Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i léig in decline
" Mhínigh sí dom go bhfuil an méid daoine atá beo bocht in Éirinn imithe i léig de bharr an laghdú sa ráta dífhostaíochta; dúirt sí, áfach, go bhfuil an bochtanas agus an fhulaingt atá ann níos géire ná mar a bhí riamh agus na daoine atá bocht níos scoite amach ón tsochaí ná mar a bhí cheana.
imithe i léig gone into decline
" Bíodh is go bhfuil an Ghaolainn imithe i léig le blianta beaga anuas, is iontach an ní é go bhfuil aon phioc den teanga beo san oileán má smaoinítear go bhfuil an Béarla i réim sna hoileáin eile agus sa dúthaigh ar fud an cheantair le fada an lá.
i léig into decline
" Cé nár mhair an Dublin Hurling Club ach tamall gearr, d'éirigh leis obair mhór a chur i gcrích a chinntigh nach dtitfeadh an iománaíocht i léig go ceann i bhfad.
tite i léig gone into decline
" An é go bhfuil caighdeán na bhfoirne sin tite go sealadach nó an bhfuil géarchéim sna contaetha sin maidir le dul chun cinn na hiomána? Na scéalta atá ag teacht as Corcaigh is measa, sé sin, go bhfuil caighdeán na gclubanna íslithe an oiread sin nach bhfuil ar a gcumas dul san iomaíocht i gceart i gcraobhchomórtas chlubanna na Mumhan agus go bhfuil clubanna cáiliúla na cathrach, Naomh Fionnbarra, An Charraig Dhubh agus Fánaithe an Ghleanna tite i léig ar fad de bharr athruithe daonra agus thionchar an tsacair.
tite i léig gone into decline
" Agus an tionscal sin tite i léig, thuig comhairleoirí na cathrach ar bhealach aibí, nach minic a thuigeann daoine a bhíonn i gcumhacht, go dtagann forbairt eacnamaíoch go minic sna sála ar fhorbairt agus ar fhéiniúlacht chultúrtha.
ag dul i léig declining
" '" Goilleann sé uirthi go bhfuil an Ghaeilge ag dul i léig sa Ghaeltacht ach ní duine í atá sásta géilleadh don lagmhisneach.
ligthe i léig go mór greatly neglected
" D'éirigh leis ag an am céanna suim a mhúscailt as an nua sa chláirseach, uirlis a bhí ligthe i léig go mór go dtí sin.
imithe i léig gone into decline
" Tá clubanna chathair Chorcaí imithe i léig freisin le hais mar a bhídís.
ag dul i léig declining
" Is ag dul i léig leis atá cúrsaí iascaireachta agus tá iasc, ar nós an ghliomaigh, ag éirí ana-ghann.
ag dul i léig in decline
" ag dul i léig ======= Cé gur bhuaigh Cill Chainnigh Craobh na hÉireann i 1992, 1993, 2002 agus 2003, agus go rabhadar sa chraobh i 1991, 1998 agus 1999, agus go raibh an bua ag Uíbh Fháilí i 1994 agus 1998, agus ag Loch Garman i 1996, tá an tuairim amuigh go bhfuil an iománaíocht i gCúige Laighean ag dul i léig.
ag dul i léig declining
" Is mian le Cochrane staidéar a dhéanamh chomh maith ar thoipic an-chonspóideach, is é sin an frith-Mheiriceánachas in Éirinn, go háirithe agus an tacaíocht don "chogadh i gcoinne na sceimhlitheoireachta" ag dul i léig ar an taobh eile den Aigéan Atlantach.
imithe i léig gone into decline
" Is cuid d'oidhreacht an cheantair iad - oidhreacht atá a bheag nó a mhór imithe i léig.
imithe i léig gone into decline
" “Braithim go láidir nach fiú a bheith ag cur ama amú ag iarraidh Gaeilge a chur chun cinn in áit a bhfuil sí imithe i léig.
ag dul i léig drying up
" Tá fáithe ag caint cheana féin faoi Bhuaic na hOla, an uair ag a thosóidh soláthar ola an domhain ag dul i léig, agus ag tabhairt foláirimh gur gá dúinn slite eile a aimsiú chun ár spleáchas ar an ola a laghdú.
imithe i léig gone into decline
" ’” Deir daoine uaireanta go bhfuil an misneach caillte ag bunadh Thoraí de bharr go bhfuil an iascaireacht imithe i léig agus an obair gann.
ag dul i méid nó i léig increasing or decreasing
" Is deacair a dhéanamh amach an bhfuil tionchar na Stát Aontaithe ar an domhan ag dul i méid nó i léig.
agus atá ligthe i léig ar fad. and that has been let into total decline.
" Corn an Oireachtais Ós ag scríobh dom faoi chomórtas an Bhóthair Iarainn, níor mhiste comórtas eile a lua, comórtas a mhealladh sluaite móra tráth, agus atá ligthe i léig ar fad.
ag dul i léig, falling away,
" Agus oighear na hAlban ag dul i léig, thosaigh an scéal ag scaipeadh i measc na ndreapadóirí go bhfuil tréan oighir i Rjukan, baile atá suite i lár na hIorua, 150 ciliméadar ó Osló.
ba bheag nach ndeachaigh sé i léig. it almost died out.
" I ndiaidh an Reifirméisin i 1560, ba bheag nach ndeachaigh sé i léig.
ag dul i léig? petering out
" Cén fáth a bhfuil nós na rothaíochta ag dul i léig? An é gur comhartha eile den Tíogar Ceilteach é? **Suirbhé**In 2004, rinne Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath suirbhé inar cuireadh ceist ar 300 comaitéir arbh iad a ngluaisteáin a bpríomh-mhodh iompair.
bagairt na Sóivéadach ag dul i léig, the threat of the Soviets receding,
" Thart faoin am seo, agus bagairt na Sóivéadach ag dul i léig, thosaigh rialtas Reagan-Bush ag teacht i dtír ar bhagairt na sceimhlitheoireachta támhshuanaí.
ag súil go n-imeoidh siad i léig. hoping they'll go away.
" Is iondúil nach mbíonn a fhios aige cad é ba cheart dó a dhéanamh léi agus cuireann sé cinntí ar an** **mhéar fhada ag súil go n-imeoidh siad i léig.
ag dul i léig, dying out,
" Is iomaí tagairt do mheon an léigir i measc na n-aontachtaithe agus, le teacht na síochána, in áit an chaint seo a bheith ag dul i léig, tá sí le cloisteáil ar bhonn níos forleithne.
ag dul i léig petering out
" Um an dtaca sin, chonacthas do lucht bunaithe na heagraíochta go raibh suim choitianta sa rince céilí ag dul i léig diaidh ar ndiaidh agus nach raibh an oiread sin deiseanna ag grúpaí éagsúla castáil lena chéile chun na rincí a chleachtadh.
ag dul i léig petering out
" Agus impireacht na Breataine ag dul i léig, bhí impireacht nua ag teacht chun cinn: impireacht an chaomhnaithe.
Léig Frith-Clúmhilleadh Anti-Defamation League
" Oifigeach de chuid an Léig Frith-Clúmhilleadh (ADL) a bhí ann.
i léig go to the wall
" Ach an ndéanfadh sé aon dochar dá dtéidís i léig faoi mar a chuaigh an fhístéip nó an gramafón? Leanfadh deachtóireacht i bhfeidhm gan aon nuacht a bheith á scaipeadh inti, ach tá an oscailteacht mar fhuil i gcóras daonlathach.
titim i léig failing, on the way out
" Creideann 61% de Mheiriceánaigh go bhfuil Meiriceá ag titim i léig.
Léige Liag
" Marach Buí na Léige ======== Mar cuid den iarracht siúlóirí a bhrú i dtreo Cosán an Oilithrigh, tá líne carraigeacha atá péinteáilte buí geal ón fhothrach séipéil go dtí imeall na haille, áit a bhfuil fógra nua ann.
imithe i léig died out
" Lindsey siar sna caogadaí, ’sé sin aitheantas Gaeltachta a thabhairt do cheantair bochta i Maigh Eo ina raibh an Ghaeilge imithe i léig le fada ar an gcúis go mba cheart go mbeadh siad i dteideal aon deontas a bheadh ar fáil do cheantar Ghaeltachta, mar a d’admhaigh sé ina bheathaisnéis.
i léig died off
" Ach chuaigh bunús na seanainmneacha Gaelacha i léig.
ag dul i léig fading
" Is léir go bhfuil tábhacht an chreidimh ag dul i léig - níl le déanamh ach amharc isteach i dteach an phobail maidin Domhnaigh le léargas a fháil go bhfuil an creideamh ag síothlú.
tháinig léig ar an nGaelainn Irish retreated
" Ó thaobh cúrsaí staire, an chos ar bolg agus a leithéid, mar a d'fhág sé staid na tíre seo, ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta go mór mór, is dá bharr san gur tháinig léig ar an nGaelainn.
i léig into disrepair
" Tógadh iad 100 AD agus ligeadh i léig iad 225 AD, de réir an fhógra.
imithe i léig go mór deteriorated greatly
" Tá an bheocht a shíleas a bheith in Ailt an Chorráin, an uair dheireanach dom ann, imithe i léig go mór.
i léig into retreat
" Easpa Gutha ====== De réir mar a chuaigh cumhacht agus tábhacht na bhfeirmeoirí i léig, chuaigh ceist na tuaithe ar fad chun fáin.
imithe i léig died out
" Ach anocht beidh seantraidisiún amhránaíochta á chleachtadh go buan, dílis in eaglais Llanrhaeadr, traidisiún a bhí ann sula ndeachaigh an tír le Protastúnachas aimsir Anraí VIII, cuid den oidhreacht Chaitliceach sa mBreatain dá réir, traidisiún a bhí forleathan uair sa mBreatain Bheag, ach é imithe i léig ar fud na tíre le céad bliain agus tuilleadh.
ag dul i léig dying off
" **SÓC:Inis dom faoin Irish Fest féin, cad é cúlra na féile?** JG: Bhí tionscal na hinnealtóireachta agus na ngrúdlann ag dul i léig sna seascaidí i Milwaukee.
imithe i léig died off
" Ach céard é an chiall a bheith ag caitheamh airgid ar phlean teanga a réiteach do cheantar, ina bhfuil an Ghaeilge imithe i léig chomh mór is nach bhfuil difríocht ar bith idir é agus ceantar taobh amuigh den Ghaeltacht.
imithe i léig died out
" Mar theanga ar bhéal na ndaoine, tá an Ghaeilg imithe i léig ar an oileán le fada, ach tá sí coinnithe beo sna logainmneacha ar muir is ar talamh: Eilean na hAon Chaorach, Port a’ Churaich, Traigh Bhan na Manach, Eilean nam Ban, Gleann an Teampuill, Clachanach, Cnoc nam Bradhan.
i léig into neglect
" De réir a chéile, thit Conradh na Gaeilge sa chathair i léig, rud a chuir brón ar Sheán.
ag dul i léig is dying out
" Tá Antigonish (Am Baile Mór) gar do Cheap Breatainn, áit a raibh an Ghàidhlig a labhairt ar feadh na mblianta, cé go bhfuil líon na gcainteoirí dúchais ag dul i léig anois.
ag dul i léig i gcroí na huirlise dying off in the core of the piano
" Na nótaí deiridh ag dul i léig i gcroí na huirlise.
ag dul i léig going into decline
" Léiríonn seasamh na bhfoirne as Cúige Laighean sa sraithchomórtas náisiúnta go bhfuil an ceart acu siúd a deir go bhfuil an iománaíocht sa chúige sin ag dul i léig, dar le Colm Mac Séalaigh.