Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha in competition with one another for gigs
" Nuair a thosaigh Altan sna hochtóidí, ní raibh ann ach cúpla grúpa mór traidisiúnta (na Chieftains, De Danann, Arcady) ach anois tá go leor grúpaí eile traidisiúnta in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha.
iomaíocht inmheánach internal competition
" Is minic go mbíonn iomaíocht inmheánach ar siúl sna comhlachtaí móra ilnáisiúnta, an bainisteoir réigiúnda ag iarraidh infheistíocht ón gceanncheathrú a mhealladh go hÉirinn.
cumas iomaíochta competitiveness
" Cé go bhfuil cumas iomaíochta idirnáisiúnta na tíre ardaithe, agus is maith sin, idir 1999 agus 2000 níor ardaigh an fíorphá nó tuarastal a thugann daoine abhaile in Éirinn ach leath an mheánmhéid don Aontas Eorpach.
iomaíocht fhíorspéisiúil extremely interesting competition
" Ceangal le Tír Chonaill ======= Chonacthas é sin dom agus mé in iarthar Thír Eoghain ag ullmhú tuairisce faoin iomaíocht fhíorspéisiúil a bheidh sa toghcheantar sin i dtoghcháin Westminster.
iomaíocht rivalry
" Tá an iomaíocht fhuilteach stairiúil fá thalamh, fá chearta agus fá shiombailí ag toiseacht arís.
iomaíocht competing
" Do lucht leanúna na gcontaetha sin, tá an bhliain thart, agus níl aon ní le déanamh acu anois ach suí siar agus breathnú ar na contaetha eile dul san iomaíocht lena chéile.
iomaíocht ghéar stiff competition
" " iomaíocht ghéar Deir Rachal nach féidir a bheith ag brath ar thacaíocht stáit ach oiread.
ag iomaíocht competing
" Má thagann foireann Éireannach chun cinn ariamh a dhéanfaidh go maith san Eoraip, is mór an seans gur ag imirt i Stadium Ireland a bheidh siad agus gurb é an Premiership an tsraith ina mbeidh siad ag iomaíocht.
in iomaíocht in competition
" B'fhéidir ansin go n-éireodh le hÁth Cliath foireann den scoth a chur chun páirce le dul in iomaíocht le Cill Chainnigh, an Clár agus araile.
le dul in iomaíocht le to compete with
" B'fhéidir ansin go n-éireodh le hÁth Cliath foireann den scoth a chur chun páirce le dul in iomaíocht le Cill Chainnigh, an Clár agus araile.
an-iomaíocht great competition
"an-iomaíocht ag teacht ó na stáisiúin tráchtála, leithéidí Highland Radio, Clare FM agus Kerry Radio, agus iad ag creimeadh a lucht éisteachta, sa Ghaeltacht go háirithe.
bíonn an iomaíocht níos géire the competition is stronger
" Nuair a shroicheann aon táirge an staid ar an dtimthriall go bhfuil an móramh á cheannach, bíonn an iomaíocht níos géire, mar go bhfuil an margadh sáithithe le táirgí.
in iomaíocht in competition
" Is amhlaidh a threisigh siad a chéile in ionad a bheith in iomaíocht lena chéile.
in iomaíocht in competition
" Fiontar nach mbeadh in iomaíocht ======= Nuair a chinn Milo, Eithne agus a seisear páistí ar bhogadh ó Bhaile Andarsan i mBéal Feirste go Gort an Choirce, shocraigh siad ar fhiontar a bhunú nach mbeadh in iomaíocht le gnólachtaí eile san áit.
in iomaíocht le competing with
" " - *David Lee, eagarthóir na hirise ealaíne* The Jackdaw Bhí triúr eile in iomaíocht le Creed chun duais £20,000 an Turner a bhuachan: an grianghrafadóir Richard Billingham as Birmingham a úsáideann a theaghlach mífheidhmiúil mar fhoinse; an scannánadóir Isaac Julien as Londain a dhéanann scannáin, físeáin agus suiteálacha bunaithe ar bhunchruthanna ciníocha agus inscneacha; agus an t-ealaíontóir suiteála Mike Nelson a chruthaíonn timpeallachtaí bréagacha atá breac le tagairtí stairiúla, cultúrtha agus sóisialta.
iomaíochta competition
" "Bíonn cuid mhór teannais agus iomaíochta ann.
iomaíochta competition
" Tá cuid mhaith grianghrafadóirí proifisiúnta ag úsáid gnáthcheamaraí go fóill toisc go bhfuil caighdeán na ngrianghrafanna níos airde agus toisc go bhfuil níos mó iomaíochta sa mhargadh do na ceamaraí sin - agus toisc nach gcailleann siad a luach chomh tapaidh céanna le trealamh leictreonach.
ag iomaíocht competing
" Am agus dua ======= Ar an gcéad amharc, déarfadh duine gur mhaith an rud é cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá ag iomaíocht thar ceann na tíre ag leibhéal ard idirnáisiunta i spóirt aonair a mbíonn go leor ama agus dua ag baint leo agus costas go leor freisin.
iomaíocht ghéar stiff competition
"iomaíocht ghéar ina saol, rud nach bhfágann mórán spáis don leochaileacht.
in iomaíocht ghéar in stiff competition
" Cén fáth (seachas ar son airgid) go gcuirfeadh an CLG fáilte roimh spórt ar bith atá in iomaíocht ghéar le peil agus le hiomáint chun daoine óga a mhealladh? Dar leis an CLG ní spóirt eile i measc roghanna éagsúla spórt iad an iomáint agus pheil Ghaelach.
in iomaíocht in competition
" Cé go bhfuil cuid mhaith cluichí ríomhaireachta foilsithe ag Microsoft mar bhogearraí cheana féin, is é seo an chéad uair gur chuir siad a ríomhaire cluichí féin ar fáil, agus tá siad ag dul in iomaíocht le comhlachtaí go bhfuil seantaithí acu ar an réimse sin, ar nós Sony agus Nintendo.
ag dul in iomaíocht le competing with
" Bhí sé suimiúil go raibh gach duine a labhair ag Ardfheis Fhianna Fáil i mí an Mhárta faoi bhun 30 bliain d'aois, daoine a bheas ag dul in iomaíocht le Sinn Féin - a mbeidh bagáiste na streachtailte armtha caite ar leataobh le fada an lá acu - má fhanann siad sa pholaitíocht.
dul san iomaíocht compete
" An é go bhfuil caighdeán na bhfoirne sin tite go sealadach nó an bhfuil géarchéim sna contaetha sin maidir le dul chun cinn na hiomána? Na scéalta atá ag teacht as Corcaigh is measa, sé sin, go bhfuil caighdeán na gclubanna íslithe an oiread sin nach bhfuil ar a gcumas dul san iomaíocht i gceart i gcraobhchomórtas chlubanna na Mumhan agus go bhfuil clubanna cáiliúla na cathrach, Naomh Fionnbarra, An Charraig Dhubh agus Fánaithe an Ghleanna tite i léig ar fad de bharr athruithe daonra agus thionchar an tsacair.
iomaíocht an mhargaidh competition in the market
" Ach, faraor, tá cuid mhaith samplaí timpeall a léiríonn nach leor iomaíocht an mhargaidh chun an aidhm seo a bhaint amach.
in iomaíocht lena chéile competing against each other
" Bíonn an cúigear seo páirteach i gcomórtais scéalaíochta agus sean-nóis go leanúnach agus is minic beirt nó triúr acu in iomaíocht lena chéile.
Iomaíocht láidir stiff competition
" Iomaíocht láidir ar na margaí idirnáisiúnta is cúis leis sin.
san iomaíocht in contention
" Tá beirt as Learpholl san iomaíocht don phost mar bhainisteoir ar fhoireann náisiunta sacair na hÉireann.
dul san iomaíocht to compete
" Tuigim an brú atá ar RTÉ dul san iomaíocht leis na mórchainéil idirnáisiúnta ar an gcineál airgid atá ar fáil dó.
dul in iomaíocht leis na Spáinnigh compete with the Spanish
" Tá an cabhlach iascaireachta is mó san Eoraip ag na Spáinnigh, agus ba é an tuiscint a bhí ann an t-am sin ná gur chóir srianta áirithe a chur orthu, ar feadh roinnt blianta, chun deis a thabhairt do mhuintir na hÉireann an cabhlach s'acu féin a mhéadú sa chaoi is go mbeadh siad in ann dul in iomaíocht leis na Spáinnigh in am trátha.
ag iomaíocht le chéile competing with each other
" Ní mé cén míniú atá le feiniméan seo na ndeartháireacha, ach seans go mbaineann sé le deartháireacha a bheith de shíor ag cleachtadh agus ag iomaíocht le chéile amuigh sa gharraí nó ar chúl an tí.
i mbun iomaíochta competing
" Ní ar bhféar amháin a bhíonn muintir na Ceathrún Rua i mbun iomaíochta.
san iomaíocht do in the running for
" Chuir sé síos ar roinnt de na YBAs (Young British Artists) mar bhómáin nach léann dadaí agus atá leamh mar dhaoine! Speisiúil go leor, bhí smaointe a bhí ag teacht le cuid Collings ag Jake Chapman, ealaíontóir atá, in éineacht lena dheartháir Dinos, san iomaíocht do Dhuais Turner.
iomaíochta competition
" Is daoine iad a bhfuil formhór a saoil go dtí seo caite acu i mbun traenála agus iomaíochta ag leibhéil éagsúla agus formhór a gcuid ama caite leis an spórt a chleachtann siad.
iomaíocht fhéaráilte fair competitiveness
" Agus céard faoi spórt mar chaitheamh aimsire, mar iomaíocht fhéaráilte, mar iarracht mhacánta chun an bua a fháil, agus cailleadh le honóir agus suáilce.
in iomaíocht in competition
" An é seo an fhís a bhí aige curtha i gcrích mar sin? "Tá mé breá sásta go raibh faill agam sna caogaidí athrú bunúsach polasaí a bhunú agus a threorú, is é sin an caomhnachas a thréigint agus dul in iomaíocht leis an domhan mhór.
iomaíocht competition
" Dá gcuirfí bonn faoi pháipéar nua nuair ba lú an iomaíocht, dar leis, mhairfeadh sé nuair a d'fhillfeadh an *Times *ar na seilfeanna.
iomaíocht competition
" Dá gcuirfí bonn faoi pháipéar nua nuair ba lú an iomaíocht, dar leis, mhairfeadh sé nuair a d'fhillfeadh an *Times *ar na seilfeanna.
in iomaíocht lena chéile in competition with each other
" Anuas air sin, tá na comhlachtaí a dhéanann na clibeanna in iomaíocht lena chéile agus úsáideann siad caighdeáin teicniúla éagsúla - rud a fhágann nach féidir le gach léitheoir gach saghas clibe a léamh.
in iomaíocht leo in competition with
" An chúis is minicí a thugann baill an CLG le cur i gcoinne Pháirc an Chrócaigh a chur ar fáil ná nach bhfuil sé ciallmhar go mbeadh an CLG ag cabhrú le heagraíochtaí spóirt eile a bhfuil siad in iomaíocht leo.
chun dul in iomaíocht le to compete with
" Ní gá a rá gur seirbhís riachtanach é an teileafón baile sa lá atá inniu ann agus, leis na hathruithe sa reachtaíocht maidir le CPS (*Caller Pre Selection*), tá a lán comhlachtaí nua tar éis teacht isteach sa tír seo chun dul in iomaíocht le hEircom, an seanfhondúir.
ag iomaíocht go tréan competing intensely
" Bímid ag iomaíocht go tréan agus ag déanamh ár seacht míle dícheall an bua a fháil.
dul in iomaíocht le comhlachtaí príobháideacha to compete with private companies
" Ach, mar a mhínigh urlabhraí thar cionn Chomhairle Chontae Chill Chainnigh le linn éisteachtaí Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht an samhradh seo caite, ciallaíonn an praghas ard ar thalamh na laethanta seo nach bhfuil sé ar chumas na n-údarás áitiúil dul in iomaíocht le comhlachtaí príobháideacha le paiste talaimh a cheannach.
dul in iomaíocht to compete
" Tá obair mhór ar siúl ag bainistíocht Átha Cliath faoi láthair chun struchtúr agus córas ceart éifeachtach a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go mbeidh foireann na hardchathrach in ann dul in iomaíocht leis na contaetha is láidre san am atá le teacht.
dul in iomaíocht leis an Uasal Ryan to compete with Mr Ryan
" Tuigeann Niall Andrews, dar ndóigh, gur fearr go mór an seans a bheidh ag a mhac féin, Chris, suíochán Dála a bhuachan an chéad uair eile más rud é nach gcaithfidh sé dul in iomaíocht leis an Uasal Ryan, atá faoi láthair ina TD sa dáilcheantar céanna.
a chuaigh san iomaíocht who competed
" Tá aitheantas tugtha le déanaí ag Pat Hickey, Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann do ghaisce Mhic Gearailt agus tá eagraíocht nuabhunaithe, Cumann Oilimpeach na hÉireann, chun aitheantas cuí a thabhairt do gach Éireannach a chuaigh san iomaíocht thar ceann na hÉireann ag na cluichí Oilimpeacha.
iomaíocht competition
" " Bíonn leithéidí an IDA ag baint úsáide as nathanna ar nós "*going up the food chain*" agus iad ag iarraidh a thabhairt le fios gur cheart do chomhlachtaí níos mó béime a chur ar an taighde agus ar an bhforbairt, agus earraí nó seirbhísí costasacha a sholáthar seachas leanacht leis an múnla traidisiúnta atá faoi bhagairt mar gheall ar iomaíocht ó oirthear na hEorpa agus ón Áis.
san iomaíocht competing
" Cé nach bhfuil aon "Ringy" ann anois, fós meallann Craobhchomórtas na Mumhan na mílte duine as lasmuigh de na contaetha a bhíonn san iomaíocht.
in iomaíocht lena chéile competing with each other
" Ach cá háit a dtéann amhraí eile na hÉireann lena scíth a ligean agus le teacht chucu féin arís i ndiaidh bliain mhór oibre a chur isteach? Tá Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, ag dul ar ais go dtí Féile na nGael i Milwaukee Cois Locha, ach tá ár sáith ráite faoi Joe Mac Dunno agus é féin agus a gcuid eachtraí ann anuraidh - an bheirt acu in iomaíocht lena chéile ag iarraidh an óráid ab fhaide a thabhairt agus an líon ba mhó daoine a chur ina gcodladh.
iomaíocht competition
" Chuidigh an comórtas sin le caighdeán peile Chamuis agus Ros Muc a ardú agus iomaíocht a chur ar fáil mar go mbíodh foirne ó pharóistí eile ag glacadh páirte ann.
iomaíocht competition
" Ar ndóigh, chloisfeá go leor scéalta, agus scéal scéil, maidir leis an iomaíocht idir bainisteoirí éagsúla agus an sórt sin ruda, agus idir rannóga.
ag tairiscint iomaíochta offering redundancy
" Bhí géarchéim airgid in RTÉ ag an am agus bhí siad ag tairiscint iomaíochta do dhaoine ar mhian leo an eagraíocht a fhágáil.
dul in iomaíocht leis compete with
" Cén dóigh ar féidir leis an táirge turasóireachta seo dul in iomaíocht leis an Fhrainc, An Spáinn, An Iodáil nó fiú Londain? Níl na freagraí ag an lucht straitéise turasóireachta agus, go dtí go mbeidh, ní éireoidh linn dul chun cinn a dhéanamh.
dul in iomaíocht le compete with
" Ach dá mbeadh cead ag an lucht geal drugaí a úsáid, mar shampla EPO, druga a mhéadaíonn ar líon na gceall dearg san fhuil, b'fhéidir go mbeidís in ann dul in iomaíocht le muintir na hAfraice agus an cine gorm i gcoitinne.
dul in iomaíocht to compete
" Ach dá mbeadh cead ag an lucht geal drugaí a úsáid, mar shampla EPO, druga a mhéadaíonn ar líon na gceall dearg san fhuil, b'fhéidir go mbeidís in ann dul in iomaíocht le muintir na hAfraice agus an cine gorm i gcoitinne.
dul in iomaíocht to compete
" (Go ró-éasca b'fhéidir!) Agus cé gur thóg sé tamall fada ar Aer Lingus dul in iomaíocht i gceart le Ryanair agus ticéid shaora a dhíol ar an idirlíon, tá siad anois chun cinn orthu maidir le trealamh sna haerfoirt.
iomaíocht competition
" Le déanaí, chuir ComReg iachall ar an gcomhlacht praghas a dtáirgí mórdhíola a ísliú chun tuilleadh iomaíochta a spreagadh san earnáil.
Barraíocht iomaíochta too much competition
" Barraíocht iomaíochta, ó aerlínte saora go speisialta, is cúis le deireadh a bheith á chur leis an tseirbhís seo, de réir an Steam Packet Company.
iomaíocht competition
" Barraíocht iomaíochta, ó aerlínte saora go speisialta, is cúis le deireadh a bheith á chur leis an tseirbhís seo, de réir an Steam Packet Company.
le tuilleadh iomaíochta a spreagadh to encourage more competition
" Bhí an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide agus an earnáil teileachumarsáide sna nuachtáin arís le linn mhí Eanáir nuair a ghlac an Coimisiún Eorpach le réiteach nua an rialtóra Éireannaigh le tuilleadh iomaíochta a spreagadh sa tionscal fóin phóca.
iomaíocht competition
" " I 1996, ceapadh Goggin mar Stiúrthóir ar Rannóg na Margaí Rialaithe san Údarás iomaíochta.
Údarás Iomaíochta Competition Authority
" " I 1996, ceapadh Goggin mar Stiúrthóir ar Rannóg na Margaí Rialaithe san Údarás Iomaíochta.
tuilleadh iomaíochta more competition
" Bhí an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide agus an earnáil teileachumarsáide sna nuachtáin arís le linn mhí Eanáir nuair a ghlac an Coimisiún Eorpach le réiteach nua an rialtóra Éireannaigh le tuilleadh iomaíochta a spreagadh sa tionscal fóin phóca.
in iomaíocht dhíreach in direct competition
" Tar éis an tsaoil, táthar in iomaíocht dhíreach le haerlíne a chuaigh chun na cúirte le hiarracht a dhéanamh éalú óna gcuid freagrachtaí i leith daoine le míchumas.
in iomaíocht le in competition with
" Cén fáth, mar sin, nár fógraíodh post an Phríomhfheidhmeannaigh go dtí lár mhí Eanáir tráth ar sceith an *Irish Times *go raibh rún ag an triúr diúlach aerlíne dá gcuid féin a bhunú a d'fhéadfadh a bheith in iomaíocht le hAer Lingus? Fiú sa chás sin, ba ar an chúlbhinseoir Jim Glennon, seachas ar an Aire Cullen, a thit sé ceisteanna a ardú faoi choinbhleacht leasa.
ag sárú rialacháin iomaíochta na hEorpa breaking European competition rules
" Tá an scéal amuigh nach dtig leis an rialtas lámh chúnta a thabhairt d'Aer Lingus mar go mbeidís ag sárú rialacháin iomaíochta na hEorpa.
san iomaíocht in competition
" An uair dheireanach a tugadh amach na conarthaí OSP, in 2002, ní raibh ach trí dhream san iomaíocht: Aer Arann, Loganair, agus comhlacht beag nua, Euroceltic (nach maireann).
in iomaíocht le in competition with
" org - pacáiste saor in aisce atá in iomaíocht le Microsoft Office agus atá á aistriú go Gaeilge - tar éis réimse formáidí dá gcuid féin a chur i bhfeidhm a stórálann an t-eolas céanna le comhaid DOC i spás i bhfad níos lú.
in iomaíocht leis in competition with
" Na laethanta seo, agus Iarnród Éireann ag lorg breis airgid ón Rialtais chun a ghréasán féin a fhorbairt i gceart, b’ait an rud é dá bhfaigheadh Ryanair (namhaid cáiliúil “cur isteach” an Stáit) fóirdheontas chun dul in iomaíocht leis an traein ar bhealach ionsaitheach, agus chun daoine a spreagadh le modh iompair a roghnú a bhfuil truailliú níos measa ag baint leis ná mar atá ag baint leis an traein.
in iomaíocht ghéar in stiff competition
" Is spóirt iad atá in iomaíocht ghéar leis na cluichí dúchasacha Gaelacha go háirithe, agus ní hamháin sin is spóirt ghairmiúla iad a ritear ar bhonn ghnó agus atá ag déanamh a míle dícheall an t-aos óg a mhealladh chucu féin.
iomaíocht competition
" Ach má tá an tAire ag lorg sochair i ndáiríre do gach éinne ón gcóras cód poist (agus ní hamháin deiseanna nua do chomhlachtaí margaíochta agus seachadta airgead a dhéanamh chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta), cuirfidh sé cúpla coinníoll i bhfeidhm nuair a thiocfaidh an córas nua, mar shampla: Nuair a cheadófar iomaíocht i gcúrsaí poist, nach millfear ról sóisialta An Post (go háirithe faoin tuath) ag cuardach an *Holy Grail *seo, “iomaíochas níos fearr”.
an lucht iomaíochta the competitors
" An bhliain seo chugainn, beidh leath de ghnó An Post oscailte do chomlachtaí eile, agus ón mbliain 2009 ní bheidh aon chosc ar an lucht iomaíochta.
in iomaíocht in competition with
" Táimid in iomaíocht anois le tíortha in oirthear na hEorpa agus tuairiscítear go bhfuil bealaí eagraithe siúlóide den chéad scoth i dtíortha mar an tSlóivéin, an Rómáin, an Pholainn, an Bhulgáir agus an tSlóvaic.
iomaíocht competition
" Ach má tá an tAire ag lorg sochair i ndáiríre do gach éinne ón gcóras cód poist (agus ní hamháin deiseanna nua do chomhlachtaí margaíochta agus seachadta airgead a dhéanamh chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta), cuirfidh sé cúpla coinníoll i bhfeidhm nuair a thiocfaidh an córas nua, mar shampla: Nuair a cheadófar iomaíocht i gcúrsaí poist, nach millfear ról sóisialta An Post (go háirithe faoin tuath) ag cuardach an *Holy Grail *seo, “iomaíochas níos fearr”.
an lucht iomaíochta the competitors
" An bhliain seo chugainn, beidh leath de ghnó An Post oscailte do chomlachtaí eile, agus ón mbliain 2009 ní bheidh aon chosc ar an lucht iomaíochta.
“barr iomaíochta” a chur orthu féin to become 'more competitive'
" Ach ní dhearna McDonald’s aon leas dóibh féin nuair a thairg siad $250,000 don bhfeachtas le go bhféadfadh na feilméaraí “barr iomaíochta” a chur orthu féin.
in iomaíocht le competing with
" Shíl gach duine, dar ndóigh, go mbeadh Cill Chainnigh in iomaíocht le Corcaigh don chraobh arís i mbliana ach tháinig báireoirí sciliúla na Gaillimhe idir iad agus an tairngreacht áirithe sin.
san iomaíocht competing
" Dá bhrí sin, ní bheidh iománaithe Aontroma ná aon fhoireann as Cúige Uladh san iomaíocht le haghaidh Chorn Mhic Cárthaigh an chéad bhliain eile.
in ainneoin iomaíocht ghéar despite strong competition
" Is saothar é atá idir thraidisiúnta agus chonspóideach, a tháinig sa chéad áit in ainneoin iomaíocht ghéar bheith ann leis an phlionta a líonadh.
dul in iomaíocht le comhlachtaí nó infheisteoirí móra to compete with big companies and investors
" Bhí siad buartha go mbeadh drochthionchar ag an Aontas Eorpach ar an tír, toisc go bhfuil sí chomh beag agus nach mbeadh a muintir féin in ann dul in iomaíocht le comhlachtaí nó infheisteoirí móra.
iomaíocht competition
" Ach tá an iomaíocht ó na hollmhargaí, Tescos mar shampla, atá ag díol peitril i bhfad níos saoire ná na gnáthstáisiúin pheitril, ag cur brú ar na comhlachtaí móra peitril.
iomaíochta competition
" Agus de bharr go bhfuil oiread iomaíochta ann chun costais a laghdú na laethanta seo agus an domhandú i gceist, ní féidir le comhlachtaí airgead a chur amú ag coimeád stoc mór comhpháirteanna ina monarchana.
in iomaíocht le scoil aonair competing with a single school
" Dar leo, níl sé cóir go mbeadh foireann agus imreoirí as scoileanna éagsúla uirthi in iomaíocht le scoil aonair.
in iomaíocht lena chéile in competition with each other
" Bun agus barr cúig shráid le chéile atá sa tsráid eicléicteach seo, agus is tearmann faoi scáth crann agus faoiseamh ón ghrian í an chuid lárnach do choisithe, agus do na céadta díoltóir earraí agus aisteoir a bhíonn in iomaíocht lena chéile chun d’aird a tharraingt.
san iomaíocht competing
" Tá a fhios agam gur féidir le duine bheith gafa agus an-ghafa le foireann nó le cúrsaí spóirt, agus go dteastaíonn cur chuige an-dian le bheith san iomaíocht ag leibhéal ard, ach uaireanta, agus laethanta breátha fada grianmhara an tsamhraidh ag teacht agus ag imeacht, bím scoite amach ón rírá go léir agus ní miste liom sin.
dul san iomaíocht le Boeing compete with Boeing
" Chruthódh sé go bhféadfadh na hEorpaigh dul san iomaíocht le Boeing agus a 747 cáiliúil.
in iomaíocht competing
" Bíonn liosta daoine eile in iomaíocht leat.
an choimhlint nó iomaíocht seo this rivalry or competition
"an choimhlint nó iomaíocht seo idir na Ceiltigh agus Rangers míshláintiúil toisc go bhfuil sé bunaithe ar dheargsheicteachas.
a dhul in iomaíocht leo, to compete with them,
" Uaireanta, déanann Liverpool iarracht a dhul in iomaíocht leo, ach de ghnáth críochnaíonn siad sa cheathrú háit, líon mór pointí taobh thiar de na foirne eile.
an iomaíocht the competition
" Tá Microsoft ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir iad féin agus an iomaíocht le Office 2007.
níos mó iomaíochta more competition
" Straitéis Google Tá níos mó iomaíochta ag teacht ó Google anois freisin.
in iomaíocht don duais cháiliúil, competing for the famous prize,
" Agus ceathrar in iomaíocht don duais cháiliúil, mar aon le £25,000 agus aitheantas idirnáisiúnta, ní hionadh ar bith go n-éiríonn an troid níos teasaí agus níos géire le himeacht gach bliana.
chun dul in iomaíocht i gceart to compete properly
" D’eisigh Thomson Scientific ráiteas ag rá go raibh orthu an chéim seo a ghlacadh toisc go raibh orthu costais inmheánacha a laghdú chun dul in iomaíocht i gceart sa mhargadh.
chun dul in iomaíocht leo to compete with them
" Ní fheadar ar athraigh daoine a n-aigne tar éis dóibh féachaint ar an nuacht? Agus cén todhchaí a bheidh rompu nuair a fhágfaidh siad an ollscoil lena gcáilíochtaí ríomhaireachta? Iomaíocht Is léir go bhfuil tíortha san Áis in ann gnó a mhealladh agus is léir freisin gur gá dúinn oibriú go dian chun dul in iomaíocht leo mar thír.
acmhainn iomaíochta competiveness
" De réir cosúlachta, déanfar roinnt den obair a bhí lonnaithe ag Motorola i gCorcaigh san Áis anois, ach ag labhairt dó ar nuacht RTÉ, shéan an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Mícheál Martin, go raibh laghdú tagtha ar acmhainn iomaíochta na hÉireann.
méid áirithe iomaíochta a certain amount of competition
" I gcúrsaí iompair bus, tá comhlachtaí príobháideacha ag cur méid áirithe iomaíochta ar fáil do Bhus Éireann.
iomaíocht a cheadú ar iarnróid intíre na hEorpa to allow competition on the internal railways of Europe
" Bhí scéim eile ag an Pharlaimint a raibh sé mar aidhm aici iomaíocht a cheadú ar iarnróid intíre na hEorpa ó 2017, ach chuir brúghrúpaí a bhí ag feidhmiú ar son comhlachtaí móra iarnróid (SNCF na Fraince, mar shampla) deireadh leis sin.
iomaíocht idir aerlínte. competition between airlines.
" Tá mórán comhaontas agus gnóthaíochtaí a chuireann bac ar aerbhealaí nua agus ar iomaíocht idir aerlínte.
ag iomaíocht competing
" Bhuaigh mé féin ocht mbonn óir sna comórtais seo go dtí gur éirigh mé as a bheith ag iomaíocht iontu.
dul in iomaíocht le cineálacha eile spóirt to compete with other kinds of sports
" Tá ag teip ar CLG dul in iomaíocht le cineálacha eile spóirt sa lá atá inniu ann agus caithfear an fhadhb sin a réiteach.
san iomaíocht don chonradh sin. competing for that contract.
" Agus is léir go bhfuil údar bróid aige mar gheall ar gur éirigh leis an nuachtán an conradh úr do nuachtán laethúil a fháil ó Fhoras na Gaeilge, in ainneoin go raibh grúpa láidir, an *Irish News*, san iomaíocht don chonradh sin.