Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
á léamh reading it
" Chaith muid trí bliana ar fad á léamh.
á léamh being read
" Feictear litir á léamh, cuir i gcás, nó duine ag féachaint ar shuiríoch go ceisteach.
gan trácht ar iad a léamh not to mention reading them
" Cén tairbhe atá le baint as léirmheasanna nuair is annamh a bhíonn seans agam na leabhair féin a fheiceáil gan trácht ar iad a léamh? Bhuel, mura mbím ar scoil castar na scoláirí orm.
gan trácht ar iad a léamh not to mention reading them
" Cén tairbhe atá le baint as léirmheasanna nuair is annamh a bhíonn seans agam na leabhair féin a fheiceáil gan trácht ar iad a léamh? Bhuel, mura mbím ar scoil castar na scoláirí orm.
léamh interpretation
" Airteagal lárnach ======= Bunaithe ar léamh áirithe ar an Bhíobla, tá gealltanas staonadh ó ghnéas roimh phósadh mar airteagal lárnach de chuid na Críostaíochta le fada.
ar tí a léamh about to read
" Tá sé mar a bheadh sé faoi gheasa feidhmiú ar an dóigh sin taobh istigh de réaltacht seo an scéil atáimid ar tí a léamh.
ní raibh léamh acu uilig they couldn't all read
" Ní raibh go leor Bíoblaí ann d’achan duine, agus ní raibh léamh acu uilig, mar sin d’fhás an nós seo bheith “ag cur na líne amach”.
ag léamh nuachtáin reading a newspaper
" Bhí siad ar fad ag léamh nuachtáin – rogha i bhfad níos saoire, caithfidh mé a admháil.
ag léamh nuachtáin reading a newspaper
" Bhí siad ar fad ag léamh nuachtáin – rogha i bhfad níos saoire, caithfidh mé a admháil.
léamh an-mhíshláintiúil an unhealthy read
" Deir Ó Coileáin gur “léamh an-mhíshláintiúil is ea na dialanna seo.
ag léamh lámh daoine reading people's hands
" Ach ní ar mhaithe leis an seoladh a dhéanamh amháin atá sí ag teacht go Baile Átha Cliath – beidh sí san ardchathair ar feadh deich lá ag léamh lámh daoine, ceird a bhfuil sí ag plé léi le blianta fada.
neirbhíseach fána mbeidh le léamh sa tuarascáil nervous about what will be contained in the report
" Is léir go bhfuil Rialtas na Breataine neirbhíseach fána mbeidh le léamh sa tuarascáil.
ag léamh an nuachtáin. reading the paper,
" Bhí a hathair ag léamh an nuachtáin.
na hirisí agus leabhair a léamh read the magazines and books
" Déanta na fírinne, níor tharla rud ar bith an chuid is mo den am, agus bhí deis againn cupán caife a ól, na hirisí agus leabhair a léamh agus comhrá a dhéanamh le comrádaithe.
ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta reading excerpts from an adventure story
" Theo Weber ag treorú shruth na hócáide; a mhac Aonghus ag léamh giota as fógra báis a scríobhadh faoi Phádraig; deartháir Phádraig ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta a scríobh Pádraig nuair a bhí sé sna déaga; fear céile Nuala (iníon Theo) ó Mheicsiceo ag seinnt giotáir agus ag canadh amhráin a chum sé don ócáid.
faighim léamh ar an treocht. I get an understanding of the trend.
" Tar éis dhá gheábh timpeall an halla, faighim léamh ar an treocht.
ag léamh na nuachta reading the news
" Ba é an múinteoir Pádraig Ó Méalóid – a bhíodh tráth den saol ag léamh na nuachta ar RTÉ – a chuir tús lenár gceol nuair a thosaigh sé ag múineadh na feadóige stáin dúinn.
ag léamh sleachta reading excerpts
" Beidh údair aitheanta na Gaeilge mar Gabriel Rosenstock, Ríona Nic Chongáil agus Tadhg Mac Dhonnagáin ag léamh sleachta óna saothar go poiblí in áiteanna éagsúla ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh; ó Aontroim go Ciarraí.
ag léamh nuachtáin. reading a newspaper.
deacair é a léamh he's hard to understand
" Is deacair é a léamh agus tá cúlra mí-ámharach, tragóideach fiú, aige a mheallann trua dó (ní hé go lorgaíonn sé é).
léamh choíche ever read
" Mura mbíonn trácht ar na cáipéisí líonmhara a aistrítear go Gaeilge gan a léamh choíche ina dhiaidh sin, déantar cur síos ar sheirbhísí ateangaireachta abhus agus san Eoraip a bhfuil coinleach glas ag fás orthu, cheal úsáide.
léamh lom bare facts
" Sin é an léamh lom gur féidir a bhaint as eolas a thug an Roinn Oideachais agus Eolaíochta dom ar na mallaibh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
léamh to read
" Chuir sé an iontas orm a léamh san Irish Times, thiar sna seascaidí go raibh foirne sacair i nGaeltacht Dhún na nGall a raibh an Ghaeilge á husáid mar ghnáth-theanga chumarsáide i measc na n-imreoirí! Ag dul ó scil orm a bhí sé, cén chaoi a d’fhéadfá a bheith ag labhairt Ghaeilge agus ag imirt an chluiche ghallda.
léamh bunoscionn read upside down
" “Cén sórt múinteora a bhí ionatsa, a Enda, nuair nach bhfuil tú in ann rudaí a léamh bunoscionn?” a dúirt sé agus amach ar an doras leis.
a léamh to be found
" Is féidir leid an eolais in ómós do ‘Pierrot le Fou’, Jean-Luc Godard (1965), ‘*Harold and Maud’*, Hal Ashby, (1971) agus ‘*Badlands*’ Terence Malick (1973) a léamh ar ghnéithe éagsúla de ‘*I’m Going to Explode’*.
léamh reading
" I léamh sóisialach Loach, seo fear beag oibre eile brúite faoi chois ag an saol is ag an gcóras.
léamh read
" Shuigh mé síos le cupán caifí a ól agus é a léamh.
léamh reading(s), interpretation(s)
" Cioca? Nó an bhféadfadh go mbeadh an dá léamh fíor? Sin í an bhuncheist atá ina cnámh spairne pé áit a theaspeántar ‘Antichrist’.
léamh reading
" An té a scríobh an píosa seo, bhí sé in achar leathshoicind do bheith brúite isteach ar inneall a chairr féin ag tiománaí jíp ollmhór a bhí i mbun téacs gutháin a léamh ag 60 m.
léamh to read
" I measc critéir an chomórtais, tá cothú pobail agus ní gá ach roinnt de na tráchtaireachtaí a léamh agus tuigfear gan mhoill go bhfuil pobal cothaithe ar an mblag seo, pobal a phléann leis an mblagadóir gach a bhfuil faoin spéir.
fírinne sa léamh sin fós that's still true
"fírinne sa léamh sin fós, ach creidim, le cur chuige ionraic, oscailte, réabhlóideach Haneke, gur thug sé mé i bhfianaise a chuid carachtar, agus an domhain ina maireann siad.
léamh read
" Bíonn sé de bhuntáiste ag tuairiscí nuachtáin go dtig iad a léamh agus a athléamh ar do shóchúlacht murab ionann agus tuairiscí teilifíse is raidió.
léamh macánta an honest reading
" Is dóigh liom gur léamh macánta é sin ar an mórphictiúr.
troid a léamh to understand a fight
léamh a gcuid saothair reading their work
" Chomh maith le sin tá taifid déanta, atá gar do mo chroí féin, de scríbhneoirí ag léamh a gcuid saothair, daoine ar nós Nuala Ní Dhomhnaill, Louis de Paor, Cathal Ó Searcaigh agus Máire Mhac a’ tSaoi.
léamh read
" Ach b’ionadh linn a léamh go raibh ainmhí eile san Astráil a bhí ní ba chontúirtí ná aon cheann eile: an crogall inbhir.
ag léamh leabhair reading a book
" Tháinig sé díreach amach ar dhoras tosaigh na leabharlainne agus é ag léamh leabhair.
léamh agus scríobh reading and writing
" Agus é sna déaga, d’fhoghlaim Lula léamh agus scríobh.
mo léamh my opinion
" Cad é an leas atá ag na Breatnaigh?” Ní thiocfadh liom an cheist a fhreagairt ach bliain ina dhiaidh sin, nuair a labhair mé leis arís, bhí mo léamh athraithe ar fad.
pléisiúrtha le léamh pleasant to read
" Tá a scéal scríofa aige anois agus is saothar é pléisiúrtha le léamh.
a léamh to read
" Cur i gCoinne na Glaisfhéinne ================== Bhí sé suimiúil scéal an tsáirsint a léamh sa nuachtán - chuaigh sé isteach sna Irish Guards i 1999 nuair a bhí sé 16 bliana d'aois agus bhí sé ar dualgas sna Sé Contae, An Iaráic agus san Afganastáin.
ag léamh an ailt seo reading this article
" Gan amhras, má tá tú ag léamh an ailt seo, ní miste leat téacs.
léamh to understand
" Níl Sinn Féin leath chomh hoilte le hiar-Uachtarán cáiliúil dá gcuid, nach maireann, nuair ba nós leis an tsúil leathchaoch a chaitheamh ar a chroí istigh chun mianta phobal Éireann a léamh ar a sháimhín só.
á léamh being read
" Bhí ar an seandálaí Finbar Moore muid a fhágaint in Ailt an Chorráin Faoin am a bheas an t-alt seo á léamh, tá súil agam go mbeidh muid ar an mbealach go hAlbain.
léamh go hurramach to read with reverence
" Nach deas an smaoineamh é, cuairt a thabhairt ar uaigh an fhile, leabhar léi atá i bhfolach in aice lena corp a ardú is a léamh go hurramach agus ansin, tar éis smaoineamh ar neamhbhuaine an tsaoil, an leabhar a chur ar ais arís go cúramach.
chabhraigh liom le léamh a dhéanamh ar helped me to understand
" Ach is rud é chabhraigh liom le léamh a dhéanamh ar thraidisiúin áit ar bith eile.
is fiú a léamh it’s worth reading
" Is spéisiúil an léargas é agus is fiú a léamh: <http://aonghus.
leis an léamh from the understanding
" Is doiligh easaontú leis an léamh atá ag an Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar an scéal nach féidir leis an Stát a bheith ag dréim go mairfidh an Ghaeilge mar a rogha teanga ag an phobal sa Ghaeltacht má leantar ag brú Béarla ar phobal na gceantar sin lena gcuid gnóthaí oifigiúla a dhéanamh.
thug an éirim léamh críonna ar her intellect provided a wise reading of
" Má thug an chuimhne cead isteach dúinn san am atá caite, thug an éirim léamh críonna ar an am i láthair.
an léamh is cruinne the most accurate reading
" Ach, is é an léamh is cruinne i ndeireadh an lae ar an scéal go raibh na curaidh i bhfad níos fearr mar fhoireann agus go raibh imreoirí níos fearr acu ar fud na páirce idir óg agus shean.
ag breathnú is ag léamh looking and reading
" Caitheann a athair (m’fhear chéile) 10 nóiméad chuile oíche ag breathnú is ag léamh tuairiscí aimsire inár gceannscríbe.
in ann léamh, ar neamhcead don dorchadas able to read despite the dark
" Go háirithe na leabhair ficsean eolaíochta sin - a thiarcais, nach iad atá mór! Is fiú freisin an feidmhchláirín *iOS*, go háirithe má bhíonn tú ag campáil mar beidh tú in ann léamh, ar neamhcead don dorchadas fiú amháin.
is annamh a bhí léamh nó scríobh acu they were seldom written up
" Léiríonn leabhar Noone go raibh Gaeilge ag tuairim is caoga faoin gcéad de na hÉireannaigh a chuir fúthu in Victoria i luathstair na coilíneachta, ach is annamh a bhí léamh nó scríobh acu.
is mór is fiú iad a léamh they’re well worth reading
" (Tá an comhfhreagras sin sna naisc de leataobh an ailt seo agus is mór is fiú iad a léamh.
leabhair a léamh to read books
" Tháinig muidinne ó theaghlaigh Chaitliceacha, náisiúnaíocha choimhéadacha ar chuid mhór bealaí, agus níor thuig muid go hiomlán cad chuige a raibh muid ar an leaba chláir go dtí go raibh muid ar an pláta bheag agus fuair muid deis leabhair a léamh, éisteacht le daoine agus staidéar a ghlacadh.
Tá an-léamh ag Haneke ar an duine H. really knows the human being
" Tá an-léamh ag Haneke ar an duine, fiú más oighriúil í fís an Ostaraigh.
ar an gcéad léamh initially
" An cluiche atá á imirt ag na Rúisigh agus na Sínigh, tá sé níos caolchúisí ná mar a shílfeá ar an gcéad léamh.
thosaigh á léamh started reading it
" Chomh luath is a d'oscail mé an leabhar agus thosaigh á léamh, tháinig fionnadhcrith orm mar bhí a fhios agam gur tháinig mé ar scéal mo cheoldráma.
Tá léamh iontach cúng aige ar he has a very narrow meaning with
" ”* Tá léamh iontach cúng aige ar chainteoirí Gaeilge: *“Those who are engaged with Irish are either small groups of devotees or are public officials employed for the purpose of using the language, for example by translating official documents.
ar an léamh on reading
" Bíonn tionchar ag hipirtéacs ar an léamh (Caibidil 7), an caidreamh atá idir ár ngníomhaíocht ar líne agus ár gcumas cuimhnimh (Caibidil 9) agus féith an lámhchleasaithe iltascálaigh atá ag teastáil chun aon rud a chur i gcrích go feidhmiúil ar líne (Caibidil 7).
Is cuma cad é an léamh atá agat ar an daonáireamh no matter what take you have on the census
" Is cuma cad é an léamh atá agat ar an daonáireamh, is léir go mbeidh náisiúnaithe mar chuid den réiteach ó thuaidh.
de réir mo léamh ar an scéal as I see it
" Bheadh sé sách deacair móramh a fháil i measc na ndaoine ó chúlra náisiúnach ó thuaidh, de réir mo léamh ar an scéal.
le léamh saor in aisce to read for free
" php) An Cheist ==== **Cé na heagráin den iris Comhar a bhfuil rochtain orthu faoi láthair le léamh saor in aisce ar shuíomh idirlín Comhar?** Seol do fhreagra chuig oifig@beo.
aigne na ndaoine faoina gcúram a léamh (not) to read the minds of those in their care
" An t-aon srian amháin atá sa Chultúr seo ná nach bhfuil cead ag na “*Minds*” seo aigne na ndaoine faoina gcúram a léamh.
léamh go rialta read regularly
" Iosrael in Iar-Chonnachta ========= Ba ghnáthach liom an t-alt a bhíodh ag Desmond Fenneall ar leathanach 2 den Sunday Press a léamh go rialta.
aon léamh any reading
" Ach theip ar pháirtithe agus ar ghluaiseachtaí na heite clé aon léamh nó insint shoiléir, intuigthe a chur ar an scéal.
chomh maith le haisteoirí á léamh as well as actors reading them
" Cad é an tairbhe duitse PoetryBeo?Áis fhoghlama dhátheangach is ea PoetryBeo a sholáthraíonn léargais agus nótaí ar an 10 ndán atá ar chúrsa Gaeilge Ghnáthleibhéal agus Ardleibhéal na hArdteiste, chomh maith le haisteoirí á léamh agus cluiche a ghabhann leo.
ag léamh taifid phinsin reading pension records
" I ndiaidh an leabhar theacht amach, rinne Sasanach teagmháil leis agus dúirt nach raibh de chaitheamh aimsire aige ach a bheith ag léamh taifid phinsin Arm na Breataine.
ag léamh faoi na hiomaitheora reading about the participants
" Bhí trua agam do Bhreandán Delap an mhí seo caite agus mé ag léamh faoi na hiomaitheora i nDúshlán Bliaintúil na Mám Toirc (Beo Bealtaine 2013).
Ní leor leabhair a léamh reading a book isn’t enough
" Ní leor leabhair a léamh.
mo léamh místuama féin ar an gceird sin my own amateur understanding on the matter
" Uisce faoi bhrú ard á chur go domhain faoi thalamh leis an ngás atá ann a bhrú aníos, mo léamh místuama féin ar an gceird sin, is chonac comharthaí go leor ag cur ina choinne.
Más san AE atá tú á léamh seo if you’re reading this in the EU
" (Caith do shúil ar Alan Greenspan sna naisc ar dheis: ní shéanfaidh páipéar dúch) Más san AE atá tú á léamh seo, thug tú faoi deara an nóta úr €5 ar na mallaibh.
chun ríomhphoist na rannpháirtithe a léamh to read the participants’ emails
" Ní hamháin gur éist le gach glaoch teileafóin a rinneadh ar ghutháin póca na mullach (Uachtarán na Rúise ina measc), ach d'oscail GCHQ caiféanna idirlín bréagacha ag an gcruinniú chun ríomhphoist na rannpháirtithe a léamh.
an t-alt a léamh agus gearán a dhéanamh faoi to read the article and to complain about it
" Moladh dúinn an t-alt a léamh agus gearán a dhéanamh faoi.
inniúil i léamh ná i scríobh na Gaeilge (are un)able to read nor write in Irish
" 'Sé an chúis is mó atá le seo ná nach bhfuil formhór na n-iriseoirí agus na staraithe a bhíonn ag scrúdú na gcáipéisí inniúil i léamh ná i scríobh na Gaeilge.
is léamh claonta, easnamhach ar stair a skewed lack of understanding of history
" An Dá Thost ===== Mar thoradh ar sin, is léamh claonta, easnamhach ar stair, ar shaíocht agus ar pholaitíocht na hÉireann a chuirtear inár láthair.
Léamh ar shaol an cheoil a reading of a life of music
" ** Léamh ar shaol an cheoil agus an cheoltóra atá sa leabhar seo.
ag léamh na nuachta reading the news
" ”
 Thosaigh Róisín ag obair ar RTÉ agus í 19 mbliana d'aois ag léamh na nuachta le linn di bheith ag dul don chéim in DCU.
ag léamh os ard reading aloud
" Agus é ina shuí i gcafé galánta i lár na Víne ag léamh os ard ón leabhar is tábhachtaí dar chum Herzl in 1895, Der Judenstaat, nocht Schama a chuid fealsúnachta pearsanta.
agus a shúil dírithe ar an léamh while watching the readings
" Bhí sé á chrochadh thart ar na toir ar fad agus a shúil dírithe ar an léamh i dtólamh.
nó bhí an méid sin le léamh because that much was understandable
" Rannpháirtíocht Réasúnta an Phobail ============ Ba léir le linn mo chuairte giorra go bhfuil suim mhór i measc mhuintir Mheiriceá sa pheil Mheiriceánach agus sa chluiche corr nó bhí an méid sin le léamh ar a raibh de chluichí sa dá spórt úd á gcraoladh ar stáisiúin éagsúla teilifíse chuile oíche agus na sluaite daoine i láthair ag na cluichí sin.
le hiad a léamh to read them
" Ní thig a shéanadh nár éirigh le haon nuachtán Gaeilge ariamh sciar mór de phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a mhealladh le hiad a léamh.
greamáin an chairr a bhíos rompu a léamh to read the car sticker in front of them
" A leath den lucht tiomána, bíonn siad róghar don charr a bhíos rompu, agus an dream seo caithfidh sé go mbíonn siad in ann greamáin an chairr a bhíos rompu a léamh, go háirid ag na soilse tráchta nuair a chaithfidh cách seasamh seal.
an Ghaeilge le léamh go feiceálach ar a ndroim the Irish visible on their rear
" Gníomh Beag le Déanamh, Coiscéim Bheag le Glacadh ========================= Ba mhór ab fhiú cuimhneamh ar ghreamáin Ghaeilge a chrochadh ar na carranna seo, carranna an Oireachtais, sa gcaoi go mbeidh na carranna ag tabhairt aghaidh abhaile i ndiaidh an Oireachtais agus an Ghaeilge le léamh go feiceálach ar a ndroim.
bua léamh na láimhe ag had the ability to read one’s hand
" Ní hamháin go raibh bua léamh na láimhe ag Cheiro: mháigh sé go raibh bua na fáistine, na hasarlaíochta agus na huimhireolaíochta aige chomh maith.
de réir mo léimh air as I see it
" Ní de thaisme a reicim an forainm agus an t-ainmfhocal fireann ansin dála an scéil… Tá dearcadh dearfach ar an gcomhdháil seo, ní hamháin anseo ach fud fad na hEorpa agus i measc fiontraithe sna Stáit Aontaithe de réir mo léimh air.
róchaite le léamh sílim too worn to be read I think
" Céard atá sa scríbhinn? Tá sí róchaite le léamh sílim.
tá neart fós le léamh agam roimh I’ve still plenty to read before
" html) Ceann amháin a léimeann amach domsa go dtí seo (agus tá neart fós le léamh agam roimh an Satharn) ná an páipéar a scríobh Evelyn O Connor, oide meánscoile, faoin úsáid a bhaineann sí as meán sóisialta sa seomra ranga.
B’fhiú go mór a mír spreagúil a léamh her inspiring piece is well worth a read
" B’fhiú go mór a mír spreagúil a léamh.
léamh an-chúng glactha ag (have) taken a very narrow reading
" Thuigfinn go maith cad tuige nach dtabharfaí meamraim a ullmhaíodh do chruinniú rialtais dom ach sílim go bhfuil léamh an-chúng glactha ag an dá Roinn sa chás seo.
Is fiú go mór é a léamh it’s well worth reading
le léamh to be read
" Tá borradh as cuimse faoin líon ‘ábhair’ atá ann le léamh.
léamh ar an leithris to read on the toilet
" Is féidir do bhillí a fháil sa leaba, an leabhar a léamh ar an mbus, agus nuachtáin ar bith ó aon chearn den domhan a léamh ar an leithris! Sa Bhreis ar an Méid sin, an Spritz =============== Agus sin iad na foinsí ‘oifigiúla’.
an-mhall ag léamh very slow reading
" Chuir sin ionadh orm mar braithim go bhfuil mé an-mhall ag léamh de ghnáth.
bheith réidh lena léamh to be ready to read it
" com/ryan-holiday/2014/03/hey-reading-isnt-a-race-how-speed-reading-and-spritz-completly-miss-the-point/> má tá tú ag iarraidh leabhar a léamh go tapaidh, nó a bheith réidh lena léamh, b’fhéidir go mb’fhearr do spéis san ábhar nó caighdeán an leabhar a cheistiú in ionad cabhair a fháil ón teicneolaíocht.
i léamh tráchtairí áirithe in the opinions of particular commentators
" Ach, i léamh tráchtairí áirithe – Greg Foster, Les Murray, Andy Harper agus Mark Bosnich san áireamh, gach seans gurb é Ono an t-imreoir is mó thionchar díobh ar fad.
ach seasamh suas agus mo phíosa a léamh I’d just stand up and belch it out
" Dá mbeadh seachtar iarphápaí ardléannta, seachtar ollúna uaisle, seachtar iriseoirí ilfhiosracha agus seachtar amadán éirimiúla ann, ba róchuma liom ach seasamh suas agus mo phíosa a léamh.
bheadh ag léamh an tsaothair sin would be reading that work
" Agus le himeacht ama gur daoine ón taobh amuigh a bheadh ag léamh an tsaothair sin.
Agus an aiste seo á léamh while reading this essay
" Agus an aiste seo á léamh, caithfear áiteamh mímhacánta na gcigirí bunreachtúla i 1996 a choinneáil os do chomhar amach.
léamh to read
" Dhealródh sé go mbeadh radharc súl níos fearr ag teastáil ón té gur mhaith leis nó léi an Ghaeilge ar chomharthaí turasóireachta áirithe a léamh.