Pota Focal Intergaelic
lab | láb | lib | lob | lób
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leasú a dhéanamh ar an lúb ar lár seo sa bhunreacht to amend this flaw in the constitution
" Tá rialtais faoi bhrú ó shin leasú a dhéanamh ar an lúb ar lár seo sa bhunreacht le daingniú a dhéanamh ar dhlí na tíre ionas nach mbeadh aon cheist faoi ghinmhilleadh de chinéal ar bith a bheith ar fáil ach i gcásanna ar leith.
lúbtha twisted, bent
" Déanann sé scrúdú ar an tslí a bhfuil siad léirithe go polaitiúil ag na meáin chumarsáide agus, dá bharr seo, an bhunbhrí atá le feiceáil iontu athraithe nó lúbtha.
lúbadh bending
" Ní bhíodh cead ag na Bráithre iománaíocht ná peil a imirt taobh amuigh de chomhluadar na mBráithre, ach tá go leor scéalta ann faoi lúbadh na rialacha áirithe sin.
géaga lúbtha bent limbs
" Tá a shaothar lán tagairtí don bhás agus don anghrá agus, in ainneoin iad a bheith léirithe le lámh churámach fhineálta, is minic a bhíonn an íomhá chríochnaithe foréigneach - bíonn géaga lúbtha le feiceáil, cuir i gcás, nó coirp scriosta, i bpian.
*lúb ar lár* loophole
" Ní bheidís ag iarraidh an "*lúb ar lár*" seo *"a dhúnadh", *mar a thug Aire Stáit amháin air an mhí seo caite.
díchuachadh na lúibe logánta unbundling the local loop
" Díchuchadh na lúibe logánta ======= Eascraíonn formhór na bhfadhbanna in Éirinn as deacrachtaí ag baint le díchuachadh na lúibe logánta.
díchuachadh na lúibe logánta the unbundling of the local loop
" Ar scála níos leithne, cáintear an earnáil teileachumarsáide i gcoitinne agus bíonn ceisteanna móra á gcur faoin moill atá in Éirinn ar leathnú úsáid an leathanbhanda agus díchuachadh na lúibe logánta.
díchuachadh na lúibe lóganta the unbundling of the local loop
" Go dtí seo, níor ghlac iomaitheoirí Eircom, ach amháin Smart Telecom agus Esat BT, páirt sa phróiseas ar a dtugtar "díchuachadh na lúibe lóganta".
cor is lúb twist and turn
" Is iomaí cor is lúb a tharla i gcinniúint na nGael ó shin ar ndóigh agus tá ceart na bpobal iad féin a rialú bainte amach anois.
a lúbadh is a mhúnlú to bend and to shape
" In áit an córas a athrú, áfach, déantar iarracht na daltaí a lúbadh is a mhúnlú mar a tharla i gcás aíonna Phrocustes.
gach lúb ar lár every flaw
" Caithfear na rialacha a scrúdú agus athbhreithniú a dhéanamh orthu chun gach lúb ar lár a gheofaí iontu a dhúnadh agus a líonadh.
lúb ar lár éicint something that was not right
" Eatarthu, ar aon chuma, fuair siad lúb ar lár éicint sna cearta a bhí againne don teach agus díshealbhaiodh muid! Tá seans gur muid an chlann dheireanach i gConamara a díshealbhaíodh ach gurbh iad ár gcuid Éireannach féin agus ár gcuid Gaeilgeoirí féin a dhíshealbhaigh muid! “Dar ndóigh, bhí cás cúirte ann agus tugadh airgead áirithe dúinn.
Shíl siad go raibh lúb ar lár ionam i dtosach. They thought I was nuts at first
" Shíl siad go raibh lúb ar lár ionam i dtosach.
lúb ar lár flaw
" Ní hamháin sin ach is léir fosta gur lúb ar lár i gcóras maoirseoireachta na Roinne Oideachais is cionsiocair leis.
Rinneadh iad a lúbadh agus a athmheascadh they were looped and remixed
" Rinneadh iad a lúbadh agus a athmheascadh agus ansin chuir sé rithimí eile ina mullach.
i lúb an angair in dire need
" Mar sin, tá dualgas orm cuidiú leo siúd is mó atá i lúb an angair.
ag lúbadh twisting
" Bhí an stoirm olldóiteáin a tháinig trasna an bhláir cosúil le liathróid tine, a bhí ag lúbadh mar a chasann tornádó.
lúbadh go teann bending tensely
" Ag siúl thart ar Amharclann an Ambassador, na seomraí lasta ag solas bog suaimhneach, titeann mo shúil ar fhear a bhfuil a chorp casta mar a bheadh lúthchleasaí de chuid na sean-Ghréige ann, a chuid matán ag lúbadh go teann.
lúbadh bending, twisting
" Agus is cuma cé mhéid lúbadh atá á dhéanamh ag iriseoirí spídiúla ar na staidrimh - agus in ainneoin iarrachtaí lucht cosanta na teanga na hionsaithe a fhreagairt go macánta le figiúirí agus le fírinne - chaithfeá a adhmháil go bhfuil a dteachtaireacht ag dul i bhfeidhm ar sciar mhaith den phobal.
lúbtha bent
" Bhí an cnámharlach lúbtha agus níorbh fhiú an iarracht é a dheisiú, ach ba dheacair dom fáil réidh leis an rothar sin.
lúbann twists
" com/watch?v=n6EnVsfSBdI) Téann seantramanna na cathrach thar bharr an chnoic seo, agus thar ceann de na radharcanna is cáiliúla sa chathair, déarfainn: an chuid sin de Lombard Street a lúbann siar is aniar le fána an chnoic.
lúbadh a mbealaigh wind their way
" I ndiaidh teacht amach as cuairt ar Choláiste na nGael, b’fhéidir, nó as Séipéal San Pietro i Montorio mar a bhfuil cnámha na nGael, Ruairí Ó Domhnaill agus Aodh Ó Néill, cé na príomhionaid ar cheart a áireamh ar do liosta? Cén áit a dtosófá? Seasann an tSean-Róimh gualainn ar ghualainn leis an domhan nua-aoiseach agus caitheann muintir an tseansaoil órga sin a scáth ar Rómhánaigh an lae inniu agus iad ag lúbadh a mbealaigh isteach is amach tríd na sráideanna plódaithe spleodracha.
lúbann bends
" Corraíonn an fhuaim, a thagann ón dtrí chnámh, an leacht, a lúbann na ribí, a ghineann splancanna sna lioganna atá faoina mbun ag an fhuinneog chearclach.
lúbtha rent
" Tá an carr anois ina chnap de mhiotal lúbtha dóite agus chuirfeadh an cruth agus an dath meirge atá air corpán ársa i gcuimhne duit ach a bheith leasaithe le himeacht mhall an ama sa phortach.
lúbadh to bend
" Bhí muid sásta dlíthe na tíre a lúbadh agus ár dtimpeallacht álainn a scriosadh ar mhaithe lena mbeannacht agus lena n-airgead siúd.
Tá lúb ar lár éigin there’s something awry
" I bhfocal eile níl siad ach ag dréim le 25% de mhéadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar ina bhfuil an teanga fós á labhairt ar bhonn laethúil, fad is atáthar ag súil le méadú de os cionn 300% san áit nach bhfuil! Tá lúb ar lár éigin sa mhéid sin.
lúb ar lár eile something else amiss
" Léirigh conspóid an bhille seo lúb ar lár eile i gcóras an Oireachtais seo againne.
cor agus lúb trial and tribulation
" Tháinig sé slán as gach cor agus lúb.
lúb comhrá conversation group
" Casadh dom iníon tuismitheora sa ghaelscoil, cailín atá le tabhairt faoin ardteist agus ar mian léi roinnt dá dream comhaoise a tharraingt chuig lúb comhrá Gaeilge.
lúb ar lár the weak link
" Ar an 3 Meitheamh, d’eisigh al-Qaeda físeán eile — is beag stiúideo i Hollywood atá chomh gnóthach leo — inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne a rugadh agus a tógadh i gCalifornia, a lucht leanúna i Meiriceá (más ann dóibh) teacht i dtír ar lúb ar lár sna dlíthe gunnaí ansin agus jihad foréigneach a fhearadh.
an lúb ar lár the chink in the armour
" ”* Níos aistí fós, nách ndearna Adam Gadahn gar mór dóibh nuair a tharraing sé aird ar an lúb ar lár i reachtaíocht ghunnaí sna SA.
ag lúbadh go cleasach twisting remarkably
" Ach cén fáth? Oíche néalghealaí idir dhá Nollaig, an ghaoth ag éirí, bóthar an tsléibhe ag lúbadh go cleasach os ár gcomhair, agus brádán báistí ag cur craicinn shleamhain air.
lúbadh bending
" Na matáin agus an cholainn ar fad ansin, í á dtarraingt agus á lúbadh go dtí gur shíl mé go gcaithfí mé a iompar amach as an áit.
Lúb bend
" Suigh síos más é do thoil é! Tóin ar an talamh! Lúb na cosa!” Leis sin, shuigh sé síos.
tá lúb ar lár there’s something missing
" Ach tá lúb ar lár sa chóras chumarsáide nuair nach bhfuil chéadteanga na cosmhuintire ag na Gardaí áitiúla.
siúlóid lúibe loop walks
" Tá breis is céad siúlóid lúibe agus 16 cosán fad-achair sa tír ach is ar bhóithre poiblí, seachas i bhfiántas na gcnoc, a bhíonn go leor acu sin chun fadhbanna rochtana a sheachaint.
ag béicíl agus ag lúbadh anonn is anall roaring an writhing over and back
" Tá Santa Marbh 7 Tá Dia ar Shiúl ============= Faoin am a bhí an phóg dheireanach léite ag Santa bhí Balor ar fhleasc a dhroma ar an urlár, a dhá chois in airde aige agus é ag béicíl agus ag lúbadh anonn is anall le teann gáire.
lúba ar lár elements missing
" Theip ar an eite chlé an neamhionannas a bhaineann leo a léiriú – buntáistí cánach, lúba ar lár, díolúiní, ráta íseal ar chorparáidí, srl.
ag cur deireadh le lúb ar lár ending a loophole
" B’é an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, a rinne an cinneadh agus maíodh gur ag cur deireadh le lúb ar lár sa chóras a bhíothas.
do-lúbtha strict
" Cuireadh an tuairim chun cinn go raibh cuid den mhilleán ar lucht oiliúna go raibh imreoirí Shasana agus, cé chreidfeadh é, imreoirí na Brasaíle, á scrios ag drochoiliúint – oiliúint a leagann béim ar mhéid, neart agus láidreacht an imreora agus ar thaicticí do-lúbtha seachas ar scileanna an chluiche a fhorbairt agus a dhaingniú.
lúbadh twisting
" Cad é faoi dheontais, cad é faoi Dhia agus cad é faoi dhíomhaointeas? An raibh freagra aige, dhá fhreagra nó trí fhreagra aige? Ní raibh aige ach lúbadh, líofacht an tslímeadóra agus gan luí ar aon leaba an dara oíche!