Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aoi-léachtóir guest lecturer
" Is aoi-léachtóir í chomh maith i gcoláistí éagsúla sna Stáit Aontaithe.
conradh léachtóra lecturer's contract
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón gcoláiste agus ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Tá conradh léachtóra agam féin agus tagann leath de mo thuarastal as láracmhainní na hOllscoile agus an leath eile ó Choláiste na nDaonnachtaí (allúntas foirne Roinn na dTeangacha agus an Léinn Chultúir).
Conradh buan léachtóra a permanent lecturer's contract
" Láidreachtaí Conradh buan léachtóra agam féin, rud a chinntíonn dílseacht na hOllscoile don teanga.
bheirt dá léachtóirí two of his lecturers
" Deir sé go bhfuair sé spreagadh intleachtúil an-mhór ó bheirt dá léachtóirí, Gearóid Ó Crualaoich agus Seán Ó Tuama, ach seachas iadsan, nach raibh mórán eile de na léachtóirí a bhí go maith.
léachtóir lecturer
" Tá cónaí air in California i láthair na huaire, agus tá sos gairme dhá bhliain tógtha aige óna phost mar léachtóir le Gaeilge agus mar Stiúrthóir ar Ionad an nAmhrán in Ollscoil Luimnigh.
léachtóir sinsearach senior lecturer
" Ní raibh mé in ann breathnú air mar mháchail faoin am sin ach bhraith mé imeallach agus tá sé an-íorónta dom anois go bhfuil mé le fada in aois tuismitheoirí na mac léinn agus tá mé mar chuid den *establishment*! "Toghadh mé mar bhall den Acadamh Ríoga le déanaí, tá mé i mo léachtóir sinsearach; tá mé i mo chónaí in áit ina bhfuil na tithe an-daor, cé nach raibh nuair a cheannaigh mé mo cheannsa.
ar na léachtóirí is foighní agus tuisceanaí one of the most patient and understanding
" Ní háibhéil a rá go bhfuil sé ar na léachtóirí is foighní agus tuisceanaí a casadh orm agus mé ar an ollscoil.
léachtóir Laidine Latin lecturer
" Luann sé léachtóir Laidine a bhí aige féin agus é sa choláiste a chuaigh i bhfeidhm go mór air.
an léachtóir le dlí the law lecturer
" I leabhrán a d’ullmhaigh an léachtóir le dlí in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, an Dr Máire Mac Conghaíl, do Chumann Nuachtán Náisiúnta na hÉireann ar fheidhmiú an Achta, thug sí le fios gurb í a barúil gur cheart go mbeadh iriseoirí ar thóir eolais go rialta faoin ASF.
léachtóir teangeolaíochta linguistics lecturer
" Ós rud é gur léachtóir teangeolaíochta mé, is minic a chuirim an cheist “Cérbh iad na chéad Eorpaigh i Meiriceá?” ar mo mhic léinn, agus cár thángadar i dtír.
léachtóirí lecturers
" Mar shampla, dúirt Larry Pratt, cathaoirleach Gun Owners of America, nach dtarlódh an sléacht i Virginia Tech dá mbeadh cead ag mic léinn agus léachtóirí gunnaí rúnda a chaitheamh faoina n-éadaí.
léachtóir le hairgeadas lecturer in finance
" Chaith sé tamall mar léachtóir le hairgeadas in Ollscoil na Banríona agus ansin rinne sé MBA san ollscoil chéanna.
léachtóir fealsúnachta philosophy lecturer
" Agus ar eagla go measann tú, mar a mheas mise agus mé fós i mo dhéagóir tútach, nach bhfuil bun ná barr lena chuid scannán, go bhfuilid róthrom agus ródhuairc, nach bhfuil aon scéal iontu, gurbh léachtóir fealsúnachta go bunúsach é, seachas fear scannán, ní fíor sin, ná baol air.
staraí agus léachtóir, historian and lecturer,
" “An stair ag teacht ar ais, ag teacht aniar aduaidh orainn – sin an rud atá ar siúl,” dar le Tamati Kruger, staraí agus léachtóir, sa *New Zealand Herald*, “ach is dócha nach ritheann sé sin le lucht polaitíochta.
léachtóir lecturer
" Is deacair don léachtóir a bheith ar an taobh eile den fhál agus déarfainn gur deacair don mhúinteoir léachtóir mífhoighneach ar mo dhála féin a bheith i measc na mac léinn.
léachtóir dlí lecturer in law
" Tá John ina léachtóir dlí in Ollscoil Learphoill, ach is as Trá Lí ó dhúchas é, áit a bhfuil gaolta leis ag freastal ar an nGaelscoil.
léachtóir eacnamaíochta an economics lecturer
" Dearcadh an duine Thug léachtóir eacnamaíochta anseo in Ollscoil Virginia moladh dá chuid mac léinn cúpla mí ó shin, agus tchítear dom go bhfuil sé ar a laghad chomh tráthúil anois is a bhí sé nuair a dúirt sé den chéad uair é.
léachtóir lecturer
" Ní ón léachtóir ná ón múinteoir a gheobhaidh tú do chuid oideachais.
léachtóir lecturer
" Is pictiúr íocónach é an ‘Saighdiúir ag Titim’ ach deir an léachtóir José Manuel Susperregui nár glacadh é ar an mhachaire chatha i Cerro Murianao, mar a chreidtear, ach in áit tuaithe eile darb ainm Llano de Banda, cúig míle fichead ar shiúl.
léachtóir lecturer
" Is abhcóide cleachtais í, léachtóir i gColáiste na Tríonóide, Seanadóir agus is beag seachtain a rachas thart gan í a bheith ar an raidió nó an teilifís, nó alt dá cuid ar na nuachtáin.
Léachtóir lecturer
" Léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste Phádraig,Droim Conrach, is ea an Dr Máirín Nic Eoin.
léachtóir deoraíoch lecturer in exile
" Ach thug sí “léachtóir deoraíoch” uirthi féin freisin, agus í ag imeacht ar fud na hÉireann chun fealsúnacht Chonradh na Gaeilge a chraobhscaoileadh, gan aon chomhluadar aici, seachas ateangaire agus a cuid laindéar draíochta.
aoi-léachtóir guest lecturer
" Nuair a bhí mé ag réiteach le dul amach chun na hAfraice chun mo chuid taighde a dhéanamh ar an teanga KiSwahili, d’fhreastail mé ar chúpla cúrsa a bhí Joshua Fishman a mhúineadh mar aoi-léachtóir ag an ollscoil sa samhradh.
léachtóir lecturer
" Ní Nuachtáin, ach Iriseoireacht atá de Dhíth ===================== Mar a dúirt an saineolaí agus léachtóir Clay Shirky in alt sa bhliain 2009 (2) *“Society doesn’t need newspapers.
léachtóir lecturer
" Bhí sé ina léachtóir sinsearach le hailtireacht in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Claith agus chaith sé am ag léachtóireacht in Ollscoileanna Jordan agus Nebraska chomh maith leis an École Spéciale d’Architecture i bPáras.
léachtóir le Fisic a physics lecturer
" Aralt Mac Giolla Chainnigh, léachtóir le Fisic i gColáiste Ríoga Airm Cheanada, is bun le cuid mhaith den fhuinneamh taobh thiar de ghluaiseacht na Gaeilge i gCeanada.
léachtóir lecturer
" **CF**: Údar agus léachtóir Gaeilge, nach ea? **CNíA**: Sin é agus bhíodh sé in UCD; agus é ina eagarthóir ar Chomhar, agus ag plé le Gael Linn, agus ag plé le RTE go minic ag déanamh Buntús Cainte agus a leitheid, agus é ina aoi ar a lán cláracha Ghaeilge….
léachtóir a lecturer
" Ba é léachtóir i scoil Sláinte Poiblí *Harvard*, Gregory Norris, a smaoinigh ar an lámhlorg.
léachtóir sinsearach a senior lecturer
" Is léachtóir sinsearach le Gaeilge in Ollscoil Luimnigh é Tadhg Ó hIfearnáin.
léachtóir staire a lecturer in history
" Thosaigh Luciano, léachtóir staire i gceann d’ollscoileanna Salvador, ag ól Santo Daime breis is scór go leith bliain ó shin, nuair a bhí a leithéid go hiomlán i gcoinne an dlí.
roinnt de na léachtóirí céanna some of the same lecturers
" Bhí an t-uachtarán céanna ann, bhí roinnt de na léachtóirí céanna ann agus cuireadh fáilte is fiche roimpi! (Gáire mór) Thaitin saol an choláiste go mór liom.
léachtóir socheolaíochta agus polaiteolaíochta a lecturer in sociology and political science
" Mhínigh sí don slua mór go mbíodh an tUachtarán ina léachtóir socheolaíochta agus polaiteolaíochta, tráth dá raibh, agus ba léir an méid sin sa léacht a thug sé dúinn, dar teideal ‘Learpholl agus a Lucht Imirce as Éirinn’.
léachtóir le Béarla a lecturer in English
" 
 Mar shampla, scríobhann Burgess, léachtóir le Béarla in Ollscoil Notre Dame, ar chás na n-ulacha cúirte in Éirinn.
míniú don léachtóir Gaeilge s’agam explaining to my Irish lecturer
" Bhí ort cead a fháil chun seoladh r-phost a aimsiú agus is cuimhin liom míniú don léachtóir Gaeilge s’agam céard ba r-phost ann agus cén fáth go raibh sé uaim.
léachtóir lecturer
" Duirt an scríbhneoir agus léachtóir, Declan Long, atá ina mholtóir ar an chomórtas i mbliana, go raibh i gceist ag an taispeántas go spreagfaí ceisteanna ann faoi na mínealaíona i saol an lae inniu agus faoina bhfuil i ndán dóibh.
léachtóir a lecturer
" Ba léir do Dhónal, scoláire PhD agus léachtóir in Ollscoil na Cathrach, Baile Átha Cliath, nach raibh cothrom na Féinne ann don chultúr Gaelach i measc na n-oícheanta aeracha a bhíonn ar siúl timpeall Bhaile Átha Cliath.
atá ina léachtóir who’s a lecturer
" Owenvarragh ======== Ar na rudaí is mó atá déanta ag Úna, tá saothar dar teideal Owenvarragh, píosa thar a bheith casta bunaithe ar theimpléid de chuid John Cage, ____,____ ____ circus on ____ (ní meancóg é seo!) Chruthaigh Cage é féin Roaratorio, An Irish Circus on Finnegan’s Wake agus chruthaigh Úna agus an fidléir Chicago-ach Martin Dowling atá ina léachtóir , Owenvarragh, A Belfast Circus on the Star Factory.
léachtóir amháin ar na meáin one lecturer in media
" Tá sé ráite go poiblí ag léachtóir amháin ar na meáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Aodh Ó Coileáin, gur chosain sé €6 an chóip Gaelscéal a chlóbhualadh.
scoláirí agus léachtóirí faoi bhrú damanta scholars and lecturers under desperate pressure
" Anois agus scoláirí agus léachtóirí faoi bhrú damanta chun ailt agus leabhair a fhoilsiú go rialta is go seasta, moltar do lucht acadúil díriú ar a gcuid taighde agus tuilleadh scríbhneoireachta a dhéanamh.