Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag iompú i gcoinne turning against
" É sin ráite, ar cheart dúinn a bheith ag smaoineamh ar riachtanais eacnamúla agus síochána s'againn féin amháin nó an bhfuil cinneadh le déanamh maidir le moráltacht an ghnímh chogaidh? Tá sé soiléir go bhfuil go leor de lucht na polaitíochta agus den phobal in Éirinn agus i dtíortha eile na hEorpa ag iompú i gcoinne na Stát Aontaithe agus feachtas na tíre in éadan na hIaráice.
d'iompaigh sé he converted
" Duine gan dóigh a bhí ann ar dtús, ach ansin d'iompaigh sé ón Chaitliceachas agus é i bpríosún Sing Sing.
nár iompaigh siad mórán that they didn't turn much
" Bhí mé i lóistín le ceathrar acu – bhí teach ar cíos acu i Highgate – agus tar éis píosa bhí sé an-suntasach nár iompaigh siad mórán ar an mBéarla, rud atá coitianta anois nuair a bhíonn duine nach bhfuil aige ach Béarla ina measc.
bagrófar iompú léine shirt turning will be threatened
" Agus bagrófar iompú léine agus bagrófar bascadh agus baiscneadh agus batráil má iompaítear.
iompaithe i dtreo an phobail sin, turned towards that public,
" Má osclaítear amach gach ceann díobh i bhfianaise an phobail, agus má leagtar ceann i ndiaidh a chéile ar an mbord agus iad iompaithe i dtreo an phobail sin, beidh ar chumas an lucht féachana sa halla grianghraf an-chruinn d’fháil ar an mballóid ach nótaí a thógaint.
iompú turning
" “Anois an t-am le bheith ag ceannach, tá an margadh ag iompú,” a mhaíonn gníomhaithe eastáit go hardghlórach, ach ní chreideann aon duine iad! Mar shampla, táthar ag déanamh a mhór de Cheathrú an Titanic, forbairt níos mó ná £1 bhilliún in oirthear na cathrach, san áit ina mbíodh longlann Harland and Wolff.
iompaíonn sé he turns
" Dá siúlfeá isteach i nduine tré thimpiste ar an tsráid, bheifeá múinte agus ag gáire ar a amscaí agus a bhí tú agus “nach mór an náire mé? Caidé an dóigh ar fhorbair muid mar speiceas ar chor ar bith?” Ach uair amháin a bhíos an duine i mbosca mór crua miotail, glasáilte, sábháilte, iompaíonn sé isteach ina mhaistín, ag cuardach díoltais do gach drochrud a rinneadh air i gclós na scoile.
t-iompú tobann abrupt change
" Bhí smaoineamh éigin aige i gcúl a chinn agus thug an t-iompú tobann ina shaol gairmiúil deis dó an smaoineamh sin a scaoileadh amach as a cheann.
iompú na nduilleog turning the pages
" Thosaigh mé ag iompú na nduilleog ann go dtáinig mé ar roinnt nótaí a rinne mé oíche éigin agus mé ag amharc ar na réalta le mo ghloiní páirce.
iompú teanga language shift
" Cúrsaí polaitíochta ba bhun leis an iompú teanga, próiseas a bhí tosaithe roimh bhliain an Drochshaoil dar ndóigh, ach ar cuireadh dlús leis lena linn is ina dhiaidh.
ar iompú na boise as quick as a flash
" Fuair mé iPhone ar iompú na boise, gan mhoill dá laghad, agus tá uachtar reoite faighte in aisce agam dá bharr.
iompú ar to turn to
" Cé go raibh ar a sinsir iompú ar an gCríostaíocht i ndiaidh dóibh teacht go Meiriceá Theas, choimeád siad greim ar ghnéithe dá gcreideamh Afracach traidisiúnta.
iompaithe turned
" Tá an Presidio dúnta anois, agus í iompaithe ina páirc turasóireachta, agus an Embarcadero ina ceantar spaisteoireachta agus spraoi, ach is beag a athraíodh sna ceantracha sin go fóill, agus nuair a fheiceann tú long seoil ag bualadh tharat isteach i gCuan San Francisco, ba mhó ba chosúil le 1909 é ná 2009.
iompú to turn
" (II) Giolla ospidéil ab ea fear amháinGo ndeachaigh sé i mblianta-Níor fhéad sé na hothair a iompú níos móIs lomairt na leapan á gciapadh.
iompú turn
" An aidhm atá leis an bhforneart seo ná na Mandaean a iompú ina Moslamaigh.
iompaíodh were converted
" Sna haoiseanna ina dhiaidh sin iompaíodh iad, de réir a chéile, ar chreideamh is ar nósanna an Ioslamachais.
iompaithe turned
" Sin an aimsir is measa le haghaidh loingseoireachta mar bíonn gach rud iompaithe bán; an t-aer agus an talamh agus ní féidir leat íor na spéire a dhealú eatarthu.
iompaigh turned
" Ón Confessio tá a fhios againn gur tháinig Pádraig ó shliocht racmasach áit éicint sa Bhreatain, gur tugadh go hÉirinn é mar sclábhaí ag 16 bliana d’aois, gur aimsigh sé Dia le linn a thréimse i mbraighdeanas agus gur iompaigh sé ar phaidreoireacht, rud a thug suaimhneas dhó.
ar iompú na boise instantly
" Ceacht amháin a foghlaimíodh ón toghchán sa Ríocht Aontaithe is é go bhfuil David Camshrón go maith ag smaoineamh ar iompú na boise, nó mar a deir an Béarla, 'ar a chosa’.
d'iompaigh turned
" Roth Mór 40 Bliain ======== Mhair an streachailt ar feadh 40 bliain, arsa Bernie, ag toiseacht amach mar fheachtas chun cearta sibhialta a bhaint amach, a d'iompaigh ina fheachtas míleata do chearta náisiúnta ach atá iompaithe droim ar ais arís.
iompaíonn turns
" Má d’fhag an Sóibhéideach sainmharc ar bhealach oibre an scannánóra, iompaíonn Abbas Kiarostami, fear an fhíorama, an aestéiteacht sin ar a cheann.
iompaithe turned
" Ach cá as ar tháinig tacaíocht thobann an Pháirtí Ghlais? An bhfuil muintir na Brasaíle iompaithe ina n-óglaigh timpeallachta thar oíche? Níl, cé nach féidir a shéanadh gur mheall feachtas criticiúil, stuama an Pháirtí Ghlais neart daoine, vótóirí a bhí míshásta le hiarrthóir Pháirtí na nOibrithe, Dilma Rousseff, cuid mhór de na daoine a chaith vóta do Marina Silva.
iompóidh shall turn
" Bhí scaifte nach beag ag léirsiú amháin ar an 23ú Deireadh Fómhair, nuair a bhí an aimsir go hainnis agus tá daoine ag éisteacht le teachtaireachtaí taobh amuigh den dioschúrsa coitianta a mhaíonn nach bhfuil rogha ar bith ann ach ní fios an iompóidh an míshásamh seo ina fhonn troda agus ina ghluaiseacht daingean.
ar iompú na boise in a flash
" Baintear an t-oisre den charraig, osclaítear í le casadh scine, agus itear ar iompú na boise í, fuar agus úr.
d’iompaigh sé he turned
" Spréigh sé a dhá sciathán amach agus d’iompaigh sé a dhá bhois in airde, dálta Big Jim Larkin ar Shráid Uí Chonaill.
iompaíodh were turned into
" Ba choimirceas de chuid na Breataine iad na hOileáin Mhic Cùga ó 1888 ar aghaidh ach iompaíodh na hoileáin ina spleáchríoch de chuid na Nua-Shéalainne i 1901.
ar iompú na boise in double quick time
" Ba chabhair mhór é an *QuickGuide* ag an té úd atá ag iarraidh dul i dtaithí ar ghnéithe lárnacha i ngramadach na Gaeilge ar iompú na boise.
d’iompaigh ina shladaire gan taise turned into a merciless thief
" Ach más duine ardnósach thú a ghlacann suíochán, tóg ceann de na hadhairteanna ar chips, nó gheobhaidh cruas an tsuíocháin adhmaid an ceann is fearr ar bhriathra an bhaird! I mBrí Chualann ========= Cé a dhearmadfas Tom Courtenay i bpáirt Pasha Antipov, an réabhlóidí tiomanta a d’iompaigh ina shladaire gan taise i ‘Dr.
iompú teanga language shift
" Tugann Noone agus Doyle sampla suntasach den iompú teanga i measc na nÉireannach a bhí ag obair ar ghoirt an óir in Bendigo na hAstráile sna 1850í.
Ar iompú na boise in no time at all
" Ar iompú na boise, chaith mé léim ar bhus agus chas mé mo dhroim leis an saol éasca taobh thiar díom.
iompaíonn carries
" Is áiteamh dlisteanach ildaite é Birdsong a thugann geallúint don lucht féachana go mbeidh siad in ann 1914-18 a thuiscint fé dheireadh má éistíonn siad go géar leis an mbeirt speisialta sin, Stephen agus Isabelle, a iompaíonn an scéal dólásach ó thús go deireadh.
chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh whisked them away at the drop of a hat to question them about (the murders)
" Ní hamháin sin, ach go mion minic is ar éigean gur cuireadh daoine muinteartha leis na íospairtigh ar an eolas faoi na maruithe go dtí gur chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh! Bhí 160 oifigeach ag obair ar an gcás, ag déanamh fiosrúchán ar 11,000 duine.
imeacht ar iompú na boise to leave immediately
" Bhí an cuireadh deimhnithe acu, bheadh fáilte romham, ach bheadh orainn imeacht ar iompú na boise.
n-iompaíonn an tÉireannach ar the Irish person resorts to
" An áit a bhfuil an dá phobal, muintir na hÉireann agus muintir na Polainne an-éagosúil lena chéile ina ndearcadh, dar le lánúin an scéil, is é go n-iompaíonn an tÉireannach ar a acmhainn grinn i ndeireadh báire lena racht a scaoileadh amach trí mhagadh faoi lucht pholaitíochta, lucht údaráis srl.
ar iompú boise at the drop of a hat
" Maítear, os a choinne sin, nach mbíonn páistí a théann ar líne ar iompú boise ó thús deireadh an lae chomh toilteanach sin a bheith i dteaghmháil le daoine fásta.
iompaigh mé ar I turned towards
" Domsa go pearsanta, is féidir liom a rá go ndeachaigh an Ghaeltacht bheo i gCorca Dhuibhne i bhfeidhm chomh mór orm, agus mé im’ dhéagóir ag freastal ar chúrsa ar an Muiríoch, is gur iompaigh mé ar an nGaeilge ina dhiaidh sin.
iompaithe go translated
" Sheoltaí ríomhphost Fraincise chugam, sheolainn an t-aistriúchán ar ais chucu, iompaithe go Béarla.
fáil réidh leis ar iompú boise get rid of this at the drop of a hat
" Ós rud é gur ar bhonn chumhacht lánroghnach an uachtaráin a tugadh isteach an t-athrú dúnghaoise seo, d’fhéadfadh an t-uachtarán nua fáil réidh leis ar iompú boise.
nuair a iompaíonn cúrsaí an tsaoil ina éadan when life turns against them
" Má chothaítear spraoi agus greann sa saol, b’fhéidir go gcuideodh sé leis an duine nuair a iompaíonn cúrsaí an tsaoil ina éadan.
ar iompú na boise in double quick time
" Bhog Rossa amach as BÁC blianta gairide ó shin agus bhunaigh gaelscoil ar iompú na boise i mbaile beag Chluainín Uí Ruairc i Liatroim mar gur saolaíodh a chéad ghasúr san áit agus theastaigh an tumoideachas uaidh dá bhrí sin.
iompaithe ar an turned completely
" Trí bliana déag ina dhiaidh sin, bhí an teach leanna iompaithe ar an Bhéarla ar fad AG AON STÓCACH AMHÁIN.
iompú teanga casta ar ais a language shift reversed
" Chonaic mé féin iompú teanga casta ar ais in achar cúpla mí.
a dhiúltaigh iompú ar who refused to turn to
" Aon duine amháin a dhiúltaigh iompú ar an Bhéarla nuair a thréig seisear cainteoirí dúchais Gaeilge a dteanga mar gheall ar bhean óg amháin.
ar iompaigh did (he) turn
" " Nuair a tháinig sé amach, chreid sé go diongbháilte "sa streachailt armtha" agus maítear go raibh sé páirteach i líon mór scaoileadh agus buamáil agus admhaíonn sé gur tógadh é corradh le 200 uair, mar sin, cá huair ar iompaigh Ó hEára mar Naomh Pol ar a bhealach go Damaisc, i dtreo na polaitíochta agus ar shiúl ón fhoréigean? "Bhí difir idir muidinne agus muintir Bhéal Feirste cuir i gcás, mar ní raibh traidisiún láidir poblachtachais i nDoire.
iompú ina chnámh spairne pholaitiúil to become a contentious matter
" Is trua gur lig an Rialtas do chúram ghramadach na Gaeilge iompú ina chnámh spairne pholaitiúil.
iompú ina bhfinnéithe don choróin to become crown witnesses
" Bheartaigh beirt acu siúd iompú ina bhfinnéithe don choróin agus fianaise a thabhairt in éadan a gcomharsan.
ar ais chun na Muirthéachta Glaise ar iompú na boise back to the Green Revolution like a shot
" Dá ngríosófaí sluaite frith-Warfalla an oirthir, nó Aos Imazigh an iarthair ina gcoinne roimhe seo, bheadh sé róluath agus thiocfadh leis an Warfalla astu féin an tír a thabhairt ar ais chun na Muirthéachta Glaise ar iompú na boise.
d’iompaigh turned around
" Agus faoi dheireadh d’iompaigh fear darb ainm Vico Virkez, a d’admhaigh go raibh sé páirteach sa chomhcheilg, ina fhinné stáit.
iompú droim ar ais turn it back to front
" 3 a iompú droim ar ais nuair a rialaíodh sa bhliain 1992 go raibh ceart ginmhillte faoin mbunreacht ag an gcailín óg 14 bhliana d’aois i gcás X, mar go raibh baol ann go bhféadfadh sí í féin a mharú, dá gcuirfí iachall uirthi an páiste a thabhairt ar an saol.
d'iompaigh an láthair the scene changed
" Ansin, d'iompaigh an láthair go dtí an tSile i 1973 agus an tArm arís ag glacadh seilbhe ar an slua ar ardán os ár gcionn.
d’iompaigh sé thart he turned around
" I ndiaidh do Ghearóid labhairt leis an ceamara, d’iompaigh sé thart le teacht anuas den ardán agus is ansin a chonaic sé lán an tí ina seasamh ag bualadh bos dó in athuair.
ag iompú ar changing to
" Ach thuigfinn dóibh siúd a chaitheann leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide amháin agus nach mbíonn ag troid nó ag agóidíocht i gcónaí ar a son, go háirithe iad siúd a tháinig in inmhe le linn ré an tíogair Cheiltigh agus nach cuimhin leo na drochlaethanta nuair nach raibh leabhra Gaeilge ar fáil ar scoil, nuair a bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar an nGaeilge go minic, nuair nach raibh pingin rua ar fáil don teanga - cé gur léir go bhfuil na drochlaethanta sin linn arís!” Cailleadh nó Caomhnú? ======== Agus nach fíor go bhfuil an t-aos óg ag tabhairt droim láimhe don Ghaeilge agus ag iompú ar an Bhéarla? “Cinnte ní féidir linne neamhaird a dhéanamh ar an iompú seo, agus bheinn buartha faoin sealbhú teangan ach ceapaim go dteastaíonn gníomh anois seachas a bheith ag clamhsán de shíor faoin bhfadhb.
ar fáil ar iompú do bhoise available immediately
" Tá tuairim is 3,339 alt ar fáil ar iompú do bhoise i gcartlann ar líne na hirise.
d’iompaíomar ar we turned to
" Thosaigh mé ag labhairt leis i nGaeilge ach ní raibh a dhóthain den teanga aige, le go bhféadfaí comhrá ceart a dhéanamh leis, agus tar éis abairt nó dhó d’iompaíomar ar an mBéarla.
iompú turn
" Dá dtuigfeadh muintir SAM an scéal, thiocfadh leo iompú droim ar ais le barr míshásaimh agus díriú ar an dream a chuireann srian leo agus a chuir cor go minic i saol a chuid seirbhíseach dílis.
d'iompaigh turned
" Ba í an fhearthain a d'iompaigh ina ghealt gach aon duine acu den slua daonna a thug aghaidh amach as an uaimh.
n-iompóidh shall turn
" Tá Balor den tuairim go n-iompóidh ceannaire agus cuaille taca na dea-thola a dhroim le Straitéis na Dea-Teangan.
iompú rialtais change of government
" Tá míniú achan ghné de scéal an iompú rialtais san Astráil ag Bearnaí Ó Doibhlin, athrú tobann a tharla ina mhaidhm sa mhullach ar Pháirtí an Lucht Oibre.