Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ionradh invasion
" Agus an 17,500 Pailistíneach agus Liobánach a maraíodh i 1982 nuair a dhein Iosrael ionradh ar an Liobáin.
ionradh invasion
" Thug Ford agus Kissinger na Stát Aontaithe cead do Suharto ionradh a dhéanamh nuair a bhí siad i Jakarta dhá lá sular thosaigh sé.
ionradh invasion
" Má fheiceann tú tuairisc amach anseo go bhfuil ionradh déanta ag an Astráil ar na Stáit Aontaithe nó ar an tSín le deireadh a chur lena gcuid arm ollscriosta, cuimhnigh gur in *Beo!* a chonaic tú an chéad tagairt dó.
lucht an ionraidh the invaders
" Faoin gceannteideal caithréimeach "We are all Iraqis now", scríobh Shukrallah faoin athrú meoin a tharla san Éigipt nuair a thuig daoine nach cogadh cúig lá a bheadh ann, agus go raibh muintir na hIaráice ag troid go calma i gcoinne lucht an ionraidh.
ionradh invasion
" Ar an Luan sular thosaigh an t-ionradh ar an Iaráic, chuir George Bush glaoch ar John Howard ag iarraidh cúnaimh ó fhórsaí na hAstráile.
ag tacú leis an ionradh supporting the invasion
" Tá an *Canberra Times *agus an *Sydney Morning Herald *ina choinne agus tá an *West Australian *ag fanacht le toradh an chogaidh go bhfeicfidh siad an raibh an cinneadh ceart nó mícheart! Dúirt an freasúra sa bparlaimint go bhfuil na heagarthóirí agus tráchtairí i chuile cheann de pháipéir Rupert Murdoch ar fud an domhain, 174 acu, ag tacú leis an ionradh.
ionradh raid
" 2018: Déanann an tSín ionradh ar an gCasacstáin chun a soláthar ola a chosaint.
ionradh invasion
" Léirigh pobalmheasanna freisin gur chreid an pobal go láidir go raibh an chontúirt don Astráil méadaithe de bharr na bainte a bhí ag an Astráil leis an ionradh, ainneoin an rialtas a bheith ag rá a mhalairte.
ionradh mídhleathach illegal invasion
" Shínigh an Astráil agus an Indinéis conradh i 1989 a leag síos teorainn mara ach níl Timor Thoir sásta glacadh leis an socrú sin mar go raibh sé bunaithe ar ionradh mídhleathach ar a dtír agus nár thug sé aitheantas dóibh.
ionradh invasion
" I Mí an Mhárta 1939, rinne na Naitsithe ionradh ar na críocha Seiceacha eile agus ghlac seilbh orthu.
ionradh invasion
" Ceann de na rudaí ba shuimiúla ná nach raibh sa dá phríomhthuarascáil a cuireadh ar fáil don rialtas roimh an ionradh ach chúig leathanach go leith ar fad.
ionraidh invasion
" Nuair a cuireadh ceist faoin tuairisc le foireann as Ollscoil Johns Hopkins a foilsíodh sa *Lancet *mí Dheireadh Fómhair seo caite a dúirt gur maraíodh 98,000 de bharr an ionraidh agus gurbh iad fórsaí na comhghuaillíochta ba chúis le 84% acu sin, a bhformhór trí ionsaithe aeir agus gunnaí móra, dúirt siad nach raibh modheolaíocht na tuairisce "trédhearcach" agus nach bhféadfadh mórán muiníne a bheith ag daoine aisti.
dhá ionradh gan rath two unsuccessful invasions
" Scríobh mé féin alt do *Beo!* (eagrán 36) faoin laoch seo de chuid na Breataine Bige, gan fios agam go raibh sé ina chara mór de chuid Risteard II agus go raibh sé ar na hoifigigh sin de chuid arm an rí Shasanaigh úd nuair a rinne sé dhá ionradh gan rath ar Éirinn i 1394 agus 1399 (*Feasta*, Deireadh Fómhair 2004).
ionradh invasion
" Agus, má tá na Críostaithe coimeádacha seo chomh meáite sin ar an bheatha a chosaint, ar chostas ar bith, cén fáth mar sin a bhfuil an tromlach acu i bhfábhar cearta úinéireachta gunnaí? Agus, má tá an bheatha dhaonna chomh luachmhar sin, cén fáth a bhfuil lucht leanúna Bush – a rinne iarracht chomh mór sin Terri Schiavo a choinneáil beo – tar éis tacú le cogadh agus le hionradh inar maraíodh na mílte Iarácach neamhchiontach? Léiríonn seasamh seo na gCríostaithe coimeádacha i Meiriceá an mearbhall atá ar chuid acu maidir le ceisteanna a bhaineann leis an cheart chun marthana agus an fhimínteacht a bhaineann le cuid eile acu.
ionradh invasion
" Rinne Napoleon ionradh ar an Iodáil sa bhliain 1796, agus in 1805 cuireadh Elisa i gceannas ar Lucca.
ionradh farraige marine invasion
" “Sa deireadh bhí muidne san *8th Irish* mar chuid den ghrúpa tosaigh san ionradh farraige ba mhó riamh, " a deir sé.
ionradh invasion
" Bhí Simpson ina shínteánaí leo siúd a chuaigh i dtír san ionradh tubaisteach a rinne fórsaí as an Astráil agus an Nua-Shéalainn (na ANZACs) in Gallipoli sa Tuirc i 1915.
ionradh invasion
" Ba é John de Courcy an chéad Normannach a rinne ionradh ar Ulaidh.
ionradh invasion
" ” Deir sé gur inis Anthony Eden bréaga le linn ghéarchéim Suez nuair a mhaígh sé nach raibh comhoibriú i gceist le hIosrael roimh an ionradh Sasanach/Francach ar Suez.
ionradh invasion
" Ba thagairt í seo don dochar a rinneadh nuair nár tháinig an Bhreatain ná an Fhrainc i gcabhair ar an bPolainn i mí Mheán Fómhair 1939 nuair a rinne an Ghearmáin ionradh ar an tír, cé go raibh conarthaí sínithe ag an bPolainn leis an dá thír sin go dtiocfaidís i gcabhair i gcás ionraidh.
ionradh invasion
" In 2003, rinne na Stáit Aontaithe ionradh ar an Iaráic.
an t-ionradh the invasion
" Níor mhínigh sé go baileach céard a bhí i gceist aige leis sin ach ní cosúil go raibh sceimhlitheoireacht stáit i gceist aige, mar a bhí ar siúl ag an Astráil, ag na Stáit Aontaithe agus ag an mBreatain nuair a rinneadh an t-ionradh ar an Iaráic.
ionradh na Normannach the Norman invasion
" Bhí Walton luaite sa Domesday Book, suirbhé a rinne William the Conqueror fiche bliain tar éis ionradh na Normannach sa bhliain 1066.
ionradh na meán the media incursion
" Tar éis an pheaca sin, tharla ionradh na meán ar an mbaile beag seo, agus sárú eile prótacail nuair a rith iriseoirí *Pākehā* (Nua-Shéalannaigh gheala) i dtreo an *marae* (teach an phobail Mhaoraigh) gan chuireadh.
de bharr ionradh Iosrael ar Éigipt. because of the Israeli invasion of Egypt
" Bhain Hitler leas as cluichí na bliana 1936 mar ghléas bolscaireachta do na Naitsithe agus mar ardán le forlámhas an chine Airiasaigh a léiriú (cé gur chruthaigh Jesse Owens a mhalairt!) Rinne an Éigipt, an Iaráic agus an Liobáin baghcat ar Chluichí Melbourne sa bhliain 1956 de bharr ionradh Iosrael ar Éigipt.
de bharr ionradh na Rúise ar Afganastáin because of the Russian invasion of Afghanistan
" Ní dheachaigh na Meiriceánaigh nó foirne 61 tír eile go Moscó sa bhliain 1980 de bharr ionradh na Rúise ar Afganastáin an bhliain roimhe sin.
sula ndearna siad ionradh before they invaded
" Fuair baill an RPF a gcuid traenála in Uganda, ar comhghuaillí tábhachtach de chuid na Breataine agus na Stát Aontaithe é, sula ndearna siad ionradh ar Ruanda sa bhliain 1990 – eachtra nár cháin an comhphobal idirnáisiúnta riamh.
ar léiriú í ar an ionradh a rinneadh ar an Iaráic in 2003 which depicts the invasion of Iraq in 2003
" Sraith íomhánnaTá tús áite tugtha sa dánlann do shraith íomhánna le Mohammed al-Hamdany dar teideal *Laylat al-Nar* (Oíche na Tine), ar léiriú í ar an ionradh a rinneadh ar an Iaráic in 2003.
a rinne ionradh ar an Iaráic which invaded Iraq
" Bliain go leith ní ba dhéanaí chuir Howard lena fhocal nuair a d’iarr Bush ar an Astráil a bheith páirteach sa chomhfhórsa a rinne ionradh ar an Iaráic i mí an Mhárta 2003.
cúiseanna an ionraidh. causes of the invasion
" Caithfear a rá nach raibh mórán tráchta ar chúrsaí sceimhlitheoireachta ag ceachtar acu nuair a mhínigh siad cúiseanna an ionraidh.
de dheasca an ionraidh as a result of the invasion
" Ba bheag dream a bhí ní ba ghlóraí ag cáineadh na Rúiseach ná ceannairí na Stát Aontaithe agus na Breataine, na tíortha céanna a raibh baint acu le bás na gcéadta míle duine de dheasca an ionraidh a rinneadh ar an Iaráic, tír atá i bhfad i gcéin uathu agus nach raibh ina bagairt ar bith dóibh.
ionradh invasion
" An té a bhíos siúlach, bíonn sé scéalach Bhí an tUltach san Afganastáin le linn ionradh na Rúiseach; bhí sé ar an láthair le linn an chogaidh idir an Iaráin agus an Iaráic; bhí sé sa Rúis nuair a thit an tóin as an Aontas Sóivéadach agus as an Chumannachas; bhí sé i Washington le linn réimeas Bill Clinton (agus próiseas na síochána ó thuaidh); bhí sé ag tuairisciú ó Bheijing agus an tSín á hoscailt don domhan mhór agus bhí sé i Nua Eabhrac ar 9/11 – agus níl ansin ach cuid dá CV.
hionradh invasion
" Más athbhreithniúchóir thú in Éirinn, má deir tú focal maith faoi mhairbh an chéad chogaidh dhomhanda, má cheapann tú go bhfuil cúis mhaith le hionradh na hIaráice agus Saddam Hussein a threascairt, beidh siad ar an idirlíon ag scríobh fút chomh luath is théann tú ar an raidió nó an teilifís.
ionradh náireach shameful invasion
" ” Taobh istigh de thrí mhí, tar éis dhó na focail breátha sin a rá, cheadaigh Kennedy don CIA, ionradh náireach a dhéanamh ar Chúba, a bhí tar éis saoirse ó dheachtóireacht Baptista a bhaint amach, an bhliain roimhe sin.
ionradh invasion
" Gnó brabúsach an chogaidh Dhá bhliain i ndiaidh tacú go láidir leis an ionradh ar an Iaráic mar gheall ar na hairm ollscriosúla, nárbh ann dóibh, agus mar gheall ar na nascanna, mar dhea, idir Saddam agus an sceimhlitheoireacht, d’éirigh Marc Grossman as a phost i Roinn an Stáit.
Lá an Ionraidh Invasion Day
" Lá an Ionraidh Tugann cuid de na ceannairí i measc na mbundúchasach ‘Lá an Ionraidh’ nó ‘Lá Marthanais’ ar 26 Eanáir.
ionraí invasions
" Agus cad é faoin Ghaeilge? Caidé faoin chultúr a tháinig slán in ainneoin ionraí agus na Géarleanúna? Cad é faoin dúchas ar thug daoine a n-anam len é a chosaint agus a chaomhnú? Beidh sibh sásta a chloisteáil go bhfuil sé fós slán sna háiteanna nár chuir muintir an Bundesbank spéis ar bith iontu.
hionradh invasion
" Sa bhliain 2001-2002, ba é Saban an bronntóir maoinithe ba mhó a bhí ag na Daonlathaigh, nuair a bhí cinnireacht an pháirtithe ag tacú le hionradh ar an Iaráic.
ionradh invasion
" Thug 9/11 an deis a bhí ó lucht Iosrael i SAM ionradh a éileamh ar an Iaráic, i ndiaidh gur chuir siad dallamullóg ar mhuintir Mheiriceá maidir leis ‘na hairm ollscriosúla’ nárbh ann dóibh.
ionradh invasion
" Beidh le feiceáil an leanfar ar aghaidh leis an nasc sin le linn do McCausland a bheith ina Aire Saíochta ach i ndiaidh ionradh, gorta, díothú, neamhaird agus gach rud eile, glacfaidh sé níos mó ná an fear seo le tairne eile a cur i gcónra na Gaeilge.
ionradh invasion
" Rinne fórsaí de chuid arm na Seapáine ionradh ar thuaisceart Nua-Ghuine Phapua go luath sa Dara Cogadh Domhanda, ach ní raibh siad in inmhe taisteal ó dheas trí na sléibhte ar a dtugtar na Owen Stanley Ranges.
ionradh invasion
" Rinne arm na hIndinéise ionradh uirthi i mí na Nollag sa bhliain chéanna, agus an bhliain dar gcionn rinneadh nascghabháil uirthi mar chúige eile den Indinéis.
ionraidh invasion
" Bhí páirt chomh tábhachtach ag William Kristol ag bolscaireacht i gcomhair an ionraidh sin gur thug Richard Cohen, colúnaí leis an Washington Post, “cogadh Kristol” air.
ionradh ar invasion
" Ach oiread le go leor Síónach eile, rinne Netanyahu amhlaidh roimh an ionradh ar an Iaráic.
ionradh invasion
" Ach má tá an léithe luath ort agus tú ag dul in ‘aibíocht’ nó in aois, is féidir gur cuimhin leat go ndearna arm na hAirgintíne ionradh ar oileáin creagacha san Atlantach Theas in Aibreán na bliana 1982.
ionradh invasion
" Roimh an ionradh ar an Iaráic, ba iad Perle agus Wolfowitz ba mhó a chuir chun cinn bréaga an Iarácaigh maidir le hairm ollscriosúla.
ionradh invasion
" Meastar go bhfuil tuairim is 70,000 Emberá in iarthuaisceart na Colóime chomh maith le 22,000 díobh trasna na teorann i bPanama agus níorbh é ionradh na bliana seo caite an chéad uair ar chuimil an mí-ádh leis an bpobal seo, ná geall leis.
ionradh invasion
" Cuireadh tús leis an bhfeachtas le solas an lae ar 25 Aibreán 1915, nuair a rinne fórsaí na gComhghuaillithe ionradh ar an leithinis, agus mhair sé ar feadh ocht mí.
ionradh na hIaráice the Iraqi invasion
" Maíonn sé nach raibh tairbhe ar bith le baint as ag an am ach is léir, i bhfianaise a laghad measa atá air de bharr ionradh na hIaráice, go bhfuil go leor tairbhe le baint aige as an íomhá gur mhaith leis a chur chun tosaigh, ’sé sin gur fear síochána seachas fear cogaíochta é.
ionradh invasion
" Bhí fórsaí na hAstráile páirteach san ionradh ar an Afganastáin i dtús báire i mí Dheireadh Fómhair 2001, mar chuid den fhreagra idirnáisiúnta ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar na Stáit Aontaithe ar 11 Meán Fómhair 2001.
ionradh na hIaráice the invasion of Iraq
" An Ceardchumannachas ============ **SMM: An bhféadfá a rá go bhfuil mórán an rud céanna ag tarlú sna ceardchumainn sa mhéid go bhfuil an saol ag feabhsú, táimid ag dul i dtreo tionscal an eolais agus go bhfuilimid ag teacht anois chuig an gceardchumann a dtugtar an ‘white collar union’ air, cumainn ar nós Irish Chapel an NUJ agus Amicus (MSF) agus féach go raibh Roger Lyons (MSF) ag labhairt amach go láidir ag an BCTU, ag moladh tacú le Blair nuair a tháinig Blair chun cainte leo roimh ionradh na hIaráice?** SÓhU: Tá fadhb mhór i measc na gceardchumann, pé acu anso, nó sa Bhreatain, nó i dtíortha eile na hEorpa ach ní de bharr go bhfuil athrú ar an lucht oibre.
ionradh invasion
" In eagarfhocal sa Washington Post i 2002, dúirt Kenneth Adelman, nuachoimeádach eile, gur féidir le Meiriceánaigh talamh slán a dhéanamh de gur ‘cakewalk’ a bheadh san ionradh ar Iaráic.
Ionradh invasion(s)
" Dhá Ionradh agus Dhá Chogadh ================= Ach níorbh shin é deireadh an scéil.
theip ar fhórsaí ionraidh invading forces failed
" Nuair a theip ar fhórsaí ionraidh na n-Iosraelach an ruaig a chur ar Hezbollah i rith an tsamhraidh 2006, mheas cairde Iosrael i Washington gurbh é an tSiria an ball lag sa phasáiste ón Iaráin go dtí an Liobáin Theas.
t-ionradh invasion
" Is dóigh gurb é an t-ionradh ar Mheiriceá, Thuaidh, Theas agus Lár, an sampla is fearr den teagmhas sin agus is é a thug inspreagadh do theideal leabhar Diamond ‘Guns Germs & Steel’.
ionradh invasion
" Ní raibh na bunchuspóirí ná na cúinsí seo go hiomlán soiléir dom riamh! Bhí Arm na hAstráile páirteach san ionradh ar an Afganastáin sa bhliain 2001 le ruaig a chur ar rialtas na dTalaban.
ionradh den chineál seo an intrusion of this sort
" Deir Rauterberg go ndéanann fógraíocht ionradh den chineál seo maolú ar fheasacht aeistéitiúil an phobail, rud a dhéanann fulangach agus géilliúil muid.
ionradh na Mór-Roinne the Continental invasion
"ionradh na Mór-Roinne ar a bhonnaí cearta anois, tá drad an Iarthair nochta agus tá na mílte curtha i mbun slad ar a chéile mar is toil leo, ó Libia go Máilí.
ag déanamh ionraidh ar invading
" Tá an Béarla ag déanamh ionraidh ar an nGearmáinis.
ionradh lách a friendly invasion
" Déanann an ‘*barmy army*’ ionradh lách ar an Astráil gach uair a bhíonn an tsraith chruicéid idir an Astráil agus Sasana ar siúl abhus.
Ionradh invasion
" “Cén Ghaeilge atá ar ‘goresgyniad’?” a deir sé liom “Ionradh,” arsa mise.
ionradh invasion
" Diúltaíonn siad an focal ‘ionradh’ le cur síos ar theacht an fhir ghil, mar go maíonn siad go raibh coilíniú na tíre suaimhneach den chuid ba mhó agus go raibh an mhuintir dhúchais fulangach lena linn.
ionradh crólinnteach a bloody invasion
" Léiríonn an taighde a scagann Reynolds ina leabhar go raibh ionradh crólinnteach agus cogadh fíochmhar i gceist le coilíniú na hAstráile.
ionradh ar an tSeoirsia an invasion on Georgia
" Rinne an Rúis ionradh ar an tSeoirsia sa bhliain 2008 in ainneoin an gearán láidir a rinne an tAE.
ionradh a dhéanamh ar to invade
" Ba é an sluán a bhí aige ‘Il cinema è l’arma più forte’ (is é an phictiúrlann an t-arm is láidre) agus léirigh sé an mana seo trí scannáin eipiciúla cosúil le Scipio Africanus (1941), a chuir in iúl, go hindíreach, an rún a bhí aige ionradh a dhéanamh ar thuaisceart na hAfraice.
ionradh tábhachtach an important invasion
" “Tá a fhios ag níos mó daoine anois go bhfuil cóilíneacht nó go raibh ionradh tábhachtach Éireannach san Airgintín.
imníoch go ndéanfaimis ionradh ar worried that we’ll invade
" Caithfidh go bhfuil muintir na hÉireann imníoch go ndéanfaimis ionradh ar Éirinn iathghlais álainn, rud nach ndéanfaimis riamh.
ag déanamh ionraidh ar encroaching on
" In ainneoin sin, is follas go bhfuil an tslachtaíocht agus dearthóirí slachtaíochta ag déanamh ionraidh ar fhorais naofa na n-ealaíon – na hiarsmalanna - le blianta beaga anuas.
i bhfábhar an ionraidh in favour of the invasion
" Bhí na mílte ar shráideanna Manhattan an mhí seo caite ag agóid i gcoinne an chogaidh san Iaráic ach, mar a mhíníonn Tom Deignan, tá go leor daoine ar imeall na cathrach atá go mór i bhfábhar an ionraidh.
ionradh invasion
" Bhí go leor de phobal na Spáinne i gcoinne an chogaidh san Iaráic ach níor mhaolaigh sin ar thacaíocht an Phríomh-Aire Aznar d'ionradh na Breataine agus na Stát Aontaithe.