Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
léirscriosta devastated
" Ba thír léirscriosta í an Ghearmáin ag an am sin agus rinne na daoine, in éineacht leis na Stáit Aontaithe, a seacht ndícheall an tír a atógáil - go fisicúil agus go síceolaíoch araon.
léirscrios devastation
" " Ní fhéadfadh an cur síos ar an léirscrios - ar a laghad ar an timpeallacht i Manhattan íochtarach - gan an radharc a bhí le feiceáil díreach tar éis ionsaí an 11 Meán Fómhair a chur i gcuimhne duit.
léirscrios destruction
" Taispeánann na pictiúir, a thóg grianghrafadóirí proifisiúnta agus amaitéaracha, ina measc fir dhóiteáin, páistí agus póilíní, an léirscrios a bhí le feiceáil thart ar na sráideanna, chomh maith le daoine a tháinig slán ó na túir.
léirscrios total destruction
" Nach raibh sé le rá ag lucht staire tráth nach raibh géim bó le closint, tar éis léirscrios na Banraíona Eilíse, "ó Dhún Chaoin go Caiseal Mumhan".
léirscrios destruction
" Thóg sé tamall an-fhada ar údaráis an stáit seo dul i ngleic i gceart leis an léirscrios a rinne an druga héaróin anseo sna hochtóidí.
léirscrios total destruction
" Ach tá sé an-nua-aimseartha ar bhealach, mar tá a lán daoine óga ann sa lá atá inniu ann ar mhaith leo an domhan nádúrtha a chosaint in éadan léirscrios an chine dhaonna.
a léirscrios to destroy
" Sa roinn nua, faoi stiúir Martin Cullen, tá cúram an chomhshaoil (bóithre) agus na hoidhreachta ar an bhfear céanna agus an chumhacht aige na hiarsmaí seandálachta atá faoina chúram a léirscrios ionas gur féidir bóithre, loisceoirí agus óstáin a thógáil.
léirscrios buamála bombing devastation
" Tháinig athruithe ar an chathair, ní mar gheall ar léirscrios buamála, ach toisc gur mhaith leis na rialtóirí nó leis na daoine saibhre nó leis an chléir foirgnimh ní ba mhó nó níb fhaiseanta a thógáil.
i mbaol léirscriosta in danger of being destroyed
" Ach, murab ionann agus tithe Paul McCartney agus John Lennon atá i seilbh an National Trust (*Beo!*, eagrán 34, Feabhra 2004), tá teach Ringo i mbaol léirscriosta agus is é polasaí an rialtais is cúis leis seo.
an léirscrios the destruction
" Déanann an scannán cur síos ar na heachtraí uafáis sna blianta le linn Chogadh na nDubhchrónach, go háirithe an léirscrios a rinneadh ar bhailte mar Mhainistir Fhear Maí, Bhaile Brigín, Áth Troim, an Gránard agus Chorcaigh.
léirscrios total destruction
" É sin ráite, tá go leor Astrálach ann chomh maith a bhfuil náire orthu as an ról a bhí ag an tír seo san fhadfhulaingt agus sa léirscrios a tharla – agus atá ag tarlú fós – san Iaráic.
léirscrios a saíochta the plundering of their culture
" Féachann siadsan air mar an lá in ar cuireadh tús lena ndíshealbhú agus le léirscrios a saíochta.
léirscrios distruction
" Gan é, beidh forlámhas an ghunna i réim, bás agus léirscrios.
léirscrios devastation
" " Thig le hógánach le gunnaí léirscrios a dhéanamh mar a léirigh Seung-Hui Cho (23 bliain d'aois, 32 marbh, Virginia Tech 2007).
léirscrios destruction
" go dtí gur tháinig na francaigh: luchóga móra a tháinig ina milliúin agus ina mbilliúin agus a rinne scrios agus léirscrios agus sléacht agus díothú ar gheilleagar na ríochta.
léirscrios ruination
" Is léir, mar sin, go bhfuil an bonn á bhaint ón dul chun cinn ag léirscrios na timpeallachta.
léirscrios total destruction
" Oíche Shathairn, 28ú Samhain, bhailigh drong 200 duine le chéile i lár an bhaile gar d’am druidte na dtithe leanna agus thosaigh ag déanamh léirscrios ar shéalúchais Chaitliceach.
léirscrios plundered
" Ba cheart mar sin gurb é an bás a bheadh i ndán dóibh, ach cé go ndearnadh léirscrios ar na teangacha seo le cúpla céad bliain anuas, tá a lucht tacaíochta i mbun feachtais chun iad a athneartú.
léirscrios devastation
" Bhí córas na sainaicmí fós chomh mór sin i réim is nár ligeadh do na Dalit tairbhiú go hiomlán den fhóirithint anachaine a chuir eagraíochtaí carthanachta an domhain ar fáil dóibhsean a tháinig beo as an léirscrios a rinne súnámaí 2004.
léirscriosadh was ruined
" Bhí a ndúichí seilge traidisiúnta caillte ag an mhuintir dhúchais agus dá bhrí sin léirscriosadh a slí mhaireachtála agus a saíocht.
léirscrios devastation
" Bheadh tíortha iomlána éagsúla caillte faoi thoinn, gan trácht ar an léirscrios a bheadh i ndán do chathracha cósta mar Nua-Eabhrac agus Baile Átha Cliath fiú.
léirscrios cogaidh war devastation
" Baineann an saothar leis an ealaíontóir Jeremy Deller agus cuireann sé fírinne lom agus léirscrios cogaidh os ár gcomhair amach ar bhealach díreach simplí.
léirscrios plunder
" Anuas ar sin, rinne na gabhálaithe Eorpacha léirscrios ar a ngnáthóga agus iad ag glanadh na talún le tionscail tuaithe éagsúla a bhunú.
léirscrios is measa worst destruction
" Rinneadh an léirscrios is measa ar shaíocht agus ar theangacha an mhuintir dhúchais sa stát sin dá dheasca.
Rinneadh léirscrios orthu they were ruined
" Rinneadh léirscrios orthu tar éis an dara cogadh domhanda.
Cé gur léirscriosadh an clubtheach although the clubhouse was destroyed
" Cé gur léirscriosadh an clubtheach, níor bhain béim chreabhair don chorn.
léirscrios atá in ann do utter destruction is in store for
" An dóigh a bhfuil sé anois, áfach, léiríonn na pobalbhreitheanna is deireanaí gur léirscrios atá in ann do Pháirtí an Lucht Oibre agus gur beag suíocháin a bheas idir Fine Gael agus Fianna Fáil an chéad iarraidh eile.