Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a dhá láimh chomh fada lena chéile empty-handed
" Bhí cannaí beorach agus buidéil cider ceannaithe acu nó, cé go raibh an t-airgead gann, ní ligfeadh an náire do Dhónall tarraingt ar theach Úna agus a dhá láimh chomh fada lena chéile.
a dhá láimh chomh fada lena chéile empty-handed
" Bhí cannaí beorach agus buidéil cider ceannaithe acu nó, cé go raibh an t-airgead gann, ní ligfeadh an náire do Dhónall tarraingt ar theach Úna agus a dhá láimh chomh fada lena chéile.
thalmhaíocht ó láimh go béal hand to mouth agriculture
" Braitheann na daoine cuid mhaith ar thalmhaíocht ó láimh go béal.
ar a láimh dheas to his right
" Agus ar an dóigh sin a dhírigh sé aire na beirte ar leithead agus ar chothroime agus ar réadas an talaimh ar an taobh ó thuaidh den áit ghlas ghlan sin, agus ar an taobh ó dheas de, agus nochtaigh sé dá bheirt dheisceabal plásóga ollmhóra, míne, cothroma, leathana, ceann acu ar a láimh dheas agus ceann acu ar a láimh chlé.
Tugtar iad ar láimh they are handed over
" Tugtar iad ar láimh do phóilíní rúnda na dtíortha seo agus deirtear lena ngaolta gur imigh siad gan tásc ná tuairisc.
caithfear vótaí a chomhaireamh de láimh. votes must be counted by hand.
" Mar nach bhfuilimid dulta leis an vótáil leictreonach, caithfear vótaí a chomhaireamh de láimh.
ar an láimh eile on the other hand
" Tá an fheadóg mhór, an fhidil, an bosca ceoil an-traidisiúnta mar uirlisí, ach ar an láimh eile, soláthraíonn an mandola agus an bouzouki úire ó thaobh fuaime de.
chur de láimh to get rid of, dispose of
" Is amhlaidh gur tugadh an dramhaíl don mafia Iodáileach lena chur de láimh go saor.
tugadh ar láimh handed over
" Gabhadh agus tugadh ar láimh don CIA go leor daoine neamhurchóideacha agus cuireadh ar longa SAM amach ó chósta na Somáile iad le haghaidh ‘ceistiúcháin.
ar láimh in hand
" Nuair a d’éirigh Peadar Ó Ceallaigh as a fhoilsiú, thóg Comharchumann Chois Fharraige an nuachtán ar láimh agus foilsíodh é ar feadh roinnt blianta ar beagán deontais.
a chur de láimh to dispose of
" De réir dhlí na ndaoine, is leis an bpobal an talamh agus is ag an bpobal amháin atá an ceart é a dhíol nó a chur de láimh.
ar láimh to the authorities
" Tarlaíonn sé uaireanta go dtugann an duine atá ar a theitheadh é féin ar láimh toisc an brú air a bheith rómhór.
fána láimh by him
" An Cur Chuige Cheisteach Arbh í iníon an Dochtúra a leag an bobghaiste dó, mar díoltas as a mí-úsáid fána láimh? Tá an Dochtúir i gcaidreamh fuarghnéis leis an mbean chabhrach bhocht, a tháinig chun cónaithe leis tar éis bhás a mhná i luí seoil.
obair as láimh a chéile working together
" Tugadh na feisirí neamhspleácha tuaithe ar an triúr seo, atá ag obair as láimh a chéile le tamall anuas.
láimh le near to
" Is cuimhin liom thú ag iarraidh míniú do Fishman lá amháin, ag an seandún láimh le Béal Bhóraimhe, Cill Dhá Lua, Contae an Chláir, an t-athrú a tháinig ar do dhearcadh féin abhus faoin irelandization.
oibriú as láimh a chéile work together
" Dar liomsa go bhfuil foireann eile ar an bpáirc ag leibhéal idir chontae, an réiteoir agus na maoir, agus caithfidh an fhoireann sin oibriú as láimh a chéile faoi cheannaireacht an réiteora.
Ar an láimh eile on the other hand
" Ar an láimh eile, má shocraíonn an Lucht Oibre gan dul i gcomhrialtas, bheadh Gilmore, Rabbitte agus Burton in ann ceannasaíocht a thabhairt sa bhfreasúra in aghaidh na ngiorruithe atá beartaithe ag Fine Gael.
thabhairt ar láimh to deliver
" Ach cén chaoi ar féidir a leithéid a dhéanamh nuair is postálacha anaithnide a bhformhór acu? Agus cad faoi Twitter atá lonnaithe i gCalifornia agus nach dtiteann faoi dhlinse dlí na Breataine? Tá iarracht á déanamh ag an pheileadóir Ryan Giggs an dlí a chur ar an tsuíomh agus brú a chur air ainmneacha na ndaoine a sháraigh an t-ordú a thabhairt ar láimh.
Sháigh mé mo láimh I delved down
" Sháigh mé mo láimh go bun póca, agus chaith glaic soinseála sna seacht gcineál airgid síos ar an bpláta a bhí aige.
láimh le glaschuan aoibhinn beside a pleasant sheltered inlet
" Trí oíche a bhí caite againn ar oileán Mljet tamall ó thuaidh de Dubrovnik: oileán sceirdiúil, crannach a raibh áit in óstán beag ann láimh le glaschuan aoibhinn do scór de Chumann na hÉireann agus na Cróite agus iad ag cur síos ar chúrsaí staire agus saíochta.
ar crochadh ina láimh aige which he was holding
" Bhí an mana Gaeilge ‘Stailc anseo’ breactha ar chlár ar crochadh ina láimh aige.
abhlann ina láimh a host in his hand
" ‘Cén chaoi a bhfuil tú, a chomrádaí?’ Thug mé faoi deara go raibh píosa aráin mar a bheadh abhlann ina láimh ag formhór na ndaoine.
atá an láimh in uachtar ag an tart agus ag an ocras thirst and hunger are to the fore
" Is fánach an rud a chuirfeadh an lasair sa bharrach nuair atá an láimh in uachtar ag an tart agus ag an ocras.
idir mhúnla de láimh including a mould of the hand
" Tá seoda go leor ann idir mhúnla de láimh dheas Frederic Chopin, agus na veidhlíní luachmhara a rinne Marcin Groblicz i Kraków thart ar an mbliain 1600.
ar láimh amháin on the one hand
" ** Mar a fheictear domsa é, seo í an fhadhb: ar láimh amháin níl na líonraí sóisialta ann do dhaoine, a bhfuil an teanga foghlamtha go maith acu ar scoil, a thabharfadh deis dóibh an Ghaeilge a úsáid mar theanga chumarsáide agus ar an láimh eile níl an dearcadh ná an aigne acu, a spreagfadh iad le deiseanna a aimsiú le Gaeilge a úsáid go sóisialta.
Láimh leis an Bhás right beside death
" Láimh leis an Bhás ======= Caithfear a thuiscint go raibh na marthanóirí brúite in aice leis na daoine a fuair bás, páistí ina measc - chuala siad iad ag scairteadh amach, chonaic siad dreach an uafáis ar a n-aghaidheanna, mhothaigh siad a gcoirp ag streachailt, bhí siad taobh leo nuair a bhí siad i ndeireadh na feide, ag druidim leis an éag, agus ansin nuair a d’fhill siad abaile chuala siad ó na meáin chumarsáide go raibh an locht orthu féin, d’ainneoin a gcrógacht ar an lá.
lucht a tacaíochta leis an láimh láidir its supporters with violence
" D'fhreagair an Stát agus lucht a tacaíochta leis an láimh láidir.
liúit ina láimh aici a lute in her hand
" Tá bean óg an phictúir ina suí ag tábla, liúit ina láimh aici agus solas bog ó fhuinneog ag a taobh ag luí ar a héadan.
a dhá láimh timpeall uirthi his two arms around her
" Níl íomhá níos treise ná an chóiréagrafaíocht a chleachtaíonn Georges, a dhá láimh timpeall uirthi, an chuma orthu gur ag válsáil le chéile atáid, ise á bhogadh ón gcathaoir chun na leapan aige, nó, níos bunúsaí fós, ón leithreas chun na cathaoireach, agus ar ais arís – aithris thruamhéalach ar an gcúpla steip.
ar láimh liom next to me
" Táid na DVD-anna seo uile ar na seilfeanna ar láimh liom - lón anama fá choinne na n-íos-sealanna, sciath in éadan an truflais, gairleog cosanta ar Filistíneachas *Hollywood*.
Cé a bhíodh ar láimh leis who used to be by his side
" Cé a bhíodh ar láimh leis ach stiúsaí óg mná.
lámh ar láimh side by side
" An Dá Ghaeilg ======= Maireann an Ghaeilge agus an Ghàidhlig lámh ar láimh le chéile sa Roinn Ceiltise.
gan acu ach ón láimh go dtí an béal surviving from meal to meal
" Tá cuid mhór de phobal dílis Dé ar an trá fholamh, go háirithe sa tríú domhan; gan acu ach ón láimh go dtí an béal.
bhí mo dhá láimh ar an charraig my two hands were on the rock
" Bhí a fhios agam go raibh mé ag cur fola, mar mhothaigh mé é ar m’aghaidh, ach ní raibh mé in innimh rud ar bith a dhéanamh faoi mar bhí mo dhá láimh ar an charraig.
tá droim láimhe tugtha go hiomlan don láimh láidir we’ve turned our backs entirely on violence
" Táimid imithe go hiomlán i dtreo na polaitíochta reachtúla ó thaobh Éire shaor 32 contae a chur chun cinn agus tá droim láimhe tugtha go hiomlan don láimh láidir sa bpróiséas sin ar fad.
d’fhoghlaim mé ón dóigh ar chomharthaigh sé lena dhá láimh I learned from how he gestured with his hands
" ” D’fhiafraigh mé de, cad é an dóigh atá air anois agus d’fhoghlaim mé ón dóigh ar chomharthaigh sé lena dhá láimh, gur cuma leis faoin dá chois.
a dhá láimh thart ar mo ghlúin his two arms around my knee
" Chuir sé a dhá láimh thart ar mo ghlúin agus d’fhéach sé aníos orm agus dúirt: “Céad míle fáilte go hÉirinn.
dúlra atá slán anois ó láimh an duine nature now free from the imposition of man
" Tírdhreach álainn, éagsúil, dúlra atá slán anois ó láimh an duine faoi choimirce na Geopháirce.
aistí scríofa de láimh handwritten essays
" Cúltacaigh gach Ní! ======= Nuair a d’fhreastail mé ar an ollscoil (agus táimid ag druidim le 20 bliain ó thosnaigh mé ann!) bhí cead againn aistí scríofa de láimh a thabhairt isteach.
Gheobhadh sí aon rud a dhéanamh lena láimh she could turn her hand to anything
" Gheobhadh sí aon rud a dhéanamh lena láimh chomh maith.
láimh leis an teach cónaithe next to the house
" Bhí ceann acu san eaglais i Llanwenog, Ceredigion, láimh leis an teach cónaithe a bhí againn féin tráth.
meascán de ghliceas agus den láimh láidir a mixture of cuteness and violence
" Cé gur fhás sé aníos beo bocht sna sléibhte os cionn na Meánmhara, dhreap Hafez dréimire an airm óna óige, agus d'éirigh leis uachtaránacht na Siria a bhaint amach le meascán de ghliceas agus den láimh láidir sna 1960aí agus na 1970aí, ag marú nó ag gabháil gach duine a sheas ina aghaidh.
mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian I tender to you the sun and the moon
" An tabharfar cead dóibh teacht ar ais - an leor iad an tríocha páiste seo chun cur in iúl go mbeadh suim níos mó ann an chéad uair eile? Nó an mbeadh hypersexualisation pléite ag an Seanad mairtheanach s’againn féin? > ‘A iníon bhán, seo dearbhú ó do mhaithrín go mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian is go seasfainn lem chorp féin idir dhá bhró an mhuilinn i muilte Dé chun nach meilfí tú mín mín.
Go tobann ón láimh dheis suddenly from the right
" Go tobann ón láimh dheis, tháinig corradh le céad duine, iad gléasta in éide dhorcha agus thuig mé gur seo na Giúdaigh agus iad ag siúl i dtreo na seomraí gáis.
ach láimh an mháistir a bheith á stiúradh when a skilled hand held the oar
" Curach an Teifi, an 'corwg' nó 'cwrwgl', is ciseán báid atá ann, seas amháin inti, í corrach, bambairneach ar an uisce, ach déanamh na huibhe uirthi nach mór, agus í beagbheann ar an sruth dá réir ach láimh an mháistir a bheith á stiúradh.
lámh ar láimh leis an dífhostaíocht arm in arm with unemployment
" Chuaigh an seicteachas lámh ar láimh leis an dífhostaíocht: *‘Within Glasgow, unemployment was keenly felt among working-class Protestants, who had traditionally enjoyed a near monopoly of skilled industrial occupations and the relatively high and secure wages that these offered.
lámh ar láimh leis in line with
" Ar a suíomh fá choinne forbróirí feidhmchláiríní Android, tugtar an chomhairle seo a leanas chun cinntiú go bhfuil feidhmchláiríní inrochtana lámh ar láimh leis an gcóras *TalkBack*: ● Déan nascleanúint iomasach ● Bain úsáid as tomhaisí molta do thargaid ● Tabhair lipéidí ciallmhara do ghnéithe an CU (comhéadán úsáideora) ● Tabhair rogha ar ghnéithe idirgníomhacha ar a ritheann am istigh ● Bain úsáid as rialtáin chreatlaigh chaighdeánacha nó cumasaigh TalkBack do rialtáin chustaim ● Bain triall as tú féin.
mbainfidís úsáid as an láimh láidir they would use violence
" Agus ní dóigh liom go mbainfidís úsáid as an láimh láidir le greim a choinneáil ar an chumhacht.
ina láimh acu in their hand(s)
" Is cosúil go bhfuil go leor ag éirí as nuachtán a cheannach go laethúil, mar go bhfuil sé ar fáil ar líne, ach fós féin atá ag iarraidh go mbeadh nuachtán clóite ina láimh acu ag deireadh na seachtaine le haghaidh ‘lean back screen-free reading’, mar a thug sí ar cheann de na pléisiúir is mó atá fanta agam, san aois ina bhfuilim.
níor tugadh ach 18 ar láimh only ... were handed over
" As an 145 taifead a bhí i seilbh na Roinne agus a bhain leis an chinneadh, níor tugadh ach 18 ar láimh.
láimh le beside
" Oíche cheoil a tionóladh láimh le baile Aberteifi (Cardigan) an ócáid.
raibh an láimh in uachtar ag an teanga nua where the new language was top dog
" Chuir an oíche aimsir m'óige i gcuimhne dom nuair is tír gan Bhéarla a bhí sa mBreatain Bheag dar liom, ní hionann agus Éirinn, áit a raibh an láimh in uachtar ag an teanga nua.
láimh leis an teorainn beside the border
" Is i gceantar an Chaisleáin Dheirg atá muid, láimh leis an teorainn idir Dún na nGall agus Doire, tamall siar ón dúiche arbh as Séamas Heaney agus a mhuintir.
láimh le beside
" Chuimhnigh mé ó shin ar phíosa seanchais a thóg RTÉ thart ar 1960 ó Mhícheál Ó Coincheanainn láimh le hEanach Cuain i gContae na Gaillimhe.
ar an láimh eile on the other hand
" Cinnte, bhí mé ag iarraidh preab a bhaint as daoine, ag iarraidh rud úr nua a dhéanamh, ach ar an láimh eile, bhí mé ag plé le foilsitheoir nua.
bhí deacracht agam an dá láimh a choinneáil sínte síos I had a problem keeping the two arms straight down
" Rinne mé an dá rud an t-am sin, an rince céime agus an sean-nós, ach bhí deacracht agam an dá láimh a choinneáil sínte síos nuair a bhínn ag rince dóibh! (gáire) Chuaigh muid go Nua-Eabhrac an bhliain dár gcionn, ach d’fhág mé mo bheannacht ag an rince ina dhiaidh sin i ndáiríre.
Láimh le near to
" Láimh le baile Oswestry ar thaobh Shasana den teorainn, is seanamhráin Bhreatnaise a bhí á rá, agus is cainteoirí dúchais Bhreatnaise ón áit a bhí sna hamhránaithe.