Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur a ladar isteach ina ngnóthaí interfering in their affairs
" Tá sé de cheart ag saoránaigh gach tíre a dtodhchaí féin a shocrú gan tíortha eile a bheith ag cur a ladar isteach ina ngnóthaí.
gan a ladar a chur sa scéal. not to interfere in the story.
" Tá rabhadh tugtha ag Bainimarama do thíortha eile an réigiúin gan a ladar a chur sa scéal.
chuir siad a ladar isteach sa scéal. they interfered with things
" Bhí go leor airgid acu – bhí leithéidí Frankie Goes to Hollywood i measc a gcuid cliant – ach níor thug siad aon tacaíocht dúinn agus chuir siad a ladar isteach sa scéal.
a ladar amach as his nose out of
" D’fhostaigh sé daoine den scoth leis an bpáipéar a fhoilsiú agus bhí an chuma ar an scéal gur choinnigh sé a ladar amach as an eagarthóireacht.
cur a ladar isteach involving themselves
" Dar leo, ba cheart don ról sin a bheith beag; ní cheart dó, mar shampla, a bheith ag cur srian ar ghunnaí sa tír, ná ag cur a ladar isteach i gcúrsaí oideachais na stát (tá córas oideachais faoi leith ag gach stát i Meiriceá).
cur a ladair sticking their nose (in)
" org/wiki/The_Wealth_of_Nations) Nuair a tháinig an Páirtí Daonlathach ar an saol sa tír bheag againne, ghlac Mary Harney agus Michael Mac Dowell le hideolaíocht liobarálach na Stát Aontaithe, a chreideann nár cheart don Stát a bheith ag cur a ladair isteach i gcúrsaí gnó ná ag cur srian le saint na mbocanna móra.
a ladar a chur i meadar to stir things up
" Mar a bheifeá ag súil leis, thapaigh na polaiteoirí an deis a ladar a chur i meadar gan suaitheadh.
A ladar a choinneáil as to keep his nose out
" A ladar a choinneáil as an scéal uile agus cead a chinn ag an IRFU a rogha rud a dhéanamh maidir le cén craoltóir a thaispeánfadh na cluichí a bhaineann le foirne Éireannacha.
a ladar their interest, move
" Aistriú Cúraim? ======== Tá seans, áfach, nach de ghrá na n-inimirceach amháin atá a ladar curtha ag rialtas na Fraince sa scéal seo.
chuireadar a ladar féin isteach they involved themselves
" Thuig na comhlachtaí cairr freisin gurbh ar a leasna a bheadh bás na dtraenach, agus chuireadar a ladar féin isteach.
ag cur mo ladar isteach stick my nose in
" * Iompó Creidimh mar Réiteach ar an Scéal ===================== Tá sé scathamh fada ó d’éirigh mise as a bheith ag cleachtadh an chreidimh lenar tógadh mé agus b’fhéidir gur dána an mhaise domsa a bheith ag cur mo ladar isteach sa scéal, ag moladh réitigh do dhaoine a bhfuil an creideamh fós acu.
a ladar isteach sa scéal become involved
" Is gnás sa Chóiré, is cosúil, má íoctar cúiteamh airgid a shásaíonn teaghlach íobartaigh, agus muna leagtar gearrán in éadan lucht déanta na coire sin ag éinne eile ar ball, nach gcuireann na póilíní a ladar isteach sa scéal.
a ladar his intervention
" Ach níorbh fhiú tráithnín a ladar i ndeireadh báire.
sásta a ladar a chur sa scéal content to become involved in the matter
" Nuair nach bhfuil rialtas na hÉireann sásta gníomhú i mbealach fónta straitéiseach leis an nGaeilge a chaomhnú, b’fhéidir go mbeadh an Eorap sásta a ladar a chur sa scéal! Más féidir le Aontas na hEorpa iachall a chur ar Rialtas na hÉireann na portaigh a chaomhnú agus an soláthar uisce a ghlanadh, shílfeá go mbeadh an Bhruiséal in ann iachall a chur ar an Rialtas maidir le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht.
cuireadh ladar eile isteach sa scéal another voice entered the fray
" Agus Obama ar a chorrabhuais, go tobann cuireadh ladar eile isteach sa scéal.
a chuir a ladar who was enmeshed
" Níorbh eisean an chéad Chaisideach a chuir a ladar i gcúrsaí na hEorpa.
ag cur a ladair isteach intervening
" Tá an Astráil ag cur a ladair isteach i ngnóthaí tíortha eile de chuid an Aigéin Chiúin a bhfuil fadhbanna polaitiúla ag teacht chun cinn iontu.