Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
suíomh lárnach central location
" Suite i lár na cathrach taobh istigh de na seanbhallaí stairiúla, is cinnte go mbeidh an suíomh lárnach seo an-tarraingteach do chuairteoirí go dtí an chathair chomh maith le bunadh na háite.
lárnach core
" Saibhreas na hÉireann ======= Tabharfaidh an t-ionad úr Gaelach an deis do mhic léinn, idir óg agus lánfhásta, staidéar a dhéanamh ar shaibhreas na hÉireann go leanúnach mar chuid lárnach dá gcuid staidéir.
níos lárnaí more central
" An óige a bheith níos lárnaí agus níos páirtí in obair Ghlór na nGael.
lárnach central
" Tá cumainn mar Chumann Uí Thuathail, Eoghan Ruadh agus Caoimhín ina gcuid lárnach de thraidisiún na hiománaíochta san Ardchathair le breis is céad bliain.
na lárnaigh dheasacha the centre-right
" Tá sé seo amhlaidh san Iodáil ó bhí mí na Bealtaine anuraidh ann nuair a d'éirigh leis na lárnaigh dheasacha (Forza Italia, Alleanza Nazionale agus Lega Nord) tromlach a bhaint amach san olltoghchán.
ceisteanna ba lárnaí the central issues
" Dhiúltaigh muintir na hÉireann do Chonradh Nice agus mhaígh suas le 60% nár thuig siad na ceisteanna ba lárnaí i gceart.
lárnach deasach centre-right
" Tá Príomhaire na hIodáile, Silvio Berlusconi (65), tar éis a bheith ina phearsa chonspóideach i gcúrsaí polaitíochta idirnáisiúnta ó d'éirigh lena pháirtí lárnach deasach, Forza Italia, teacht i gcumhacht arís i mí na Bealtaine anuraidh.
lárnach central
" Chuir sé i gcuimhne do dhaoine chomh lárnach is a bhí an tsráid ó thaobh stair na tíre de.
ríomhaire lárnaigh central computer
" In alt ar "An teach nua-aoiseach ríomhaithe" deineadh cur síos ar conas a bhí comhlachtaí leictreonacha "go gnóthach i mbun oibre ar ghléasanna uile leictreacha agus fiú fuinnimh an teaghlaigh a eagrú agus a chaighdeánú chun an córas go léir a uathoibriú" agus gach rud a chur faoi smacht ríomhaire lárnaigh.
lárnach central
" " Thart ar an am chéanna, bhuail Gerry Kelly, ball sinsearach eile de chuid Shinn Féin, leis an Oirmhinneach Mervyn Simpson, cathaoirleach Choimisiún na nDílseoirí, a bhfuil an UDA/UFF, nó faoina n-ainm cleite Cosantóirí na Láimhe Deirge, ina gcuid lárnach de.
ríomhaire lárnach central computer
" Ach le Microsoft Outlook (nó Eudora, a bhíonn in úsáid ar ríomhairí Macintosh go minic) ní bhíonn na teachtaireachtaí ar an ríomhaire lárnach go dtí go seiceáltar an ríomhphost.
comhaid á roinnt ar ríomhaire lárnach files being shared on a central computer
" Is airgead é sin is fiú a chaitheamh, go háirithe i gcomhlachtaí ina mbíonn ceangaltáin á seoladh siar is aniar tríd an ríomhphost agus comhaid á roinnt ar ríomhaire lárnach.
an phearsa lárnach the central character
" Sa dá scannán, ba pháiste an phearsa lárnach.
lárnach central
" ) lárnach ======= Athrú eile ó na 1960í ná go bhfuil an teilifís chomh lárnach sin i saol na bpáistí anois.
lárnach central
" Dar le Mícheál gur cuid lárnach í an iománaíocht de shaol an phobail sna ceantair ina bhfuil sí láidir.
rialtas lárnach central government
" In ainneoin an uafáis seo, is cosúil go bhfuil an rialtas lárnach i Maidrid agus an rialtas áitiúil in Santiago de Compostela níos buartha faoi na fadhbanna polaitiúla a bhaineann leis an tubaiste ná faoi chúrsaí eacnamaíocha, sóisialta nó faoin scrios ar an timpeallacht.
chuid lárnach central part
" Go mbeadh Aonad na Gaeilge agus *Zón na Gaeilge *mar chuid lárnach den bhfoirgneamh nua do Theangacha agus don Oideachas Idirnáisiúnta agus go mbeadh foireann riaracháin agus foireann aistriúcháin ann.
lárnach central
" Tá na coimhlintí le hÁth Cliath lárnach don scéal go léir, gach duine agus a scéal féin aige faoi sin.
chuspóir lárnach central objective
" Níl sé mar chuspóir lárnach ag de Paor an Ghaeilge a chur chun cinn, ach measann sé go n-éireoidh leis féin agus foireann an Ionaid an dearcadh diúltach a bhíonn ag go leor daoine i leith na teanga a athrú.
lárnach central
" Bíonn ceol beo le cloisteáil i gcónaí ar an tsráid sin ach bhí dream ag seinm ann i 1992 a bheadh lárnach i saol ceoil na hÉireann deich mbliana ina dhiaidh sin.
lárnach central
" I 1980 bhuadar Craobh Laighean den chéad uair agus bhí cluiche iontach leathcheannais acu ina dhiaidh sin in aghaidh na Gaillimhe, contae iomána eile a raibh agus a mbíonn fós deartháireacha lárnach dá chuid foirne - cuimhnigh ar mhuintir Uí Chonghaile agus ar mhuintir Uí Chuanaigh.
lárnach central
" Tá samplaí maithe ar fáil ar fud na tíre den chineál seo fiontraíochta; fiontair ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt ag na fostaithe agus ag an bhainistíocht ina ngnáthshaol oibre, agus fiontraíocht ina bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach den táirge.
lárnach central
" Ar nós na Gaeilge is cuid lárnach den Ghaelachas agus den dúchas Gaelach í an iománaíocht agus, ar nós na Gaeilge, tá sí faoi bhrú agus ar neamhaird ar go leor bealaí.
lárnach central
" Ar ndóigh, ní raibh an locht ar bhainisteoir amháin ar bith sa choláiste, cé go raibh Farmer lárnach sa rí-rá.
lárnach central
" "Sa chuid seo den tír, is drochrud a bheith polaitiúil agus tá daoine neirbhíseach faoin pholaitíocht sa teanga nó san fhilíocht, ach bhí filíocht na Gaeilge i gcónaí polaitiúil - i gcónaí ag plé leis an pholaitíocht, leis an chóras sóisialta, agus bhí ról lárnach ag na seanfhilí i saol an phobail agus iad ag plé le ceisteanna a linne.
an rialtas lárnach the central government
" Is ag dul in olcas atá an scéal, agus an rialtas lárnach ag iarraidh sciar suntasach den ualach cánach a chur ar aghaidh go seiftiúil, ciúin chuig na húdaráis áitiúla - díreach ag an am céanna is atá go leor cumhachtaí bainte de na húdaráis chéanna.
fostaíocht theangalárnach agus phobal-lárnach language- and community-centred employment
" Is faoin Acadamh a bheas an tÁras ag feidhmiú as seo amach agus ar an mbealach sin beifear ag cumasú daoine agus pobal le fostaíocht theangalárnach agus phobal-lárnach a chur chun cinn.
lárnach central
" Bhíodh céilithe, damhsaí, ceolchoirmeacha agus léachtaí á reáchtáil sa chathair ag na hÉireannaigh agus a mbunadh anuas fríd na blianta, agus bhíodh áit lárnach i dtólamh ag an Ghaeilge ag na hócáidí seo.
lárnach central
" Cé go bhfuil sé intuigthe go dteastódh ó chomhlacht a gcuid ríomhchlár a choimeád rúnda, tá sé riachtanach go mbeadh an córas toghchánaíochta trédhearcach agus ba chóir de sin a bheith mar chuid lárnach den gconradh a shínigh an rialtas.
lárnach central
" Tá an traidisiún béil an-tábhachtach agus tá na fabhalsceálta agus na finscéalta a choimeád a sinsear beo mar chuid lárnach fós den chultúr láidir Faróch.
airteagal lárnach central tenet
" airteagal lárnach ======= Bunaithe ar léamh áirithe ar an Bhíobla, tá gealltanas staonadh ó ghnéas roimh phósadh mar airteagal lárnach de chuid na Críostaíochta le fada.
chuid lárnach central part
" Tá conspóidí mar chuid lárnach de chúrsaí spóirt le fada an lá.
lárnach central
" Cé go bhfuil baint indíreach ag Éirinn go fóill le saol na réalteolaíochta, níl muid chomh lárnach ann is a bhíodh.
lárnach central
" Tá na fógraí ríomhphoist sin mar chuid chomh lárnach sin den saol ríomhaireachta go bhfuil téarma oifigiúil Gaeilge ann do *spam *anois agus é i gcló in *Foclóir Fiontar *(áis iontach atá lán de théarmaí nua-aimseartha, a foilsíodh le déanaí).
gné lárnach central aspect
" Tá an chuma air go n-aontaíonn Microsoft leis an gcur chuige comhoibríoch seo agus is gné lárnach den chlár bunú Suíomh Gréasáin Gluaise Pobail don Ghaeilge ag http://members.
lárnach central
" Ar an gcúis sin, dealraíonn sé go bhfuil drugaí anois mar chuid lárnach den ullmhúchán a dhéanann cuid mhór dena lúthchleasaithe, Éireannaigh ina measc.
Chomhairle Lárnach na nGiúdach the Central Council of Jews
" I litir oscailte chuig Flick, a foilsíodh i nuachtán laethúil sa Ghearmáin níos luaithe sa bhliain, dúirt Michael Fürst, ball de Chomhairle Lárnach na nGiúdach, gur "ábhar feirge an-mhór" a bhí sa bhailiúchán "dóibh siúd, idir dhaoine a raibh orthu oibriú i gcoinne a dtola agus lucht na sluachampaí géibhinn, arbh éigean dóibh cur suas leis an ocras, leis an uirísliú agus leis an chéasadh i monarchana do sheanathar.
lárnach central
" (Is mór an trua nach mbíonn úsáid na Gaeilge mar chuid lárnach den ócáid phoiblí náisiúnta seo, ócáid a d'fheilfeadh go mór d'úsáid na teanga agus an oiread sin dá lucht labhartha gafa leis na cluichí Gaelacha.
lárnach central
" Dar leis go raibh an Ghaeilge lárnach do leas na tíre, do thodhchaí na hÉireann.
tábhacht lárnach central importance
" Bhí tábhacht lárnach ag mná ina shaol, ag tosú lena mháthair.
lárnach central
" AÓF: Dá n-iarrfainn ort a rá liom an rud is mó gur mhaith leat a bhaint amach leis an mBéal Binn, céard a déarfá? NNicCI: Ba mhaith liom go mbeadh de rath ar an Béal Binn go mairfeadh sé i bhfad inár ndiaidh, is é sin go nglacfaí leis mar chuid thábhachtach de shaol na háite seo go mbeadh spás lárnach, taitneamhach ag an nGaeilge trí na healaíona traidisiúnta agus an drámaíocht.
lárnach central
" ” Ba cheart a rá anseo chomh maith go bhfuil an-mholadh tuillte ag *The Simpsons *as áit lárnach a thabhairt do reiligiúin – gach reiligiún – sa chlár.
lárnach central
" Cá raibh an t-agallamh le leithéidí Sean Sherwin, nó Lorcan Allen, nó seanagallaimh ón chartlann le Paudge Brennan, Kevin Boland agus Neil Blaney, atá imithe ar shlí na fírinne ach a bhí lárnach i gcúrsaí ag an am.
lárnach central
" Is gné an-aitheanta den chultúr Éireannach iad na cluichí Gaelacha agus cuid lárnach de shaol phobal na tíre iad an iomáint agus an pheil.
lárnach central
" "Bhí Jim Larkin ina dhuine lárnach i stair Bhaile Átha Cliath agus i stair Learphoill, agus bhí an frithdhúnadh i 1913 ar cheann de na samplaí ba mhó riamh de streachailt an lucht oibre,” ar seisean.
cuid lárnach central part
" Tá daoine fós ann nach nglacann leis gur cuid lárnach de shaol agus de chultúr na hAstráile é an ciníochas.
lárnach central
" Cé gur as Baile Átha Cliath ó dhúchas dó tá áit lárnach aige sa phobal agus an ceol á sheinm go rialta aige.
lárnach central
" Cé gur as Baile Átha Cliath ó dhúchas dó tá áit lárnach aige sa phobal agus an ceol á sheinm go rialta aige.
lárnach central
" Tuigeann an tUasal Adams muna n-athchruthaítear an feidhmeannas i Stormont agus Sinn Féin mar chuid lárnach de, go bhféadfaí cuid mhór den dul chun cinn a rinneadh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a chailliúint.
baint lárnach central involvement
" Bhí baint lárnach acu leis an fheachtas chun stádas oifigiúil a fháil don Ghaeilge san Eoraip agus tá sé léirithe acu do cheannaire Fhine Gael le tamall anuas nach maith an smaoineamh é deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach tar éis an Teastais Shóisearaigh.
lárnach central
" Tuigeann an tUasal Adams muna n-athchruthaítear an feidhmeannas i Stormont agus Sinn Féin mar chuid lárnach de, go bhféadfaí cuid mhór den dul chun cinn a rinneadh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a chailliúint.
chuid lárnach central part
" Tá an blas mar chuid lárnach de theanga ar bith.
an chuid lárnach the central part
" Bun agus barr cúig shráid le chéile atá sa tsráid eicléicteach seo, agus is tearmann faoi scáth crann agus faoiseamh ón ghrian í an chuid lárnach do choisithe, agus do na céadta díoltóir earraí agus aisteoir a bhíonn in iomaíocht lena chéile chun d’aird a tharraingt.
ionad lárnach central location
" An-bhua is ea ionad lárnach cathrach an stáisiúin.
chomh lárnach as central
" De dheasca bheith chomh gnóthach le hobair an choláiste samhraidh, níl an spórt chomh lárnach i mo shaol ó lá go lá is a bhíonn de ghnáth agus, le fírinne, ní chuireann sin as dom ar chor ar bith.
lárnach lárnach
" Tá cluichí ríomhaireachta ag athrú agus, creid é nó ná creid, tá an fhisic anois lárnach iontu.
lárnach central
" Tá lóistíní Leaba agus Bricfeasta mar chuid lárnach de thionscal turasóireachta na tíre seo le fada an lá anois.
líomhain lárnach central allegation
" Dúirt an Teachta: “An líomhain lárnach atá ann ná nár cúisíodh Haddock as coir ar bith mar gur brathadóir ab éigean a chosaint a bhí ann.
an-lárnach very central
" É sin ráite, d’fhéadfaidís fós a bheith an-lárnach sa chéad rialtas eile.
mar chuid lárnach a central part
" Anocht, tá sé féin agus a cheol mar chuid lárnach den mheascán bríomhar seo ón tSeapáin, ó Éire agus ó thraidisiún an Ainu.
ceist níos lárnaí arís, a more central question again,
" Ach nach bhfuil seisean ag baint sochair astu ar mhaithe lena leas féin agus, ceist níos lárnaí arís, an ealaín atá i gceist leis an saothar seo nó tuairisciú de chineál éigin ar an dúil mhillteanach atá againne, daoine, clú agus aitheantas a bhaint amach dúinn féin, is cuma cén praghas atá le híoc againn? Tá “oifig” ag Collins istigh sa Tate atá mar chuid den taispeántas agus ina ndéanann sé eagarthóireacht ar a chuid scannán.
mar chuid lárnach den cheiliúradh nó den chaoineadh. as a central part of the celebration or crying.
" Nuair a dhéantar cluiche ceannais a bhuachan nó a chailliúint, cluichí scoile san áireamh, bíonn an t-alcól mar chuid lárnach den cheiliúradh nó den chaoineadh.
tréith lárnach central trait
" Dála an scéil, is tréith lárnach den cheol *Bluegrass* é an scála peinteatónach chomh maith.
cuid lárnach dá shaol a central part of his life
" An ghlúin nua Is cuid lárnach dá shaol an ghlúin nua a mholadh agus a spreagadh, rud a dhéanann sé mar mhúinteoir agus mar scríbhneoir.
lárnach central
" Den chéad uair riamh, is beag caint atá ar cheisteanna bunreachta ó thuaidh - táthar ag caint ar tháillí uisce, ar oideachas, ar na gnéithe atá lárnach i saol gach duine.
lárnach central
" Tá nanaitheicneolaíocht lárnach sna gnéithe sin – agus tá comhlacht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ag forbairt slí nua chun eolas a thaispeáint ar scáileáin a bhfuil cuma páipéir orthu.
an cheist is lárnaí i gcúrsaí marthanais teanga, the central issue in language survival,
" “Is cuma cad é a dhéanfaimid ní éireoidh linn cur ina luí ar bheirt tuismitheoirí teanga (dhúchasach) a labhairt lena bpáistí, agus sin an cheist is lárnaí i gcúrsaí marthanais teanga, ar ndóigh.
baint lárnach central involvment
" Tá sé ina bhall de bhord Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éirinn leis na blianta agus bhí baint lárnach aige le bunú agus forbairt an Chiste Craoltóireachta Gaeilge fosta.
don téamh lárnach, for central heating,
" Cé go n-úsáidtear millíní adhmaid mar bhreosla éifeachtach don téamh lárnach, tá béim speisialta ar bhithbhreoslaí i gcúrsaí iompair – tionscal a úsáideann mórán ola agus peitril agus tionscal nach bhfuil mórán slite malartacha aimsithe aige fós.
baint lárnach central involvement
" Bhí baint lárnach aige le bunú na Cultúrlainne, cuir i gcás.
ról lárnach central role
" Tá córas iompair phoiblí i measc na nithe sin, agus tá ról lárnach ag na tramanna sa chóras rathúil iompair in Melbourne.
mar chuid lárnach as a central part
" “Tá fir ann a chreideann sa treabh, a chreideann sa bhuíon – bhí na carachtair mar chuid den gang agus bhí an tÉireannachas mar chuid lárnach dá bhféiniúlacht.
mar chuid lárnach dár gceolchoirmeacha as a core part of our concerts
" Tá "Glanfaidh Mé" tar éis a bheith mar chuid lárnach dár gceolchoirmeacha le ceithre nó cúig bliana faoin am seo.
lárnach i do shaol central in your life
" Go tobann, tá an fhís atá ag Google soiléir: ba mhaith leis an gcomhlacht a bheith lárnach i do shaol agus gach eolas a bheith acu mar gheall ort.
ról an-lárnach very central role
" An bhfuil mé mícheart go hiomlán agus mé ag maíomh go bhfuil cosúlachtaí ann idir an cás hipitéiseach seo agus cúrsaí ceoil sa lá atá inniu ann? Cinnte tá dlúthdhioscaí neamhspleácha ag teacht amach atá go maith, ach an bhfuil siad chomh maith is a d’fhéadfadh siad a bheith? Sa litríocht, tá ról an-lárnach ag foilsitheoirí agus eagarthóirí, ag obair leis an scríbhneoir, ag tabhairt spreagadh agus comhairle dó/di leis an saothar is fearr a chur ar fáil.
ról lárnach central role
"ról lárnach ag na hinstitiúidí stáit sa bhainistíocht agus sa phleanáil teanga mar is tríothusan a chuirtear tacaíocht agus treoir ar fáil do na heagraíochtaí agus coistí pobail chun gur féidir leo gníomhaíochtaí dearfacha a thionscain.
chomh lárnach as central
" Agus chuile sheans go mbeidh áit chomh lárnach ag carachtair mar Bhrian na mBromanna i saol na bpáistí sna glúnta atá le teacht is a bhí ag Judge agus Sneaky the Snake agus Foxy i saol na ndaoine atá ar comhaois liomsa.
níos lárnaí more central
" Agus ar ndóigh, tá satailítí fós lárnach i gcúrsaí teileachumarsáide – tá siad ag éirí níos tábhachtaí mar go bhfuil leathanbhanda á sholáthar tríothu go forleathan anois agus tá siad ag éirí níos lárnaí i rith an ama ó thaobh chórais dhigiteacha teilifíse de.
lárnach central
" Agus ar ndóigh, tá satailítí fós lárnach i gcúrsaí teileachumarsáide – tá siad ag éirí níos tábhachtaí mar go bhfuil leathanbhanda á sholáthar tríothu go forleathan anois agus tá siad ag éirí níos lárnaí i rith an ama ó thaobh chórais dhigiteacha teilifíse de.
lárnach central
" Bíonn an Mardi Gras ar siúl ar feadh míosa agus bíonn daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha agus trasghnéasacha mar chuid lárnach di.
lárnach central
" Tá Déan Féin É mar chuid lárnach den saol na laethanta seo, agus creid é nó ná creid, is féidir úsáid a bhaint as an idirlíon chun leaideanna a aimsiú a bheidh ina gcuidiú duit agus tú ag iarraidh an obair a dhéanamh ar bhealach níos éasca – agus níos saoire.
mar gheall ar an bpáirt lárnach because of the central role
" Tiarnaí drugaíNuair a cuireadh rialtas na Bolaive as cumhacht i 1980, tugadh an “*Cocaine Coup*” air mar gheall ar an bpáirt lárnach a bhí ag tiarnaí drugaí na tíre ann.
páirt lárnach a central role
" Le beagnach 50 bliain anuas, is amhlaidh go bhfuil páirt lárnach glactha ag lucht leanúna Moon i gcogadh mínaofa na heite deise i gcoinne an daonlathais.
baint lárnach central involvement
" ”In ainneoin na drochthaithí a bhí ag Lunny le Phil Coulter agus albam Emmet Spiceland á thaifeadadh, bhí baint lárnach ag fear Dhoire le Planxty i mblianta tosaigh sin an ghrúpa.
téama lárnach central theme
" Deir sé go bhfuil cosúlachtaí suntasacha idir na hÉireannaigh agus na Maoraigh mar gur imríodh cos ar bolg orthu le cúpla céad bliain anuas agus gur seo an téama lárnach a bhí sa tionscadal.
Gné lárnach central aspect
" Gné lárnach den phlean freisin ab ea na bláir phoiblí atá le feiceáil ar fud na cathrach.
suite go lárnach centrally located
" É suite go lárnach ó thaobh dháileadh tíreolaíochta an rialtais.
lárnach i saol laethúil mhuintir na tíre. central in the daily lives of the country's people
" ** Mar sin, is beag iontas é go bhfuil an loch féin lárnach i saol laethúil mhuintir na tíre.
baint lárnach central involvement
" Is léir go raibh baint lárnach ag an RPF, faoi smacht Kagame, leis an éagobhsaíocht sa Chongó agus chuaigh an chorraíl seo chun tairbhe na gcorparáidí mianadóireachta a bhí sa tír.
mar chuid lárnach den fhéile seo as a central part of this festival
" "Beidh an Ghaeilge mar chuid lárnach den fhéile seo agus is go dátheangach a dhéanfar í a sheoladh.
mbunachar sonraí mór lárnach big central database
" Ach an maith an rud é go ndéanfar taifead leictreonach dár dturais ar fad? Agus go mbeidh muid "á leanúint" i mbunachar sonraí mór lárnach ar nós Big Brother? I Londain, tá an cárta Oyster tar éis an córas taistil a athrú go mór, ach tá go leor daoine buartha go bhfuil an iomarca eolais phríobháidigh á bhailiú mar gheall orthu de thairbhe an córas sin a bheith i bhfeidhm.
páirt lárnach central part
" Ghlac beirt bhall chonspóideacha de rítheaghlaigh na hEorpa páirt lárnach i bhforbairt na himpireachta nua seo.
Bhanc Lárnach na hEorpa. Central European Bank
" *CMA: Thugamar cúram an ráta úis do Bhanc Lárnach na hEorpa.
baint lárnach central involvement
" Bhí Miles ag obair i mBéalgrád roimhe sin, áit a raibh baint lárnach aige leis an ruaig a chur ar Uachtarán na hIúgslaive, Slobodan Milosevic.
lárnach central
" Fís 2008Bhí an Ghaeilge mar chuid lárnach d’Fhís 2008, a bhí maoinithe ag Foras na Gaeilge le tacaíocht ó Reel Ireland agus ó Chultúr Éireann.
chuid lárnach a key element
" Mar chuid lárnach den ullmhúchán intinne, bhí John McCain agus Joseph Lieberman, beirt sheanadóirí a mhol an tAcht um Shaoradh na hIaráice i 1998, ag tacú leis an Iarácach corbtha Ahmad Chalabi mar chomharba ar Saddam Hussein ó 1991 ar aghaidh.
lárnach central
" Agus an fhís pholaitiúil ó Chicago curtha i gcrích acu le fógairt ‘chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta,’ bhí ról lárnach ag an mbeirt Shíónach ag an mBanc Domhanda, ag domhandú an mheoin ‘Chicago’ ó thaobh cúrsaí geilleagair de.
lárnach central
" Déantar iontas de go minic cé chomh láidir agus cé chomh lárnach is atá an CLG i saol an phobail áitiúil, go háirithe sna ceantair tuaithe agus sna bailte beaga ar fud na tíre.
lárnach central
" org/wiki/Nikola_Tesla) Duine de mhóreolaithe an chine daonna é a bhfuil lorg a láimhe fós lárnach i saol na linne seo - X-ghathanna, cuir i gcás, an spréachphlocóid a úsáidtear i ngach carr, soilse neon nó an teicneolaíocht a úsáidtear i gcraoladh raidió.
lárnacha central
" Fáthmheas agus Féinleigheas Deintear ana-chuid cainte faoi 'chakras' i saol an leighis ailtéarnaigh – nóid diamhaireacha a bhfuil fuinneamh, dathanna, mothúcháin, codanna lárnacha de chóras endocrine na colainne agus fuaimeanna na ngutaí luaite leo.