Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ionannas sameness
" “Tá ionannas le sonrú sa dá thraidisiún is fiú a thabhairt le chéile le go bhféadaimis é a mheas.
ionannas uniformity
" Braithim mar sin go bhfuil bonn lochtach faoin staidéar ón tús sa mhéid is go bhfuil sé bunaithe ar an teoiric gur cheart go mbeadh ionannas agus cothromaíocht fostaíochta idir daoine le Gaeilge agus daoine le Béarla.
n-ionannais bréige false identities
" Má bhuail, ámh, ní cuimhin liom é (agus is é sin bua an spiaire, ar ndóigh!), agus is mór an trua dom é, ó bhíodar ag spiaireacht faoi phasanna Éireannacha leis an ainm Murphy! Caithfidh sé nach raibh an bheirt seo ródháiríre faoina n-ionannais bréige, ó bhí canúintí láidre Slavacha acu, in ainneoin an ainm! Dar le comharsana na beirte, bhí na "Murphys" (fíorainmneacha: Vlaidimir agus Lidia Gúrdheiv) á bhfaire le tamall.
ionannas sainiúil ban a particular feminine identity
" ’Siad dúchas an ghrá féin agus ionannas sainiúil ban dhá phríomh ábhar a fiosraithe.
ionannas equation
"ionannas idir céasadh na mná agus céasadh na tíre.
Ceist ionannais a matter of identity
"Ceist ionannais í seo, ceist chroí, ceist talún,” a mhaíonn sí agus tá an lucht féachana ar a taobh.
ceist an ionannais the matter of identity
" Tá cónaí orainn i ndomhan ina bhfuil ceist an ionannais á ríomh ar bhonn laethúil.
ionannas inscne gender identity
" Ionannas cultúir, ionannas náisiúnta, ionannas teanga, ionannas inscne, fiú ionannas pearsanta, an DNA san áireamh.
ar phian a mharaithe, ionannas in fear of his life, the identity (of
" Basctar and bristear é go dtí go nglacann sé, ar phian a mharaithe, ionannas ‘Platt’ – sclábhaí a bhí ar a choiméad tar éis na cosa a bhreith leis as Georgia.
an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach the Gaelic identity and the Irish identity
" An bhfuil an baol ann go bhfuil an tuar ag teacht fán tairngreacht i dtaobh an steiréitíopa náisiúnta, ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan? Cumas Teanga sa Mheá ========== Eascraíonn an cheist ar ndóigh faoi cad is brí le bheith id’ Éireannach sa lá atá inniu ann? An bhfuil an té a ghlac páirt i Lá Mór na Gaeilge an mhí seo caite chun cearta a éileamh do chainteoirí Gaeilge a dhath níos Éireannaí ná deisceabail Ross O Carroll Kelly a bheas ag tarraingt ar Staid Aviva ar Lá 'le Pádraig le tacaíocht a thabhairt do Choláiste na Carraige Duibhe nó do Chlongowes Wood i gcluiche ceannais rugbaí scoileanna Chúige Laighean? Ar cheart idirdhealú a dhéanamh feasta idir an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach? Ní thig a shéanadh ach an oiread go bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach a tháinig chun na tíre seo le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh ar an aitheantas dúchasach fosta.
tábhachtach don ionannas important for (national) identity
" Dúirt 25 % de na freagróirí i bpobalbhreith Mori sa bhliain 2001 go mba spéis leo an Mhanainnis a fhoghlaim agus de réir taighde ar chultúr agus oidhreacht, shíl 75% go raibh teanga agus cultúr tábhachtach don ionannas náisiúnta.
le tairbhí a bhaint as an ionannas to take advantage of the equality (status)
" Scríobh Bolt sna colúin go raibh na ceannairí seo ag maíomh go raibh siad ina mbundúchasaigh le tairbhí a bhaint as an ionannas.
faoi mhothú ionannas an duine about feeling(s) of human identity
" Ach le borradh teicneolaíochta tá sraithe eile ann: conas gur féidir linn a bheith muiníneach faoi na mílte duine atá inár gciorcal soisialta anois? Conas is féidir linn muinín a bheith againn sna céadta seirbhísí idirlín a bhfuil sonraí pearsanta acu fúinn? Conas is féidir linn ár ngá don teicneolaíocht a chomhardú le príobháideachas agus le sábháltacht eolais? Tá caibidil nua, gan chaint ar leabhar nua, á dhreachtú (is athhdreachtú) faoi mhothú ionannas an duine, cúrsaí muiníne agus teorainn phearsanta.