Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an dóigh ar coilleadh an talamh féin how the ground itself was despoilt
" Coilleadh na talún ======= Ceann de na rudaí a thug sé faoi deara ná an dóigh ar coilleadh an talamh féin sna páirceanna ina raibh an cuardach ag dul ar aghaidh.
faoi bhagairt anois í féin under threat itself
" Chíonn siad sin atá bainteach leis an chlár seo an íoróin atá ag baint leis an dóigh a bhfuil áit atá in ainm is faoiseamh a thabhairt ón sceimhlitheoireacht faoi bhagairt anois í féin ag foréigean den chineál céanna.
á nochtadh féin showing itself
" " Tá torthaí a saothar anois á nochtadh féin do Bhríd, Eileen agus Pierce.
Dála na plaice féin like the plaque itself
" Dála na plaice féin ar an leacht, is dráma trítheangach é seo, i nGaeilge, Breatnais agus Béarla, agus tá sé ar camchuairt an mhí seo sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn (dátaí le fáil thíos).
a nascann é féin which links itself
" Is éard atá sa PVL ná tocsaín láidir a nascann é féin leis an bhaictéir MRSA.
déanfar anam na hAfraice a stróiceadh uaithi Africa's soul will be torn from itself
" Má leantar ar aghaidh ag marú ainmhithe na hAfraice chun a gcinn a chur in airde ar bhallaí daoine sa Ghearmáin, sna Stáit Aontaithe, sa Bhreatain nó san Afraic, déanfar anam na hAfraice a stróiceadh uaithi.
géaraíonn an bainne féin the milk itself goes sour
" Nuair a leathann a gháire ar Harper, géaraíonn an bainne féin! Is é Alberta in iarthar na tíre a phríomhdhaingean cumhachta agus idé-eolaíochta agus is ann a bhí a cuid fréamhacha ag an Chomhghuallaíocht Cheanadach.
an córas parlaiminte féin a leasú to reform the parliamentary system itself
" Deir Harper go bhfuil faoi an córas parlaiminte féin a leasú: má fhéachann sé le hionadaíocht chionmhar a thabhairt isteach, seasfaidh an NDP leis.
an t-athrú aeráide féin the climate change itself
" Inseoidh an aimsir is an t-athrú aeráide féin an pragmatach nó idé-eolaí é Stephen Harper.
é féin a scor to disband itself
" B’éigean don Grand Orange Lodge of Ireland é féin a scor mar gheall ar an Unlawful Societies Act (Ireland) in 1825 ach ba beag an difear a rinne sé don eagraíocht.
go dtabharfadh an teanga aire di féin that the language would take care of itself
" ’” Glacadh leis ar feadh roinnt mhaith blianta, a deir sé, gurbh é an ról a bhí ag an Údarás ná forbairt gheilleagrach a chur chun cinn, postanna a chruthú, agus go dtabharfadh an teanga aire di féin ina dhiaidh sin.
san Ostair féin in Austria itself
" Agus bhí an oiread sin measa ar an saothar sin san Ostair féin ag an am gur beag nach raibh sé ina léiriú ar an dóigh ar mhian leis na hOstaraigh go bhfeicfeadh tíortha eile an domhain iad – sofaisticiúil, maisiúil, nua-aoiseach.
éacht ann féin a feat in itself
" An bua a bhí acu in aghaidh Thiobraid Árann, ba é an chéad bhua é ag Port Láirge le fada an lá i bPáirc an Chrócaigh – éacht ann féin.
dála an náisiúin féin like the nation itself
" Ról tairbheach idirnáisiúnta é sin a ligeadh do Rialtas Cheanada a fhógairt sa bhaile agus i gcéin gur sheas arm Cheanada, dála an náisiúin féin, do luachanna na headrána agus na measarthachta.
an gcuimhneoidh mé ar an tír í féin whether I'll remember the country itself
" Cuimhneoidh mé ar na rudaí a rinne mé sa Namaib, ach nílim cinnte an gcuimhneoidh mé ar an tír í féin.
faoin bháisteach féin about the rain itself
" Níor thuig mo chairde scoile mé agus mé ag caint faoi “thunner plumps” (ó “plimp thoirní”, ach faoin bháisteach féin a bhíonn muidne ag caint sa chás sin) nó ag fiafraigh díobh “Whur’ ye fae?” Bhí mé cinnte go raibh teanga eile ann roimh an Bhéarla agus thosaigh mé a chuartú an idirlín nuair a chuaigh mé chun na hollscoile i nDún Éideann.
tá an charraig féin ollmhór the rock itself is massive
" Ar an gcéad dul síos, tá an charraig féin ollmhór – thóg sé uair go leith orm siúl timpeall uirthi.
amhail is gur Corn Mhic Cárthaigh féin a bhí ann! as if it was the McCarthy Cup itself!
" Bhlaiseamar go léir den chorn agus cuireadh thart timpeall an tí é amhail is gur Corn Mhic Cárthaigh féin a bhí ann! Anois, suíonn Corn an Athar Uí Mhurchú go huaigneach san áiléar sa teach s’againne toisc gur thit Cumann an Athar Uí Mhurchú as a chéile go luath i ndiaidh dúinn an corn a bhuachan.
níos tábhachtaí ná an ceann scríbe féin, more important that the goal itself,
" Tá siad ann sna paraimíleataigh a chreideann gurb í an choimhlint an rud is tábhachtaí, níos tábhachtaí ná an ceann scríbe féin, de réir dealraimh.
léirigh muid i dToraigh féin é we staged it in Tory itself
" Ansin chuir muid dráma ar siúl a raibh ceol ann agus bhí ormsa an ceol a fhoghlaim dó! Dráma faoi thuras go Toraigh ar bhád a bhí i gceist agus léirigh muid i dToraigh féin é ar deireadh.
foilsíodh ina aonar é. it was published by itself.
" Níl i *Whanau* ach gearrscéal eile – ach dúradh liom go raibh sé rófhada le cur le *Pounamu Pounamu*, agus foilsíodh ina aonar é.
as a stuaim féin by itself
" AÓF: An dtagann an t-amhrán chugat as a stuaim féin in aon gheábh amháin nó an mbíonn ort a bheith ag obair air agus ag sracadh leis? ENíC: Bíonn sé difriúil chuile uair.
níor thángthas ar láthair an dúin féin the site of the fort itself wasn't discovered
" Go deimhin, níor thángthas ar láthair an dúin féin go dtí 1994! Anois, agus obair sheandálaíochta fós ag leanúint ar aghaidh, tá músaem tógtha ag na húdaráis ag taispeáint cuid den mhilliún (nó mar sin) iarsmaí a fuarthas i dtalamh ansin ó thosaigh an obair chaomhnaithe.
an gníomh ann féin the act in itself
" Is cuma nár gortaíodh an t-imreoir a ionsaíodh; bhí an gníomh ann féin contúirteach agus níor chóir do na tráchtairí imirt gharbh, chontúirteach a chosaint, dar liom, ach a mhalairt.
gan trácht ar an bPolainn féin not to mention Poland itself
" Mar a dúirt mé, ní raibh sé ar intinn agam riamh Zabkowice a fhágáil, gan trácht ar an bPolainn féin – bhí post maith agus árasán deas agam.
taobh amuigh den Aithin í féin outside of Athens itself
" Sa lá atá inniu ann, tá níos mó cainteoirí Gréigise in Melbourne ná aon chathair eile ar domhan, taobh amuigh den Aithin í féin agus Thessaloniki.
fógraíocht a bhí bunaithe ar na heochairfhocail advertising which was based on the key words in the email itself
" Conspóid nuaBhí an chonspóid seo ar fad ag Google roimhe seo nuair a thosaigh siad an tseirbhís ríomhphoist Gmail le fógraíocht mar chuid de – fógraíocht a bhí bunaithe ar na heochairfhocail a bhí sna teachtaireachtaí ríomhphoist féin.
gan trácht ar an phráta féin, not to mention the potato itself
" Ach seo ceist: caidé atá contráilte leis an snaoisín? Má tá daoine ag iarraidh stuif a chur suas a srón, nach dtiocfadh leo an snaoisín a úsáid? Agus mura bhfuil dath donn nádúrtha an snaoisín maith go leor dóibh, nach dtiocfadh leo é a dhéanamh bán? Má táthar in ann an bradán agus an breac a thairgeadh ar dhathanna éagsúla anois, gan trácht ar an phráta féin, nach dtiocfadh leo an rud céanna a dhéanamh leis an snaoisín? Tá stair uasal ársa ag an snaoisín sa tír seo.
Bhí an jab sin deacair go leor ann féin, that job was difficult enough in itself
" Bhí an jab sin deacair go leor ann féin, ach ansin bhí an príomhchomórtas ar siúl an lá dár gcionn.
tharraing sí go leor cainte agus molta uirthi féin. it drew a lot of talk and praise to itself
" Chuaigh an fhoireann i gcion go mór ar an bpobal in Éirinn ag tús an tsamhraidh seo caite agus tharraing sí go leor cainte agus molta uirthi féin.
gur éacht ann féin é that it's a feat in itself
" Síleann siad gur éacht ann féin é rud i nGaeilge a chur i gcrích, agus ní bhíonn siad buartha faoin gcaighdeán.
is oideachas ceoil ann féin é sin. that is a muscial education in itself
" Má chaitheann tú d’am saor ar fad ag éisteacht le dlúthdhioscaí, is oideachas ceoil ann féin é sin.
an ndíríonn tú ar pholaitíocht na teanga féin to you focus on the politics of the language itself
" Aithním an dúshlán iriseoireachta a bhaineann le foilsiú nuachtáin i mionteanga: an ndíríonn tú ar pholaitíocht na teanga féin nó an ndéanann tú iarracht cothromaíocht a bhaint amach idir "gnáthscéalta" agus scéalta na teanga? D’fhéadfaí a rá gur maith liom an teoiric: gur chun tairbhe phobal na mionteanga é nuachtán laethúil sa teanga sin.
mar shaothar ann féin as a work in itself
" Bíodh sin mar atá, is féidir an saothar a léamh mar shaothar ann féin.
tá cothú sa phráta bocht féin there's feeding in the old potato itself
" B’fhéidir go bhfuil muid uilig cleachta ar phasta agus ar núdal in Éirinn ár linne, ach tá cothú sa phráta bocht féin go fóill.
féinthuiscint knowing itself
" Dhéanfainn iarracht pobail fholláine a bhunú sna háiteanna sin, pobail a mbeadh féinthuiscint, féinmheas, an fhéiniúlacht féin á gcothú.
éacht ann féin é a feat in itself
" Is éacht ann féin é a laghad ama a theastaíonn chun na páipéir scrúdaithe a cheartú agus na torthaí a fhoilsiú.
as féin amháin in itself alone
" Leas an Cheachta Chrua An uile ní meáite, níor chóir an ghruaim as féin amháin a nochtú i gcuntas mar seo ach an oiread.
cruthú dó féin stand up for itself
" Níl sé furasta ag nuachtán teacht ar an fhód as an nua agus cruthú dó féin.
Éacht ann féin é a feat in itself
" Éacht ann féin é go bhfuil tacaíocht traspháirtí ag an Straitéis mar gur beag de chló an fhreasúra atá le sonrú air.
chreideamh ann féin religion in itself
" An raibh aon eachtra amháin i gceist nó ar shraith tarlúintí a thit amach a chinn gur thugais droim láimhe don chreideamh i saol iarbháis, nó don chreideamh ann féin?** SÓhU: Bhíos sna Stáit Aontaithe nuair a bhí an cogadh ar siúl go tréan.
dúnmharaithe féin murder itself
" Níl cúirt ar bith sa tír nach nglacfadh leis mar leithscéal i gcás dúnmharaithe féin, gan trácht ar leithscéal le dea-rúin a bhriseadh.
intuigthe féin understandable in itself
" Agus fiú más intuigthe féin an foréigean scaití le teann éadóchais agus frustrachais, ní cur chuige feidhmiúil é, dar leis an údar.
as féin by itself
" An tAineolas, Máthair gach Tubaiste ================= Ní hé gur tharla sé i ndáiríre, as féin.
as féin of its own, by itself
" Tá dlí ón bhliain 1737 i bhfeidhm sna Sé Chontae go fóill agus ní thiocfaidh deireadh leis as féin ach cuirfear deireadh leis.
ar ais ar a seanléim back to itself
" Tá an tír sin ar ais ar a seanléim ó thaobh an gheilleagair de, agus tá sí ag díriú ar mhargaí nua i dtíortha nuafhorbartha na hÁise.
Más ar éigean féin even if just barely in itself
" Más ar éigean féin a dhéantar tagairt dóibh, is de réir chúinsí na foirmle i gcónaí é, an t-eolas réamhluaite nó ‘inherited knowledge’ nó ‘epistemes’ mar a thugann criticeoirí ar nós Foucault orthu.
Más aisteach féin le hinsint if in itself strange to relate
" Más aisteach féin le hinsint, is fíor gur san Astráil atá an cumann sciála is sine ar domhan.
suntasach ann féin remarkable in itself
" Níor rud suntasach ann féin é a bhás, ó fhaigheann 6,744 bás gach lá sna Stáit Aontaithe, ach ba é cineál a bháis an rud ba shuntasaí faoi.
bliain chomórtha na tubaiste féin memorial year of the disaster itself
" Is scéal leanúnach é seo nár tháinig chun solais i gceart go fóill, bliain chomórtha na tubaiste féin.
dá hullmhú féin was preparing itself
" Bhí an chathair dá hullmhú féin an mhaidin sin d’fhilleadh an bháid ‘Mackay-Bennett’, an chéad long a d’imigh go láthair an Titanic le híobartaigh a aimsiú ó uiscí reoite an Atlantaigh.
curiarracht ann féin a record in itself
" D’imir Stynes in 244 cluiche i ndiaidh a chéile idir 1987 agus 1998 leis na Demons – curiarracht ann féin.
inti féin distinct in itself
" Go deimhin is é ráite na náisiúnaithe Gailíseacha nach í an Spáinn in aon chor í, ach gur tír inti féin agus náisiún ar leith í an Ghailís, dála na Catalóine agus Thír na mBascach.
gCruinne féin A Coruña itself
" I Foras Feasa ar Éirinn luann Céitinn 'tor Breoghain san gCruinne féin' mar ar 'chinneadar ar an gcomhairlese'.
An inchinn féin the brain itself
" An inchinn féin déantar í a shailleadh agus caitear mar an gcéanna í.
roinn airgeadais féin dept. of finance itself
" Nuair a theip ar chóras baincéireachta na hÉireann sa bhliain 2008 léiríodh dúinn na lochtanna a bhain le rialachas geilleagair na tíre – go raibh an rialtóir airgeadais mífheidhmiúil, go raibh an roinn airgeadais féin neamhinniúil, agus nach raibh spéis ag baill sinsir an rialtais i gcúrsaí geilleagair, agus dá mbíodh, nach raibh sé ar a gcumas iad a thuiscint nó a stiúradh.
Cuireadh riocht liteartha ar a chuid fuinnimh his energy (and pride) vented itself in literature
" Cuireadh riocht liteartha ar a chuid fuinnimh agus ar a chuid uabhair, agus nuair a dúnadh doirse an tSeanaid air, d’oscail sé Seanad liteartha eile ina cheann, an foras láidir bríomhar sin a fheictear ina úrscéalta ar Burr, Jefferson, Lincoln agus FDR.
Ualach trom le hiompar ann féin a heavy burden in itself for one to carry
" Ualach trom le hiompar ann féin ab ea an stádas sin agus le dúshlán níos mó le sárú i gcás na gCluichí Oilimpeacha, socraíodh nach mbeadh ach trí rannóg meáchain i gceist, rud a chiallaigh go mbeadh líon níos mó de dhornálaithe maithe in gach rannóg seachas mar a bhíonn sna comórtais eile.
Is mór an rud é an méid sin that’s great in itself
díriú fosta ar direct (itself) also at
" Gnéithe den Uachtaránacht ========= Ba cheart don Chomhdháil díriú fosta ar Airteagal a 12 a bhaineann le hUachtarán na hÉireann.
le fáil ar an mór-roinn féin available on the continent itself
" Ach mura bhfuil dul amú orm, níl aon sampla glan, dílis eile le fáil ar an mór-roinn féin, mura gcuirfeadh muid Corsica agus Sardinia san áireamh, is é sin an Fhrainc agus an Iodáil faoi seach, nó oileán Rhodes na Gréige agus an Tuirc.
duais na huachtarántachta féin the prixe of the presidency itself
" Níorbh í aontacht bhunreachtúil Mheiriceá ná fuascailt na sclábhaithe daite ná duais na huachtarántachta féin príomhaidhm Abraham Lincoln ina shaol.
gurb as ballstáit an Aontais Eorpaigh féin that it’s from member states of the EU itself
" Maíonn an Coimisiún Eorpach gurb as ballstáit an Aontais Eorpaigh féin don chuid is mó de na daoine a ndéantar gáinneáil orthu laistigh den Aontas Eorpach.
an bás féin death itself
" Tá leochaileacht na seanaoise, an bás féin, agus cumhacht tharchéimnitheach an ghrá in ábhar coganta an babhta seo aige.
Cúlaíonn clann, comharsain agus an ceol féin children, neighbours and music itself
" Cúlaíonn clann, comharsain agus an ceol féin an doras amach de réir a chéile.
as grá don cheol féin amháin just for the love of the music itself
" Chuir sin fearg ar a mháthair mar shíl sise gur chóir dó a bheith ag seinm as grá don cheol féin amháin, ní le hairgead a dhéanamh.
raibh sí ag sú rudaí isteach chuici féin it was absorbing things to itself
" Béal an Mhuirthead ======== **SMM: Bhraith mé na blianta ó shin go raibh Béal an Mhuirthead ar aimhleas na háite seo, go raibh sí ag sú rudaí isteach chuici féin in ionad rudaí a theacht anseo.
an áit á léiriú féin the place showing itself
" Bhí an áit á léiriú féin le mórtas ag teilgean dathanna agus scáthanna ar chaon taobh.
thionscnamh an Euro féin the Euro project itself
" Bhí daoine sa lucht éisteachta a bhí i gcoinne phróiseas forbartha na hEorpa ón tús – ’sé sin ón chéad mórdhíospóireacht i 1972 agus ón chéad lá d’Eanáir 1973, nuair a ghlac muid lenár suíochán ag bord an EEC, mar a bhí ag an am; bhí guthanna glórmhara i gcoinne na gcéimeanna uilig ó shin – i gcoinne Chonradh Maastricht, i gcoinne an nasc idir an £ Éireannach agus an £ Sterling a bhriseadh agus i gcoinne thionscnamh an Euro féin.
a dhíreos ar which shall direct itself towards
" Ina measc beidh Stair na gCeilteach i nGaillimh a thabharfaidh ardán d’ealaíona na Gaeltachta agus beidh Guthanna na nOileán i gCorcaigh a dhíreos ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeltachta.
Díolann sí i féin it sells itself
faoin ábhar féin about the material itself
" ) le beagnach fiche bliain anuas anois agus is ionann an t-iontas a bhraithim faoin ábhar féin agus faoi gur féidir leis scéal casta, spéisiúil a chur os comhair an leitheora arís is arís eile.
rath an daonlathais féin the success of democracy itself
" Má tá an saol i bhfad níos fearr anois ná mar a bhí glúin nó dhó ó shin, tá ceisteanna móra ann atá le réiteach, cuirim i gcás, an comhshaol, an bochtanas domhanda, an dóigh is feidhmiúla leis an gheilleagar a stiúradh, an neamhionannas, agus rath an daonlathais féin.
Nár spéisiúil ann féin wouldn’t it be interesting in itself
" Cén fáth gur cuma le cách an slad go léir ar son chóras geilleagair an artdollair? Nár spéisiúil ann féin ceist an phíblíne ola seo thar an phíblíne ola siúd mar chlár faisnéise? Bhí Gurdjieff den tuairim gur ‘*potiential human beings*’ sinn ach go gcaithfimis dúiseacht agus gníomhú le sinn féin a fheabhsú mar dhaoine.
níl an oiread sin dúile agam sa chluiche as féin I’m not greatly enthused by the game itself
" Maidir le sacar Shasana, níl an oiread sin dúile agam sa chluiche as féin.
Cé gur dianscagadh an leabhar féin ar an ndromchlár although the book itself on the surface is an intense scrutiny
" Cé gur dianscagadh an leabhar féin ar an ndromchlár ar imeachtaí leadránacha rúnda an Internal Revenue Service sna hochtóidí, scrúdú ab ea é i ndáiríre ar fhisiciúlacht thimpeallacht ársa Mheiriceá.
is fiú ann féin a leithéid it’s an experience in itself
" Ag amharc ar na hiontais trí shúile an pháiste a bhí mé, na haolchoinnle agus eile, agus is fiú ann féin a leithéid am ar bith.
ach laistigh den chreideamh féin but within the religion itself
" **SMM: Ar bhun seicteach?** RM: Ar bhealach, ach laistigh den chreideamh féin.
rud atá neamhchoitianta go leor an oddity in itself
" Bhí an aimsir go hálainn, rud atá neamhchoitianta go leor i ngleann beag lách sin an cheoil – chomh maith sin gur mheall sé mórán achan duine a bhí ag freastal ar an scoil chun na brístí beaga a chaitheamh.
an bhfuil tábhacht ann féin is it worthwhile in itself
" An fiú ó thaobh airgeadais an cúrsa seo nó an modúl seo a bheith ar siúl? Ní hé an bhfuil tábhacht ann féin ó thaobh ábhair, fiú mura bhfuil líon ard mac léinn i gceist sa mhodúl.
shláinte an daonlathais féin the health of democracy itself
" Níor tugadh aon aird ar shláinte an daonlathais féin.
Ní iontas ann féin é sin that in itself isn’t cause for any wonder
" Ní iontas ann féin é sin b'fhéidir, ach tarlaíonn sé sa gcás seo nach Éireannaigh atá sa dá theach sin ar chor ar bith.
ag tarraingt chuige féin is using itself
" Is tábhachtach an ghné dhearfach imshaoil ní mar gheall ar an leas atá ann féin, ach toisc gurb shin é an leithscéal atá an stát ag tarraingt chuige féin ina gcuid blúiríní eolais chuig na meáin chumarsáide, d’ainneoin an milleadh go léir a dhéanann siad chaon bhliain trí Bhord na Móna.
lánúsáid as láidreachtaí an mheáin féin full use of the strengths of the medium itself
" Deis caillte a bheas ann muna gcuirtear foilseachán ar bun a bhaineann lánúsáid as láidreachtaí an mheáin féin.
ceist a bhfuil fairsinge inti something expansive in itself
" Ní minic a bhím mar sin ach bhí gearrsteall ólta agam le cairde de mo chuid agus muid ag plé cúrsaí foclóireachta, ceist a bhfuil fairsinge inti mar atá a fhios agaibh agus ábhar ar ceart cuid mhór ama a chaitheamh i mbun chur agus cúiteamh á plé i dtithe leanna.
mar chuspóir ann féin as an aim in itself
" Ach ar an dea-uair, tá daoine eile ann nach bhfuil ar a n-aird ach an ceol mar chuspóir ann féin, daoine a thuigeann a thábhacht agus an cúram atá orthu ina leith.
oiread leis an choirm í féin just as much as the concert itself
" Agus í ag coirmeacha, bhí suim aici sa deasc fuaime agus sa tástáil fuaime oiread leis an choirm í féin.
an rud is annamh is iontach amazing in itself
" Ach in earnáil seo na scáileanna is an chur i gcéill, cé tá ag seiftiú, cé nach bhfuil; cad tá fíor, cad tá bréagach? Cá bhfios dúinn na freagraí, agus an cuma le héinne na ceisteanna sa chéad dul síos? In ainneoin ghnás an genre agus clisteacht an uisce faoi thalamh, ní thiomáintear ‘American Hustle’ tríothu siúd a imirt orainn - an rud is annamh is iontach.
in ann é féin a tharrtháil able to save itself
" com/tracks/132007247&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Ní léir fós an mbeidh an BBC in ann é féin a tharrtháil tar éis na dtubaistí ilghnéitheacha a bhuail leis le blianta beaga anuas.
Aird an Phobail Trí Chumhacht na bhFocal Amháin public attention just by the power of the script itself
" Aird an Phobail Trí Chumhacht na bhFocal Amháin ===================== Le caoga bliain anuas fiú, cheaptaí go mba dheacair an rud é sraith rathúil teilifíse a chruthú gan béim ar leith a leagadh ar an scéal féin, lena thús tobann, cuid lárnach beomhar agus críoch ghlan shásúil.
ina choilgsheasamh holding itself aloft
" Feictear le déanaí eirbeall an Tíogair Astrálaigh ina choilgsheasamh anseo.
chun é féin a atáirgeadh to reproduce itself
" meaisín déanta ó dhearadh saor in aisce atá in ann a pháirteanna féin a chló chun é féin a atáirgeadh) chlóigh sé amach an taos, an t-anlann agus ansin an chiseal phróitéine.
guth an linbh féin the child’s voice itself
" Agus dianiarracht á déanamh aici gan screadaíl, déanann sí cur síos ar an nglaoch gutháin a fuair sí tar éis bhás an linbh, glaoch ina raibh guth an linbh féin le cloisteáil go soiléir.
éacht ann féin a feat in itself
" Ní hé amháin gur scoth an domhain sa dornálaíocht í Katie, ach chaith sí cúig bliana ag imirt do fhoireann sacair na hÉireann san iliomad cluiche idirnáisiúnta, éacht ann féin mura mbeadh ann ach é.
a fhiúntas a chruthú prove itself
" Feidhmítear feidhmeannas nó cad é is fiú é? Tá Robert McMillen den bharúil gur mithid don Fheidhmeannas anois thar ariamh cheana cromadh chun oibre agus a fhiúntas a chruthú do na daoine atá ar easpa uisce le rófhada.
d’athraigh an saol féin life itself has changed
" D’fhreastail Robert McMillen ar léacht a thug an staraí John Gray ar na mallaibh agus is léir dó, go fiú má d’athraigh an saol féin ón bhun aníos idir an dá linn, nár athraigh scéal géarchéimeanna geilleagair ina mbunghnéithe ó Bhoilgeog na Mara Theas sa bhliain 1720 go dtí an lá inniu.
ag coigistiú chuige féin confiscating unto itself
" Bhí Mícheál Ó hAodha ag faire ar údarás crua an stáit: ollmharú na sluaite agus ag coigistiú chuige féin saothar cinniúnach i saol duine ‘ar son na hoidhreachta coitinne’.