Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lúthchleas athletics
" Cén dream atá an tAire ag iarraidh a shásamh nó a mhealladh mar sin? Ceann de na gnéithe is deacra a thuiscint, áfach, faoi phlean an Aire ná cén fáth go bhfuil imreoirí an Chumainn lúthchleas Gael fágtha sa bhfuacht ar fad amhail is nach rabhadar ann ar chor bith.
ag dul i gcion níos mó ar an gCumann Lúthchleas Gael making a bigger impression on the GAA
" Ní hé an chéad fhear óg a d'ardaigh na seolta agus seans maith nach é an duine deireanach a dhéanfas a leithéid ach oiread, ach is cosúil go bhfuil a imeacht ag dul i gcion níos mó ar an gCumann Lúthchleas Gael ná éinne eile roimhe.
Chomhdháil Bhliantúil an Chumainn Lúthchleas Gael the GAA's Annual Congress
" Agus gan ach thart ar mhí le dul roimh Chomhdháil Bhliantúil an Chumainn Lúthchleas Gael, tá níos mó brú ná riamh ar údaráis an CLG Riail 42 a chur ar ceal agus sacar agus rugbaí a cheadú den chéad uair riamh i bPáirc an Chrócaigh.
Cumann Lúthchleas Gael the Gaelic Athletic Association
" Mar a dúirt mé le linn m’óráide ag an ócáid ar an 14 Bealtaine, tháinig cuid mhór daoine chuig ranganna Gaeilge thar na blianta, daoine a raibh baint acu leis an rince Gaelach nó le Cumann Lúthchleas Gael ach fuair siad amach go raibh sé i bhfad níb fhusa coiscéim damhsa a fhoghlaim, nó cúl a scóráil sa pheil, ná greim a fháil ar ghramadach na Gaeilge! Luigh Seán isteach ar fhoghlaim na Gaeilge le díograis agus, dá bharr sin, tá an ghramadach agus an comhrá ar a thoil aige.
Cumann Lúthchleas agus Rothaíochta na hÉireann National Athletic and Cycling Association of Ireland
" Bhí sé páirteach i gcúrsaí lúthchleasaíochta ach ní sna ghnátheagraíochtaí - bhí sé chun tosaigh i gCumann Lúthchleas agus Rothaíochta na hÉireann.
Chumann Lúthchleas Gael Gaelic Athletic Association
" Is ceantar é seo nach roinntear an chumhacht ann, ina bhfuil bratach an Aontais ar foluain os cionn gach foirgnimh phoiblí, nach bhfuil áiseanna ann do na cluichí Gaelacha (agus gach uair a iarraidh cead pleanála do pháirc Chumann Lúthchleas Gael nó do theach pobail Caitliceach, cuireadh ina éadan).
Chumann Lúthchleas Gael the Gaelic Athletic Association
" Ar an 14 Nollaig seo caite, ag ócáid i Músaem an Chumainn i bPáirc an Chrócaigh, rinne Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael (CLG), Seán Ó Ceallaigh, an seoladh oifigiúil ar chlár teilifíse in ómós don pheileadóir Cormac McAnallen agus ar an tsraith nua de “Laochra Gael” do TG4.
Cumann Lúthchleas Gael the Gaelic Athletic Association
" Eagróidh Cumann Lúthchleas Gael sraith de chluichí Gaelacha tráthnóna Dé Sathairn agus beidh Club na Féile speisialta ann gach oíche, áit a mbeidh na ceoltóirí agus an lucht eagraithe ábalta a scíste a dhéanamh ag deireadh an lae.
Chumann Lúthchleas Gael the Gaelic Athletic Association
" Ní bhíonn an ceangal chomh láidir idir muintir na háite agus foireann sacair de chuid an Premiership i Sasana is a bhíonn idir muintir na háite agus foireann de chuid Chumann Lúthchleas Gael in Éirinn.
chuir sé olc ar údaráis Chumann Lúthchleas Gael he angered the authorities of the GAA
" Bhí sé daingean ina sheasamh i leith na Staide Náisiúnta agus chuir sé olc ar údaráis Chumann Lúthchleas Gael (CLG) tríd an pháirc nua peile a theorannú do chuspóirí sacair amháin.
imreoirí Chumann Lúthchleas Gael GAA players
" Trí huaire sa tseachtain a bhíonn imreoirí Chumann Lúthchleas Gael le chéile i mbun traenála, agus é sin i ndiaidh lá oibre.
do Chumann Lúthchleas Gael to the GAA
" Tá mé cinnte go ligfidís mé isteach mar thug mé breis agus fiche milliún do Chumann Lúthchleas Gael agus tá siad siúd ar fad sa Chónra freisin.
Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael President of the GAA
" B’fhéidir gurb é sin an fáth gur ceapadh é mar bhall de Choimisiún na bParáidí sa Tuaisceart sa bhliain 2000 agus mar Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael (CLG) i 1991.
Cumann Lúthchleas Gael the GAA
" Tháinig an t-uachtarán, a fear céile, Martin, agus David Cooney, Ambasadóir na hÉireann chun na Breataine, go dtí an t-ionad Éireannach, Club Naomh Mícheál, ar an 4 Meitheamh le bualadh leis na grúpaí éagsúla atá ag feidhmiú ón áit sin – Conradh na Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, an Scoil Rince, Cumann Lúthchleas Gael, The Jim Larkin Flute Band agus Irish Community Care Merseyside.
cumann lúthchleas leapa Bed athletics association
" Tá a fhios agat: rumpaí pumpaí; an siar aniar; an suas anuas; an *wham bam* go raibh maith agat, *mam*; an ó ó ó ó *seeeaaaa*!!!; an síneadh go spéir; an gníomh Gaelach; marcaíocht na mbolg; camchuairt na gcíoch; taiscéaladh an teasa; an cumann lúthchleas leapa; an pléisiúr pléascach; an is binn béal i do bhéal; an coinnigh ort; an ní craiceann go cur le chéile; an ní tír gan teanga.
Cumann Lúthchleas Gael CLG - GAA
" Cé nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar theanga an phobail in gach cuid den Ghaeltacht oifigiúil faoi mar atá léirithe in ‘Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007’, fós féin is ócáid an-speisialta Gaeltachta é a thugann daoine agus cumainn pheile de chuid Cumann Lúthchleas Gael atá ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta agus Bhreac-Ghaeltachta le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad na nGael.
lúthchleas of athletics
" Tá an Cumann lúthchleas Gael 125 bliain ar an saol i mbliana.
Chumann Lúthchleas Gael GAA
" **SMM: Tá scéal agat faoi Chumann Lúthchleas Gael sa chontae.
Chumann Lúthchleas Gael GAA
" An tseachtain seo caite ar an News Letter, léigh mé gur iarr iar-Mhodhnóir na hEaglaise Preispitéirí, Norman Hamilton, ar an Chumann Lúthchleas Gael a bheith ar shean a ndíchill an Ghaeilge "a dhípholaitiú".
Cumann Lúthchleas Gael GAA
" Ach é sin ráite, an bhfuil rud fiúntach ar bith ar domhan níos mó nach bhfuil greim scóige ag an airgeadas agus ag an margadh air? Is maith linn a cheapadh anseo in Éirinn go bhfuil an Cumann Lúthchleas Gael, cuir i gcás, ina eagraíocht dheonach atá neamhspleách ar chúrsaí tráchtála ach is í an fhírinne go bhfuil an CLG taobh le comhlachtaí tráchtála oiread is atá aon dream eile chomh fada is a bhaineann sé le maoiniú a chur ar fáil do dhul chun cinn na heagraíochta.
Is é aidhm Chumann Lúthchleas Gael it’s the aim of the GAA
" Is é aidhm Chumann Lúthchleas Gael go mbeadh déantóirí camán in Éirinn in ann a bheith spleách ar fhuinseog na tíre seo amháin faoin mbliain 2017 ach tá amhras mór ann anois roimh fíorú na haidhme sin.
Chumann Lúthchleas Gael GAA
" Fionraí trí chluiche a leag údaráis an Chumann Lúthchleas Gael d’éiric ar an imreoir a ainmníodh.
i measc na lúthchleas in athletics
" Is é Curadh an Domhain ar cheann de na spóirt is deacra agus is crua dá bhfuil ann i measc na lúthchleas.
ghnóthaí Chumann Lúthchleas Gael GAA matters
" Bhí barúil agam riamh anall gur mar sin a bhí sé - labhraím Gaeilge ar bhonn laethúil, bíonn comhráite fada teasaí idir mé féin agus mo chairde ar ghnóthaí Chumann Lúthchleas Gael, bíonn Liam Ó Maonlaí agus Skara Brae agus Dervish ag dul ar an seinnteoir dlúthdhiosca sa charr, bím ag breathnú go minic ar TG4 agus olaím Guinness.
Chumann Lúthchleas Gael GAA
" ” Athrú ar Chois Fharraige ó Shoin ============== Baineadh amach go leor sna blianta sin: uisce reatha a chur sna tithe; páirc imeartha nua a fhorbairt don chlub áitiúil Chumann Lúthchleas Gael; nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú ar feadh roinnt blianta.
Cumann Lúthchleas Gael GAA
" Bhí obair den chineál céanna ar siúl cheana féin ag eagraíochtaí eile spóirt – Cumann Lúthchleas Gael, lucht sacair, rugbaí, leadóige is araile.
Chumann Lúthchleas Gael the Gaelic Athletic Association
" Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim gur gá don Chumann Lúthchleas Gael níos mó tacaíochta a chur ar fáil do na cumainn áitiúla.
Cumann Lúthchleas Gael Gaelic Athletic Association
" Bhí díomá ar go leor daoine nuair a chinn an Cumann Lúthchleas Gael (CLG) ar chead a dhiúltú do lucht spórt eile úsáid a bhaint as Páirc an Chrócaigh.
an Cumann Lúthchleas Gael The Gaelic Athletic Association
" Tá míbhuntáistí áirithe ag baint le córas "an chúldorais" a thug an Cumann Lúthchleas Gael isteach den chéad uair cúig bliana ó shin, dar le Colm Mac Séalaigh.
Chumann Lúthchleas Gael the GAA
" Measann Colm Mac Séalaigh go léiríonn sé seo go bhfuil sé in am don Chumann Lúthchleas Gael díriú i gceart ar cheist na n-íocaíochtaí d'imreoirí idir-chontae.
an gCumann Lúthchleas Gael the Gaelic Athletic Association
" Féachann Dónall Ó Maolfabhail ar na cúiseanna go mbeidh sé deacair ag an gCumann Lúthchleas Gael Riail 42 a chur ar ceal agus cead a thabhairt cluichí sacair agus rugbaí a imirt i bPáirc an Chrócaigh.
Chumann Lúthchleas Gael GAA
" Níor cheart cead a thabhairt cluichí eile a imirt i bPáirc an Chrócaigh agus níor chóir go mbeadh an cheist áirithe seo ag cothú easaontais idir cuid ball Chumann Lúthchleas Gael.
Cumann Lúthchleas Gael the Gaelic Athletic Association
" Tá Colm Mac Séalaigh go láidir den tuairim go bhfuil cuid mhór de na córais agus rialacha atá ag Cumann Lúthchleas Gael thar a bheith lochtach.
le linn chluichí Chumann Lúthchleas Gael during GAA matches
" Tá an-imní ar Cholm Mac Séalaigh faoi na hionsaithe atá á ndéanamh ar imreoirí le linn chluichí Chumann Lúthchleas Gael ó cheann ceann na tíre.
Cumann Lúthchleas Gael the Gaelic Athletic Association
" Ní raibh an córas smachta a bhí ag Cumann Lúthchleas Gael roimhe seo foirfe ach ar a laghad bhí sé i bhfad níos soiléire ná an córas atá i bhfeidhm faoi láthair, dar le Colm Mac Séalaigh.
Cumann Lúthchleas Gael the Gaelic Athletic Association
" Measann Colm Mac Séalaigh nach bhfuil an toil i gCumann Lúthchleas Gael le déileáil le foréigean agus drochiompar ar an bpáirc imeartha.
i gCumann Lúthchleas Gael in the GAA
" Measann Colm Mac Séalaigh gurb é an dúshlán is mó a bheas roimh an Stiúrthóir Náisiúnta Iománaíochta, atá le ceapadh go luath, ná dearcadh daoine i gCumann Lúthchleas Gael maidir leis an iománaíocht a athrú.
Chumann Lúthchleas Gael the Gaelic Athletic Association
" Féachann Colm Mac Séalaigh ar an méid atá á éileamh ag cumann na n-imreoirí, an GPA, ó Chumann Lúthchleas Gael.
craobhacha Chumann Lúthchleas Gael GAA championships
" Níl aon cheist faoi ach go mbuafaidh foirne Chiarraí agus Chill Chainnigh craobhacha Chumann Lúthchleas Gael i mbliana, dar le Colm Mac Sealaigh.
lúthchleas of athletics
" Tréigean na teanga agus forbairt na lúthchleas: dhá cheann na meá céad go leith bliain ó shin? Cén míniú atá ar an bhfás céadach a tháinig faoi CLG in imeacht 125 bliain? Bhí Colm Mac Séalaigh ag meabhrú ar na ceisteanna seo.
Chumann Lúthchleas Gael GAA
" Chas Colm Mac Séalaigh le réiteoir de chuid Chumann Lúthchleas Gael a bhfuil taithí 25 bliain de réiteoireacht ag gach leibhéal anois aige.