Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a dhéantar a láimhseáil which are handled
" Stíl í atá bunaithe ar scileanna bunúsacha an chluiche, scileanna a dhéantar a láimhseáil agus a iomramháil go beacht agus go héifeachtach, le luas agus le máistreacht.
airgeadas a láimhseáil to deal with finances
" Mar shampla, is gá eagrúchán a dhéanamh ar an tSeachtain, dearadh a dhéanamh ar fhoilseacháin na Seachtaine, comhordú a dhéanamh ar na himeachtaí, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do na grúpaí atá ag eagrú imeachtaí, airgeadas a láimhseáil, urraíocht a fháil, déileáil leis na meáin chumarsáide, srl.
a láimhseáil to handle
" Anois, cad é an chiall atá leis sin? An gciallaíonn sé go ligfidh Rialtas na Breataine don DUP an luas lena mbogann an próiseas chun tosaigh a láimhseáil? Nó an gciallaíonn sé go gcuirfear i bhfeidhm modhanna oibre a ligfidh don Fheidhmeannas agus don Tionól agus a chuid coistí bheith níos éifeachtaí gan an Comhaontú a bhriseadh? Measann náisiúnaithe go bhfuil an chéad léamh beacht; deir aontachtaithe nach bhfuil siad ach ag iarraidh feabhas a chur ar obair na n-institiúidí.
a láimhseáil to handle
" Tá guthán Firefly, a rinne athair in Illinois a dhearadh, níos lú na gutháin phóca eile, agus dá bhrí sin tá sé níos fusa ag páiste é a láimhseáil.
iad a láimhseáil to handle them
" Is scil ann féin é bheith in ann plé le láithreoirí agus iad a láimhseáil – sin rud atá in easnamh, go mór mór i gcás léiritheoirí.
á láimhseáil againn being handled by us
" An bhfuil an dúshlán sin á láimhseáil againn i mbealach straitéiseach go leor? Tá Conradh na Gaeilge sásta neart picéad a eagrú; tá achainí ar líne curtha ar fáil ag Glór na nGael agus tá siad ar a ndícheall ag iarraidh plé polaitiúil a chothú ar an cheist.
maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáil which regards to the way in which the commemoration would be handled
" Ba é an comhdhearcadh, dar le Myers, ar thángthas air sa tír seo maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáil ná go ndéanfaí é a cheiliúradh agus go mbronnfaí stádas an laoich orthu siúd a bhí ina bhun.
láimhseáil handling
" Tá taithí na mblianta fada ag na húdaráis san Astráil ar láimhseáil na dtinte faoin tuath, agus éiríonn leo, den chuid is mó, iad a cheansú, nó iad a choimeád faoi smacht ar a laghad.
láimhseáil an eolais handling, usage of knowledge
" B’fhearr liom díriú ar láimhseáil an eolais atá ar fáil cheana féin, eolas as tíortha eile isteach san áireamh, sa chaoi go mbeimis in ann eolas a cheannach nuair a theastódh uainn eolas a cheannach, ach an t-eolas go léir a tháthú agus a nuálú, a chur ar an margadh, nó a chur chun tráchtála, nó commercialize mar a deir an Béarla.
Láimhseáil handle(d)
" Láimhseáil sách maith déanta aige ar athchaipitliú na mbanc ach amhras mór ag baint le héifeacht NAMA.
scaifte a láimhseáil to handle the crowd
" Comhdháil bhliantúil atá ann agus thig le hOllscoil ar bith cur isteach chun é a reáchtáil, ach tá an tOllamh Bakka a thabhairt go hOllscoil NUTU i dTrondheim le roinnt blianta anois - creidim cionn is go bhfuil Lochlannaigh Ríocht na hIorua chomh saibhir, agus, cinnte, bheadh roinn Ethnochoreology Ollscoil Luimnigh róbheag lena dhéanamh nó ghlacfaí foireann mheasartha mhór leis an scaifte a láimhseáil.
láimhseáil to handle
" Thiocfadh liom Willie O Dea a cheapadh ina ghinearál orthu; tá taithí aigesean ar uirlisí troda a láimhseáil.
láimhseálann handle
" Siadsan na húdaráis a láimhseálann cumhacht.
á láimhseáil being manipulated
" Níl ár gcuid mothúchán á láimhseáil ná ár dtreorú le ceol aige ach oiread.
láimhseáil to handle
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
ar láimhseáil handled
" Dar le cách ba chóir go mbeadh cic saor ag na hÉireannaigh an tráth ar láimhseáil Mac Annraoi an liathróid agus rinneadh, dá bhrí sin, éagóir ar fhoireann na hÉireann.
láimhseáil to handle
" Mar a dúirt an réiteoir aitheanta liom: “b’fhearr liom féin agus le réiteoirí eile, fearg agus droch-chaint mhailíseach a bheith dírithe orainn féin ná ag imreoirí ar a chéile mar go mbíonn sé níos éasca fearg an imreora a láimhseáil sa chomhthéacs sin ná mar a bhíonn nuair a dhíríonn sé a fhearg ar imreoir eile”.
lucht láimhseála handlers
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil faitíos ar a lucht láimhseála é a scaoileadh amach ar an bpáirc imeartha róluath, ar eagla na heagla go ndéanfadh sé níos mó dochar ná maitheas do chás a pháirtí.
láimhseáil to handle
" Caithfidh an Lucht Oibre an chodarsnacht soiléir a láimhseáil idir a bheith ag caint faoi Éamonn Gilmore a bheith ina Thaoiseach agus a bheith ag diúltú ag an am céanna aon iarracht a dhéanamh tacaíocht a lorg ó Shinn Féin agus ó iarrthóirí ar an eite chlé ar nós Joe Higgins, Finian Mc Grath, Catherine Murphy agus Séamas Healy, a mbeadh fonn orthu vótáil do Gilmore dá mbeadh An Lucht Oibre dáiríre faoi Gilmore a bheith ina Thaoiseach ar an gcéad rialtas eile.
ag láimhseáil handling
" Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
láimhseála of being handled
" Thar aon ní eile is áis tagartha é *QuickGuide™ Irish Grammar* atá furasta a iompar ach mar gheall ar an bpáipéar lannaithe, tá sé láidir agus seasfaidh sé saol fada láimhseála.
láimhseáil handle
" Níl ar dhuine ach a chruthú go bhfuil sé in ann gunna a láimhseáil agus a chruthú nár ciontaíodh as coir riamh é.
láimhseáil tíortha éagsúla various countries handled
" An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair? Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
bagairt mar seo a láimhseáil to handle a threat like this
" Ar ndóigh, tá neart áiseanna ag na póilíní le bagairt mar seo a láimhseáil, go mór mór tar éis na gcíréibeacha anuraidh.
tá idir ghreann agus éadroime ina láimhseáil there’s both comedy and light-heartedness in how it’s dealt with
" Más ábhar tromchúiseach é sin, tá idir ghreann agus éadroime ina láimhseáil.
an geilleagar a láimhseáil to manage the economy
" Léirítear arís agus arís eile sna pobalbhreitheanna nach bhfuil muinín ag daoine a thuilleadh as a chumas an geilleagar a láimhseáil agus nach bhfuil san fhoirmle ‘travailler plus pour gagner plus’, foirmle a bhíodh le cloisteáil go minic ó bhéal Sarkozy le linn feachtas toghchánaíochta 2007, ach focla folmha.
suíomhanna áirithe a láimhseáil to manage particular sites
" ) Sa triaróg seo cé go bhfuil nanóicí liogacha ag na carachtair ar fad, nach mór, a ligeann dóibh cumarsáid a dhéanamh thar ghréasán gan trealamh ar bith eile allamuigh agus cé go bhfuil siad in ann ceimicí áirithe a scaoileadh chun cabhrú leo suíomhanna áirithe a láimhseáil, tá na brúanna céanna orthu is atá orainn ar na saolta seo.
nach féidir léi an brú a láimhseáil she can’t handle the pressure
" Ní féidir linn an locht a chur ar Lehane amháin, áfach! Barraíocht in Aon Ualach Amháin ================ Tá neamhchothroime san athchóiriú agus tá formhór na línte ag Lehane, agus is dócha nach féidir léi an brú a láimhseáil.
le cuidiú léi cúrsaí gnó a láimhseáil to help her handle the business side of things
" An Fuadar nach bhFeictear ========== Tá an oiread sin ag titim amach i saol Julie gurbh éigean di beirt a fhostú le cuidiú léi cúrsaí gnó a láimhseáil, cúrsaí a théadh sí i ngleic leo í féin roimhe seo.
láimhseálann handle
" Má tá tú ar thóir a leithéid bí ag faire amach do: sciath GSM a chiallaíonn nach mbeidh ort an guthán a chur ar ‘mhodh eitleáin’ nó ‘Airplane Mode’; conas a láimhseálann na callairí na nótaí is ísle; agus an tacaíocht atá taobh thiar den iPod chun an brú ar an nascóir a laghdú.
as an dóigh ar láimhseáil siad iad féin how they handled themselves
" Tá ardmholadh agus meas as an úr a thabhairt i measc náisiúnaithe do Naomi Long agus do David Ford as an dóigh ar láimhseáil siad iad féin le linn na trioblóide.
acmhainní acu leis na fadhbanna seo a láimhseáil resources to handle the problems
" Caithfidh na póilíní ar Merseyside aitheantas a thabhairt don fhrith-Éireannachas agus don chiníochas atá sa chathair agus ba chóir go mbeadh acmhainní acu leis na fadhbanna seo a láimhseáil.
in ann fostaíocht ar an oileán a láimhseáil níos fearr on the island able to handle employment better
" Bheadh eagraíocht amháin in ann fostaíocht ar an oileán a láimhseáil níos fearr.
a bhí ag láimhseáil an iarratais who was handling the application
" Mhol an cigire ón Bhord Pleanála a bhí ag láimhseáil an iarratais go mbronnfaí cead pleanála air a fhad is go gcomhlíonfaí coinníollacha áirithe.
láimhseála ar an mbóthar de of roadhandling
" Féachaint an Bhóthair ======= Ó thaobh láimhseála ar an mbóthar de, tá an 159 i bhfad níos fearr ná an 156.
láimhseáil cheamara agus eagarthóireacht using a camera and editing
" 
Bhí suim riamh aici sa taobh theicniúil den tionscal, láimhseáil cheamara agus eagarthóireacht, srl.
le gunna a láimhseáil agus a scaoileadh to handle and shoot a gun
" Féach an bheirt sin thall; sin James Gandolfini ag caint le Stormin’ Norman Schwarzkopf agus James ag taispeáint do Norman an dóigh cheart le gunna a láimhseáil agus a scaoileadh.
láimhseáil sé scéal a nia he handled his niece’s story
" Go malltriallach, tá cuimhne ag teacht chuige faoin dóigh ar láimhseáil sé scéal a nia, Áine Dahlstrom ar bhain a hathair, Liam Adams, deartháir Gerry, mí-úsáid gnéasúíl aisti.
ag tarraingt na gcos i láimhseáil na n-achomharc delaying in handling the appeals
" A fhad is go bhfuil Oifig an Choimisinéara Faisnéise ag tarraingt na gcos i láimhseáil na n-achomharc, cén t-iontas má leanann comhlachtaí stáit ag glacadh léirmhíniú an-chúng ar an reachtaíocht.
láimhseáil to handle
" Cé go mbeadh fonn ar a lán daoine gearán a dhéanamh maidir leis an leagan Gaeilge ar chomhartha, níl aon oifig lárnach ann le cumhachtaí dlíthiúla chun an cheist a láimhseáil.
láimhseáil handling
" Deineadh láimhseáil ábhairín níos fearr ar an phróiseas a tháinig sna sála air ach bhí sé mar thoradh air go raibh go leor daoine a shaothraigh go díograiseach ar son na teanga ar feadh na mblianta fada fágtha ar an trá fholamh, gan trua, gan taise.
chun an méala a láimhseáil to handle the bereavement
" Dar leo, ní féidir créachtaí doimhne caillteanas mar sin a leigheas ach gur féidir le Féileacáin tacú leis an teaghlach chun an méala a láimhseáil ar an dóigh is fearr agus is féidir.