Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag léirsiú demonstrating
" Fanóidh muid anseo go dochloíte ag déanamh angaidh mar dhealga an chactais i gcroí bhur gCinnteachta, i gcnámh droma bhur gCumais; ag canadh amhráin ár gcráiteachta; ag léirsiú ar shráideacha na hagóide; ag líonadh na bpríosún le dínit na tragóide.
léirsiú demonstration
" Allmhairíonn Cargills, comhlacht Meiriceánach, gráinne GM ó na Stáit Aontaithe tríd an mhuileann atá acu ag dugaí Learphoill agus bíonn léirsiú ansin go minic.
ag léirsiú demonstrating
" D'iarr sí orainn smaoineamh ar an uair dheireanach a raibh aos óg na tíre ag léirsiú ar son na Gaeilge, i gcomparáid leis na léirsithe i Genoa na hIodáile nó Glen of the Downs Chill Mhantáin.
léirsithe demonstrations
" Amharc chomh hóg le lucht caite buamaí peitril sna léirsithe is úire i dtuaisceart Bhéal Feirste.
léirsiú demonstration
" Níl aon dabht ach go ndeachaigh na Gardaí thar fóir lena mbataí ar an 6 Bealtaine 2002 ag an léirsiú i mBaile Átha Cliath.
léirsithe frithdhomhandaithe anti-globalisation protests
" " Agus an mbíonn baint acu leis an bhforéigean a bhíonn ag na léirsithe frithdhomhandaithe ó am go ham? "Cé go bhfuil muid gníomhach sna feachtais, an rud is tábhachtaí dúinne ná gan foréigean a úsáid," a deir sí.
léirsiú polaitiúil political demonstration
" "Ní bheadh sé sásúil dá mba rud é nár ceapadh múinteoir toisc go bhfuarthas amach gur gabhadh é ag léirsiú polaitiúil tamall de bhlianta roimhe sin," arsa an t-urlabhraí.
léirsiú demonstration
" Ag an teacht le chéile tar éis na paráide dúirt Alec McFadden leis an slua mór go raibh siad páirteach sa léirsiú ba mhó in aghaidh an fhaisisteachais i gcuimhne na ndaoine sa chathair.
ag léirsiú demonstrating
" Agus, dár ndóigh, ná déanaimis dearmad ar iompar "ainmhí" na nGardaí a chuir alltacht ar an bpobal ar 6 Bealtaine 2002, nuair a thug scata de bhuachaillí na héide goirme bascadh ceart do dhream mac léinn a bhí ag léirsiú i lár Bhaile Átha Cliath.
léirsithe demonstrations
" I léirsithe ar fud na tíre, dúirt an pobal os ard nach raibh muinín ar bith acu i bpolasaí an rialtais.
léirsiú demonstration
" Ós ag caint dúinn ar mhagairlí agus ar a n-uireasa, bhí léirsiú mór i mBaile Átha Cliath ar an mhí seo caite.
léirsiú frithchogaidh anti-war demonstration
" (Dúradh gur fhreastail 100,000 ar léirsiú frithchogaidh a bhí ar siúl ní ba luaithe sa chathair.
lucht léirsithe protestors
" " "Agus cad é faoin lucht léirsithe a bhíonn ag agóid in éadan fhórsaí Mheiriceá a bheith ag úsáid Aerfort na Sionainne? Nach cairde leat iad sin?" a d'fhiafraigh Balor.
léirsithe frithchogaidh anti-war protests
" Tá bratacha SAM agus na Breataine á ndó go rialta ag léirsithe frithchogaidh san Araib Shádach, sa tSúdáin, sa tSiria, sa Phalaistín, sa Libia, sa Liobáin, san Iordáin, san Iaráic, san Iaráin, in Éimín, san Ailgéir, agus san Éigipt.
léirsithe móra big demonstrations
" Níor thug an Príomh-Aire aon aird ar na léirsithe móra in aghaidh an chogaidh a bhí ag siúl ar fud na tíre ar feadh dhá mhí, ach an oiread.
ag léirsiú demonstrating
" Cheana féin sa Tuaisceart tá an Coimisiún Um Chearta Thuaisceart Éireann tar éis a leithéid de thacaíocht a thabhairt do thuiste atá bainteach le scoil na Croise Naofa i mBéal Feirste i gcás atá á thógaint aici in aghaidh an PSNI as gan dílseoirí a bhí ag léirsiú lasmuigh dá scoil a stop.
léirsithe spontáineacha spontaneous demonstrations
" Bhí an chuid is mó de mhuintir na Spáinne bréan de bhréaga an oíche sin agus bhí léirsithe spontáineacha os comhair phríomhoifig an Partido Popular i Maidrid agus i gcathracha eile.
léirsiú demonstration
" Mar shampla, i mí Feabhra i mbliana bhí léirsiú i Learpholl in aghaidh an phlean atá ag an rialtas reisimint áitiúil ó Arm Shasana, *The Kings, *a chónascadh le reisimintí eile.
léirsiú demonstration
" Anuraidh ghlac Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (an IFA) agus Eagraíocht na bhFeirmeoirí Beithíoch agus Caora (an ICSA) páirt i léirsiú taobh amuigh de phríosún Theach an Locháin lena dtacaíocht a thabhairt d’Andy “The Bull” McSharry, feirmeoir as Contae Shligigh ar gearradh coicís príosúnachta air i gcás a bhain leis an aighneas leanúnach idir lucht siúil na sléibhte agus úinéirí talún.
léirsiú colgach angry protest
" Coicís ó shin tháinig ocht gcinn de tharracóirí as an Tasmáin i dtír i Melbourne agus bhí léirsiú colgach acu ansin.
léirsithe protests
"léirsithe ar bun ó cheann ceann na tíre ag tacú leo is ní léir cén deireadh a bheas leis an scéal.
léirsithe demonstrations
" Cé nár maraíodh aon duine an bhliain dár gcionn chiallaigh an bealach a phléigh an RUC le léirsithe fheachtas na gceart sibhialta i 1968 gur mhéadaigh ar fhearg náisiúnaithe na Sé Chontae.
léirsiú demonstration
" Bhí Cosantóir na Teorann agus cúpla céad ball den DDT i ndiaidh a móid gheanmnaíochta a bhriseadh nuair a thrasnaigh siad an teorainn le taisteal go Baile Átha Cliath chun páirt a ghlacadh sa léirsiú mór i Sráid Uí Chonaill: *Is Grá Linne Muid Féin*.
léirsiú demonstration
"léirsiú mór poiblí ar siúl.
i bhforógraí bagracha lucht léirsithe in the threatening proclamations of the demonstrators
" Anois siúlaim leat i gcaorán na bhfuiseog is éistim le monabhar abhna do bhriathra ó Bhéal an Áthaagus cuirim mo bheola le do chneas atá cumhra, a ghrá, le sméara dubha Ghleann an Átha …i dtobainne, tá mé lán díot, a mhian, is níl a dhath le déanamh agam ach luí síos leat go dianar leaba seo an dáin agus tú a bhriatharú chun beatha … Gluais • Glossary glao coiligh a póigethe rooster call of her kiss mullaightop of house buí-ómrayellow-amber bruth análahot breathing múr teasabank of heat cága callánachanoisy jackdaws á ngríosúinciting them a ngiúmaráilhumouring them go breabhsántasprightly meall gréineorb cabhail chathrachcity body spréite go hanástaspread awkwardly tnáitejaded basár a brollaighthe bazaar of her bosom ag borradhswelling dlaoithe casacurly tresses cabhsaí dúshlánachachallenging lanes á gclutharú féinhiding themselves méalasorrow buairtvexation cruachásdistress ag déanamh tochtagrieving silently an tréanthe strong ag tromaíocht ar an truadenigrating the wretch meannánkid méileachbleating scrínteshrines bean feasa na gclós ársawise woman of the ancient yards dhorchaigh spéir a súlthe sky of her eyes darkened ceannaircrevolt a d’fheall orthuwhich failed them boige paidrethe softness of prayer le báinífurious bhruth bréan bildeálathe foul heat of the building site ag déanamh angaidhfestering i bhforógraí bagracha lucht léirsithein the threatening proclamations of the demonstrators bhachlógachindistinct siogairlínípendants glémhaiseachexquisitely beautiful go ríogúilregally teanga túisetongue of incense ag clingireachtringing bantracht bheoshúileachthe quickeyed women le coim na hoícheat nightfall ag spréamh cheannbhrat glé an dorchadaisspreading the bright canopy of darkness bioráinpins ag lonrúshining clóca sróilcloak of satin aigeantaspirited buimefoster-mother deoch shuainsleeping-draft spréachspark súgachmerry ag glinniúintsparkling tú a mhuirniúto caress you linntepools cumhaloneliness le tú a aoibhnniúto make you blissful ionúinbeloved másaíthighs a niamhraigh mo dhánwho made resplendent my poem i gcaorán na bhfuiseogin the bog of the larks monabharmurmur chneasskin cumhrafragrant miandesire
an léirsiú seo this demonstration
" ” “Tá ceithre bliana déag sean go leor,” a dúirt Aoibheann, “agus tá an léirsiú seo tábhachtach.
léirsithe demonstrations
" Bhí léirsithe in aghaidh an chogaidh i ngach baile mór sa tír, agus níos mó ná milliún duine ar shráideanna Londan.
léirsiú protest
" (Tá cuimhne agam féin gur thóg mo mháthair mé a fhad le léirsiú dá gcuid agus mé i mo thachrán scoile.
lucht léirsithe protestors
" Ní raibh i marú lucht léirsithe sna caismirtí a bhí ar siúl le déanaí sa Tibéid ach sampla eile den mhaistíneacht agus den ansmacht atá ar bun ag an tSín ansin le fada, idir phríosúnú, chéasadh, chinsireacht, shárú saoirsí bunúsacha agus aimridiú ar mhná i gcoinne a dtola.
le linn léirsithe during protests
" Sa bhliain 1968, maraíodh idir 200 agus 300 mac léinn le linn léirsithe in Tlatelolco i gCathair Mheicsiceo, cúpla seachtain sular cuireadh tús leis na cluichí ansin.
léirsithe protests
" Mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin ar an iris seo i mí an Mhárta 2003 (eagrán 23), ghlac breis is 500,000 duine páirt i léirsithe ar fud na tíre seo le rá nach raibh muinín ar bith acu i bpolasaí an rialtais maidir leis an gcogadh.
léirsithe demonstrations
" Agus na léirsithe in aghaidh la vie chère a chonachtas le roinnt seachtainí anuas i Martainíc agus i nGuadalúip ar éigean thart, is léir go bhfuil na seirbhísí póilíneachta san airdeall ar aon chorraíl shibhialta.
léirsithe demonstrations
" Reáchtáladh léirsithe ag na mic léinn in Melbourne agus Sydney le hagóid a dhéanamh i gcoinne na n-ionsaithe agus in éadan easpa ghnímh na bpóilíní.
léirsiú demonstrating
" Sé bliana déag tar éis titim réimeas Ceausescu, deineann mo dhuine an réabhlóid a ceiliúradh le seó cainte a ardaíonn an cheist seo leanas – an raibh éinne amuigh ag léirsiú ar chearnóg na cathrach sular glanadh Ceausescu chun siúil ag 12.
ag léirsiú demonstration
" Thosaigh mic léinn ag léirsiú ar shráideanna Kabylie ar dtús agus in Algiers féin ina dhiaidh sin.
Léirsithe demonstrations
" Léirsithe, Agóidí is Círéibeacha Leanadh ar aghaidh leis an gcos ar bolg i 1985 nuair a rinneadh gníomhaithe Imazigh eile a ghabháil is a chur i bpríosún ach níor bhain sin an ghaoth as seolta agóideoirí Kabyle: i 1988 ghlac siad páirt i Léirsithe i Kabylie is in Algiers a chuir iallach ar an rialtas deireadh a chur leis an gcóras aonpháirtí a bhí ag an Ailgéire ó bunaíodh an stát.
léirsithe demonstrations
" Eagraíodh léirsithe ar fud na tíre i 1996, chomh maith le suí istigh ag Ambasáid na Sualainne i mBogotá, príomhchathair na Colóime, toisc go raibh baint ag comhlachtaí na tíre sin le tógáil is le maoiniú na cora.
ar léirsiú on a demonstration
" Shiúil 4,237 acu trí Learpholl ar 6ú Feabhra ar léirsiú in aghaidh gearradh siar an rialtais agus thug an Ardeaglais Phrotastúnach cead do Tony Benn labhairt leis an slua taobh istigh den fhoirgneamh sin, rud nár tharla riamh roimhe.
léirsithe demonstrations
" I ndiaidh do Soros eagarfhocal a scríobh mar thaca leis an muirthéacht, tháinig sé chun solais ar Al Jazeera agus sa New York Times go bhfuair na gníomhaithe a d’eagraigh na léirsithe ar fud an Mheánoirthir oiliúint ó dhaoine a bhí páirteach sna muirthéachtaí síochánta sa tSeirbia, sa tSeoirsia, san Úcráin agus i dtíortha eile nach iad — dreamanna a bhí maoinithe ag eagraíochtaí neamhrialtasacha ar nós an *Open Society Institute* de chuid George Soros.
léirsithe demonstrations
" Ó Ross Dumhach go Teamhair na Rí, tá an obair chéanna le feiceáil – ar dtús, seasann an pobal go láidir le cúis timpeallachta nó b’fheidir le caomhnú ionad staire, ag léiriú tacaíochta trí litreacha chuig na meáin, nó trí ainmneacha a fháil ar achainíocha, nó i léirsithe fiú amháin.
ag léirsiú go síochánta demonstrating peacefully
" Ar an 13 Feabhra i mbliana, d’inis Muammar Qaddafi do dhídeanaithe Palaistíneacha gur chóir dóibh teacht i dtír ar na muirthéachtaí sa Mheánoirthear agus cruinniú ar theorainneacha Iosrael ag léirsiú go síochánta go ngéillfeadh Tel Aviv dá gcearta filleadh ar a bhfód dúchais don chéad uair ó chuir fórsaí na nIosraelach iachall ar thart ar 750,000 acu imeacht i 1948.
na léirsithe seo these demonstrations
" Dá réir sin na léirsithe seo.
léirsithe a eagraítear demonstrations which are organized
" Níl ag éirí leo mórán a mhealladh le dul ar na léirsithe a eagraítear taobh amuigh de Theach Laighin.
thús na léirsithe the start of the demonstrations
" Tamall i ndiaidh “saoradh” na Siria, tuairisceoidh dream ar son chearta an duine go raibh na reibiliúnacha ciontach as sárú ar chearta an duine chomh maith ó thús na léirsithe.
Reáchtáladh léirsithe móra massive demos were organized
" Reáchtáladh léirsithe móra fud fad na tíre agus labhair Abbott ag cuid mhór acu, ag maíomh nach raibh sa reachtaíocht ach gotha gan bun ná barr air leis an Páirtí Glas a shásamh.
Léirsiú ar bith no demonstration
" Léirsiú ar bith! Ceiliúradh a bhí ann den Chaitliceachas in Éirinn.
léirsiú lasmuigh den teach cúirte a demonstration outside the courthouse
" Bhí léirsiú lasmuigh den teach cúirte le linn an chéad ionchoisne cróinéara an bhliain dár gcionn, le hagóideoirí áirithe sa ghráscar ag tabhairt íde na muc is na madraí do na Chamberlains agus iad ar a mbealach isteach.
tacaíocht do na léirsithe support to the demonstrators
" Thug ceannairí na bpáirtithe aontachtacha tacaíocht do na léirsithe ar ndóigh, Robinson agus Mike Nesbitt – an ceannaire páirtí is measa dá bhfaca mé riamh agus suim agam sa pholaitíocht le 40 bliain - an bheirt ag treorú daoine ach gan compás morálta acu féin.
lucht léirsithe Oirthear na cathrach ciaptha cráite sin the protestors in the east of that troubled tortured city
" Ach i ndiaidh dó a bheith ag éisteacht leis na scéalta uafáis ag teacht amach as Oirthear Bhéal Feirste oíche i ndiaidh oíche le cúpla mí anuas, níl sé cinnte anois go bhfuil dóchas ar bith ann go dtiocfadh ciall riamh chuig lucht léirsithe Oirthear na cathrach ciaptha cráite sin.
ag léirsiú Déardaoin seo a chuaigh thart demonstrating last Thursday
" Lá Breithe Bhanlacha Chorn na Breataine ============ Cú Chulainn: B’fhéidir gur thug tú faoi deara nach raibh muid ag léirsiú Déardaoin seo a chuaigh thart, a Bhaloir? Thug cinnte.
holl-léirsithe mass demonstrations
" Tá na holl-léirsithe sa Bhrasaíl a thosaigh i lár Mhí an Mheithimh ar an achrann sóisialta is mó sa tír le scór bliain anuas.
ag léirsiú don chéad uair ina shaol demonstrating for the first time in his life
" Bhí seisean ag léirsiú don chéad uair ina shaol, ba chuimhin léise na holl-léirsithe ag tús na 1980í a chuir deireadh le deachtóireacht mhíleata na linne.
chas an léirsiú le póilíní círéibe the demo met riot police
" Cogaíocht ar shráid shiopadóireachta =============== Bhí cuma an-an-difriúil ar chúrsaí uair an chloig ina dhiaidh sin, nuair a chas an léirsiú le póilíní círéibe ar an Avenida Joana Angélica, sráid siopaí thart ar leathmhíle ón staidiam.
ionas nach n-éireodh le léirsiú ar bith in order that no demo would succeed
" Bhí bac curtha ar an mbóthar ag na póilíní ansin, ionas nach n-éireodh le léirsiú ar bith féasta sacair FIFA a mhilleadh.
ag ceann an léirsithe at the head of the demo
" I bhfaiteadh na súl, bhí dream a ndéanfaidh mé cur síos air mar bhuíon troda ad hoc tagtha ar an saol san áit a raibh mise agus cuid mhór iriseoirí eile, ag ceann an léirsithe.
ar theastaigh uathu léirsiú go síochánta who wanted to demonstrate peacefully
" Fínéagar ==== Shéid an ghaoth an deorghás i dtreo an tslua, isteach in aghaidh na ndaoine ar theastaigh uathu léirsiú go síochánta chomh maith le haghaidh na lucht na troda ar theastaigh uathu bac bóthair na bpóilíní a shárú.
ag léirsithe lasmuigh at demonstrations outside
" Léirigh siad freisin go raibh fadhb ag Abbott le vóta na mban, faoi gur mheas cuid acu go raibh sé ró-ionsaitheach, go háirithe nuair a thug sé íde béil do Gillard sa pharlaimint agus ag léirsithe lasmuigh de Theach na Parlaiminte.
léirsiú demonstration
" Má bhítear ag máirseáil ó thuaidh, feictear do Robert McMillen nach mar léirsiú in aghaidh ciorruithe a tharlóidh sé.
léirsithe dá chineál similar demonstrations
" Bhí léirsithe dá chineál ar bun ar fud na Fraince chomh maith.
ar chúl na ‘léirsithe’ ó thuaidh behind the demonstrations in the north
" Síleann roinnt daoine go dtiocfadh le níos mó ná fearg a bheith ar chúl na ‘léirsithe’ ó thuaidh.
cur síos ar léirsiú a description of a demonstration
" Déanann an comhfhreagraí idirnáisiúnta Alex Hijmans cur síos ar léirsiú a chonaic sé i gcathair Salvador, sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí air.