Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag ithe a eireabaill féin eating its own tail
" Thrácht duine de na cainteoirí ar an seantíogar Ceilteach a bheith ag ithe a eireabaill féin agus is deas liom an nath! Bhí an t-athrú sa mhargadh ardteicneolaíochta le feiceáil breis agus bliain ó shin nuair a theip ar an WAP i margadh na dteileafóin soghluaiste.
bhí sé ag ithe uirthi she had a nagging concern
" Ach bhí sé ag ithe uirthi go mbeadh a cairde ag troid sula mbeadh an oíche amuigh.
ag ithe scoth feola agus aráin eating the best of meat and bread
" Tá traidisiún na fáilte go láidir i Wisconsin, agus níor chlis ar an traidisiún an oíche seo ach oiread, sinn ag ithe scoth feola agus aráin an chultúir Ghearmánaigh i Wisconsin.
dhiúltaigh mé caora fíniúna a ithe I refused to eat grapes
" Ar feadh ceithre huaire is fiche dhiúltaigh mé caora fíniúna a ithe, a dúirt Woody Allen sa scannán cáiliúil *Sleeper *nuair a cuireadh an cheist air, “Have you ever taken a serious political stand on anything?” Níl aon dabht, in Éirinn an lae inniu, gur minic ár bpolaiteoirí gann ar sheasamh ar bith, gan trácht ar sheasamh láidir.
ag ithe go rialta eating regularly
" Chuala mé óna bhean Maureen go raibh imní air faoin bhia sa phríosún – shíl sé go raibh nimh ann agus stad sé ag ithe go rialta agus ba léir óna iompar go raibh fadhb mheabhrach aige.
ag ithe ceapairí eating sandwiches
" Cuid acu ag ithe ceapairí faoi theas na gréine, cuid eile ag breacadh dialainne nó ag tógáil grianghraf.
ithe agus análú to eat and breathe
" Beimid fós ábalta ithe agus análú ach an mbeimid daonna? Táimid ag cailleadh ár ndaonnachta.
bhíodh fonn air greim bia a ithe. but he used to want to get something to eat
" Ach bhíodh fonn air greim bia a ithe.
gan a dhath a ithe without eating anything
" Thug muid faoi deara go bhfuil nósanna an-difriúla ag na Aixois, is é sin, tá siad tugtha do roinnt leitíse a bhrú timpeall ar phláta le forc gan a dhath a ithe.
ag ithe aráin eating bread
" Mar shampla, agus é ag ithe aráin le cailín i dteach éigin eile, tháinig fear an tí amach agus chonaic sé John Ghráinne ansin.
ag ithe consuming
" 807041 meigibheart de spás ann (ag am scríbhneoireachta) don r-phost ar fad seo, tá a fhios iomlán ag an gcomhlacht seo go bhfuil na r-phoist ar fad seo is na hiatáin a théann leo ag ithe suas an spás sin ar na freastalaithe a chuireann siad ar fáil mar sheirbhís eile.
greim a ithe to have a bite
" Bhí sí istigh sa bhaile mór lá agus bhuail sí isteach i gcaife chun greim a ithe.
béile a ithe eat a meal
" Is féidir leat cuairt a thabhairt ar an bPortaingéil Bheag, béile a ithe i mBaile Choiré, a bheith sáite in éadaí ar athreic ag margadh Kensington nó dul chuig an Annex, ceantar na mac léinn mar a bhfuil an t-atmaisféar is bíogúla sa chathair.
Níor tairgeadh greim le hithe ná braon le hól there was no offer of a bite to eat nor a drop to drink
" Laoch an Bhéil Fhliuch agus an Bhéil Thirim ==================== Níor tairgeadh greim le hithe ná braon le hól do Laoch na Litríochta, ach fágadh ansin ina shuí é mar a bheadh mála prátaí ann.
greim le n-ithe a bite to eat
" I ndeireadh báire, casann na fir amhrán faoi leith, Carol y Swper, agus bíonn greim le n-ithe ag an gcomhluadar ansin sa gcúlsheomra, sin nó i gcorp an tséipéil féin.
gan foracan a ithe not to eat to much
" ” An bhfuil aon comhairle ag Darach d’imreoirí óga in Éirinn, ó thaobh traenála, aiste bia, dearcaidh agus mar sin de? “Déarfainn measaracht a dhéanamh ar rudaí (bia) – gan foracan a ithe.
ag ithe i mbialanna eating in cafes
" Shíl mo ghasúr go raibh sé ag magadh ach d'inis an fear eile deargbhréaga fúm, gur scríobh mé maslaí ar leathanach Facebook a dheirféar agus mar sin de! Is breá liom David, bíonn an-chraic againn ag éisteacht le ceol, ag ithe i mbialanna, ag dul chuig clubanna, ag magadh ar a chéile, ach beidh orm a rá leis go gcaithfidh muid scaradh má tá cairde dá chuid naimhdeach liom cionn is gur Caitliceach náisiúnaíoch Gaelach mé.
ag ithe mo leite eating my porridge
" Agus mé ag ithe mo leite sa chistin ag trí nóiméad déag tar éis a hocht maidin Dé Céadaoin, 21 Samhain seo caite, d’airigh mé an tuairisc spóirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
feoil a ithe to eat meat
" - Níl rud ar bith cearr le bia na hÉireann: prátaí agus tornapaí agus cabáiste agus meacain dearga… Ní bheidh cead ag lucht loicthe feoil a ithe feasta ach amháin idir an dá Nollaig – aon trí lá is maith leo.
le greim a ithe for a bite to eat
" Na Cosa ag Éileamh ========= Poll eile sa chárta ach murab ionann is go leor eile, bheartaigh muid gan stad ag an loch le greim a ithe.
Bíonn sé madra ag ithe madra dog eating dog it bees
" Bíonn sé madra ag ithe madra anseo gach oíche Dé Céadaoin nuair a bhíonn na ranganna ar siúl.
ag ithe lóin eating lunch
" Is cuimhin le Daniellou iad ag ithe lóin le chéile i restaurant routier (bialann ar thaobh an bhóthair ina n-itheadh tiománaithe leoraí), agus iad fós ag labhairt i mBriotáinis.
ar mhaith leo greim le n-ithe do they want a bite to eat
" Fiafraigh de nó di ar mhaith leo greim le n-ithe.
ag ithe i gcaitheamh an lae eating throughout the day
" ** N'fhad is a bhíonn an bhean torrach bítear ag súil go mbeadh sí ina suí ar a sáimhín só agus go mbeadh sí ag ithe i gcaitheamh an lae.
a ndóthain a ithe i gcomhair beirte eat enough for two
" Cinnte má tá sí ag obair lasmuigh den teach caithfidh sí a bheith aclaí ach chomh luath is a thagann sí abhaile ba cheart di ionad sách sócúil a fháil di féin ar an tolg agus a ndóthain a ithe i gcomhair beirte.
gan muc a ithe agus mar sin not to eat a pig and so on
" Bhí sé ag caint ar gan daoine eile a mhaslú leis an mhéid a scríobh tú, gan muc a ithe agus mar sin.
ag ithe madra eating dog
" Tá sé ar fad madra ag ithe madra thall ansin.