an lámh in uachtar
the upper hand
Ó thuaidh, taispeánadh go raibh
an lámh in uachtar ag an pholaitíocht.
an lámh in uachtar
the upperhand
Ag Coláiste Chiaráin a bhí
an lámh in uachtar go luath sa chluiche agus an scór tar éis 14 nóiméad ná 2-2 i gcoinne 0-1.
an lámh in uachtar
upper hand
D'éirigh le hÁth Cliath
an lámh in uachtar a fháil sa chluiche athimeartha agus Craobh na hÉireann a bhuachaint ina dhiaidh sin, ach bhí mothú láidir i measc imreoirí na Mí nárbh fhada go mbeadh
an lámh in uachtar acu féin ar na *Dubs*.
an lámh in uachtar
the upper-hand
Díreach tar éis do dhaoine
an lámh in uachtar a fháil ar *Blaster*, thosaigh *Sobig.
an lámh in uachtar
the upper hand
Beidh cuimhne i gcónaí ar 2003 mar an bhliain ina bhfuair an DUP
an lámh in uachtar ar an UUP agus ar cruthaíodh arís gurb é Sinn Féin páirtí náisiúnach na todhchaí.
an lámh in uachtar
the upper hand
Is cosúil nach timpiste a bhí ansin ach cuid de straitéis na hAstráile a thugann
an lámh in uachtar dóibh go ceann blianta fada cuma cén toradh a bheas ar an scéal.
an lámh in uachtar ar
the upper hand on
Sna toghcháin dheireanacha, chóir a bheith go bhfuair John Hume
an lámh in uachtar ar Ian Paisley.
an lámh in uachtar a fháil ar an UUP
to gain the upper hand on the UUP
D'éirigh leis an DUP
an lámh in uachtar a fháil ar an UUP agus is iad atá ag labhairt anois thar ceann an phobail aontachtaí.
an lámh in uachtar a fháil orm
to get the better of me
Bhí mé lag mar dhuine - bhí mé róghoilliúnach agus bhí sé éasca
an lámh in uachtar a fháil orm.
an lámh in uachtar
the upper-hand
Nuair a bunaíodh an Phríomhroinn, de bharr a gcuid saibhris bhí Man Utd in ann
an lámh in uachtar a bheith acu bliain i ndiaidh bliana agus ní raibh gearán ag an lucht leanúna ina thaobh sin.
an lámh in uachtar
the upper hand
Roimhe seo, ba ag an IRA, ag an eite mhíleata, a bhí
an lámh in uachtar agus Sinn Féin mar eagraíocht thacaíochta.
an lámh in uachtar
the upper hand
Is léir fosta gur cheart moltaí Thuarascáil Hanley a chur ar an mhéar fhada go dtí go bhfaighfimid
an lámh in uachtar ar MRSA.
an lámh in uachtar
the upper-hand
An brainse feidhmitheach, an brainse reachtach agus an brainse dlíthiúil na trí cinn atá sa rialtas, agus trí smacht a choinneáil ar a chéile, cinntíonn siad nach bhfaigheann ceann amháin acu
an lámh in uachtar ar cheann ar bith eile.
an lámh in uachtar a fháil
to get the upperhand
D’imir formhór na foirne go fíormhaith agus ag leath ama bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh deis iontach acu
an lámh in uachtar a fháil.
an lámh in uachtar a fháil ar an ól
to get the better of the drink
D’éirigh le cuid acu
an lámh in uachtar a fháil ar an ól tar éis troid dian ach bhí fulaingt agus crá ag baint leis ó thaobh a muintire gan trácht orthu féin.
an lámh in uachtar
the upper hand
Chuir sé agallamh ar dtús ar an Taoiseach, Parthalán Ó Hernia, agus d’fhiafraigh sé de cad chuige nár chuir sé a sheanchara dílis Liamó Fitzo ar an ticéad i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh, mar a gheall sé dó go sollúnta agus go poiblí agus go dotharraingtsiarach aimsir an olltoghcháin dheiridh:
“Bhuel, a Bhaloir, *loike, ya know*, caithfidh mé mo chos is fearr a chur chun tosaigh chun
an lámh in uachtar a fháil ar an dream eile, agus ní mór dúinn ar fad seasamh gualainn le gualainn, ár dtóin leis an ghaoth agus ár mbolg leis an fharraige chun ár gcloigeann a choinneáil os cionn uisce agus ár srón a fháil thar an líne ar dtús.
go raibh an lámh in uachtar le bheith ag Ciarraí
that Kerry was going to have the upper hand
Ach bhí an bua ag Ciarraí i gcluiche ceannais na sraithe náisiúnta i 1977 agus bhí imní ar lucht leanúna Átha Cliath
go raibh an lámh in uachtar le bheith ag Ciarraí sa chraobhchomórtas cúpla mí ina dhiaidh sin.
lámh in uachtar
upper hand
D’ainneoin na n-ionsaithe, beidh
lámh in uachtar ag Kevin Rudd san olltoghchán, de réir gach pobalbhreithe le bliain anuas.
fuair na páirtithe fríth-Ghaeilge an lámh in uachtar.
the anti-Irish language parties got the upper hand.
Ach, mar is dual don chluiche polaitiúil sa Tionól,
fuair na páirtithe fríth-Ghaeilge an lámh in uachtar.
lámh in uachtar
upper hand
Le fada an lá, táimid ag éisteacht le scéalta mar gheall ar dhúshaothrú sa tionscal ceoil, ach faoi dheireadh, leis an réabhlóid dhigiteach agus an dul chun cinn sa teicneolaíocht, is cosúil go bhfuil an
lámh in uachtar ag na ceoltóirí.
lámh in uachtar
upper hand
Tá an
lámh in uachtar ag an teilifíseán sa teaghlach sa lá atá inniu ann.
an lámh in uachtar
the upper hand
Scéalta a bhaineann le traidisiún ársa scéalaíochta na hIndia a bhíonn á n-insint acu, ina bhfaigheann na maithe
an lámh in uachtar ar na hoilc i gcónaí.
lámh in uachtar
upper hand
Le fiche
bliain anuas, tá
lámh in uachtar i ndiaidh a bheith ag na hAstrálaigh ar an mBreatain, ach amháin an iarraidh seo nuair a chríochnaigh siad chun deiridh ar an tsean-namhaid.
an lámh in uachtair
the upper hand
Bíonn scéal láidir i gcónaí mar chuid de gheamaireacht agus ‘an mhaith’ ag fáil
an lámh in uachtair ar an olc.
lámh in uachtar
upper hand
D’éirigh le Washington an
lámh in uachtar a fháil ar na Sasanaigh agus toghadh é ina chéad Uachtarán ar na Stáit Aontaithe.
an lámh in uachtar
to gain control of
Ba gheall le bua é an toradh ó thaobh foireann Átha Cliath de sa mhéad is gur éirigh leo rud a dhéanamh nár éirigh le Tiobraid Árann ná le Corcaigh a dhéanamh agus ba é sin Cill Chainnigh a chur faoi bhrú agus
an lámh in uachtar a fháil orthu ar feadh tréimhsí suntasacha den chluiche.
an lámh in uachtar
the upper hand
Fuair páirtí an Congress
an lámh in uachtar ar an BJP in olltoghchán 2004, ach ba ar éigin é, agus bhí an tír idir dhá cheann na meá ó shin.
lámh in uachtar
overcame
Bíonn ar gach éinne ligint orthu, go maireann, ní hamháin an DDR, ach go bhfuair an Cumannachas an
lámh in uachtar ar an gCaipitleachas! Spléachadh anseo: http://www.
an lámh in uachtar
the better, overcome
Deir sé gurb é an fáth nár éirigh le Fear Manach
an lámh in uachtar a fháil ar Ard Mhacha nach raibh na himreoirí sách maith i mbun chiceáil na liathróide, cé go raibh siad iontach á cur ar aghaidh trí bhíthin an phas láimhe.
lámh in uachtar
upper hand
An
lámh in uachtar atá uaidh ar pheacacht nádúrtha an duine, sin an méid.
lámh in uachtar a fháil
to get the better
Céard é do mheas ar an gcor sa scéal scathamh ó shin, breith an Bhoird Phleanála in aghaidh an chomhlachta ar láimh amháin agus an géibheann a cuireadh ar Pat O Donnell ar na mallaibh? MÓS: Maidir linne i dtosach, níl muide anseo ag iarraidh bua, níl muide ag iarraidh an
lámh in uachtar a fháil ar éinne ná ní shin é atá i gceist againn.
lámh in uachtar
the upper hand
Cén fáth é sin? An mbaineann sé le dúchas, le cine, le dearcadh, le tuiscint nach bhfuil ag imreoirí sna contaetha eile? Tá imreoirí maithe ag contaetha eile gan amhras, ach teipeann orthu níos minice ná a chéile an
lámh in uachtar a fháil ar na Ciarraígh.
lámh in uachtar
upper hand
Chun Craobh an Domhain a bhuachan i mbliana, b’éigean do Katie an
lámh in uachtar a fháil ar dhornálaithe as na tíortha is mó ar domhan – An India, An Bhrasaíl, An Rúis, Na Stáit Aontaithe agus an tSín.
an lámh in uachtar
get the better, overcome
Muna mbíonn an-rath ar fheachtas José Serra idir seo agus sin, níl dabht ar bith faoi ach go mbeidh
an lámh in uachtar ag Dilma Rousseff: na daoine a thug ‘vóta agóide’ do Marina Silva sa chéad bhabhta, níl baol ar bith go dtabharfaidh siad tacaíocht do José Serra.
lámh in uachtar
upper hand
Is ag Sgioba na hAlba a bhí an
lámh in uachtar sa chéad leath mar is acu sin a bhí cóir na gaoithe.
lámh in uachtar
upper hand
Agus 56% de na vótaí aici, fuair Rousseff an
lámh in uachtar ar a céile comhraic, José Serra ó Pháirtí an Daonlathais Shóisialaigh Bhrasaíligh (PSDB.
lámh in uachtar
victory
Is ríléir don té atá eolach ar an gcaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus Iosrael go bhfaigheann “stát na nGiúdach” an
lámh in uachtar beagnach i gcónaí.
fuair sé an lámh in uachtar ar
he won against
D'fhreastail sé ar an Seanad arís ó 1983 go dtí 1987 nuair a
fuair sé an lámh in uachtar ar Coogan an iarraidh seo agus ar ais leis chun na Dála, ag gnóthú aireachta dó féin, Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus é i gceannas air nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) i 1996, beart a bhfuil sé an-mhórtasach as.
tá an lámh in uachtar ag
have the upper hand
Tá géarchéim geilleagair faoi lántseoil faoi láthair arís agus, arís eile,
tá an lámh in uachtar ag baincéirí, amhantóirí, na forais airgeadais agus iad ag cur brú ar rialtais an fód a sheasamh amhail is nach bhfuil ann ach bealach amháin chun cinn.
ag fáil an lámh in uachtar orainn
getting the better of us
Anois, freagairt do cheiste, bealach na hIoruaidhe, bealach na Scigirí agus tíortha beaga eile atá ar cóimhéid linn ó thaobh daonra dhe agus atá beo agus atá
ag fáil an lámh in uachtar orainn ar mhargaí!
Chuir muide ceithre mhíle dhéag tonna bradán feilme ar fáil sa tír seo i mbliana.
an lámh in uachtar a fháil ar
to overcome
Bhí ar gach fear obair ar a chonlán féin de réir an traidisiúin agus
an lámh in uachtar a fháil ar a chéile comhraic.
an lámh in uachtair ag
had the upper hand
Bhí
an lámh in uachtair ag Facebook ó chianaibh leis an gcnaipe *"Like"* atá le feiceåil fud fad an idirlín ach anois is féidir aon ní a *“plus-one”*-áil.
an lámh in uachtar
the upper hand
Ar ndóigh, níorbh é an t-imeacht a d'eagraigh *Families Acting for Innocent Relatives* atá i gceist agam ach turas na mílte Ultach a fhad leis an Staid *Aviva* i mBaile Átha Cliath do chluiche leathcheannais Chorn *Heineken* ina bhfuair foireann rugbaí Chúige Uladh
an lámh in uachtar ar Dhùn Èideann le háit a ghnóthú i gcluiche ceannais an chomórtais in éadan Chuige Laighean i *Twickenham*.
dar thug an lámh in uachtar don Iarthar
which gave suzerainty to the West
Gach uair a labhraíonn Ferguson fé fhréamhacha ár “sibhialtacht domhanda” nó fés na *“killer applications”*
dar thug an lámh in uachtar don Iarthar nó fé bhorradh as cuimse na Síne, is maith is cuimhin liom an t-alt sin in aiste Nietzsche nuair a mhaíonn:
*“What is history then other than the way in which the spirit of man takes in the events which are impenetrable to him, something in which only God knows whether there is a relationship holding it together, in which that spirit replaces an incomprehensible thing with something comprehensible, from the outside underwrites with his ideas of purposefulness a totality which really can be known only from within, and also assumes chance events, where a thousand small causes were at work.
an lámh in uachtar a fháil ar
to overcome
Chuaigh sé rite le Katie
an lámh in uachtar a fháil ar an Rúiseach agus bhí an toradh éiginnte ag an deireadh.
an lámh in uachtar leis
has the upper hand
Riail daingean sa pholaitíocht is ea é go mbíonn buntáiste ag an sealbhóir i gcónaí, agus más ea, is cosúil go bhfuil
an lámh in uachtar leis an Uachtarán Barack Obama, agus go n-éireoidh leis fanacht in oifig go ceann ceithre bliana eile, ach ní gá do dhuine ar bith, an tÉireannach san áireamh, breathnú siar rófhada i dtoghcháin uachtaránachta chun feiceáil nach ag an iarrthóir tosaigh i gcónaí a bhíonn an bua!
Ach tá dúshlán faoi leith roimh na Poblachtánaigh i mbliana.
an lámh in uachtar ag
have the upper hand
Tá 18 suíochán faoi chaibidil i mbliana, ach is cosúil go bhfuil
an lámh in uachtar ag na Daonlathaigh, agus na pobalbhreitheanna ag taispeáint go mbainfidh siad tuairim is 10 gcinn.
an lámh in uachtar a bheith acu
they shall have control
Is mór an tionchar a bhíonn ag cláir fógraí ar aeistéitic áite, gan amhras, ach an féidir chomh maith creimeadh áirithe a bhrath ar chaighdeán morálta na n-údarás poiblí a leanann beartais mar seo? Deir Hanno Rauterberg, a scríobhann don nuachtáin Gearmánach, Die Zeit, gur cineál deachtóireacht nua atá san fhógraíocht nach bhfuil duine ar bith ábalta a sheachaint agus, le himeacht aimsire, go nglacfar leis mar rud atá, ní hamháin ‘nádúrtha,’ ach go bhfuil sé de cheart ag fógróirí
an lámh in uachtar a bheith acu ar spásanna poiblí.
Bhí an lámh in uachtar ag
had command
Bhí an lámh in uachtar ag Banc na Medici, clann baincéireachta a bhí i réim ar feadh an chuid is mó den aois sin agus a thug mórthacaíocht d’aos dána na linne.
is minic a bhíonn an lámh in uachtar ag Paloma orthu
P. often gets the better of them
Le cabhair óna cairde, an máistir scoile Ó Dónaill agus Marika, teifeach as an mBoisnia,
is minic a bhíonn an lámh in uachtar ag Paloma orthu.
an lámh in uachtar
win, the upper hand
Réiteach pragmatach nó teip pholaitiúil? An bhfaighidh Tadhg-an-dá-thaobhachas na polaitíochta
an lámh in uachtar nó an mbeidh sé de mhisneach ag Teachtaí áirithe vótáil astu féin ar an gceist seo? Beidh le feiceáil.
an lámh in uachtar
(don’t obtain) victory
”*
Is léir do chách áfach nach bhfaigheann na haingil is uaisle
an lámh in uachtar le linn reifrinn, agus sin a chúis gur cuireadh reifrinn ar ceal d’aon ghnó san Afraic Theas de chuid Mandela agus sa Ghearmáin tar éis 1945.
faigheann an lúcháir a fhaighim uathu sin an lámh in uachtar ar
the joy I get from them overcomes
Sa bhaile, tá clann agus cairde agam agus
faigheann an lúcháir a fhaighim uathu sin an lámh in uachtar ar chogadh bréagach Stormont.
an lámh in uachtar a fháil
to gain the upperhand
Ach dáiríre, ní chóir iontas a bheith ar aon duine gur éirigh le Luimneach, an uair ba mhó nach raibh súil ag aon duine leis,
an lámh in uachtar a fháil ar Thiobraid Árann: go rialta sna blianta siar rinne foirne Luimnigh an gaisce céanna.
ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile
trying to best each other
Ní maith liom go bhfuil daoine, saghas
ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile.
gur cheart an lámh in uachtair a fháil air
(he) ought to better him
Mhol mé do “Cúige Uladh”
gur cheart an lámh in uachtair a fháil air le freagra cliste ar mo phointe faoin schadenfreude thuasluaite.
fuair tionscnamh eile ó Chorcadorca an lámh in uachtar
another project of C. bettered
Cúpla bliain i ndiaidh dráma na Páise seo,
fuair tionscnamh eile ó Chorcadorca an lámh in uachtar fiú ar aisteoireacht spleodrach D’Aughton.
an lámh in uachtar
‘have the clout’
I gcás na hÉireann, áfach, is ar chainteoirí an Bhéarla ‘atá na brístí’, nó
an lámh in uachtar.
an lámh in uachtar a fháil ar an olc
overcome evil
Ach tá an Afraic Theas de dhíth orainn go léir mar splanc dóchais, a léireoidh dúinn gur féidir an éagóir agus an bhrúidiúlacht a shárú agus gur féidir leis an daonnacht
an lámh in uachtar a fháil ar an olc agus ar an dearg-ghráin – agus é sin a dhéanamh go mórchroíoch agus gan fuil a dhoirteadh.
an lámh in uachtar a fháil
to obtain the upper hand
Anuas ar sin, tá ceannaire na Rúise, Vladimir Putin, crua neamhghéilliúil agus tá sé mar sprioc ina chroí istigh
an lámh in uachtar a fháil ar an Iarthar chomh minic agus is féidir.
mbeidh an lámh in uachtar ag
shall reign supreme
Mar fhreagra air seo, deir siad siúd nach bhfuil geanúil ar a phlean, nach mbeidh de thoradh air ach go
mbeidh an lámh in uachtar ag an tsiamsaiocht chorparáideach sa deireadh agus tionscnamh ealaíonta na scannaíochta agus na daoine atá fostaithe ann thíos leis.
an lámh in uachtar ar
(got) the better of
Seo an léamh a baineadh as an scéal: fuair an córas liobrálach caipitlíoch
an lámh in uachtar ar an chóras chumannach.
an lámh in uachtar ar an dóchas
gets the better of hope
Is fíor go bhfuil díomá orainn, ach má fhaigheann an tsoiniciúlacht
an lámh in uachtar ar an dóchas, beidh deireadh linn ar fad.
an lámh in uachtar
the upper-hand
Tá
an lámh in uachtar ag an mBéarla sa Bhruiséil ach tá Rachel Mac Gowan agus roinnt cairde léi ar a ndícheall ag iarraidh a bheith ag cur na Gaeilge chun cinn.
an lámh in uachtar
the upper-hand
Measann Colm Mac Séalaigh go bhfuil an baol ann go bhfuil
an lámh in uachtar á fáil ag na drugaí agus ag an tsaint sa spórt.
Fuair an domhan braonach, gleann na ndeor, an lámh in uachtar ar an scríbhneoir
our dreary world, the vale of tears, overcame the writer
Fuair an domhan braonach, gleann na ndeor, an lámh in uachtar ar an scríbhneoir David Foster Wallace le gairid.