Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sheanfhondúirí líonmhara plentiful oldtimers
" Duine eile de sheanfhondúirí líonmhara an bhaile a bhí ina chónaí leis féin, cé go gcloisidís a ghuth binn bog go minic ar an raidió, óir b'amhránaí aitheanta a bhí ann cé nár spéis leosan na seanamhráin fhada fhadálacha a chasadh sé.
líonmhar numerous
" Nuair a bhí Cogadh na Saoirse ar siúl in Éirinn, ní raibh cairde chomh líonmhar, chomh saibhir ná chomh feargach againn is atá ag muintir na hIaráice i láthair na huaire.
ina sluaite líonmhara in big crowds
" Tháinig maithe agus móruaisle, cosmhuintir agus mionuaisle na hÉireann le chéile arís ina sluaite líonmhara i mbliana sa pháirc ollmhór sin cois locha i Milwaukee chun an cúigiú *Irish Fest* is fiche a cheiliúradh.
is líonmhaire i bhfad na tithe saoire holidays homes are a lot more numerous
" Dá bharr seo is líonmhaire i bhfad na tithe saoire i mbailte fearainn áirithe ná na tithe a bhfuil cónaí buan iontu i rith na bliana.
dá lucht féachana líonmhar to their large audience
" Is cinnte nach raibh a fhios acu ag an am cé chomh híocónach is a bheadh na cartúin seo agus an méid pléisiúir a thabharfadh siad dá lucht féachana líonmhar sa bhaile agus i gcéin.
líonmhaire more numerous
" Cad chuige nach mbeadh? Is fearr dráma raidió a scríobh ná gearrscéal ar an ábhar gur líonmhaire na héisteoirí agus gur mó an táille.
líonmhar numerious, plentiful
" Ar saoire in Algarve na Portaingéile a bhíos féin agus mo bhean, agus chuamar le breathnú ar an gcluiche chuig ceann de na pubanna Éireannacha a bhí líonmhar san áit a rabhamar.
ró-líonmhar too numerous
" Agus bóithre Mheiriceá ag cur thar maoil anois le carranna atá á dtiomáint ag dream atá róghnóthach, róthuirseach, rófheargach agus ró-líonmhar, braitheann daoine go bhfuil sé ródhainséarach dul amach i gcarr nach bhfuil cosúil le tanc – agus sin an fáth gurb ann don Hummer, ar ndóigh.
tá na cailíní níos líonmhaire there are more of the girls
" Is fearr liomsa an rac-cheol fosta, ach tá na cailíní níos líonmhaire - ní fada go mbíonn *Bleeding Love* Lewis nó caoineadh Kelly fud fad an chairr.
líonmhar plentiful numerous
" ** ** Dumhcha muiríneachaSeo sampla ón tuarascáil: tá “drochstádas” ag gnáthóg na ndumhcha muiríneacha, atá líonmhar i nDún na nGall.
líonmhaire more numerous
" An bhfuil an t-iarann te? An mithid a bhualadh? Is líonmhaire teangacha eile ar shráideanna na hÉireann thar mar ba nós roimhe seo.
líonmhara plentiful
" A Dhaidí na Nollag, a chara, Tá mé ag scríobh chugat i mbliana le liosta fada d’achainí le haghaidh bronntanais do mo chairde líonmhara.
fórsa saothair líonmhar a large work force
" Tabharfaidh na tomhaltóirí breise seo speagadh láithreach don gheilleagar inmheánach agus cinnteoidh sé go mbeidh fórsa saothair líonmhar ann chun an tír a choimeád sa siúl agus chun ár bpinsean a íoc! Quel bonheur! Gach duine sásta.
chomh líonmhar as plentiful
" Easpa ‘carachtar’ nó pearsan suimiúla a luaitear mar chúis eile leis an easpa suime, is é sin, imreoirí áirithe a mheallfadh daoine ina sluaite go dtí na comórtais agus chuig taispeántais fiú amháin, níl siad chomh líonmhar is a bhíodh.
teaghlach líonmhar large household
" Ní hionadh liom na tagairtí minice seo do dheirfiúracha is dheartháireacha nuair a fhaighim amach faoin teaghlach líonmhar inar tógadh é.
cáipéisí líonmhara numerous documents
" Mura mbíonn trácht ar na cáipéisí líonmhara a aistrítear go Gaeilge gan a léamh choíche ina dhiaidh sin, déantar cur síos ar sheirbhísí ateangaireachta abhus agus san Eoraip a bhfuil coinleach glas ag fás orthu, cheal úsáide.
scaiftí líonmhara large hordes
" Amach as gach poll sa tír a tháinig siad, ina scaiftí líonmhara, ina sluaite iomadúla.
líonmhara plentiful
" B’fhearr i bhfad a leithéid a bheith mar théama ag na scoileanna samhraidh líonmhara agus na tionóil acadúla ná cuid de na téamaí aduaine a phléifear i ndorchlaí intleachtúla sna míonna beaga amach romhainn.
líonmhaire more plentiful
" Na Sluaite Isteach ag Bá Mhuintir Batwa Ba ghearr gur líonmhaire i bhfad na pobail socraithe nua ná na Batwa agus ba ag bun na sochaí nua a bhí áit na Batwa.
líonmhaire plentiful
" Bhí roinnt mangairí sráide ag fáinneáil timpeall, ach ba bheag a bhí le rá ná le díol acu, agus bhídis níos líonmhaire ná na turasóirí féin.
nach líonmhar very few
" Anuas air sin, bíonn dhá scór ciliméadar le siúl ag an leanbh a dteastaíonn oideachas uaidh, rud a fhágann nach líonmhar é slua na nEndorois óg a gcuirtear scolaíocht orthu.
líonmhar numerous
" Mionlach líonmhar Nuair a chloistear an focal mionlach is gnách smaoineamh ar mhuintir Ogiek na Céinia is na Tansáine arb ann do 40,000 díobh, nó ar mhuintir Ogoni na Nigéire a bhfuil tuairim is leathmhilliún díobh ann, nó fiú ar Choirdínigh na Tuirce a bhfuil suas le 25 milliún díobh ann dar le tuairimí áirithe.
líonmhara numerous
" Bhí maithe agus móruaisle, cosmhuintir agus mionuaisle na hÉireann agus Mheiriceá cruinnithe le chéile arís ina sluaite líonmhara sa pháirc ollmhór chun an tríochadú Irish Fest a cheiliúradh.
dream líonmhar large number of people
" Dá mbeadh milliún duine ina gcónaí i lár na hÉireann, an dream líonmhar sin a dteastaíonn uathu cuairt a thabhairt ar a gcairde nó a ngaolta i nGaillimh nó i mBinn Éadair, i nDoire nó i gCorcaigh, ní bheadh ach leath an achair le taisteal acu, thar mar a tharlaíonn achan deireadh seachtaine, ó thús deireadh na bliana.
gabháil i líonmhaire on the increase
" Dála an ainm Mary, ba é Mór, an t-ainm ba choitianta ar mhná in Éirinn tráth, a thug ar ‘Mary’ gabháil i líonmhaire in Éirinn le fás an Bhéarla.
líonmhar plentiful
" ie? Don tuismistheoir nach féidir leo tabhairt faoi na siopaí ar chor ar bith, tá catagóir líonmhar stocaí acu fiú amháin le hainmhithe beaga, cniotálaí francaise, ábhar ealaíne, liathróidí lonracha, téada scipeála agus cleasanna beaga eolaíochta.
is líonmhaire are more plentiful
" Tá an chuid is mó d’oileáin na hÉireann bánaithe anois nó tá siad gannaithe go maith sa daonra, nó is líonmhaire stráinséirí isteach atá ina gcónaí iontu anois ná an seanbhunadh féin.
Is líonmhaire are more plentiful
" Is líonmhaire an méid eitleán ladrainn ná an líon gnátheitleán atá á ndéanamh ag SAM anois.
uaigheanna aos Allah go líonmhar numerous Muslim graves
" Imeacht ón Eoraip ========= Tamall soir bhí uaigheanna aos Allah go líonmhar le taobh an bhealaigh, oidhreacht an chogaidh a strac an tír ó chéile fiche bliain ó shin ar éigean.
líonmhar plentiful
" Meitheal Forbartha na Gaeltachta =================== **SMM: Cad é an dóigh chun cinn sa Ghaeltacht nuair a tchímid Meitheal Forbartha na Gaeltachta druidte dúnta agus srianta ar Údarás na Gaeltachta? Ar cheart cur leis an tionscal físe? - Go mbeadh seirbhís iomlán teilifíse Ghaeilge ann a bheadh ag freastal ar na cainteoirí is saibhre sa Ghaeltacht agus ar ‘Éire na Gaelscolaíochta’ fosta mar tá an ghlúin Gaeilgeoirí aníos sa Ghalltacht ag éirí iontach líonmhar?** DMFh: Aithním an obair a bhí á déanamh ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta ó bunaíodh iad agus an freastal agus seirbhísí a thug siad do mhuintir na Gaeltachta.
is líonmhaire are more numerous
" Chomh maith leis sin, beidh cuma spleodrach ar an chathair, í cóirithe go húrnua le haghaidh Bhliain an Chultúir, spásanna úrnua siamsaíochta anseo is ansiúd ar fud na cathrach agus fáilte Uí Dhochartaigh (is líonmhaire na Dochartaigh ná muintir Uí Cheallaigh i nDoire agus tá a bhfáilte siúd lán chomh fial) roimh óg agus aosta.
ag dul i líonmhaire increasing in number
" Tá lucht an bhéadáin ag dul i líonmhaire agus tá an sraidbhaile domhanda ag éirí níos lú.
mórán chomh líonmhar céanna almost as numerous
" Is spéisiúil ina dhiaidh sin, go gcaithfidh an t-idirlíon naisc aníos mórán chomh líonmhar céanna i dtaobh dreamanna eile ar domhan a samhlaítear an mheisce leo, ón Rúis anoir agus i bhfad siar i gceithre aird an domhain, i ndáiríre.
líonmhaire more plentiful
" Tharla gur líonmhaire lucht *Facebook* ná daonra an AE, is léir nach beag an chontúirt.
ag dul i líonmhaire on the increase
" Thug Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA) le fios le gairid gur ag dul i líonmhaire atá fadhbanna sláinte intinne baill dá gcuid agus go bhfuil sé ina ghéarchéim anois.
dream is líonmhaire most numerous group
" Ní hionadh gurb as an Úcráin don dream is líonmhaire de na hinimircigh lasmuigh den dlí.
sciar líonmhar a gortaíodh a fair number who were hurt
" Smacht in Ionad na hAinrialach =========== Tá an iomarca daoine róghortaithe sa saol agus tá sciar líonmhar a gortaíodh agus a bhfuil laige éigin fanta iontu, nó go bhfuil goimh aisteach iontu ó shin.
lón líonmhar a filling lunch
" Ní hamháin go ndearna na 'chai wallahs' bricfeasta breá blasta a sholáthar ach thug siad lón líonmhar dúinn fosta mar aon le focail mhisnigh don dúshlán a bhí romhainn.
ar tír mór níos líonmhaire ná daonra an oileáin more numerous on the mainland than the population of the island
" Bhí na Stáit bainte amach ag breis is milliún Pórtó Ríceach faoin mbliain 1960 agus faoi 2003 bhí na Pórtó Rícigh ar tír mór níos líonmhaire ná daonra an oileáin féin sa bhaile.
Ba líonmhaire na bacanna the roadblocks were more numerous
" Ba líonmhaire na bacanna ar an mbóthar go hInis Ceithleann ná swarm defence chosantóirí Fhear Manach in aghaidh an Chabháin ar pháirc na peile.
an ceantar is líonmhaire the area of the greatest number
" com/tracks/119316619&color=ff6600&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> San áit a dtéann abhainn an Teifi i bhfarraige, ar an teorainn idir Ceredigion agus Penfro, seachtó míle soir thar farraige ó chósta Loch Garman ̵ sin é an ceantar is líonmhaire ar fhág na Sean-Ghaeil clocha oghaim ina ndiaidh sa mBreatain.
atá ag dul i líonmhaire which is on the increase
" Tá fonn fós ar Daniellou tabhairt faoi shraith finscéalaíochta agus íomhánna áitiúla spreagúla a chur ar fáil don lucht féachana atá ag dul i líonmhaire.
an fhoireann chomh líonmhar is ba chóir the staff as plentiful as it ought to be
" Thiocfadh le duine cuidiú oíche amháin ag deireadh na seachtaine nuair nach mbeadh an fhoireann chomh líonmhar is ba chóir.
is líonmhaire most plentiful
" Tá Québec sách lárnach i gCeanada agus is ann is líonmhaire cainteoirí Fraincise sa tír.
is líonmhaire are more numerous
" Tá daoine eile ag fáil bháis ach is líonmhaire na Gaeil-Airgintínigh agus, faoi láthair, tá tuairim’s leathmhilliún Gael-Airgintíneach sa tír, an diaspóra Éireannach is mó chuig tír nach labhraítear Béarla inti.
ag éirí níos líonmhaire becoming more numerous
" Gan amhras, tá cleachtadh ag colúnaithe ar bhagairtí a fháil sa phost, ach tá na bagairtí ag éirí níos líonmhaire agus níos gáirsiúla.
atá líonmhar which is numerous
" Bhí ‘drochstádas’ ar ghnáthóg na ndumhcha muiríneacha, fágaim, gnáthóg atá líonmhar i nDún na nGall.
líonmhara plentiful
" Tá mé ag scríobh chugat i mbliana le liosta fada d’achainí le haghaidh bronntanais do mo chairde líonmhara.
líonmhar numerous
" Céard a tharraingíonn duine isteach i gcultúr? Cén fáth a shantódh duine a tógadh i gcultúr láidir na milliún cainteoirí dúchais, cultúr nach bhfuil chomh líonmhar ná chomh fairsing lena cultúr féin? Sin an cineál ceiste a bhí ar Katie Nic Aindréis thall i Virginia.
líonmhar numerous
" Má chaill, bhí comhluadar líonmhar ina theannta ó cheann ceann na tíre.
líonmhair numerous
" Chaith Alan Desmond seal ag iniúchadh scéal an phobail líonmhair iltírigh úd in iarthuaisceart na hAfraice, na hImazighen, nó mar a thugtar go contráilte orthu, na Beirbeirigh.
líonmhar numerous
" Is iomaí cineál mionlaigh ar an saol, ach is tearc mionlach chomh líonmhar leis na Dalit in oirthear domhain.