Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ionracas honesty, integrity
" Gan amhras is rud fíordheacair é greim a fháil go fisiciúil ar rud atá doláimhsithe mar sin; an cóir é a mhíniú nó é a fhágáil oscailte?" Úsáideann McAteer focail mar "ionracas" agus "spioradáltacht" agus frásaí mar "ag déanamh teagmhála leis an tobar a luíonn taobh istigh dínn" agus é ag caint faoin phróiseas cruthaitheach.
ár n-ionracas a cheistiú to question our honesty
" Tá sé ráite acu ina bhforógra gurb é ról an ealaíontóra luachanna a choinneáil beo atá bunúsach agus daonna, agus nach mór seasamh in aghaidh na bhfórsaí a dhéanann iarracht ár n-ionracas a cheistiú.
a éilíonn ardchaighdeán ionracais which demands high standards of honesty/integrity
" Ní hé sin an cineál iompair a chleachtaítear sa ghalf de ghnáth agus cuireadh i leith fhoireann na Stát Aontaithe ina dhiaidh sin nach rabhadar spórtúil agus gur léirigh siad drochmheas ar a gcéilí comhraic agus ar chluiche an ghailf, cluiche a éilíonn ardchaighdeán ionracais - is minic imreoir ag admháil, cuir i gcás, go ndearna sé feall cé nach bhfaca éinne eile é.
ionracas honesty
" AÓF: Céard faoin gceol uirlise? Céard iad na tréithe a bhíonn ag fidléir maith, dar leatsa? MNM: Sílim gur ionracas an tréith is tábhachtaí i gceoltóir ar bith.
a ionracas his honesty
" Dúirt sé tamall ina dhiaidh sin go raibh a ionracas slán.
ionracas integrity, honesty
" Deir a lucht tacaíochta go bhfuil ord, ionracas agus glaineacht ag baint lena n-ealaín, go bhfaighimid saothar uathu atá saor ó ornáidíocht agus cur i gcéill.
ionracas integrity
" Cuireadh tús le scoláireacht bhliantúil ina sheanscoil, Sewenhaka, le bronnadh ar na scoláirí is mó a mbaineann na tréithe leo a bhí go smior i McEneaney: ionracas, macántacht, taise agus stuaim.
mí-ionracas dishonesty
" Ach lean cuid mhaith de na príomhoidí drochshampla Roger Ward agus bhí scéalta faoina mí-ionracas sna meáin go minic.
ionracas honesty
" Thiocfadh leat a rá gur chuir an stát an dubh ar an gheal orthu! Agus ós rud é go raibh na marcanna breise bunaithe ar threoracha, an bhféadfadh gur tugadh droim láimhe do threoracha ceapacháin eile? Níor mhiste é seo a shoiléiriú ar mhaithe le dea-chleachtas, ionracas agus eitic! Acht na dTeangacha ======= Ach tá ceisteanna eile fós le freagairt.
ionracas agus áthas sincerity and joy
" Bhí ionracas agus áthas taobh thiar de gach uile mheangadh gáire.
ionracas agus fiúntas na saothar the honesty and worth of the works
" Baineann Duais Turner le healaín atá úr agus comhaimseartha, agus dá bharr sin, is minic a tharlaíonn díospóireachtaí fíochmhara i measc an phobail agus na gcriticeoirí ar aon faoi ionracas agus fiúntas na saothar a bhíonn le feiceáil ann.
ag díriú ar cheist an ionracais focussing on the question of honesty
" An fiú dúinn aird a thabhairt ar na healaíontóirí a bhíonn ar taispeáint ann nó an séitéireacht chliste a bhíonn ar siúl acu – éadaí nua an impire, mar a déarfá? Is é an déantóir scannán Phil Collins an duine is mó as an cheathrar atá ar ghearrliosta an chomórtais atá ag díriú ar cheist an ionracais leis an tsraith cláracha a rinne sé bunaithe ar iar-iarrthóirí cláracha de chuid Theilifís na Réaltachta.
an t-ionracas lom neamheaglach seo this bare fearless honesty
" Nuair atá an t-ealaíontóir ar an anás agus ag fulaingt cruatain, sin an rud a fheictear go soiléir glé ina shaothar agus is é an t-ionracas lom neamheaglach seo an tréith is mó a théann i bhfeidhm ort agus tú ag breathnú ar a chuid pictiúr.
ionracas honesty
" Deirtear faoi go minic go bhfuil prionsabail aige agus go bhfuil ionracas ag baint leis.
ionracas honesty
" Mheall ionracas agus stíl fhaoistineach a cuid scríbhneoireachta lucht léitheoireachta dílis chuig saothar Plath.
ionracas. truthfulness, honour
" Bhí a imeacht tuillte aige as siocair gur ghriog sé go leor daoine lena ionracas.
an t-ionracas sin that integrity
" Sílim go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh an t-ionracas sin ag baint le haon rud a dhéanann tú, nach ndéanann tú cac ar dhuine éigin.
Is cosúil nach bhfuiltear in amhras faoi ionracas it seems there is no suspicion
" Is cosúil nach bhfuiltear in amhras faoi ionracas Tenzin Gyatso, an ceathrú Dalaí Láma dhéag, in aon chor.
ionracas honesty
" Ach, níl gach duine sásta muinín iomlán a chur i bhfocail Armstrong agus duine de na daoine is mó a chaitheann amhras ar a ionracas is é an t-iriseoir agus an t-iar-rothaí gairmiúil, Paul Kimmage.
ionracas honesty
" Bhí ionracas ann agus bhí sé den bharúil gur chóir meas a bheith ag an arm ar an chumhacht shibhialta, in ainneoin ghéarchéim an chogaidh.
t-ionracas lom naked honesty
" Tá an dualgas poiblí, an fhreagracht, agus an t-ionracas lom in easnamh inár gcultúr polaitiúil.
mhí-ionracas dishonesty
" In áit an chamchleachtais seo a cháineadh agus tabhairt faoi mhí-ionracas aigneolaithe a chur teastais mhíchumais ar fáil do dhaltaí saibhre áirithe a bhí ag iarraidh éalú ón dualgas staidéar a déanamh ar an Ghaeilge, b'amhlaidh gur mhaígh Hayes gur léiriú eile a bhí ann nár cheart go mbeadh iachall ar dhaoine an teanga a staidéar don Ardteist! Díbirt Hayes ==== Bhí Hayes ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí an Teachta Kenny a dhíbirt as ceannaireacht an pháirtí agus chaill sé a phost san atheagar a tharla tar éis do fhear Mhaigh Eo na cosa a thabhairt leis.
t-ionracas honesty
" Bhíothas ag súil le feachtas as an ghnáth, feachtas a mbeadh an t-ionracas agus an fhírinne ann, feachtas nach mbraithfeadh ar na sean-nósanna.
ionracas honesty
" Ní raibh meas ar bith aige ar na rudaí bunúsacha atá mar bhia is mar dheoch ag an daonlathas: oscailteacht, ionracas, agus freagracht.
hionracas an eolais honesty of the information
" Níl aon chinnteacht ann, áfach, go gcuireann an lear mór foinsí seo le luach agus le hionracas an eolais a scaiptear tríothu.
a gcuid ionracais inmheánach their innate truth
" ’* Cheap Fussell ná féadfaí ár agus imní 1914-1918 a léiriú i gceart le foinsí staire traidisiúnta ós rud é go gcuirtí riocht liteartha ar na foinsí seo, rud a d’athraigh a gcuid ionracais inmheánach trí thimpiste.
ionracas agus mhacántacht decency and honesty
" Ba é seo ceann des na leabhair ba thábhachtaí dar scríobhadh mar gheall ar ionracas agus mhacántacht na Náisiún Aontaithe ón am ar cruthaíodh an eagraíocht sin i San Francisco tar éis an Dara Chogaidh Domhanda.
ionracas honesty
" Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne.
ionracas na dígnite sin a chur in iúl to describe the honesty of that dignity
" Le linn díospóireachta cairdiúla i dtigh tábhairne éigin i Ulysses, d’éirigh le Joyce ionracas na dígnite sin a chur in iúl le híomhá chorraitheach.
fuinneamh, ionracas energy, honesty
" D’éirigh leis insa leabhar seo fuinneamh, ionracas agus scoilteanna na glúine scríbhneoireachta fíorthábhachtaí seo a scagadh go híogair.
a shainmhíniú síoraí ar an ionracas his eternal definition of honesty
" Is ionann an rabhadh seo agus an rabhadh chéanna a thug Joyce cúpla bliain roimhe nuair a thug Bloom a shainmhíniú síoraí ar an ionracas: “*Love, says Bloom.
mhéid an mhí-ionracais the amount of dishonesty
" Tugann sí “*deception epidemic*” ar mhéid an mhí-ionracais atá sa saol comhaimseartha, ach dá réir, is tréith inbheirthe é sa chine daonna atá againn ó aois an-óg.
ionracais honesty
" Measann Roibeard de Búrca go léiríonn na himeachtaí in Allfirst Financial agus in Enron go bhfuil easpa mhór ionracais i margadh airgeadra na Stát Aontaithe.
mí-ionracas dishonesty
" Tá an mí-ionracas le fáil go forleathan i sochaí na hÉireann agus an pobal ag cailleadh muiníne as an Eaglais Chaitliceach, na gardaí agus na polaiteoirí, i measc dreamanna eile.