Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Is iomaí rud is iontaí a tharla stranger things have happened
" " "Is iomaí rud is iontaí a tharla," arsa Siobhán.
is iomaí long many's the ship
" Is teach solais traidisiúnta é a tógadh sna 1800í agus is iomaí long agus bád a shábháil sé ó a bheith briste ar na carraigeacha ó bunaíodh é.
ní lia duine ná tuairim so many people, so many minds
" Ar ndóigh, ní lia duine ná tuairim, agus is iomaí cúis a bhí acu.
Is iomaí áit ina bpóraítear leoin lions are bred in many places
" Is iomaí áit ina bpóraítear leoin, agus ina dtugtar deis do thurasóirí “siúl” leis na hainmhithe seo.
b’iomaí deoir a sileadh many tears were shed
" Cúig bliana déag ó shin, b’iomaí deoir a sileadh in aerfoirt na tíre i ndiaidh na Nollag nuair a bhíodh ar na mílte Éireannach pilleadh ar an deoraíocht.
Ní lia duine ná tuairim so many people, so many minds
" “Ní lia duine ná tuairim,” a deir Balor an Buaiceálaí Bóisceálach, “agus ní luaithe daoine faoi agallamh eisiach agamsa ar *Beo ar Éigean* ná go mbíonn alt rialta acu in iris mhíosúil na Gaeilge, *Saol an Fhorais*.
is iomaí gnúis many's a face
" Agus is iomaí gnúis nach raibh le feiceáil in áiteanna poiblí le fada an lá a fheicfear ar leaca doirse ar fud na tíre agus ar thairseacha tithe pobail agus ar chúil leoraithe agus leantóirí.
is iomaí leas (there are) many benefits
" Agus, ar ndóigh, is iomaí leas a thagann as oideachas maith - féinmheas, meas ar dhaoine eile, léann den scoth, deiseanna fostaíochta agus dá réir.
is iomaí nóiméad pléisiúir many's the minute of pleasure
" Tógadh an sráidbhaile timpeall ar ghalfchúrsa, agus is iomaí nóiméad pléisiúir – agus péine – a thug an cúrsa céanna dom.
is iomaí uair many a time
" Ach is iomaí uair a cáineadh “Liveline” le blianta beaga anuas as ucht é a bheith ag láimhseáil scéalta áirithe mar a bheadh nuachtán táblóideach ann, in ainneoin gur clár de chuid craoltóra seirbhíse poiblí é.
is iomaí tírdhreach éagsúil atá inti. there a many different views in it
" Radhairc áilleCé gur tír an-bheag í an Mhaláiv, is iomaí tírdhreach éagsúil atá inti.
ba iomaí uair it was many times
" Ina litir, ba iomaí uair a cháin an státseirbhíseach, Paul Sweeney, an foirgneamh a raibh USAIG lonnaithe ann i mBaile Nua na hArda agus cháin sé fosta modh oibre na foirne, cur chuige an chathaoirligh, Philip Robinson, ach go háirithe.
Is iomaí cor many a change
" Is iomaí cor a chuirfimid dinn mar dhream go ceann cúpla glúin eile ach cén t-iomaire is féidir linn treabhadh is nach bhfuil faoi láthair? An bhaincéireacht Ghaeilge a déarfainn, tharla gur laige an bhaincéireacht thar meon faoi láthair, ach ní bhunaítear banc le seirbhís a roinnt ar a chuid custaiméirí in am ar bith.
Is iomaí duine many a person
" Ar talamh, síochán idir lucht na páirte! É sin ráite, guím colscaradh fada buan ar Joe Ó Dónaill agus ar Ré Mac Mánais! Is iomaí duine a bhíonn ag breathnú chun cinn ag an am seo bliana ar dhúshláin nua agus ba mhaith liom lámh chúnta a thabhairt dóibh a leithéid a dhéanamh.
Is iomaí many
" Is iomaí duine fásta, a bheadh ábalta smaoineamh siar go cionmhar ar gheamaireachtaí na Nollag a bhíodh ar siúl ar scoil nó sa halla pharóiste áitiúil agus iad ag fás aníos.
Is iomaí cáineadh many a verbal attack
" Is iomaí cáineadh atá déanta go dtí seo ar thuarastail arda ár bpolaiteoirí ach tá sciar beag dóibh le moladh as ciorrú 10% a ghlacadh ina dteacht isteach bliantúil.
is iomaí it is many
" *, idir ascaillí a seacht agus a hocht, is iomaí amhrán iomráiteach a scríobhadh anseo.
Lia na Linne inár nDiaidh tomorrow's physician
" Lia na Linne inár nDiaidh Agus na smaointe seo im cheann, smaoiníos siar ar agallamh leis an ndochtúir Francach, Alfred Tomatis, a léigh mé i leabhar dar teideal, Music – Physician for Times to Come (eag.
Is iomaí duine many people
" Is iomaí duine a dhéanann iontas den tslí a chuirtear dallamullóg go héasca ar mhuintir Mheiriceá dul i mbun cogaidh i gcoinne 'namhad' mór an lae, in ainneoin na bhfíricí a léiríonn don domhan mór nach bagairt ar bith don impire dochloíte é.
is iomaí díospóireacht many a discussion
" Is tír í an Astráil atá fothaithe ar an inimirce agus is iomaí díospóireacht pholaitiúil chorraithe a rinneadh ann le seasca bliain anuas i dtaca le beartais inimirce an dá phríomhpháirtí – an Páirtí Liobrálach agus Páirtí an Lucht Oibre.
is iomaí locht faults are manifold
" Athchóiriú an Oireachtais? Ó thaobh stuchtúir de, is iomaí locht atá ar ár bhforais daonlathais.
is iomaí many
" Is minic a chloistear polaiteoirí Mheiriceá ag rá gurb é Iosrael an cara is fearr atá ag na Stáit Aontaithe sa Mheánoirthear, agus is iomaí Meiriceánach aineolach a chreideann an tseafóid chontúirteach seo.
Is iomaí it's many a
" Cad é do bharúil, a Bhaloir? Bíodh seanfhocal ag gach seanbhuachaill! Is iomaí rud a thiocfadh linn a chur i gcrích dá mbeadh fiche míle ball de na Léinte Glasa ag siúl thart le camáin ina ndóideanna.
Is iomaí buille many a blow
" Is iomaí buille a buaileadh ar an Ghaeilg in imeacht an ama, ach tá an ceann is tromchúisí ar na gaobhair - fear beag féasóige as tuaisceart Bhéal Feirste! Cuireadh Reacht Chill Chainnigh i bhfeidhm sa 14ú céad, 1367 le bheith beacht, 35 reacht a raibh sé d'aidhm acu smacht a chur ar an lucht plandála sin a bhí ag éirí níos Gaelaí ná na Gaeil féin, i gcodanna den tír.
Is iomaí it's many
" Is iomaí scéal a chuala mé faoi thuismitheoirí de bheith ag ropadh is ag rúchladh ó áit go háit: obair, cóisireacha, siopaí, an lón sciobtha ag an oifig agus líon mór dualgaisí nach iad, agus fágadh na gasúir ar a n-ábhar féin, faoi bhlaiseadh den uaigneas, agus tá a fhios agam faoin tumadh iomlán sna fístéipeanna is sa ríomhaire a tharla mar gheall ar an deifir dhamanta sin.
Is iomaí it's many
" Is iomaí seanfhocal a bhaineann le ballaí i nGaeilge ach, chan ionann agus seanfhocail eile, tá siad in oiriúint do shaol an lae inniu i mBéal Feirste.
Is iomaí many
" 08 ar an 18ú Nollag 1989? Nó ar fhan gach éinne sa bhaile go dtí go raibh an chontúirt thart? Is iomaí féidireacht ghrinn atá sa chnámh sin den scéal.
iomaí many
" Is iomaí cúis cheiliúrtha a bhí againn le blianta beaga anuas: TG4, www.
Is iomaí many
" Is iomaí meancóg atá déanta ag Máire ó chuir sí hata an Tánaiste uirthi féin, ach ní thig le duine ar bith a chur ina luí ar Bhalor, an Tuairisceoir Tuisceanach, go raibh an ráiteas sin faoi na glasraí ina measc.
lia doctor
" Beart a fhágann an lia san otharlann.
Is iomaí duine many people
" Is iomaí duine nár chodail néal ó shin.
iomaí many
" B’fhéidir nach ndearna, ach ní mór cuimhneamh gur iomaí srian atá air mar uachtarán.
Ní Lia Duine ná Ráiteas everyone making a statement
" Ní Lia Duine ná Ráiteas Chuir daoine áirithe a chlaonadh féin ar scéal Mary MacKillop a luaithe is a chualathas fógra na Vatacáine.
is iomaí tuairim opinions are many
" Tá sé seacht mbliana anois ó d’ionsaigh SAM an Iaráic, ach is iomaí tuairim fós faoi cad chuige a rinne siad é, agus cé atá freagrach as an gcinneadh tubaisteach sin.
iomaí cor many twists
" Pé rud a tharlós i rith an tsamhraidh, agus tá mé cinnte gur iomaí cor agus casadh a bheas ann idir seo agus deireadh mhí Iúil, ní shamhlóinn go mbeadh tréimhse leamh ag iriseoirí sacair na hAirgintíne agus ealaín Maradona faoi thrácht acu.
Lia surgeon
" An tAire Sláinte ======= Tá an tAire Sláinte, Aonghus Ó Lia, T.
is iomaí tír there are many countries
" Is tír bhunaidh, tír idirthurais, nó tír cheann scríbe é beagnach gach tír agus is iomaí tír a bhfuil trí ghné na himirce ar siúl ann.
Is iomaí many
" Is iomaí Polannach a tháinig go hÉirinn ó mhéadaigh an tAontas Eorpach mí na Bealtaine 2004, agus Is iomaí duine acu atá fós anseo nach bhfuil ach smeadar Béarla acu.
is iomaí duine many people
" ”* (Ar ndóigh is iomaí duine a bheadh ar aon tuairim le sin anois i bhfianaise an praiseach a rinne muid dár gcóras baincéireachta le traidfil blianta anuas!) Ach fán am ar thug Blair faoin phróiseas síochána bhí athruithe móra tagtha ar dheisceart na hÉireann, idir gheilleagar agus dul chun cinn i gcúrsaí cultúir is spóirt: *“In the space of a few years it was no longer the backward old South that was looked down upon, but the North.
nach lia duine ná sainmhíniú there are as many definitions as people
" ”* Cé go bhfuil níos lú ná 25 faoin gcéad de lucht vótálá sa toghcheantar ina nGiúdaigh, agus cé nach lia duine ná sainmhíniú maidir le cad is “leas na nGiúdach” ann, ní holc an t-achoimre é ar fheachtas Joel Pollak, Poblachtánach, an lámh in uachtar a fháil ar an sealbhóir oifige, Jan Schakowsky, Daonlathach.
Is iomaí polaiteoir many a politician
" Is iomaí polaiteoir in Éirinn a bheadh in éad leis sin! Agus ní ina thír féin amháin a bhfuil meas as cuimse ar an bhfear beag féasógach seo a mhúnlaigh cumhacht dhomhanda as tír a bhí, mar a déarfá, ‘ag forbairt’.
Ní Lia Tír ná Gnás every country has their own custom
" Ní Lia Tír ná Gnás ========= Is cosúil nach scéal aonair mo scéalsa.
is iomaí scáilbhaile many ghost towns
" Ar an dóigh chéanna, is iomaí scáilbhaile a fheicfeas tú faoin tuath freisin a fágadh in áit na leithphingine nuair a dhún an líne traenach chéanna.
Is iomaí leabhar many a book
" ”* Is iomaí leabhar atá scríofa mar gheall ar an Síónachas ar ndóigh, ach díríonn leabhar Alam ar ghné faoi leith den cheist.
is iomaí gnáthdhuine there are many ordinary folk
" Tá formhór mór na bpóilíní armtha, tá cead ag fir shlándála phríobháideacha gunna a iompar agus is iomaí gnáthdhuine a bhfuil gunna ina sheilbh.
is iomaí deis agat you have many chances
" " “Nuair atá an spás cultúrtha saibhir, is iomaí deis agat do chuid ama a líonadh, rudaí éagsúla a thriail.
Is iomaí teaghlach many households
" Is iomaí teaghlach i gceantar láidir Ghaeltachta a fhaigheann an deontas iomlán, ní mar gheall go bhfuil Gaeilge ón gcliabhán ag na gasúir ach mar go bhfuil Gaeilge mhaith foghlamtha acu ón scoil agus súite ón dtimpeallacht Ghaeilge ina bhfuil siad ag maireachtáil.
is iomaí meangadh gáire many a smile
" Ar an ardán i nDussledorf, spreag siad mórtas agus uchtach in óige na hÉireann dá dtír féin agus is iomaí meangadh gáire a chuireadar ar aghaidh thiar sa bhaile.
Is iomaí rún a cheil an mháthair mother hid many secrets
" Is iomaí rún a cheil an mháthair orthu.
Is iomaí cineál there are many types
" Is iomaí cineál laoich atá sa saol idir laochra a throid is a bhásaigh ar son saoirse a ndreama, laochra polaitíochta, laochra litríochta, ceoil agus scannáin, laochra spóirt agus mar sin de.
Is iomaí luíochán many an ambush
" Is iomaí luíochán a leag Dylan dúinn sna seascadaí.
iomaí uair often
" Is iomaí uair in imeacht na mblianta a maíodh nach dteipfeadh ar chóras áirithe i réim amháin nó eile de shaol na heolaíochta, cúrsaí airgeadais, i dtaca le sláinte poiblí srl.
iomaí tuairisc nuachta many news reports
" Is iomaí tuairisc nuachta ar bhás Qaddafi a luaigh Eitilt Pan Am 103 ach ní chloistear focal faoi Eitilt 114 de chuid Aerlíne Arabach na Libia.
iomaí alt many articles
" Is iomaí alt a scríobhadh ar an drochobair chéanna i dtíortha eile a chomharthaíonn nach é rialtas na tíre a toghadh a rialaíonn an tír, ach gur dream beag bunaíochta nó gustail a rialaíonn os a gcionn ar chúla téarma.
is iomaí foras stáit many a state institution
" Ach is iomaí foras stáit a bheas faoi lúchair gur cuireadh múineadh ar an Choimisinéir óir gur bhior sa bheo a bhí ann agus é i mbun póilíneachta gan scíth ar chearta teanga phobal na Gaeilge is na Gaeltachta.
iomaí cineál many type(s)
" Bíonn chuile shórt duine, idir óg is aosta, isteach is amach ann agus is iomaí cineál ceoil a bhíos le cloisteáil agus scéil a bhíos á chíoradh ann ó mhaidin go hoíche.
iomaí íobairt a dhéantar many sacrifices are made
" Is cinnte go bhfuil áit ar leith ag an Ghaeilge i gcroí na ndaoine, ach léiríonn an scéal seo fosta gur iomaí íobairt a dhéantar in am an ghátair.
is iomaí uair often
" Óir is iomaí uair a bhain duine feidhm as an mbua a bhí aige leis an bhfocal scríofa le daoine eile a spreagadh chun troda ar údar amháin nó ar ábhar eile.
iomaí scéal many stories
Is iomaí bréag many lies
is iomaí bearna a fheictear many gaps are visible
" Ní chóir cruinneas ná mionscagadh a iarraidh le linn ceiliúrtha, agus más ea, is iomaí bearna a fheictear i lár ceiliúradh Chrotty freisin.
Is iomaí cineál saibhris there are many forms of wealth
" Is iomaí cineál saibhris i saol an duine agus má tá spraoi áirithe sa bhreis ionainne ó shíorshileadh na fearthainne a thiomáineann go Gleann na nGealt sinn níos mó ná aon dream eile timpeall orainn, bímis groíúil agus roinnimis a bhfuil ionainn de spraoi faoi dhraíocht an tsaoil seo.
Ní lia duine ná tuairim everyone has their own opinion
" Ní lia duine ná tuairim ó thaobh féidearthachtaí na meán sóisialta de, ach an eol dúinn na míbhuntáistí atá ag roinnt leo ina dhiaidh sin? De réir taighde nua atá déanta ag Ionad frithmhaistíneachta Choláiste na Tríonóide, theagmhaigh lámh fhuarchroíoch na cibearbhulaíochta le duine as gach ceathrar cailíní agus le buachaill as gach seisear.
Is iomaí fostóir many employers
" Is iomaí fostóir a thuigeann gur féidir íde na muc is na madraí a thabhairt d’inimirceach a bhfuil eagla air roimh na húdaráis.
Is iomaí áiteamh maith many good arguments
" Is iomaí áiteamh maith is féidir a chur chun cinn ar son an bhirt seo, go háirithe i gcás inimirceach a bhfuil a lán ama tugtha acu i Stát áirithe agus i gcás daoine a bhfuil naisc teaghlaigh acu leis an tír ina bhfuil siad ag cur fúthu go neamhdleathach.
Is iomaí arm many are the armies
" Is iomaí arm a ndeachaigh na Gaeil ag troid ar a shon i bhfad i gcéin.
iomaí buntáiste many advantages
Is iomaí fírinne a nochtann na mionrudaí beaga the small incidents shine a light on many matters
" Is iomaí fírinne a nochtann na mionrudaí beaga dúinn.
Is iomaí áit a lot of places
" Ní ag Dul i Míne atá Chuile Líne ============== Is iomaí áit a raibh mé lá Nollag, más sa bPolainn é, ag coinneáil bia leis na bochtáin, nó ag taifeadadh seanamhrán sa Rómáín, ach is i Málta is measa a bhí uaigneas orm Lá Nollag thar áit ar bith ar domhan.
Is iomaí uafás doshamhlaithe a shaolaítear a lot of unimaginable horrors come to light
" Is iomaí uafás doshamhlaithe a shaolaítear le linn an chuardaigh chéanna.
Is iomaí sloinne ó thuaidh many a surname in the North
"Is iomaí sloinne ó thuaidh a bhfuil sliocht as leis an dá mhórchreideamh ar nós mhuintir Scullion.
Is iomaí Gael ar deoraíocht ó shin many Irish have left home since then
is iomaí Gael a bhain clú amach many Irish people have become famous
" Deirtear go minic go bhfuil an Astráil ar an tír is Gaelaí ar domhan, taobh amuigh d’Éirinn féin, agus is iomaí Gael a bhain clú amach sa tír seo.
Is iomaí cineál there are many types
" An Chos Chlé ===== Is iomaí cineál liathróide a bhíonn in úsáid fiú amháin le linn an chluiche chéanna.
is iomaí braon fola a doirteadh i ngeall ar much blood has been spilt over
" Ó chuir na hairm Mhoslamacha ruathair faoin Impireacht Bhiosántach go dtí na crosáidí agus anuas go dtí an lá inniu, is iomaí braon fola a doirteadh i ngeall ar an chaidreamh theann idir an dá chreideamh.
Is iomaí imeacht many events
" Is iomaí imeacht a bheidh ar siúl i rith na huachtaránachta.
Is iomaí barúil dhiúltach a nochtar many negative opinions are expressed
" Is iomaí barúil dhiúltach a nochtar faoi thodhchaí na Gaeilge ar na saolta seo, agus is minic bás na Gaeilge á thuar.
iomaí iardhalta many an ex-pupil
" Ní gá gur drochrud é sin mar gur iomaí iardhalta a bhaineann mí-úsáid as an bhuntáiste seo agus nach gcuireann a gcuid páistí go bunscoil lán-Ghaelach siocair fios maith a bheith acu go mbeidh tearmann ar fáil faoin seancharbhat scoile.
Is iomaí oíche chóisireachta agus cheoil many a night of partying and music
" Is iomaí oíche chóisireachta agus cheoil a reáchtáladh sa chaisleán ina raibh maithe agus móruaisle na coilíneachta i láthair.
Ní lia duine ná tuairim everyone has their own opinion
" Ní lia duine ná tuairim agus ní thaitníonn sé liom go ndéantar díluacháil ar an té a chailleann.
is iomaí cor a tharlóidh a lot shall happen
" Ar ndóigh, is iomaí cor a tharlóidh idir seo agus sin.
Níor Lia Duine ná Inspreagadh everyone had their individual inspiration
" " Níor Lia Duine ná Inspreagadh ============== Cad é a spreag na daoine seo i dtreo na Gaeilge? An dtabharfadh siad lá airde ar an teanga mura mbeadh an choimhlint pholaitiúil ag dul ar aghaidh ag an am chéanna? Measann Feargal go raibh cimí áirithe spreagtha ar shiocracha éagsúla.
is iomaí foras ar cheart a dhúnadh síos many institutions ought to be closed down
" Is fíor san ach dá mba é sin an tslat tomhais is iomaí foras ar cheart a dhúnadh síos, an Banc Ceannais agus an Dáil san áireamh! An mhórargóint eile atá ag Fine Gael ná an méad airgid a shábháilfí dá bhfaighfí réidh leis.
Is iomaí rud atá i gcoiteann a lot in common
" Is iomaí rud atá i gcoiteann ag an dá iomrall ceartais, ach tá éagsúlacht ríthábhachtach amháin ann: níl an éagóir Astrálach curtha ina ceart fós.
iomaí buntáiste agus míbhuntáiste many advantages and disadvantages
" Téann na suáilcí is na duáilcí a bhaineann leis an imirce i gcion ar gach duine, idir fhir is mhná, ó liath go leanbh, agus is iomaí buntáiste agus míbhuntáiste a roinneann gach duine a thugann faoi thuras thar lear, pé inscne atá i gceist.
iomaí tuairisc many reports
" Is iomaí tuairisc faoin bhforéigean gnéasach, agus foréigean eile, a dhéantar ar mhná a oibríonn i dtithe príobháideacha, go háirithe i stáit na Murascaille.
Ní lia duine ná tuairim opinions are many
" Todhchaí na dteangacha Ceilteacha? (Todhchaí na Gearmáinise?) Ní lia duine ná tuairim.
is iomaí cor a chuir an córas de the system has changed a lot
" Córas Oideachais na Tíre =========== **SMM: Tá do shaol oibre caite in oideachas tríú leibhéal na tíre agus is iomaí cor a chuir an córas de le blianta anuas.
Is iomaí raic there were many disputes
" Is iomaí raic is cuimhin liom ó m’óige, na dreamanna a bhí ag diúltú (glacadh) lenár n-ainmneacha i nGaeilge agus a leithéid.
Is iomaí fadcheirnín atá eisithe ag K. have issued many lps
" Is iomaí fadcheirnín atá eisithe ag Kíla agus tá dhá dhíolaim eisithe ag Colm é féin, Éist agus Giving.
Is iomaí gné den saol many aspects of life
" Is iomaí gné den saol ar chuir mé spéis ann le linn na cuairte, cúrsaí spóirt san áireamh.
Is iomaí fáth leis sin there are many reasons for that
" Is iomaí fáth leis sin: ragairne, cearrbhachas, ‘cairde’, drochchomhairle i dtaobh infheistiú, póstaí briste agus ailiúnas ina measc.
Is iomaí páiste ar milleadh a óige many children's childhood was ruined
" Is iomaí páiste ar milleadh a óige agus ar scriosadh a shaol dá dheasca.
Is iomaí seanfhear a sáinníodh many an old man was cornered
" Is iomaí seanfhear a sáinníodh faoin gcoill nuair a dhíoltaí an talamh thart timpeall air.
Is iomaí lá scoile a cailleadh many a school day was lost
" Is iomaí lá scoile a cailleadh le go mbeadh seisiún pleanála ag na múinteoirí.
Is iomaí uair often
" Is iomaí uair, áfach, a chuireas an cheist a leanas orm féinig: an bhfuil a leithéid de rud ann agus cultúr Éireannach ar leith sa lá inniu lena mbreathnaítear amach ar an domhan trí fhuinneog ghlas Ghaelach Éireannach? Má tá, cá bhfuil sé sa diabhal le fáil? Má shiúiltear síos aon phríomhshráid in aon cheann de na bailte móra nó cathracha timpeall an oileáin, níl ann den chuid is mó ach siopaí nó gnólachtaí a fhaightear ar aon mhórshráid i Sasana nó sna Stáit Aontaithe, leithéidí Marks and Spencer, H&M, Monsoon, Walmart, McDonald’s, KFC agus mar sin de.
is iomaí cineál there are many types
" Ní chreideann Ciarán ar dtús í, ach is iomaí cineál draíochta atá ann.
Is iomaí club iomána many a hurling club
" Is iomaí club iomána, peile, cispheile agus eile ar fud na tíre a mbíonn deartháireacha agus/nó deirfiúracha ag imirt leo.
Is Iomaí Cor sa Saol there are many turns life
" Is Iomaí Cor sa Saol ========== Anuas air sin, ba é an caitheamh aimsire ba mhó a bhí acu agus iad ina ngasúir ná iomrascáil, castaíocht nó coraíocht, iad i ngleic lena chéile ar urlár cré an tí nó taobh amuigh sa gharraí.
Is iomaí baile many towns
" Is iomaí baile a bhfuil líofacht tugtha do sciar suntasach den óige ann de bharr na gaelscolaíochta agus eile.