Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhírún evil intent
" Chomh luath is a fhoilsítear tuarascáil a lochtann an PSNI, nochtar "fianaise" fá mhírún an IRA, bíodh sí fíor nó bréagach.
drochrún evil intent
" Tá daoine crua agus tobann sa chathair, ag béicí i rith an ama, nó ag magadh fút, ach níl drochrún ar bith iontu.
fhonn tús a cur intent to start
" Ní fios go fóill cioca cróga nó meargánta é mar chraic bhailithe airgid thapa an straitéis sin ‘fhonn tús a cur le hathshlánú an státchiste’, i bhfoclaibh maorga an Aire Airgeadais, ‘próiséas a leanfaidh go ceann cúig bliana eile,’ ar a laghad.
rún marfach deadly intent
" Ach nuair a scaoiltear rún marfach Roman, bréagfhuadaíonn sé Maru as an scoil faoi bhéal gunna agus seo leo ina gceo bóthair le carr éalaithe.
díograis zeal, intent
" Chuaigh díograis na ndaoine geala agus ceannairí na muintire dúchais logánta, atá ag obair go dian sna comhphobail, i gcion go han-mhór orm.
díograiseach intent, zealous
" Agus ag amharc ar chuma, nó toirt na gcailíní a bhí ag obair ann, níl amhras ar bith go bhfuil siad díograiseach go maith ag cinntiú go bhfuil ardchaighdean ar na seilfeanna – bhuel bosca milseán ar bith a éiríonn leis éalú uathu agus an tseilf a bhaint amach slán .
cluas éisteachta listening with intent
" Rófhurasta a bheadh sé na scríbhneoirí a cháineadh seachas cluas éisteachta a thabhairt dá bhfuil le rá acu.
oiread sin faobhar such intent
" Ach cén fáth go bhfuil an oiread sin faobhar ar Uachtarán na Brasaíle faoin gcás má tá na hOileáin Falkland na mílte míle ón mBrasaíl? Breathnaíonn an Bhrasaíl uirthi féin mar urlabhraí do Mheiriceá Theas ar fad, ní nach ionadh, toisc gurb í an tír is mó agus is cumhachtaí ar an mór-roinn í.
i bhfách le intent on
" Bíonn náisiúnaithe an tuaiscirt i bhfách le foireann na hÉireann agus iad ag imirt le liathróid ubhchruthach agus fiú nuair is sacair atá ar bun agus an fhoireann dá réir, na 26 Chontae, ach ní ní leo foireann sacair Thuaisceart (sic) Éireann.
Tá sé mar rún ag are intent on
" An tAire Seirbhís Phoiblí: Michael Noonan ====================== Tá sé mar rún ag Fine Gael cúram na seirbhíse phoiblí a dheighilt ón Roinn Airgeadais agus má ghéilleann siad an aireacht Airgeadais don Lucht Oibre beidh an roinn nuacheaptha seo mar chúiteamh acu.
díocasach chun intent upon
" Ar ndóigh, bhí mé díocasach chun dul leo ach bhí Pablo amhrasach ar dtús.
go ciúin díograiseach quietly with intent
" Ní tharlódh a leathchuid de na himeachtaí seo murach ollamh amháin sa léann Éireannach in Ollscoil Chathair Nua-Eabhrac, Tomás Ó hÍde, atá ag treabhadh leis go ciúin díograiseach le deich mbliana anois ag cur an léinn Éireannaigh chun cinn ar gach slí is féidir.
Níl fúmsa locht a fháil ar dhream ar bith It’s not my intent to find fault with any group
" Níl fúmsa locht a fháil ar dhream ar bith faoi chás na Gaeltachta san alt seo.
le fonn imeachta with the intent of leaving
" Corrdhuine atá á fhoghlaim is le fonn imeachta é, le súil is go mbeidh sé in ann post a fháil ar an gcoigríoch agus labhairt an Bhéarla aige.
neart fuinnimh agus díograis plenty of energy and intent
" "Ar vanifestadeg a oa dreist, ur bern tud 'oa! Leun a fent ha startijenn!" (Bhí an siúlóid go hiontach, agus bhí go leor daoine ann! Siamsa agus fuinneamh go leor!" Mic Léinn Diwan ====== Cé go bhfuil líon na mac léinn sa Roinn Briotáinise íseal go leor, tá neart fuinnimh agus díograis acu.
an dá shúil ar bior ina cheann his two eyes intent
" ” Lá na coinne, chuir an sneachta moill orm, agus nuair a tháinig mé i láthair, bhí fear breá ina steillebheatha romham san oifig, folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile tríthe, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann grinn agus beochta.
dáiríre intent
" Ceisteanna a bhaineann le dearcadh na ndaoine: céard iad na luachanna is tábhachtaí dúinn mar phobal? Agus ceist eile: cé na hathruithe is mó atá de dhíth ar an chóras pholaitíochta le go mbeadh ar a chumas dul i ngleic le fadhbanna na linne seo? Bhí mise chomh soineanta is gur shíl mé go raibh na páirtí polaitíochta dáiríre faoin cheist seo roimh an olltoghchán, ach, ón méid atá feicthe agam ó shin, tuigim nach raibh ann ach béalghrá agus cur i gcéill.
fíordhíograiseach really energetic, intent
" Bhí na leasuithe ullmhaithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus bhí Joe Mc Hugh fíordhíograiseach ag brú na leasuithe ar urlár an tSeanaid.