éiceolaíocht an limistéir agus ar fhiúntas an limistéir seo i gcomhair turasóireachta.
Bhí sé ar intinn againn amharc ar na héin we had intended looking at the birds
" "Bhí sé ar intinn againn amharc ar na héin, ach rinne muid dearmad ar ár gcianghloiní.
bhí rún acu they intended
" I ngan fhios do na mná chuir siad bád in áirithe an oíche roimhe sin agus bhí rún acu lá a chaitheamh ar muir.
bhí rún acu they intended
" Rinne an bheirt ar an tuath nó bhí rún acu tamall a chaitheamh amuigh faoin aer lá breá mar seo.
beartaithe intended
" Chaith mé dhá lá i mbaile Bruges i mí Lúnasa ag baint taitnimh as an atmaisféar agus as na foirgnimh mheánaoiseacha, ag triail na mbeoracha áitiúla agus ag ithe go leor seacláide! Bhí sé beartaithe agam le fada iarracht a dhéanamh láithreacha catha an Chéad Chogadh Domhanda a fheiscint, toisc grinnstaidéar a bheith déanta agam ar an ábhar seo nuair a bhí mé i mo mhac léinn staire.
bhí rún aige it intended
" D’éirigh leis an Chomhairle Inmheánach an ruaig a chur ar cheannaireacht an UDA i dtuaisceart Bhéal Feirste agus bhí rún aige an rud céanna a dhéanamh in Oir-Dheisceart Aontroma.
a raibh sé ar intinn acu who intended to
" Ach bhain sé sárúsáid as bearta scanraithe le heagla a chur ar vótálaithe comhlúthacha a raibh sé ar intinn acu tacaíocht a thabhairt don ALP.
Ní raibh sé ar intinn agam I hadn't intended
" Ní raibh sé ar intinn agam go mbeadh a fhios ag an domhan mór faoin scéal.
ar intinn ag intended
" Ach maidir le haidhmeanna Iosrael i leith Gaza, ainneoin na seafóide a scríobh colúnaí leis an *New York Times*, Thomas Friedman, ag an am a mhaíomh go raibh deis ag muintir Ghaza anois ‘Dubai ar an Meánmhuir’ a thógáil, ní raibh sé ar intinn ag na hIosraeligh deis dá laghad a thabhairt do na Palaistínigh an limistéar a fhorbairt ar chor ar bith.
ar intinn intended
" Tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí nach raibh sé ar intinn cheannairí na Seapáine ionradh a dhéanamh ar an Astráil, ach gan amhras bhí an-imní ar mhuintir na hAstráile roimhe ag an am.
ar intinn intended
" ”* Níos déanaí an oíche sin, thug Sharon le fios go raibh sé ar intinn ag Tel Aviv feidhm a bhaint as an gcomhbhá sin, nuair a labhair sé ar theilifís Iosraelach.
Bhí fúm I intended
" Bhí fúm teacht amach arís go luath ina dhiaidh sin, ach bhí mo shaol féin ar tí casadh i dtreo eile ar fad.
Bhí rún agam I intended
"Bhí rún agam an páirtí a fhágáil go ciúin nuair a tháinig an ghéarchéim (marú Moffett).
go raibh rún ag intended
" Cá bhfuil an Chríostaíocht le fáil ansin? D’fhiafraigh mé de Ervine, cad é go díreach an nasc PUP agus an UVF?  “Tuairiscíodh sna nuachtáin go raibh rún ag an PUP an nasc idir iad féin agus an UVF a choinneáil, ach caithfidh tú fios a bheith agat cén cineál naisc atá i gceist,” ar sé.
go raibh fúm that I intended
" D'inis mé dó go raibh fúm dreapadh suas Raeburns Gully ar Chreag Meagaidh (1130 méadar) Dé Domhnaigh, ach chuir sé scairt orm oíche Dé Sathairn le cur in iúl dom go bhfaca siad maidhm shneachta ansin i rith an lae agus bheadh sé róchontúirteach.
bhí rún aige he intended
" Chaith Reid blianta fada ag stocaireacht leis an taispeántas seo a chur i dtreoir agus bhí rún aige ón gcéad lá riamh go n-inseofaí scéal iomlán na nÉireannach ann.
bhí sé ar intinn againn we intended
" “Nuair a bhunaigh mé TnaG, nó TG4 mar atá anois air, bhí sé ar intinn againn i bhfad níos mó a dhéanamh de réir mar a bhí an teicneolaíocht ag forbairt agus an ré dhigiteach ag teacht isteach, ach fiú len é a chur ar an aer sa chéad dul síos, bhí sé uafásach.
rún aige he intended
" Bhí na daoine ó dheas míshásta leis na daoine dalba ó thuaidh a bhí in éad leis an tsaoirse a bhí fá scread asail daofu ach é i dtólamh doshroichte - go dtí lá amháin, bhris an ceannaire ba mhó amach as an stáitin ó thuaidh agus fuair tacaíocht mhór ó Laighinibh agus rún aige an smúitín draíochta a ghoid.
Bhí sé ar intinn ag intended
" An Tús Óg an Tús Maith ========== Bhí sé ar intinn ag Fuller a ghnó féin a thosú chomh luath agus a bheadh deis aige agus bhí a chomhlacht tógála féin aige sula raibh sé fiche bliain d’aois.
Bhí rún againn we intended
"Bhí rún againn staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge, ar an Ghàidhlig agus ar an Albanais Uladh, ach shíl muid gur barraíocht a bheadh ansin agus chinn muid ar an Ghaeilge amháin mar ba mhó an tsuim a bhí ag an dá ghrúpa sa Ghaeilge.
Bhí sé ar intinn agam I had intended
" Bhí sé ar intinn agam alt a scríobh an mhí seo ag plé fógairt Google Glass agus Fóin Facebook, ag déanamh scéal mór de gur seoladh péire táirge ó Google, mar atá ann i ndáiríre.
bhí rún agam scríobh faoin I intended to write about
" An mhí seo, bhí rún agam scríobh faoin Groundhog Day ó thuaidh.
raibh sé ar intinn aici she intended to
" Dúirt sí go raibh sé ar intinn aici trí rud ar leith a dhéanamh le linn a cuairte: gan pionta Guinness a ól; gan mórán ama a chaitheamh le polaiteoirí; agus lón a chaitheamh le Balor an Bhéil Bhinn.
Is í aidhm an leithscéil the apology is intended
" Is í aidhm an leithscéil, an ciúnas a sheachaint agus an chiontacht a choinneáil uait, go fóill.
go háirithe agus é i gceist particularly as it’s intended
" Is comhartha an-mhaith é seo, ach tá an earnáil iomlán ar bís agus iad ag súil le huimhreacha maithe ag deireadh na bliana, go háirithe agus é i gceist an cinéal seo cláruimhreach a bheith againn feasta.
Ní shin é a bhí sa cheann in aon chor agam that’s not what I intended at all
" Ní shin é a bhí sa cheann in aon chor agam, ach n’a’ haon lá a bhíos ag obair sa raidió, bhíos ag foghlaim.
bhí mar aidhm aige múineadh a chur ar who intended to put manners on
" *’ Bhí macasamhail Elliot Ness ag na póilíní fosta a bhí mar aidhm aige múineadh a chur ar lucht an fhoréigin.
bhí mar spríoc acu they intended
" 350,000 cuairteoir gach bliain a bhí mar spríoc acu nuair a d’oscail siad an iarsmalann i Mí Iúil seo chuaigh thart.
Bhí sé ar intinn ag intended
" Bhí sé ar intinn ag Yanukovich an fód a sheasamh mar uachtarán, ach faoin am sin bhí cúrsaí imithe óna smacht.
ar intinn intended
" Labhair baill áirithe pháirtí Abbott in éadan an leasaithe freisin, lena n-áirítear an t-aon fheisire bundúchasach i dTeach na n-Ionadaithe, Ken Wyatt, a thug le fios go raibh sé ar intinn aige urlár an tí a thrasnú le vótáil ina choinne.
go raibh sé ar intinn ag that (Ignatieff) intended
" Cruth na Tíre nó Cruth na Tiachóige =============== Cheap formhór na vótóirí liobrálacha fiú i gCeanada go raibh sé ar intinn ag Ignatieff an phríomhaireacht a úsáid chun snas a chur ar a churriculum vitae pearsanta.