Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lánúin couple
" Thuas staighre, mar shampla, bhí lánúin as an Pholainn agus a n-iníon bheag, lánúin as Gána agus fear as Eritrea.
lánúin couple
" Thosaigh Maureen agus Desmond Ó Cionnaith an siopa sna 40í; ag an am ní raibh ann ach seomra amháin agus an lánúin ina gcónaí i gcúl an tí.
lánúin couple
" Grianghraf de lánúin óg Sheapánach agus iad ar bogshodar.
lánúin couple
" Ach an meallfadh an lánúin seo, an SDLP agus Fianna Fáil, vótóirí breise ó thuaidh? Ní dócha go meallfadh.
lánúin chairdiúil friendly couple
" Bhí siúlóid bhreá fiche bomaite i gceist - suas cnoc agus síos go dtí an cuan eile, áit a bhfuil brú de chuid An Óige agus lánúin chairdiúil darb ainm Richard agus Janet ina bhun.
lánúin óg ghealgháireach nuaphósta ón tSlóvaic a cheerful newly-wed couple from Slovakia
" I measc na n-aíonna, bhí lánúin óg ghealgháireach nuaphósta ón tSlóvaic, agus iad ag ceiliúradh mhí na meala.
an lánúin óg the young couple
" " Phós Bríd fear as a ceantar dúchais féin, Antóin Rodgers, i 1960 ach, ó tharla Antóin a bheith ag obair mar fhiaclóir ar an Lorgain i gContae Ard Mhacha ag an am, b'ansin a bhog an lánúin óg.
lánúineacha couples
" Is é an t-aon lá sa bhliain a ligeann an mháthair a scíth, rud a bhíonn de dhíobháil go crua uirthi; tá sé de nós ag lánúineacha sa tír seo teaghlach mór a bheith acu agus, mar sin, bíonn an mháthair de shíor ag obair sa teach.
lánúin chairdiúil a friendly couple
" Dúirt muid le chéile agus muid ar crith: "Bheadh radharc ar dóigh ann - lá éigin eile!" Ar an bhealach síos, chuaigh mé i mbun comhrá le lánúin chairdiúil ó Dhùn Deagh darbh ainm Charlie agus Kathleen.
lánúineacha aonghnéasascha same-sex couples
" In áit féachaint air seo mar cheist ar cheart do dhaoine cead a bheith acu a rogha féin a dhéanamh mar gheall uirthi, thug an tUachtarán Bush isteach an Leasú Pósta Feidearálach, dlí a chuirfeadh cosc ar lánúineacha aonghnéasascha pósadh.
lánúin couple
" Ach, mar sin féin, is cinnte go bhfuil rath ar an lánúin seo.
go bhfuil rath ar an lánúin seo that this couple is successful
" Ach, mar sin féin, is cinnte go bhfuil rath ar an lánúin seo.
lánúineacha óga young couples
" Phill neart lánúineacha óga - as Albain, Sasana, agus Meiriceá fiú - agus shocraigh siad go ndéanfadh siad iarracht an Ghaeilge a labhairt lena bpáistí.
lánúineacha óga young couples
" Seans fosta go mbeidh buntáiste geilleagrach ann do lánúineacha óga mar go gcáileoidh siad do na tithe a chuirfear ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
lánúin couple
" D’aithin an IRA agus Sinn Féin – amharcaim ar an cheangal idir an dá eagraíocht mar phósadh, ní hionann fear agus a bhean chéile ach is lánúin iad, níl duine amháin i gcónaí freagrach as iompar an duine eile – go raibh féidearthachtaí ann deireadh a chur leis an “streachailt armtha” agus a gcuspóirí a thabhairt chun críche.
lánúin couple
" Dhá bhliain ó shin, phós lánúin ansin! **Tuilleadh eolais:** Archaeolink Prehistory Park, Oyne, Insch, Aberdeenshire.
lánúin couple
" Tá ceathrar mac agus iníon amháin ag an lánúin – casann an mac is sine, Niall, ar an chonsairtín; seinneann Cillian, an dara mac, leis an ghrúpa Lúnasa; bíonn Caoimhín luaite go minic leis an ghrúpa drámaíochta *Dubbeljoint*; tá Lorcan ina ealaíontóir agus, ar deireadh, tá Máire, an t-aon chailín, atá ag teagasc Béarla sa tSeapáin faoi láthair.
Lánúin couple
" Lánúin ó Watford, Louise agus Stewart, a bhí i gceannas an bháirse agus iad ar laethanta saoire lena gclann, agus bhí siad breá sásta síob a thabhairt do bheirt siúlóirí a bhí fliuch báite.
lánúineacha aeracha gay couples
" Ba í an teachtaireacht bholscaireachta ba dhuibhe a bhí ag na Liobrálaigh ná gur dhream iad Harper agus an eite dheas atá ag bagairt ar chearta daonna trí shrian a chur le saoirse mhná a hintinn féin a dhéanamh suas faoi ghinmhilleadh agus trí cheist cead pósta a bheith ag lánúineacha aeracha a athoscailt.
iníon lánúine a chas ar a chéile ar dtús the daughter of a couple who first met
" Ach, mar a deir Deirdre Ní Fhaoláin, iníon lánúine a chas ar a chéile ar dtús sa Chumann sna 1940í, “Táimid ar ais anois, ag fás arís, ag foilsiú *An Gael* ar an idirlíon, agus ag obair ar son athbheochan na Gaeilge ar fud an domhain.
do lánúineacha pósta amháin for married couples only
" Tagairt cháiliúil CJ Haughey don leasú a bhí á mholadh aige siúd ar an dlí, leasú a thabharfadh cead do phoitigéirí coiscíní a sholáthar – do lánúineacha pósta amháin – ar oideas! Is fada ó Ré Dhorcha na n-ochtóidí anois sinn, buíochas le Dia.
lánúin couple
" Bhain tubaiste don lánúin nuair a fuair a gcailín beag, Liza, bás agus gan í ach cúig mhí dhéag d’aois.
le go gclúdófar lánúineacha neamhphósta so that unmarried couples be included
" Mhol siad gur cóir an dlí a leasú le go gclúdófar lánúineacha neamhphósta agus lánúineacha homaighnéasacha sa shainmhíniú.
lánúineacha homaighnéasacha homosexual couples
" Mhol siad gur cóir an dlí a leasú le go gclúdófar lánúineacha neamhphósta agus lánúineacha homaighnéasacha sa shainmhíniú.
an lánúin óg seo this young couple
" Thug an lánúin óg seo a lán cuairteanna ar Bennelong i gcaitheamh an fheachtais, go minic i gcuideachta Maxine McKew, agus labhair siad le grúpaí Síneacha ina dteangacha dúchais.
trí lánúin phósta three married couples
" Dódh dáréag go bás – Protastúnaigh iad uilig, trí lánúin phósta agus seachtar ban ina measc – agus gortaíodh 23 duine eile go dona.
dála go leor lánúineacha eile like a lot of other couples
" Is cuimhin liom ceithre bliana ó shin, agus mé féin agus mo bhean chéile ag ceannach ár gcéad teach, go mbíodh muid – dála go leor lánúineacha eile – ag caitheamh ár ndeirí seachtaine ag dul timpeall na n-eastát nua tithíochta a bhí ag teacht ar an margadh.
cearta iomlána na lánúine traidisiúnta pósta full rights of the traditional married couple
" I ndiaidh don Bhille um Páirtíocht Shibhialta a bheith rite, ní bheidh cearta iomlána na lánúine traidisiúnta pósta ag lánúnacha aeracha ar mian leo a gcaidreamh a dhéanamh foirmiúil ó thaobh an dlí de.
lánúin aerach a gay couple
" Tá an ceann is deise, uimhir 600 amuigh ar cíos ag lánúin aerach is cosúil, a scríobhann scéalta grá faoin ainm cleite “*Judith Gould*”.
lánúine couple
" I gcás na lánúine a mbriseann ar an bhfoighne acu is a théann os comhair na haltóra gan cead, tá gach seans go radfar isteach i ngéibheann iad.
lánúin a couple
" Ó thosaigh an comhlacht Fiacla, lánúin go bunúsach, ag táirgeadh taos fiacaile i ngaráiste beag le taobh an tí, thosaigh mé dhá cheannach.
lánúin phósta married couple
" An fiosrú é ar neamhfhéidearthacht d’aon chaidreamh fírinneach idir fir agus mná? Téann siad isteach i gcaife, agus nuair a théann Shimell amach chun glaoch gutháin a ghlacadh, glacann bean an chaife leis gur lánúin phósta iad.
lánúin óg young couple
" Tá gach gné díobh sin agus eachtraí eile nach iad tábhacht, ní hamháin duit féin ach don lánúin óg atá ina gcónaí i ngar duit ar chimí geilleagair anois iad i dteach nó in árasán a raibh orthu a cheannach mar go raibh gasúr ar an mbealach.
lánúin a couple
" Tá piseog eile faoin dolmain sin, go gcaithfidh lánúin siúl timpeall agus na clocha a chomháireamh, duine ar dhuine.
lánúin chomhghnéis a same-sex couple
" Ritheadh leasú don Acht Bunchíosa náisiúnta sé bliana ó shin, cuirim i gcás, a thug pinsean do dhuine de lánúin chomhghnéis tar éis bhás an chomhpháirtí.
lánúineacha couples
" Níor luaigh sé, áfach, go bhfuil an ceart ag lánúineacha comhghnéis páistí a uchtú agus a altramú, nó fiú iad a bhreith ag baint feidhme as toirchiú in vitro nó as an máthairionadaíocht, cuir i gcás.
lánúineacha couples
" Tá an-tóir ar na hOileáin Mhic Cùga i gcomhair bainiseacha agus mí na meala na laethanta seo, go háirithe i measc lánúineacha as Nua-Shéalainn, an Astráil agus as Meiriceá.
lánúin couples
" Nuair a léigh Sachs an bunreacht óg chun cearta nua a thabhairt do thrúáin éagsúla - thug sé an vóta do choirpigh, ceart pósadh do lánúin homaighnéasacha, agus seans do mháithreacha imeacht as géibheann ar mhaithe lena bpáistí – ní léir an é cumhacht nó leochaileacht a bhí á tháispeáint aige? Díoltas Cuí Polaitiúil ========== Thaispeáin Sachs réimse ait mothúcháin i rith an ama.
lánúin choilíneach colonist couple
" Chuaigh na tablóidí Sasanacha le craobhacha, mar is iondúil leo, ag maíomh go raibh an “lánúin choilíneach” seo ag maslú bhanríon “na hathartha”.
lánúin a couple
" Tagann sé le mála amháin, ach fágann sé le Bean Azaire, Isabelle, ina chuideachta, agus fonn orthu beirt a nganntanas fisiciúil a leigheas i dteannta a chéile mar lánúin.
a n-imríonn an dá lánúin orthu féin the two couples work on each other
" Ach, is oth liom a rá, bíodh is gur bhaineas an-scléip agus craic agus sásamh as an díothú agus an slad agus an choscairt a n-imríonn an dá lánúin orthu féin is ar a chéile le linn fad ochtó nóiméad *‘Carnage’*, ba chuma sa frig liom faoi cad a bhain dóibh ar deireadh.
aontaíonn lánúin mheasctha mixed couples agree
" Is spéisiúla nuair a aontaíonn lánúin mheasctha ar an mhéid a shonraíonn siad sna tíortha éagsúla.
lánúin an scéil the couple in question
" An áit a bhfuil an dá phobal, muintir na hÉireann agus muintir na Polainne an-éagosúil lena chéile ina ndearcadh, dar le lánúin an scéil, is é go n-iompaíonn an tÉireannach ar a acmhainn grinn i ndeireadh báire lena racht a scaoileadh amach trí mhagadh faoi lucht pholaitíochta, lucht údaráis srl.
Chonacthas don lánúin it appeared to the couple
" Chonacthas don lánúin go bhfanann fear na Polainne i mbun na feirge agus an mhíshásaimh agus ní théann i muinín an ghrinn ar chor ar bith, in am ar bith, dá fhaide an comhrá.
an lánúin ag bogadh the couple moving
" Níl ach $5,000 de dhíth orthu chun an togra seo a chur i gcrích! Nuair a smaoiním ar na milliún a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge gach bliain! Chun an togra a chur i gcrích, beidh an lánúin ag bogadh go Tír Chonaill ar feadh dhá mhí chun páirt a ghlacadh i gcúrsa Gaeilge agus máistreacht a aimsiú.
lánúin ag íoc a couple paying
" Chonaic mo dhá shúil féin lánúin ag íoc €45 as eachtraíocht bheag turasóireachta nár mhair tada thar 25 nóiméad.
an lánúin a baineadh de the couple he lost
" Ní léir ar bhain Vidal úsáid as an scríbhneoireacht mar áis leithleach, chun díoltas a bhaint amach ar an saol mór de dheascaibh an mháthar bhrúidiúil a tugadh dó, nó/ agus an lánúin a baineadh de.
Is grástúil an lánúin iad they are a graceful couple
" Is grástúil an lánúin iad Georges agus Anne, iarmhúinteoirí ceoil.
faoi shaol éachtach na lánúine cáiliúla about the famous couple’s lives
" (Beidh féile ar siúl i gClár Clainne Muiris, Contae Mhaigh Eo, ar 29/30 Meitheamh, faoi shaol éachtach na lánúine cáiliúla.
a dtagann lánúineacha nuaphósta where newlyweds come
" Rinneadh an dealbh, atá le feiceáil in aice le Droichead na Lánúineacha i bPairc Khreschatyi sa Chív mar chomóradh ar a ngrá seasmhach, agus, tráthúil go leor, is áit í sin a dtagann lánúineacha nuaphósta lena ngrá a chur in iúl dá chéile.
lánúineacha couples
" Cuireadh go mór leis an bhfeachtas nuair a rinneadh pósadh comhghnéis dleathach sa Nua-Shéalainn i mí Aibreáin na bliana seo agus thug lánúineacha comhghnéis Astrálacha áirithe aghaidh ar ár gcomharsa béal dorais lena mbainis a reáchtáil ann dá bharr.
nach gcaillfidh lánúin a couple shall not lose
" 3% dá leas sóisialach, cuir i gcás, ach nach gcaillfidh lánúin a bhfuil saothrú $180,000 an duine in aghaidh na bliana pingin rua! Bíodh is go bhfuil móramh ag rialtas Abbott i dTeach na nIonadaithe, níl tromlach acu sa teach uachtar agus beidh tacaíocht ó sheisear seanadóirí eile ag teastáil le billí na cáinaisnéise a rith.