Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ina hiomláine in its entirety
" Tar éis sé mhí de chur agus cúiteamh, chinn an Bord Pleanála ar dhiúltú don scéim ina hiomláine.
a nochtadh ina n-iomláine dúinn to reveal them in their entirety to us
" Tá an dlí á cur ag Éirinn ar an mBreatain faoi Choinbhinsiún OSPAR toisc nach bhfuil rialtas na Breataine sásta dhá thuarascáil speisialta faoin monarcha MOX ag Sellafield a nochtadh ina n-iomláine dúinn.
ina n-iomláine in their entirety
" Tar éis 70 noiméad, thug Ian Farmer cead don rúnaí tagairt a dhéanamh do na ráitis sna miontuairiscí, ach ní na ráitis ina n-iomláine.
ina iomláine in its entirety
" Córas craiceáilte é sin, a dhéanann dochar don tionscal agus don stoc éisc araon, agus nach bhfreagraíonn do leas na sochaí ina iomláine.
leas na sochaí ina iomláine the good of society as a whole
" Córas craiceáilte é sin, a dhéanann dochar don tionscal agus don stoc éisc araon, agus nach bhfreagraíonn do leas na sochaí ina iomláine.
ina iomláine in its entirety
" Cé a dúirt nach raibh fios a ghnaithe ag Seoirse Óg Mac Sceiche? Tá Balor ag súil go gcuirfidh eagarthóir *Beo Ar Éigean*, Éamonn Ó Doornail, an t-agallamh seo síos ina iomláine agus nach bhfágfaidh sé píosa ar bith ar lár a mbeadh impleachtaí aige do thodhchaí agus do shonas mhuintir na cruinne, mar a rinne an liúdramán leis na hagallaimh a chuir Balor ar Dhia cúpla bliain ó shin agus ar an Diabhal tamall ina dhiaidh sin.
luachanna sochaí iomláine the values of a whole society
" Heigeamaine ======= Tá coincheap tábhachtach a bhaineann le cultúr ar a dtugtar heigeamaine, nó mórcheannas, ina nglacann cine, rialtas nó aicme seilbh ar luachanna sochaí iomláine.
stiúrthóir laethúil na heagraíochta iomláine the director on a daily basis of the whole organisation
" Cén ról atá agat féin in An Droichead agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise comhordaitheoir an tionscadail, rud a chiallaíonn go bhfuil mé (a) freagrach as bainistiú na foirne agus an lárionaid, (b) i mbun cúrsaí airgeadais agus scríobh iarratas maoinithe, agus (c) mar stiúrthóir laethúil na heagraíochta iomláine.
an Eoraip ina hiomláine the whole of Europe
" D’fhéadfainn a rá léi nach ndearnadh ionradh ar an Eoraip ina hiomláine ar an dáta sin, nach ndearnadh ionradh ach ar an bPolainn agus ar an bPolainn amháin ar an gcéad lá de mhí Mheán Fómhair 1939.
ina hiomláine in its entirety
" DdeB: Tá tús curtha leis sin cheana féin mar go bhfuil an iris *Dal gCais* ina hiomláine le léamh ar ár suíomh, (www.
rith an rása ina iomláine clean sweep
" Bhí rith an rása ina iomláine nach mór ag muintir Chonamara ag ócáid bhronnta dhuaiseanna cumarsáide an Oireachtais ag Féile na Bealtaine i dTrá Lí.
ina hiomláine in its entirety
" Níorbh fhéidir, fiú agus an toil pholaitiúil ann i bpobal na tíre, an Chomhdháil ina hiomláine a athrú in aon toghchán amháin.
á eisiúint ina iomláine being issued in its entirety
" Tá an fuaimrian le Seán Ó Riada á eisiúint ina iomláine den chéad uair ar dlúthdhiosca, atá in aon bhosca leis an scannán.
Breathnaím ar an bpróiseas ina iomláine, I look at the process in its entirety,
" Breathnaím ar an bpróiseas ina iomláine, ní ar na huaireanta atá á gcaitheamh agam.
ina hiomláine, in its entirety,
" D’éirigh leo cuid de Kashmir Road a scrios agus Sráid Bombay ina hiomláine, ach níor bhain siad teach s’againne amach, ar an dea-uair.
ina iomláine in its entirety
" Beidh Paul Brady agus Andy Irvine ag seinm an albaim chlúitigh *Paul Brady and Andy Irvine* ina iomláine i rith seó eile.
an scéal ina iomláine the story in it's entirety
" Agus ní insíonn na meáin an scéal ina iomláine dúinn i gcónaí.
nach cuimhin liom é ina iomláine that I don't remember it in its entirety
" Ach caithfidh mé a rá nach cuimhin liom é ina iomláine – chuamar isteach i gcarbhán éigin le Rory Gallagher agus d’ólamar cuid mhór uisce bheatha!”An earnáil teilifíseI ndiaidh dó na blianta a chaitheamh ag gabháil don cheol, cén chaoi ar tharla sé go ndeachaigh sé leis an léitheoireacht teilifíse?“Theastaigh uaim a fháil amach cad a tharla do cheol traidisiúnta na hÉireann nuair a tógadh trasna an Atlantaigh é den chéad uair.
ina hiomláine in its entirety
" Tá leagan teoranta den tseirbhís sin ar fáil faoi láthair ach tá an fhoireann ag súil go mbeidh sí ar fáil ina hiomláine roimh i bhfad.
iomláine entirety
" Ach b’fhéidir go n-éireodh muintir an domhain níos feargaí fós dá mbeadh an scéal ina iomláine acu.
níos iomláine entire, all-round
" Cothaíonn siad thall na gnéithe éagsúla mar go dtuigeann siad go gcruthóidh sé leas agus caighdeán maireachtála níos iomláine agus níos fearr i ndeireadh báire.
iomláine total
" Drochsheans go leanfar, áfach, ag toghadh seachtar déag ball as bord de scór don Údarás siocair gur eagraíocht níba leithne a bheadh ann a bheadh ag freastal ar chur chun cinn na teanga sna fiche sé chontae ina iomláine.
iomláine entirety
" com/watch?v=rPQhh7ba_F4&NR=1&feature=fvwp) Is ag cur lenár gcuid eolais atáimid i rith an ama agus tuigtear dúinn cheana féin gur neamhní fiú amháin, imtharraingt an domhain, in amanna, rud nach dtuigimid ina iomláine go sea.
ina iomláine in its entirety
" Agus ag féachaint ar scéal na Fionlainne ina iomláine, b’fhéidir go mbeimid in ann an méid atá romhainn ó thaobh athruithe agus coimhlintí sóisialta a mheas.
ina iomláine entirely
" Cheana féin tá sí i ndiaidh The Lakes of Punchartrain a fhoghlaim ina iomláine, maille le seacht véarsa nua-scríofa ag Brains Cowen.
iomláine entirely
" Tá carr, a scriosadh ina iomláine ag buama i mBaghdad roinnt blianta ó shin le feiceáil mar shaothar ealaíne san *Imperial War Museum* i Londáin faoi láthair.
iomláine entirely
" Admhaím go raibh rith an ráis ina iomláine ag an Chomhrialtas le cúig bliana anuas.
iomláine total
" Deir an tUasal Campfield gur cheart do bhaill an Tionóil agus an Fheidhmeannais a bheith ag gríosú an phobail ina iomláine le brú a chur ar rialtas *Westminster*.
iomláine entirety
" Ceann de na cúiseanna gur theip ar an chóras úr ná nár cuireadh i bhfeidhm ina iomláine é.
ina hiomláine entirely
" In áit leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht a bhaineann leis chun cúraimí níos leithne a bhronnadh ar an eagraíocht, tá sé ráite sa Straitéis go ndéanfar an tsean-reachtaíocht a aisghairm ina hiomláine.
ina iomláine in its entirity
" ”* Bhí a fhios ag ceannairí míleata SAM nach mbeadh na Síónaigh sásta le cuid de Phailistín, nó le Pailistín ina iomláine fiú; bhí mórcheannas ar an Meánoirthear uilig uathu.
ina iomláine in its entirety
" Agus ba cheart iarraidh ar dhaoine óga fanacht in Éirinn agus sochaí nua a thógáil mar a d’iarr Theo Dorgan orthu a dhéanamh san aitheasc a thug sé ag searmanas bronnta céimeanna i gColáiste na hOllscoile Corcaigh i mí na Nollag seo caite, aitheasc a foilsíodh ina iomláine san Irish Times: *‘The nation is beaten down, but not defeated.
ina iomláine in its entirety
" Léiríonn teideal an taispeántais go bhfuil sé d’aidhm aige scéal na nÉireannach abhus ina iomláine a chur ar fáil, seachas an dearcadh simplí seanda go raibh na hÉireannaigh go léir a tháinig chun na hAstráile cosúil le leithéidí an Cheallaigh agus a mhuintire.
ina hiomláine in its entirety
" Tarraingíonn an túr CN an-chuid daoine chun féachaint amach ar an gcathair ina hiomláine.
a iomláine its entirety
" Ach ní hionann i gcónaí tábhacht ruda agus a iomláine.
bhaint amach ina n-iomláine to obtain in their entirety
" I ndomhan nua-aimseartha seo na Síne tá tú ábalta dul ar obair in áiteanna eile ach bíonn sé an-chasta do chearta sibhialta a bhaint amach ina n-iomláine.
ina hiomláine entirely
" Ciallaíonn sé sin go bhfuil móramh ag teastáil sa tír ina hiomláine agus móramh i móramh na stát.
fiacha ina n-iomláine entire debts
" Cuireann na rialacha sin teorann ar mhéid an easnamh cháinaisnéise atá ceadaithe (3% OTI) chomh maith le teorainn ar an mhéid fiacha ina n-iomláine atá ceadaithe ag tír ar leith (60% OTI).
ina iomláine in its entirety
" Ba é toradh ar an gcruinniú gan baghcat a ghairm do bhloc an AE ina iomláine.
ina iomláine in its entirety
" Tá pleananna ar bun chun cosán a thógáil timpeall ar chósta na Breataine ina iomláine.
ina hiomláine in its entirety
" Ceist idirnáisiúnta í ceist na Siria ina hiomláine toisc gur chuir mórchumhachtaí an domhain a ladar curtha sa scéal acu.
ina hiomláine in its entirety
" Ba chóir dúinn a bheith ag smaoineamh ar an gComhairle ina hiomláine.
a d’fhéadfadh tuairisciú níos ionraice agus níos iomláine a thabhairt which could give a more honest and a fuller report
" Is maith an rud é go bhfuil tuarascáil mar seo á cur le chéile ach b’fhearr é a bheith curtha le chéile ag dream neamhspléach, a d’fhéadfadh tuairisciú níos ionraice agus níos iomláine a thabhairt faoin mbealach a bhfuil an státchóras ag dul i ngleic le cur i bhfeidhm na moltaí éagsúla fiúntacha atá sa Straitéis.
druidte ina iomláine closed entirely
" " Cé nach bhfuil cuma iontach dóchasach ar an ráiteas sin, níor mhór a admháil nach bhfuil an doras druidte ina iomláine ach an oiread.
ina hiomláine entirely
" Riachtanas na hInfheistíochta ============= A dhonacht is atá cúrsaí in earnáil déantúsaíocht na ngluaisteán abhus, táthar ann a mheasann go léiríonn an méid atá ag tarlú ann go mbeidh deireadh le hearnáil na déantúsaíochta ina hiomláine san Astráil sul i bhfad.
chur i bhfeidhm ina iomláine putting into full effect
" Ní bheadh mórán d’fhadhb agam leis an gcéad cheist ar an mbileog, a fhiafraíonn de gach iarrthóir an mbeadh sé/sí ag labhairt Ghaeilge ‘go rialta agus mar gnáthchleachtas sa Phairlimint’? Bheadh deacracht agam leis an tarna cheist ar an mbileog: ‘Ceist 2: An bhfuil tú sásta a fhógairt go poiblí mar chuid de d’fheachtas toghchánaíochta gur mian leat go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016?’ Mínítear cúlra na ceiste go soiléir ar an mbileog: cé go bhfuil aitheantas san AE ag an nGaeilge ó tús 2007 mar theanga oifigiúil, cuireadh ‘maolú’ faoi dhó ar stádas oifigiúil a chur i bhfeidhm ina iomláine.
Cé nach mínítear an scéal ina iomláine riamh although the matter isn’t explained entirely at any point
" Bochtanas an Iarthair ========== Cé nach mínítear an scéal ina iomláine riamh, tuigtear dúinn nach bhfuil “útóipe” de shaghas éigin amach roimh Alina agus Voichita má shocraíonn siad ar imeacht chun na Gearmáine.
a bheadh níos iomláine agus níos fire which would be more complete and more true to fact
" Tá athrú íomhá de dhíth ar Ghaeil na hAstráile, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, íomhá a bheadh níos iomláine agus níos fire.