Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ioncam fógraíochta advertising income
" Freisin, facthas do dhaoine go raibh na ciorruithe éagórach mar gur seirbhís phoiblí amach is amach é Raidió na Gaeltachta, agus nach bhfuil deis ag an stáisiún ioncam fógraíochta a shaothrú, mar atá ag Radio 1 agus 2FM.
íseal-ioncaim low-income
" Bíonn monabhar cairdiúil Spáinnise le cloisteáil san fhoirgneamh seo atá ina thearmann corcardhearg agus óir sa chomharsanacht íseal-ioncaim seo.
na Coimisinéirí Ioncaim the Revenue Commissioners
" Ar deireadh thug na Coimisinéirí Ioncaim síneadh ama do dhaoine le sonraí a chur ar fáil agus chuaigh siad i mbun comhráití sibhialta le daoine a raibh siad ag bagairt orthu roinnt míonna roimhe sin.
ioncam indiúscartha disposable income
" Tá méadú de sheacht déag faoin gcéad tagtha ar na praghsanna le cúpla mí anuas agus anois tá na bainc sásta morgáistí de chaoga faoin gcéad den ioncam indiúscartha míosúil a thabhairt dá gcuid custaiméirí ar feadh cúig bliana is tríocha.
dá n-ioncam seachtainiúil of their weekly income
" Má bhuaileann tinneas iad agus má bhíonn orthu cuairt a thabhairt ar dhochtúir agus oideas a fháil sa siopa poitigéara, tá an seans ann go mbeidh orthu idir 25% go 50% dá n-ioncam seachtainiúil a chaitheamh.
ioncam ollmhór a massive income
" Tuilleann CLG ioncam ollmhór ó na cluichí móra peile agus iomána gach bliain.
ag saothrú ioncam íseal earning a low income
" Is é an rud is scanrúla faoin bhorradh seo, áfach, ná go measann MABS go raibh breis is 60% de na daoine a chuaigh i dteagmháil leo dífhostaithe nó ag saothrú ioncam íseal.
ceantair íseal-ioncaim, uirbeacha low-income, urban areas
" Caithfidh tú dul isteach sna ceantair íseal-ioncaim, uirbeacha agus na ceantair iargúlta tuaithe leis an easnamh agus an fhaillí a fheiceáil i gceart.
gineann sé seo ioncam breise this generates extra income
" Bíonn úinéirí na n-óstán sásta má íocann táillí na seomraí leapa pá na n-oibrithe; bíonn na cuairteoirí ag ithe agus ag ól sna hóstáin, agus gineann sé seo ioncam breise nach mbeadh ar fáil dá mbeadh na seomraí folamh.
ioncam fógraíochta advertising income
"ioncam fógraíochta de thart ar €4 nó €5 mhilliún sa mbliain againn.
tionchar ioncaim agus oideachais ar an rannpháirtíocht, the influence of income and education on participation,
" Cé gur fíor go mbíonn níos mó fear ná ban páirteach i gcúrsaí spóirt agus go laghdaíonn imirt le haois, is láidre ná an dá thosc sin (gnéas agus aois) tionchar ioncaim agus oideachais ar an rannpháirtíocht, a deirtear sa tuarascáil.
ioncam indiúscartha disposable income
" Tá lear den ioncam indiúscartha seo acu, agus níl mórán acu lena chaitheamh air, ach amháin ar *goodies* dóibh féin.
dá ghrúpa ioncam ceart a shaothrú ó na ceolchoirmeacha a dhéanann siad. the two groups trying to earn a proper income from the concerts that they do
" Deir sé go bhfuil cúrsaí i bhfad níos eagraithe na laethanta seo agus go bhfuil ag éirí leis an dá ghrúpa ioncam ceart a shaothrú ó na ceolchoirmeacha a dhéanann siad.
ioncam tábhachtach important income
" Faigheann an NWC ioncam tábhachtach as a bheith ag díol síolta agus bleibeanna, chomh maith le táillí iontrála a ghearradh.
ioncam income
" Is é Ciste Fiadhúlra an Domhain (CFD) an t-eagras caomhnaithe dúlra is mó ar domhan agus tá ioncam de $200 milliún in aghaidh na bliana aige.
mhéid áirithe d'ioncam fógraíochta certain amount of advertising revenue
" Ach sa mhullach ar na deontais úd, bíonn na meáin Ghaeilge ag brath ar mhéid áirithe d'ioncam fógraíochta chun a gcuid costas a ghlanadh agus brabach a dhéanamh.
ioncam náisiúnta national income
" *Ciarán Mac Aonghusa: Scríobh Alan Ahearne, ar ball é den mheitheal smaointe Bruegel atá lonnaithe sa Bhruiséil, go mbeidh an titim atá le theacht ar ioncam náisiúnta na hÉireann ar an titim is mó atá tagtha ar ioncam náisiúnta in aon tír shárfhorbartha ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann.
beag beann ar ioncaim regardless of income
" Bhí na cártaí leighis úra seo beag beann ar ioncaim.
ioncaim income
" * An tobhach ioncaim dúbailte – 2% os cionn €15,000; 4% ag €75,000; 6% ag €167,000.
cáin ioncaim income tax
" Déanfaidh mé cáin ioncaim 98% a fhógairt dóibh siúd nach dtiocfaidh isteach faoin bhratach ghlas, agus ní bheidh stró ar bith orm an dlí sin a chur fríd an Dáil.
n-ioncam fógraíochta advert income
" Trí sprioc a bheas ag an Independent leis an chomhpháirtíocht seo: cur le líon a gcuid léitheoirí, cur lena n-ioncam fógraíochta agus glúin úr léitheoirí a mhealladh tríd an leas a bhainfear as Foinse i scoileanna na tíre.
ioncam reatha current income
" 6 billiún d’ioncam reatha ag a chomhlacht Apple.
ioncaim revenues
" Dá mbeadh féin, chaithfí eolas cruinn a bhailiú ar na foinsí as ab fheidir go leor ioncaim (*revenues*) a thógáil.
ioncam fógraíochta advertising income
" Ní léir go raibh aon pholasaí cinnte ná straitéis riamh ag an stáisiún maidir leis an nGaeilge ach a chinntiú nach gcaillfeadh an stáisiún an iomarca lucht féachana agus ioncam fógraíochta de bharr am craolta a thabhairt don ‘teanga náisiúnta’.
ioncam tráchtála commercial income
" Buaileann an lag trá fógraíochta ioncam tráchtála RTÉ agus buaileann RTÉ an méad a chaitear ar ghníomhaíochtaí nach bhfuil déanta ar bhonn tráchtála.
d’ioncam reatha of current income
" 5% d’ioncam reatha Spotify ag teacht ó na síntiúsóirí.
thráigh tobar luachmhar ioncaim a great source of income dried up
" Cionn is gur ghearr an Feidhmeannas ó thuaidh siar ar líon na bhfógraí stáit a bheadh sna nuachtáin, thráigh tobar luachmhar ioncaim, mar sin níl na hacmhainni airgid ag na nuachtáin infheistíocht a dhéanamh san iriseoireacht iniúchach, gné atá an-chostach ó thaobh airgid agus ama de.
an t-ísliú ioncaim the lessening of income
" Rinneadh go leor gearán faoin ghearradh ar an liúntas gutháin do phinsinéirí, ach tríd is tríd ó thús na géarchéime, is beag an t-ísliú ioncaim a fuair siad le hais an teaghlach óg a bhfuil cúram leanaí orthu agus, anuas ar chiorraithe an rialtais, a chaill post nó ar gearradh siar ar a dtuarastal.
nach bhfuil ioncaim a ndóthain acu who haven’t enough income
" Le blianta beaga anuas, tá cúrsaí imithe chun donais do theaghlaigh nach bhfuil ioncaim a ndóthain acu chun íoc as a bhfiacha pearsanta agus mar thoradh, tá 54% dá gcliaint céasta ag tearc-rochtain fuinnimh.
gan sruth ioncaim breise a aimsiú ón fhógraíocht not finding a cash flow from advertising
" Ach is beag forbairt a bheas i ndán don nuachtán gan sruth ioncaim breise a aimsiú ón fhógraíocht.
an cháin ioncam income tax
" Tá drogall ar an Aire Airgeadais Charlie McCreevy an cháin ioncam a ardú sa cháinaisnéis, ach tá seifteanna eile aige chun airgead a aimsiú, seifteanna, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill, a chuirfidh brú mór ar chomhairlí contae ar fud na tíre.