Pota Focal Intergaelic
beag | clú | dlú | L | | le
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is lú aithne least known
" Is í An Rinn an Ghaeltacht is lú aithne agus is lú achair sa tír.
is lú achair the smallest
" Is í An Rinn an Ghaeltacht is lú aithne agus is lú achair sa tír.
is lú an fonn a bheidh orthu they will be less enthusiastic
" Ar an taobh eile den scéal, má léiríonn an daonáireamh go bhfuil an líon céanna Caitliceach agus Protastúnach ann, agus má dháiltear seirbhísí agus urraim dá réir, má tá an "place in the sun" ag Caitlicigh, is lú an fonn a bheidh orthu buntáistí na Ríochta Aontaithe a fhágáil ina ndiaidh.
Níor lú ar Rita an diabhal ná Rita hated nothing more than
" Níor lú ar Rita an diabhal ná Hobnobs ach ní ligfeadh an náire di gan a n-ithe.
níor lú uirthi an diabhal she would hate nothing more
" "Tchím," arsa Máire agus shiúil siad leo i dtreo stad na mbus agus í ag smaointiú gur mhór an gar gur preachán í féin nó níor lú uirthi an diabhal ná seisiún taifeadta mar bhronntanas Vailintín.
Níor lú ar Bhríd an diabhal Bríd hated nothing more (couldn't stand)
" Níor lú ar Bhríd an diabhal nó a bheith ag obair le Tomás.
nár lú ar Áine an diabhal Áine hated nothing more
" Níor dhúirt an t-athair a dhath ach shuigh sé siar agus a phíopa á lasadh aige, cé go raibh a fhios aige go maith nár lú ar Áine an diabhal nó duine a bheith ag caitheamh ag am dinnéir.
go mbuafadh an Lú that Louth would win
" Bhí go leor hype roimh ré go raibh seans maith go mbuafadh an Lú.
Níor lú air an diabhal ná *flat packs* he hated nothing more than flat packs
" Níor lú air an diabhal ná *flat packs*.
is lú cainteoirí with the least speakers
" Is iad na teangacha is lú cainteoirí (de réir fhigiúirí an daonáirimh) atá thíos leis an socrú nua, an clár Breatnaise agus clár Ghàidhlig na hAlban ina measc.
is lú cainteoirí with the least speakers
" Is iad na teangacha is lú cainteoirí (de réir fhigiúirí an daonáirimh) atá thíos leis an socrú nua, an clár Breatnaise agus clár Ghàidhlig na hAlban ina measc.
Ní lú orm an diabhal nach é. I can't stand it.
" Ní lú orm an diabhal nach é.
is í an chloch is lú ar a bpaidrín í its the matter they're least concerned about
" In ainneoin go ndearbhaíonn siad gur cheart go mbeadh Giobráltar faoi chumhacht na Spáinne, i ndáiríre is cuma leo faoin gceist go ginearálta - is í an chloch is lú ar a bpaidrín í.
níos lú Meiriceánach a smaller number of Americans
" Cé go bhfuil guthán póca ag líon níos lú Meiriceánach – léiríonn Suirbhé Domhanda Teicneolaíochta an NOP in 2005 go bhfuil ceann ag 40% de pháistí idir dhá bhliain déag agus ceithre bliana déag agus ag 75% den dream atá idir 15 agus 17 – tá méadú mór ag teacht ar an mhéid daoine a bhfuil guthán acu, go háirithe i measc an aosa óig.
an páiste is lú gnaoi the least good-looking child
" Dá dtiocfadh daoine chuig cóisir i do theach, an gcoinneofá an páiste is lú gnaoi sa chlann faoi ghlas sa lochta ar eagla nach dtaitneodh sé/sí le daoine? Dála fhoireann sacair an tuaiscirt, táthar ag baint úsáide as an mharatón le híomhá den *New Northern Ireland - Our Wee Country *- a chraobhscaoileadh, íomhá nach bhfuil iomlán nó fíor.
Níor lú ar Bhríd an diabhal ná Kate. Bríd couldn't stand Kate.
" Ghlaoigh sé ar Bhríd ar tús agus is é an chéad cheist a chuir sise ná “An mbeidh Kate ann?” Níor lú ar Bhríd an diabhal ná Kate.
ba lú ná sin a bhí Aoife ag tnúth leis Aoife was looking forward to it even less
" Ní raibh Gráinne ag tnúth leis an bhabhta siopadóireachta a bhí roimpi ar chor ar bith agus ba lú ná sin a bhí Aoife ag tnúth leis.
níos lú truaillithe less pollution
" Luann an Roinn na buntáistí a bhaineann leis an teileachomaitéireacht, ina measc: táirgiúlacht níos fearr i measc oibrithe – idir 15 agus 20% de ghnáth; laghdú idir 25 agus 90% ar chostais ag baint le háiteanna oibre; níos mó ama saor ag oibrithe, rud a théann chun sochair an teaghlaigh; níos lú truaillithe de bharr laghdú bheith sa líon daoine atá ag tiomáint chuig an obair.
an tsuim is lú the smallest amount of interest
" Mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil an tsuim is lú aige i dteanga agus cultúr na hAlban an cúrsa seo a dhéanamh.
an tsuim is lú the smallest amount of interest
" Mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil an tsuim is lú aige i dteanga agus cultúr na hAlban an cúrsa seo a dhéanamh.
an tsuim is lú the smallest amount of interest
" Mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil an tsuim is lú aige i dteanga agus cultúr na hAlban an cúrsa seo a dhéanamh.
beidh níos lú den tseanchaint againn we'll have less of that old cheek
" “Seo,” ar sise, “beidh níos lú den tseanchaint againn” agus í ag amharc ar an bhean úr agus an stócach dóighiúil ag imeacht uaithi lámh ar lámh.
thóg an rud ba lú amuigh iad the least thing got them riled
" Ba bheag an tsócmhainn aige iad a bheith i gceann a chéile na laetha seo, nó bhí siad beirt chomh colgach sin gur thóg an rud ba lú amuigh iad.
níos lú botún fewer mistakes
" **C** Dick Roche, An tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil: Tá éirithe níos fearr leis ná mar a d’éirigh lena réamhtheachta sa Roinn chéanna, sa mhéid is go bhfuil níos lú botún déanta aige.
sa chor is lú a chuireann sé de in his every movement
" ” Is de bhunadh na hÉireann é an t-amhránaí Sasanach Morrissey, agus tá breis is scór bliain caite ag daoine ar fud na cruinne, idir Éireannaigh agus eile, ag cur an-suime ina chuid amhrán, ina phearsantacht agus fiú sa chor is lú a chuireann sé de.
níos lú cumarsáide less communication
" Is dócha gur féidir a rá go bhfuil níos lú cumarsáide i measc daoine na laethanta seo; tá daoine i bhfad níos príobháidí ina saol agus, go minic, ní bhíonn fonn dá laghad orthu comhrá a dhéanamh le bean tí faoi cé as a bhfuil siad tar éis a theacht nó cá bhfuil a dtriall.
claon beag níos lú a little smaller
" Ó thaobh méid de, tá an áit seo claon beag níos lú ná an Vatacáin agus tá an-chuid Polannach iomráiteach curtha ann.
níos lú breosla. less fuel.
" Ní eitlíonn siad chomh hard le scairdeitleáin, agus toisc nach dtéann siad chomh tapa céanna, úsáideann siad níos lú breosla.
raon níos lú ná umar breosla níos mó a shorter range or a bigger fuel tank
" Mar sin, caithfidh raon níos lú ná umar breosla níos mó a bheith i gceist i gcás eitleán a úsáideann eatánól.
na piongainí is lú ar domhan the smallest penguins in the world
" Ba é Melbourne an chathair is mó a thaitin liom san Astráil, é lán atmaisféir, carachtair agus staire – is féidir básdreach Ned Kelly a fheiceáil sa seanphríosún, mar shampla, agus na piongainí is lú ar domhan a fheiceáil ar Phillip Island.
Ní lú orm an diabhal ná é. I can%u2019t stand it.
" Ní lú orm an diabhal ná é.
níos lú foinn less desire
" Maidir le míniú a thabhairt ar phríomhthorthaí na tuarascála, deineadh amach nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil níos lú suime acu nó níos lú foinn ar dhaoine faoi mhíbhuntáiste a bheith rannpháirteach i gcúrsaí spóirt seachas mar atá i gcás aon dream eile.
an t-iarrthóir is lú conspóid the least controversial candidate
" Is é Rudy Giuliani an t-iarrthóir is lú conspóid den triúr, ach is beag aithne atá air taobh amuigh de Nua-Eabhrac.
i bhfad níos lú fuinnimh far less energy
" Tá sé i bhfad níos éasca (is é sin, tá i bhfad níos lú fuinnimh de dhíth) an t-eatánól seo a fháil ó bharra áirithe ná ó bharra eile.
an aicme is lú pribhléid the least-privileged class
" Bhain siad leis an aicme is lú pribhléid ar feadh tamaill mhóir fhada.
níos lú smaller
" Ach tá formhór na bpaisinéirí ag casadh ar dheis, i dtreo suíochán atá i bhfad níos lú agus i bhfad níos míchompordaí.
níos lú breosla less fuel
" Bíonn scairdeitleáin mhóra níos éifeachtúla ná scairdeitleáin bheaga mar go mbíonn níos lú breosla in aghaidh an tsuíocháin i gceist sna cinn mhóra.
an bád fartha gluaisteán is lú the smallest car-ferrying boat
" Sa lá atá inniu ann, is féidir an bád fartha gluaisteán is lú sa Bhreatain Mhór a fháil don turas céanna.
an duine ba lú Gaeilge the person with the least amount of Irish
" Dúirt Colm Meaney go raibh sé tógtha leis an scannán mar go raibh dhá theanga i gceist ann agus gur thaitin sé sin go mór leis, in ainneoin gurbh é féin, dar leis, an duine ba lú Gaeilge ar an fhoireann.
níos lú less
" Dá bharr sin, ar an meán, maireann Bundúchasaigh ar feadh seacht mbliana déag níos lú ná daoine eile sa tír.
níos lú cumhachta less power
" Tá sé tábhachtach nach ligfimis do chastacht an leasaithe seo sinn a chur ar mhíthreoir mar is é an toradh is mó a bheadh ar ghlacadh le Conradh Liospóin ná níos mó smachta a thabhairt do na hInstitiúidí Eorpacha ar chúrsaí laethúla anseo in Éirinn agus níos lú cumhachta a fhágáil ag muintir na hÉireann ar chinntí tábhachtacha a bhaineann le leas ár muintire féin.
is amhlaidh is lú an seans there is less of a chance
" Dá laghad coisithe agus rothaithe atá ann, is amhlaidh is lú an seans go dtógfar cosáin nó lánaí faoi leith dóibh.
is é is lú dó a dhéanamh the least he could do
" ” *B’fhéidir go raibh an ceart aige faoi sin, ach, agus é ina choimisinéir Eorpach, is é is lú dó a dhéanamh ná cáipéisí ríthábhachtacha Eorpacha a léamh.
geall ba lú smallest bet
" Ach fan! Bhí rud ann nach ndearnamar go fóill: airgead a chur i ngeall! $25 an geall ba lú ar an *roulette*, agus ba $50 an ceann ba lú ar an *Poker*.
ar an gceathrú stát is lú daonra sa tír the state with the fourth smallest population in the country
" Ní tusa amháin nár chuala trácht uirthi riamh; tá Alaska ar an gceathrú stát is lú daonra sa tír, agus is annamh a bhíonn tionchar ar bith aige ar pholasaithe na tíre.
Níor lú an cineáltas no less kindly
"Níor lú an cineáltas a bhí in athair John.
Ba lú less
" Ba lú na plugaí a thugamar, agus ba mhó ár suim, creidim, sa ghnáthphobal.
is lú is cuma anois leis it's less (they) care now
" Uimhir a dó – is lú is cuma anois leis an bpobal cé bhris an Tíogar Ceilteach, seachas cé is fearr atá in ann an cat spadhrúil sin a leigheas.
i bhfad níos lú much smaller
" Sheinn siad sa Iron Door Club, áit ar bhuail na Beatles iad féin seacht n-uaire sna blianta 1961-62 sular bhog siad go dtí The Cavern, club i bhfad níos lú.
lú i bhfad very much less
" Cé gur lú i bhfad líon na ndaoine a bhíonn timpeall an Oireachtais le linn sos an tsamhraidh, ba dheacair teacht ar áit chiúin go leor leis an agallamh a thaifeadadh gan an iomarca torainn a bheith sa chúlra orainn.
chloch is lú ar phaidrín of small consideration
" Ar bhealach tá reifreann Eorpach ar an chloch is lú ar phaidrín mhuintir na hÉireann.
níos lú ná less than
" ” Ar dhroim sin uile, chuir lucht dlí al Megrahi na céadta leathanach a mhaíonn a neamhchiontacht ar shuíomh idirlín speisialta níos lú ná coicís ó shin: http://www.
ba lú less
" in éineacht le chéile le tréimhsí mar sin a thabhair chun tosaigh? An bhfuil a fhios ag éinne, saineolaithe na bhforas oideachais san áireamh? Arb í an t-oideachas, airgead – ba lú ná luach éisc farraigí na tíre seo ag an am - an Chomh-mhargaidh a chuaigh sa timpeall, arb í an athnuachan bailte – arís le hairgead an AE – nó cad é a thosaigh an fuadar? Dúirt seanfhear cúig ghlúin ó shin i Maigh Eo nuair a cheistigh eachtrannach é faoina shráidbhaile a bheith tréigthe amhail is gur shiúil gach éinne amach as an teach agus gur fhág siad an doras ar leathadh ina ndiaidh, “The whole countries gone quiet and no man knows what ails it.
is lú smallest
" An Vatacáin agus An Séipéal Sistíneach ============== Is í An Vatacáin an stát neamhspleách is lú ar domhan, le hoifig poist dá cuid féin, stáisiún traenach agus seirbhís póilíní.
lú an cur i géill less pretending
" Creideann Kiarostami go gcuireann a stíl le hinchreidteacht agus le fírinne an scannáin, agus gur lú an cur i géill atá ar siúl aige dá bharr.
is ea is lú a mhíshásamh linn the less they shall dislike us
" Theip orthu, gach feachtas i ndiaidh a chéile, agus nuair a d'fhág arm Shasana an tír dúirt an ceannaire, an Ginearál Sir Frederick Roberts leis an Phríomh-Aire Gladstone: "Dá laghad a fheicfeas fear na hAfganastáine sinn, is ea is lú a mhíshásamh linn.
is ea is lú an chinnteacht there is less certainty
" Fad is a leanann cúrsaí ar aghaidh, is ea is lú an chinnteacht go mbainfear amach spriocanna na ngníomhaithe.
níos lú smaller
" Bhíodh fógra i nGaeilge, i bhfad níos lú, ann blianta ó shin ach tá an ceann nua feiceálach agus is léir go bhfuil na hAlbannaigh mórtasach as a dteanga féin agus iad faoi bhealach chun an neamhspleáchais.
níos lú ná less than
" Déanann níos lú ná 20 tír ar fud an domhan é seo, ina measc An Iaráin, An Chóiré Thuaidh agus An tSiombáib.
t-oileán is lú smallest island
" An spriocanna réalaíocha iad sin? El Hierro ==== Ar El Hierro, an t-oileán is lú de chuid na nOileán Canárach, tuigtear go mbeidh an pobal buan, beagán os cionn deich míle duine, mar aon leis an seasca míle duine a thagann ar cuairt chuig an oileán gach bliain, iomlán neamhspleách ó thaobh cúrsaí fuinnimh de go luath an bhliain seo chugainn.
níos lú ná less than
" Rugadh níos lú ná cúig faoin chéad acu siúd thar lear.
is lú an draíocht less is the magic
" ” Bhí an teilifís in Éirínn radacach ó bunaíodh í i 1961 agus bhí ról lárnach aici i bhforbairt na tíre ach an rud a théid chun faid, théid sé i bhfuaire agus de réir mar a théann tú i dtaithí ar rud is é lú an tionchar a bhíonn ag an rud agus is lú an draíocht a bhíonn ag baint leis.
níos lú doghrainne less discomfort
" B’fhearr liom féin cupán caifé: bheadh níos lú doghrainne ag baint leis.
is lú orm I detest more
" Shíl mé gur ag brionglóideach a bhí mé! Níl tada is lú orm ná saoire a chaitheamh in áit atá dubh le hÉireannaigh, nó le Sasanaigh, nó le Meireacánaigh.
Is lú go mór it’s very fewer
" Is lú go mór an lucht tacaíochta atá ag an bhfoireann leadóige ach bíonn roinnt céadta ag na cluichí mar sin féin.
ní lú teannas tension is no less
lú i bhfad an méid a great lot less
" D'inseodh dlíodóir ar bith duit gur lú i bhfad an méid Gaeilge a úsáidtear iontu le dornán blianta anuas de thairbhe a laghad Gardaí atá in innimh í a labhairt go líofa.
níos lú ábhar á bhronnadh orthu less material being given to them
" Leis an méid de bhailiúcháin mhí-ionraice éadaí, tá na fíorcharthanais, cinn Éireannacha ina measc, ag éirí níos gainne agus níos lú ábhar á bhronnadh orthu.
gur lú an marú a rinneadh orthu less of them were killed
" Dúradh liom gur gnách le lucht ceannach éisc praghas na sairdíní a ardú sa tseachtain roimh an bhféile, agus gur lú an marú a rinneadh orthu i gcaitheamh mhí an Mheithimh i mbliana ná mar a dhéantar go hiondúil.
is lú cumas dá raibh ann most incapable ever
" ’Sí mo bharúil féin go raibh an chomh-aireacht dheireanach de chuid Cowen ar cheann de na rialtais is lú cumas dá raibh ann.
Ar an rud is lú thig a rá go cinnte the least that can be definitely said
" Ar an rud is lú thig a rá go cinnte, nach bhfuair Maolra Seoighe triail chothrom.
is lú é mar sheans there’s less of a chance
" Sprioc an Dá Dheich ========= An 10ú Craobh ag Brian Mac Óda mar bhainisteoir agus an 10ú bonn mar imreoir ag Henry Ó Seibhleáin – is iad sin spriocanna muintir Chill Chainnigh do 2013 agus bímis deimhin de go mbeidh gach mac agus iníon athar agus máthar de chuid phobal Chill Chainnigh ag obair ar son na spriocanna seo a bhaint amach agus go bhfóire Dia ar gach foireann a gcastar orthu! D’fhéadfadh sé tarlú dar ndóigh go mbuafadh foireann éigin ar Chill Chainnigh i gcomórtas Laighean na bliana seo chugainn ar nós mar a rinne Gaillimh in 2012 ach cén seans go dtarlóidh sé an dara huair i rith na bliana céanna? Seans faoin spéir déarfainn, mar a chonacthas i mbliana agus is lú é mar sheans agus an dá sprioc thuas luaite ina spreagadh ar leithligh ag Cill Chainnigh an chéad bhliain eile.
ar réimsí níos lú ná Éire in areas smaller than Ireland
" Is measa arís a scéal siadsan, Palaistínigh, tharla gur ar réimsí níos lú ná Éire atá na heachtraí s’acu ag titim amach.
lú ráchairt less demand
" Thitfeadh an tóin as tionscal na gcoláistí samhraidh, mar shampla, agus is cinnte gur lú ráchairt a bheadh ar leabhair, ar chláracha agus ar irisí Ghaeilge chomh maith.
Iomann lú ná naofa a less than saintly hymn
" Iomann lú ná naofa ar aonarachas an duine.
le haghaidh níos lú eolas for less knowledge
" Cén t-iontas mar sin gur éirigh le i bhfad níos mó acu grád A nó B a bhaint amach i gcomórtas le blianta eile? Is iad na scoláirí iad féin is mó a thuigeann go bhfuil breis marcanna ar fáil anois le haghaidh níos lú eolas.
Is lú i bhfad na Gormaigh fostaithe a lot less Blacks are employed
" Is lú i bhfad na Gormaigh fostaithe ná na Gealaigh, agus dá réir sin is mó an choiriúlacht ina measc.
is lú fós an bhá a bheidh ag Eorpaigh Europeans shall have less sympathy
" I bhfianaise na ndeacrachtaí geilleagair atá mar sciúirse ar an Eoraip faoi láthair, is lú fós an bhá a bheidh ag Eorpaigh le hinimircigh fho-Shaháracha agus is in iomadúlacht a bheidh scéalta leithéidí Eric Tabo ag dul.
líon níos lú laethanta a smaller number of days
" Le linn na scliúchas a bhain le bratach na Breataine a bheith ar foluain ar líon níos lú laethanta os cionn Halla na Cathrach i mBéal Feirste, bhí agóid ar siúl ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda in oirthear dílseach na cathrach.
i bhfad níos lú airgid a lot less money
" **Balor: Ach tá na múinteoirí sna tíortha eile ag fáil i bhfad níos lú airgid ná mar atá múinteoirí na hÉireann a thuilleamh…** James: I bhfad?! I bhfad, a deir tú? Is léir gur ó chlaonbholcairí an Rialtais a fuair tusa do chuid eolais, nó do chuid aineolais, ba chóir dom a rá.
dónn sí níos lú dé-ocsaíd charbóin it burns less CO2
" Ní hamháin sin, ach tá an D-4D níos feidhmiúla ó thaobh breosla de – dónn sí níos lú dé-ocsaíd charbóin (CO2).
Tuige nach mbeadh Dáil níos lú againn why wouldn't we have a smaller D.
" Tuige nach mbeadh Dáil níos lú againn agus Seanad nios lú againn? Suíochán Dála? ====== **SMM: Ar spéis leat suíochán Dála a cheapadh duit féin amach anseo agus ar spéis leat dul le páirtí polaitíochta?** RM: Ba spéis liom a bheith sa Dáil.
An é gur lú an méid coirpeach is it that less criminals
" An é gur lú an méid coirpeach atá ar na sráideanna de bharr go bhfuil siad i ngéibhinn cheana féin? B’fhéidir é, ach i gCeanada, áit ar laghdaigh na rátaí coiriúlachta fosta, níor tháinig aon fhás faoi líon na gcimí faoi mar a tháinig i Sasana agus sna Stáit.
gur lú an líon daoine atá in ann deoch mheisciúil a cheannach there are less people who are able to
" Nó, an é gur lú an líon daoine atá in ann deoch mheisciúil a cheannach go rialta, go háirithe daoine óga, siocair an ghanntanais airgid? Níl na Daoine Chomh Splanctha ============= Tá smaointe eile ann nach mbeifeá ag súil leo.
beidh luach níos lú uirthi it shall have depreciated in price
" Má cheannaíonn tú gluaisteán nua idir Eanáir agus Iúil – agus cláruimhir 131 air – agus má dhéanann tú iarracht í a dhíol amach anseo, beidh luach níos lú uirthi i gcomórtas le ceann a ceannaíodh sa dara leath den bhliain.
an céatadán is lú le céad bliain anuas the smallest percentage for a hundred years
" 8 faoin gcéad den vóta náisiúnta, an céatadán is lú le céad bliain anuas, agus tá sé in ísle brí faoi láthair, gan aon agó.
Ní lú cás é i leith chúrsaí cultúir cultural matters are just the same
" Ní lú cás é i leith chúrsaí cultúir.
níos lú tuiscint less of an understanding
" *” Siocracha na Teipe ======= Tá neart fáthanna go dteipeann orthu: - Easpa taithí - go háirithe le comhlachtaí teicneolaíochta is minic a bhíonn cruthaitheoir an teicneolaíochta óg agus mar sin bíonn, ar ndóigh, níos lú tuiscint acu ar conas gnó a reáchtáil.
níos lú ábhar less material
" Ní hamháin go raibh níos lú ábhar ann, bhí siad scaipthe óna chéile.
an ceann is lú eolas air the one less known
" Ar na dreamanna Éireannacha atá lonnaithe thar lear, diaspóra na hÉireann, is dócha gurb iad Gaeil na hAirgintíne an ceann is lú eolas air, cé go bhfuil an iliomad eolais i leabhar breá Mhichíl de Barra, ‘Na Gaeil i dTír na nGauchos’ (Coiscéim a d'fhoilsigh).
Is Lú na Fríd it takes very little
" Is Lú na Fríd ===== Ach mar a dúirt Ailbhe Mac Raghnaill tá fiche bliain ó shin, is minice gurb iad na rudaí beaga a dhéanann an dochar i gcúrsaí polaitíochta.
tá níos lú a bhfuil a fhios acu less of them know
" Níl mórán daoine ar an eolas go raibh gluaiseacht cead vótála ó thuaidh agus tá níos lú a bhfuil a fhios acu gur reáchtáil siad feachtas míleata.
na hoibrithe is lú pá the lowest-paid workers
" Má chuirtear moltaí maidir leis an ráta pá íosta sa Ríocht Aontaithe i bhfeidhm, beidh na hoibrithe is lú pá sna Sé Chontae thíos go mór leis, a deir Robert McMillen.
Is lú ná fríd máthair an oilc a little spark starts a large fire
" Is lú ná fríd máthair an oilc, deirtear.