Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag scaipeadh gha gréine, solais agus lúcháire casting a ray of sunshine, light and joy
" Spéirbhean - nó spéirfhear - ag scaipeadh gha gréine, solais agus lúcháire timpeall na cathrach.
lúcháir delight
" Bhí lúcháir orm fosta nuair a fuair mé amach go raibh na páistí ansin a bhí ar comhaois liom féin an-chairdiúil.
le go mbeadh lúcháir so that there would be joy
" " Conas is fearr an ruaig a chur ar an bpusadaíl seo, mar sin? Dar le hÓ Fiannachta gurb é ceann de na teachtaireachtaí is tábhachtaí sa Chríostaíocht ná go dtáinig Críost le go mbeadh lúcháir agus an bheatha go hiomlán ag daoine.
tá lúcháir orainn we're happy
" Nuair a athraíonn páirtí polaitíochta a n-intinn mar a rinne Sinn Féin, bheadh sé furasta a rá 'ó, tá lúcháir orainn go bhfuil sibh ar thalamh s'againne agus gur thuig sibh go raibh muidinne ceart'.
lúcháir joyfulness
" Le cúig bliana is fiche anuas tá sé ag obair sa Mheánoirthear mar fhinné pearsanta ar an uafás, an daonnacht, an mhire agus ar lúcháir an réigiúin chorraigh seo.
bhí lúcháir orm I was glad
" Bhain mé Whitchurch amach sa dorchadas agus bhí lúcháir orm Neill agus an carr a fheiceáil ansin.
lúcháir gladness, joy
" Thóg mé liom é go Toys R Us den chéad uair an tseachtain seo caite agus phléasc mé amach ag gáire nuair a scread sé os ard i nGaeilge: "Mamaí, féach ar an siopa seo! Tá gach rud acu anseo!" Agus bhí! Chuir sé lúcháir orm é a chloisteáil ag labhairt as Gaeilge i measc na siombailí uilig den chultúr tomhaltais sa tír seo.
is cúis lúcháire é it is a cause for joy
" Is scannán sách teagascach é *The Wind That Shakes the Barley*, ach dalta *Michael Collins*, saothar Neil Jordan, is cúis lúcháire é – dá lochtach é – scannán a fheiceáil ina bhfuil dearcadh na nÉireannach, “the wild Irish”, chun tosaigh agus is breá an rud go bhfuil sé ag cothú conspóide agus, níos tábhachtaí, díospóireachta ar ár stair féin.
lúcháir joy
" Is dócha go raibh lúcháir air slán a fhágáil ag an Roinn Sláinte, áit a raibh sé sáite i go leor conspóidí.
go mbeadh lúcháir uirthi a chluinstin that she'd be glad to hear
" Bhí mise breá sásta leis an mholadh agus shíl mé go mbeadh lúcháir uirthi a chluinstin go raibh scéal beag deas den chineál céanna againn ón Spidéal an tseachtain sin.
lúcháir gladness
" ” Tar éis dó an chéad dúshlán a shárú, bhí lúcháir ar a theaghlach agus ar mhuintir Iarthar Bhéal Feirste.
lúcháir joy
" Bhí sé iontach go bhfuair sé an t-aitheantas a bhí tuillte aige, cuireann sé lúcháir orm.
róghann ar lúcháir too lacking in joy
" Bhíodh leads mar Earnán iarrachtín róshollúnta, rótheann, róleamh, róghann ar lúcháir dúinn.
lúcháir delight
" “Is taithí iontach í an tréimhse atá á caitheamh agam mar Miss Cork agus ní bheidh ach lúcháir orm roimh an gcéad chailín eile a gheobhaidh an Choróin is a bheidh in ann an taithí chéanna a bheith aici.
lúcháir delight(ed)
"lúcháir orm gur spreag muid ceoltóirí áitiúla fosta, leithéidí Willy Beag Mac Giolla Bhríde agus Bríd Ní Ící agus ceoltóirí den chineál sin de cheol, go hiomlán i nGaeilg, agus Doiminic Mac Giolla Bhríde agus muintir Thoraigh, bíonn siad uilig go rialta ag an Chabaret.
lúcháir joy
" org/wiki/Babette's_Feast) Tá an t-am agam féin a fheiceáil go bhfuil lúcháir ins na rudaí is simplí, agus gur fiú an dílseacht, nó go bhfuil neart dreasacht san fhéinleas.
lúcháir pleasure
" Nach maith an rud é go bhfuil Questions & Answers thart, nó cé a dtiocfadh leo áit Willie Cointinneach Ciapálach a ghlacadh le dúshlán John Bowman, agus dúshlán an lucht éisteachta a thabhairt? Cé eile a dtiocfadh leo olc a chur ar leath na tíre agus lúcháir a chur ar an leath eile le habairt bheag bhídeach ainbhiosach aineolach amháin? Seanchara dílis do Bhalor ab ea Willie, agus cuireann sé isteach go mór ar Laoch na Litríochta go bhfuil greann gáirsiúil á scaipeadh thart ar na gutháin phóca agus eile faoina sheanchomrádaí.
lúcháir delight
" Cad é mar a mhothaigh tú nuair a chuala tú an scéal? PÓC: Mar a dúirt mé nuair a fuaireas an t-ardú céime, ba ghaisce tobann a bhí ann tar éis 25 bliain sa pholaitíocht! Bhí lúcháir orm.
lúcháir joy
" Bhí an t-atmaisféar dóchasach céanna i réim arís le linn do Barack Obama a bheith sa rás d’uachtaránacht Mheiriceá ach ó bhain sé an Teach Bán amach, tá idir dhíomá agus lúcháir ar a lucht tacaíochta maidir leis an gheilleagar agus le gnóthaí eachtracha.
lúcháir delight
" Rinne sé comhghairdeas leis as a cheapachán agus dúirt go raibh lúcháir ar mhuintir Inis Oírr go raibh “oileánach anois mar Thaoiseach, duine a bhfuil tuiscint aige ar deacrachtaí na tíre go hiondúil ach go háirithe ar deacrachtaí oileáin.
beidh lúcháir ar shall be delighted
" Mar a bhí sonraithe sa Dréachtstraitéis tá sé i gceist go mbeadh an eagraíocht ag feidhmiú ar bhonn náisiúnta feasta ach beidh lúcháir ar ghníomhaithe teangan áirithe mar go gcoinneoidh sé a shainchúram Gaeltachta.
a lúcháir a cheilt hide his pleasure
" Feidhmíodh an Feidhmeannas Anois! ================== Ba dhoiligh ag an Rúnaí Stáit Coimeádach, Owen Paterson, a lúcháir a cheilt agus é ag maíomh gur faoin Fheidhmeannas amháin a bheas sé an córas uisce a chur ina cheart.
lán lúcháire delighted
" Mar sin, seo í lán lúcháire go ndearna sí difear mór do shaol daoine agus í spreagtha ag ceann de na muirthéachtaí ba radacaí dá raibh riamh ann, dar léi, ach ba bheag radacachas a bhí le sonrú in Éirinn na linne sin.
Bhí lúcháir orm I was delighted
" Bhí lúcháir orm go mbeadh sé de dheis agam cur leis an mhéid teorannta seo roimh dheireadh na scoilbhliana.
lúcháir orm delighted
" Chuir sé lúcháir orm nuair a chéadléigh mé achoimre ar thorthaí an daonáirimh a rinneadh sa bhliain 2002.
Tá lúcháir ar are delighted
" Tuilleadh Iasachtaí ======== Tá lúcháir ar lucht an *Tea Party*.
lúcháir joy
" Is ar éigean a bhuaileadh Holden an bóthar anuas go Meicsiceó gan cloigeann spailpín suarach a réabadh ar an tslí, agus gan léacht stairiúil a aithris a rinne nasc idir imeagla an tSeantiomna agus lúcháir Dante.
tá lúcháir mhór orm I’m really delighted
" Ar ndóighe, tá lúcháir mhór orm agus tá dúshlán mór romham.
raibh lúcháir orainn uilig we were all delighted
" Tá oiliúint fhada curtha isteach agat in go leor réimsí éagsúla den eagraíocht agus is cinnte go raibh lúcháir orainn uilig gur ceapadh duine a bhfuil taithí fhairsing aige a bheith ag obair ar fud na Gaeltachta don phost is sinsirí san Údarás.
Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort you delight in the hearty company
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
shamhlaigh mé an lúcháir a bhí orthu I imagined the joy they experienced
" *"Childhood sweethearts* a bhí ar scoil lena chéile a bhí iontu," a mhínigh Julie, "agus shamhlaigh mé an lúcháir a bhí orthu agus an gháire a dhéanadh siad agus chonaic mé i mo shamhlaíocht iad cois na habhann ag baint suilt as an saol.
faigheann an lúcháir a fhaighim uathu sin an lámh in uachtar ar the joy I get from them overcomes
" Sa bhaile, tá clann agus cairde agam agus faigheann an lúcháir a fhaighim uathu sin an lámh in uachtar ar chogadh bréagach Stormont.
Bhí lúcháir ar na coilínigh the colonists were delighted
" Bhí lúcháir ar na coilínigh ardmholadh a fháil ó ionadaí uasal na máthairtíre go dtí gur chuir sé an t-aguisín seo leis an teachtaireacht: in ainneoin a “*birthstain*”! Chuaigh a thagairt dá n-oidhreacht daoránaigh go smior iontu.
Chuir sé lúcháir orm I was delighted by
" Chuir sé lúcháir orm nuair a fógraíodh an mhí seo caite go dtabharfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D.
lúcháir ar mhuintir aerach na críche the district’s gay community (were) delighted
" Bíodh is go bhfuil lúcháir ar mhuintir aerach na críche faoi láthair, is féidir go gcuirfear deireadh lena gceiliúradh sul i bhfad.
tá lúcháir orainn we’re delighted
" Ba dhuine é de na chláirseoirí deiridh a bhí i mbun na cruite Gaelaí a sheinm agus tá lúcháir orainn go bhfuil an séadchomhórtha seo le feiceáil i gcroílár cheantar an chláirseora’ a dúirt Brian Walsh de chuid CCÉ na háite.
Tá lúcháir ar dhaoine people are delighted
" An ‘Maglia Rosa’ ======= Tá lúcháir ar dhaoine go bhfuil dearthóir de chuid na hÉireann – Fergus Niland ag obair mar cheann roinne táirge agus dearaidh leis an chomhlacht Santini i mBergamo, san Iodáil atá i mbun na ngeansaithe a dhearadh don Giro d’Italia.
lúcháir joy
"lúcháir ar Iontaobhas na Gaescolaíochta go bhfuil Bob Corcoran, ar Gael-Mheiriceánach é, ag cuidiú leo córas éifeachtach tiomsaithe airgid a fhorbairt.