Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
treabhann siad a n-iomaire féin they plough their own furrow
" Cosúil le cuid mhaith clubanna agus sraithchomórtas eile i Meiriceá a tháinig ar an saol le déanaí, treabhann siad a n-iomaire féin, beag beann ar na boic mhóra, agus is cosúil go bhfuil na sraithchomórtais bheaga seo ag dul ó neart go neart.
a n-iomaire féin a threabhadh. to plough their own furrow.
" Mhaígh Salmond é féin ag tús na míosa seo caite go mbeadh an tríú geilleagar is láidre san Aontas Eorpach ag Albain (i ndiaidh Éire agus Lucsamburg) dá mbeidís sásta a n-iomaire féin a threabhadh.
go bhfuil iomaire an-deacair á threabhadh that a very difficult ridge is being ploughed
" ”Is amhlaidh go síleann King go bhfuil iomaire an-deacair á threabhadh ag an earnáil neamhspleách léirithe trí chéile ar na saolta seo.
iomairí fataí réitithe potato ridges prepared
" Ar mo shiúl thart na laethanta seo, tá snafach an Earraigh ag borradh timpeall orm: an sabhaircín is an lus cromchinn faoi bhláth, an snag breac cruógach i mbun oibre ag bailiú ábhair don nead atá le déanamh sa chrann fuinseoige, na bachlóga ar na crainnte ag buinniú is ag cur amach duilleog, searrach ag láir na comharsan, iomairí fataí réitithe go neata agus méileach na n-uan le cloisteáil mar chúlcheol an tséasúir.
n-iomaire (potatoe) ridge
" Mar sin, le roinnt blianta, tá muid ag treabhadh ár n-iomaire féin.
t-iomaire ridge, work
" Níl an t-iomaire a bhí roimhe treafa ag an Aire Ó Cuív agus is baolach gur ar an mhéar fhada a fhanfas an chonspóid seo agus go bhfágfar faoi thíortha eile an fómhar turasóireachta a bhaint.
a n-iomairí their furrows
" Níl aon amhras ach go raibh marbhnaí tuillte acu beirt ach ó tharla gur i ngort cúng na Gaeilge a threabh siad a n-iomairí saothair, ní thiocfadh a bheith ag dréim go mbeadh a leithéid i gclo i nuachtáin náisiúnta an Bhéarla.
iomaire fada long ridge
" Is iomaire fada faoi uisce é a shíneann ó thuaidh ó chósta na Rúise faoin Mol Thuaidh féin, agus má chruthaíonn na Rúisigh go bhfuil an droim seo agus scairbh ilchríche na Rúise déanta as an ábhar geolaíoch céanna, beidh siad ag súil go dtreiseodh sé cás a dteideal sealúchais.
iomairí os cionn a chéile on ridges above each other
" An seanchóras garraíodóireachta: iomairí os cionn a chéile mar a bheadh staighre agus claíocha cloch eatarthu.
trasna an iomaire across the ridge
" Ar aghaidh linn trasna an iomaire go Binn Mhór agus Binn Ramhar sula ndeachaigh muid leis an fhána chrochta go Mám Éan, mar a mbíonn Turas an Tobair faoin Chargas 7 faoi Dhomhnach Chrom Dubh.