Pota Focal Intergaelic
| ae | la | lace | lade | lake
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bodhránacht an lae daybreak
" Agus má fheiceann tú 200 duine deargshúileach craiceanndóite (agus cuid acu sin agus filleadh beag orthu) ag longadán fá Aerfort Átha Cliath le bodhránacht an lae ar an 14 Lúnasa agus cuma orthu go bhfuil seachrán sí orthu, ná cuir ceist! Ní thuigfidh tú.
chothrom lae anniversary
" Agus muid ag tarraingt ar chothrom lae ionsaithe sceimhlitheoireachta an 11 Meán Fómhair anuraidh, tá go leor póilíní agus fear dóiteáin i Nua-Eabhrac ag smaoineamh siar ar an uafás agus ar an chaoi ar chaill siad beagnach 400 dá gcomhghleacaithe.
Le breacadh an lae when dawn broke
" "Le breacadh an lae, ba léir cé chomh holc is a bhí an t-uafás, agus tinte a bhí scaipthe anseo is ansiúd ag diúltú a bheith ceansaithe," a scríobhann Golway faoin lá i ndiaidh na tine móire i Manhattan íochtarach, nar maraíodh, go míorúilteach, ach beirt inti.
an Lae Ghabhála Buíochais Thanksgiving
" Is beag scéal a bhí le cloisteáil faoin chathaoir fholamh ag an tábla le linn na Nollag nó an Lae Ghabhála Buíochais; nó faoi bhronntanais Nollag gan cheannach.
in aghaidh an lae daily
" I bhformhór na dtíortha seo tá an fuath don "Coalition of the Willing" ag méadú in aghaidh an lae.
ionad lae day centre
" Tá Cúram na nAosach freagrach as ionad lae do na seanóirí agus is mór an chreidiúint dóibh an t-áras atá acu.
fáinní an lae dawns
" " Ar seisean: "Bhí grá chomh mór sin agam don nádúr, go bhfaca mé fáinní an lae agus luí na gréine agus dá ndéanfainn iad a phéinteáil go ndéarfadh daoine go raibh áibhéil déanta agam.
dualgaisí an lae the duties of the day
" "Áit ar bith ach an chistin," guí na maidine a bhíodh acu agus dualgaisí an lae á roinnt orthu ag na máistrí.
Níl faill suí ná seasamh ag daoine óga an lae inniu young people today have no time to sit or stand
" Níl faill suí ná seasamh ag daoine óga an lae inniu.
ghnáthchomhrá an lae everyday conversation
" Ba bhreá liom bheith ar bharr bus agus, chomh maith le teangacha éagsúla an domhain a chloisteáil, go gcloisfinn abairtí mar "Hey Head, conas atá tú?" mar chuid de ghnáthchomhrá an lae.
i mbarr teaspaigh an lae at the hottest part of the day
" Fá láthair bhí siad i mbarr teaspaigh an lae agus bhí an ghrian á ndalladh agus ann ach go raibh siad plúchta ag an teas sa charr.
bunadh an lae inniu the people of today
" An raibh mórán eagarthóireachta le déanamh agat orthu? JMcB: Chuir mé athruithe beaga orthu anseo is ansiúd le go dtuigfeadh bunadh an lae inniu na scéalta níos fearr.
thuras seandálaíochta lae an archaeological day-trip
" I mí Lúnasa, chuaigh mé ar thuras seandálaíochta lae an-suimiúil agus taitneamhach thart ar an taobh theas d’Aird Uladh.
Ná caith rith an lae ina cheann don't spend all day at it
" Ná caith rith an lae ina cheann ach an oiread.
roimh ghealadh an lae before daybreak
" Ar oíche bhás an Phápa bhí an séipéal ar champas na hollscoile ar oscailt ar feadh na hoíche agus roimh ghealadh an lae bhí pictiúr d’Eoin Pól II ar crochadh os cionn phríomhshlí isteach na hollscoile i dteannta na bhfocal “.
roimh ghealadh an lae before daybreak
" Ar oíche bhás an Phápa bhí an séipéal ar champas na hollscoile ar oscailt ar feadh na hoíche agus roimh ghealadh an lae bhí pictiúr d’Eoin Pól II ar crochadh os cionn phríomhshlí isteach na hollscoile i dteannta na bhfocal “.
ag breacadh an lae at daybreak
" ) D'éirigh liom mo mhálaí a aimsiú san aerfort an lá dár gcionn agus bhuail mé bóthar ag breacadh an lae suas go Kumasi.
Conas a mhairfidh muid go deireadh an lae? How will we last until the end of the day?
" An cheist chéanna ag gach éinne: Conas a mhairfidh muid go deireadh an lae? I dTóiceo a bhuaileamar le hOki den chéad uair.
á n-ardú in aghaidh an lae being raised by the day
" Le Ben Dunne ag caint ar bhronntanais airgid sa bhreis ar an milliún punt a thug sé do Haughey sna hochtóidí, agus ceisteanna míchompordacha eile á n-ardú in aghaidh an lae ina choinne, ar deireadh ní raibh aon áit fágtha ag Haughey le dul i bhfolach.
cúnamh baile, béilí ar rothaí agus seirbhísí cúraim lae home help, meals on wheels and day-care services.
" Meastar go gcuirfear €100 milliún ar fáil chun go mbeidh teacht ag seandaoine ar sheirbhísí altranais agus teiripeacha, cúnamh baile, béilí ar rothaí agus seirbhísí cúraim lae.
i gcomhthéacs eachtraí an lae inniu, in the context of today's events,
" Tá sin scanrúil agus scannalach a leithéid a scríobh agus a léamh anois i gcomhthéacs eachtraí an lae inniu, ach bhí sin comónta go dtí le gairid.
seoidín an lae inniu today's little gem
" * - *Ach ba é seoidín an lae inniu uaidh ná gur cheannaigh mac le Woody Guthrie, Arló, píobaí tráth, agus gur mhaígh sé go hard sollúnta leo siúd ina thimpeall go mbeadh sé ábalta iad a mháistriú i dtrí lá.
ó ghnáthchleachtais an lae from the normal routines of the day
" Bhíodar ansin mar shos ó ghnáthchleachtais an lae - rud ar bith a ghiorródh an t-am idir maidin agus faoithin.
Cín lae oilithrigh the diary of a pilgrim
" Cín lae oilithrigh atá ann ina rianaíonn sé a thuras pearsanta ar an gconair cháiliúil seo.
i ndallrú gréine an mheán lae in the glaring mid-day sun
" Amach liom arís ón eaglais dhorcha, fhionnuar i ndallrú gréine an mheán lae sa Spáinn.
i mbrothall an lae. in the heat of the day.
" Ní dóigh liom go bhfuil dóthain ama agam ná mo shá spionnaidh fágtha ionam timpeall de cheithre chiliméadar a chur orm i mbrothall an lae.
Lá i ndiaidh lae, day after day,
" Lá i ndiaidh lae, sé lá, seacht lá agus fós is ar éigean gur féidir liom an dara hochtach a shroichint.
cín lae diary
" Cuirtear síos in *An Bóthar go Santiago* ar a éacht coisíochta; cín lae atá ann agus treoirleabhar.
faoi ghrian ghleoite bhríomhar an mheán lae under the lovely lively sun of mid-day
" Maolaíonn an aimsir leis agus lá na sochraide siúlann muid an míle ó thigh an teaghlaigh chun na heaglaise, faoi ghrian ghleoite bhríomhar an mheán lae agus dathanna an tsamhraidh ag damhsa sna goirt taobh an bhóthair.
lá i ndiaidh lae, day after day,
" Is cinnte go ndéanann na meáin tagairt dóibh, ach is annamh a bhíonn siad ar chlúdach na nuachtán lá i ndiaidh lae, ach amháin má léiríonn an pobal go bhfuil spéis faoi leith acu i scéal áirithe.
Chuirfeadh cuid díobh alltacht ar lucht sábháilteachta an lae inniu Some of them would astond today's health and safety people
" Chuirfeadh cuid díobh alltacht ar lucht sábháilteachta an lae inniu - an Flying Wedge, ding dhaonna na n-imreoirí a ritheadh trí líne na gcosantóirí, ina measc.
fir an lae inniu men of today
" “Tá sé contúirteach teachtaireachtaí a chur i scannáin – gura slán an scéalaí! Baineann an scannán le fir sna seachtóidí, ach baineann sé le fir an lae inniu chomh maith.
ar chothrom lae bhás a charad, on the anniversary of his friend's death,
" Deirtear gur cara de chuid Smith, a bhí ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar chothrom lae bhás a charad, a mharaigh Rhys Jones de thaisme.
ó bhreacadh an lae go luí na gréine. from daybreak to sunset.
" Ní raibh a fhios agam cén lá den tseachtain a bhí ann - nó cén t-am den lá, fiú - mar níor athraigh mé as na héadaí compordacha oíche a bhí á gcaitheamh agam ó bhreacadh an lae go luí na gréine.
Bíonn solas an lae níos giorra the light of day is shorter
De réir nuachtán áitiúil an lae dar gcionn, according to the next day's local paper
" De réir nuachtán áitiúil an lae dar gcionn, bean áitiúil ocht mbliana is caoga d'aois a bhí inti.
lá cothrom deich mbliana an lae ar tharla eachtra stairiúil in Éirinn. the ten year anniversary of the day on which an historical event happened in Ireland
" ******************************************* Dáta thar a bheith speisialta a bheas sa 10 Aibreán 2008, lá cothrom deich mbliana an lae ar tharla eachtra stairiúil in Éirinn.
ghnáthchaint Mheiriceánaigh an lae inniu modern American vernacular
" Ní gá ach leabhar iontach Danny Cassidy – *How the Irish Invented Slang* – a léamh le cruthúnas a fháil maidir leis an dóigh a ndeachaigh an Ghaeilge i bhfeidhm ar ghnáthchaint Mheiriceánaigh an lae inniu.
solas an lae the light of day
" Cuidíonn gaoth mhór an tseanchais le feachtas an phobail nuair a shéideann sí ar feadh trí lá agus trí oíche, ag ligean do Chillín *Chait*ríona solas an lae a fheiceáil den chéad uair leis na cianta cairbreacha.
ag glioscarnach i solas an lae glistening in the light of day
" Seasann sé os do chionn agus tú ag teacht isteach go Atlantic City, a thaobhanna gloine ag glioscarnach i solas an lae agus ag lonradh i solas saorga a athraíonn gach cúpla soicind i rith na hoíche.
Le breacadh an lae at daybreak
" Le breacadh an lae, shroich siad An Bóthar, an tábhairne sona suaimhneach sin ag bun Chnoc Bhréanainn, áit a raibh grúpa sléibhteoirí ó Fhórsaí Cosanta na hÉireann ag fanacht chun an Tóirse a thabhairt suas an sliabh.
in aghaidh an lae, per day
" " Agus anois, agus comóradh cúig bliana déag na seirbhíse á cheiliúradh, céard iad na príomhrudaí atá bainte amach ó bunaíodh an stáisiún? “Ghlac Raidió na Life céim radacach agus réabhlóideach chun tosaigh i mbliana nuair a chuir muid go suntasach lenár n-uaireanta craolta – ó cúig huaire déag in aghaidh an lae go fiche uair in aghaidh an lae, agus ceithre huaire is fiche in aghaidh an lae ag an deireadh seachtaine.
géarchéim an lae inniu today's crisis
" Céard iad na difríochtaí idir an ghéarchéim sna hochtóidí agus géarchéim an lae inniu agus an bhfuil muid níos ábalta inniu dul i ngleic le cúlú eacnamaíoch?* DMW: Ar bhealach, tá cúrsaí níos measa an iarraidh seo, agus is éard is measa ar fad ná an easpa cumais atá sa tír ó thaobh a bheith in ann dul i ngleic leis an ghéarchéim.
chin lae a diary
" Shocraigh mé, sular tháinig mé amach, ar chin lae de shórt éigin a choinneáil ionas go bhféadfainn, agus mé i mo sheanbhean, amharc siar ar an bhliain a chaith mé i m’iníon léinn i SAM.
mbrothall an lae the day%u2019s heat
" Bhog mé liom as sin i mbrothall an lae ag tarraingt ar Viana.
chúrsa lae i mblaiseadh fíona a wine-tasting day course
" ie) le déanaí chun freastal ar chúrsa lae i mblaiseadh fíona.
clár an lae the day's program
" Bhí an taisteal sa tSeapáin féin an-eagraithe, an bus, an tiománaí agus duine ón ghníomhaíocht ag feitheamh linn gach maidin agus clár an lae scríofa amach breá soiléir.
i rith an lae throughout the day
" Ba dhuine é a raibh meas an phobail air i rith an lae; ach b’ainbheartach uafáis san oíche é.
an lae of the day
" Is iomaí duine a dhéanann iontas den tslí a chuirtear dallamullóg go héasca ar mhuintir Mheiriceá dul i mbun cogaidh i gcoinne 'namhad' mór an lae, in ainneoin na bhfíricí a léiríonn don domhan mór nach bagairt ar bith don impire dochloíte é.
in aghaidh an lae by the day
" 6 billiún anuraidh agus tá tionscal easpórtáil an oideachais ag méadú in aghaidh an lae le blianta anuas.
grá aon lae one day love
" Cheapas Brí Chulainn le seo, slot machines, uachtar reoite, gaineamh, girseacha, grá aon lae 4th of July - an t-aon phíosa ceoil uirlise ó U2, gan focail, go bhfios dom.
chothrom an lae anniversary
" Bhí comóradh mór ar siúl sa Tíomór Thoir í féin i mí Lúnasa ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar chothrom an lae deich mbliana ó shin ar vótáil muintir Thíomór Thoir ar son reifrinn le neamhspleáchas a bhunú.
faoi sholas an lae broad daylight
" Dar le lucht saineolais le fíordhéanaí áfach, ní fheicfear taibhse an t-am seo den bhliain ná aon am eile den bhliain, ach amháin, mar a deir siad anois, aisteach go leor, san áit nach bhfuil aon chumhacht aibhléise ann, go fiú, más faoi sholas an lae féin é.
cothrom an lae seo this day (next year)
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
teas an lae today's heat
" D'fhágas slán leis na róin agus leis na turasóirí agus thugas aghaidh ar an droichead, ceithre mhíle siar uaim, crochta i mbrat scamaill, ainneoin teas an lae.
lae of day
" Is ansin a bhíonn loinnir an lae in easnamh.
an lae inniu contemporary
" ’Sea go deimhin, i mbéarlagar garbh an lae inniu, tá Kiarostamí ag fucáil lenár gceann agus éiríonn thar barr leis sinn a cur de chonair éasca ár gcompord.
an lae inniu contemporary
" ” Chuir sé sraith de mholtaí faoina bhráid maidir le giniúint aibhléise as foinsí fuinnimh malartacha, moltaí a bhfuil cuma iontach fadradharcach orthu i bhfianaise dúnghaoisí glasa an lae inniu.
solas an lae the light of day
" Is léir ón leagan críochnúil den Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge nach bhfaca ach dornán beag acu sin solas an lae.
in aghaidh an lae per day
" Bhuel le bheith cruinn, caithfidh sé go léann na hiriseoirí seo nuachtán amháin ar a laghad in aghaidh an lae, ní hionann is mó dhála féin.
i rith an lae during the day
" D'inis mé dó go raibh fúm dreapadh suas Raeburns Gully ar Chreag Meagaidh (1130 méadar) Dé Domhnaigh, ach chuir sé scairt orm oíche Dé Sathairn le cur in iúl dom go bhfaca siad maidhm shneachta ansin i rith an lae agus bheadh sé róchontúirteach.
ar ghile an lae because of the bright daylight
" B'éigean dúinn ár spéaclaí cumhdaigh a chuir orainn, ar ghile an lae agus an tsneachta.
i rith an lae during the day
" Tá sé ar bhóthar eadarstáit 95, an mótarbhealach a ritheann ó cheann ceann an cheantair seo, an bóthar is mó trácht sa tír, nach mór, agus tá na tranglaim tráchta chomh dona air go moltar anois tiomáint air i lár na hoíche agus é a sheachaint go hiomlán i rith an lae! Más ea, bhuaileamar bóthar i lár an lae mar sin féin, agus mar a tuaradh, chaitheamar seacht n-uaire an chloig ar an mbóthar seachas an trí go leith a thógfadh sé gan trácht.
mheán lae midday
" Dhá lá ina dhiaidh sin, ar an taobh eile den domhan, thart ar mheán lae, shiúil Tristan van der Vlis, Ollannach de 24 bliana d’aois, isteach in ionad siopadóireachta in Alphen aan den Rijn, cathair bheag i gcroílár na hOllainne.
i rith an lae during the day
" Siúlann sí timpeall ag coimeád súile ar na rónta i rith an lae.
solas an lae the light of day
" Cé gur mharaigh sé Ian Tomlinson i solas an lae, os comhair scaifte póilíní eile, ní raibh ach aon duine amháin díobh faoi imní mar gheall ar an eachtra - scríobh PC Kerry Smith nóta faoin ionsaí agus dúirt sí leis an choiste: *"He (Tomlinson) sat up and looked towards us and he said 'I just wanted to go home'.
sochaí an lae inniu contemporary society
" Tá ionad ar leith i sochaí an lae inniu ag laochra spóirt, daoine a rinne agus a dhéanann ar bhonn rialta gaisce mór ar pháirceanna imeartha, i gcróite dornálaíochta, ar shléibhte rothaíochta, i linnte snámha, ar dhroim capaill agus mar sin de.
in aghaidh an lae every day
" Tá iarrthóirí úra ag teacht chun solais in aghaidh an lae agus ó gach cearn den tír.
turasanna lae day trips
" Eagraítear turasanna lae ó Chanberra síos go dtí na láithreacha sciála i séasúr an tsneachta gach bliain agus ba ar cheann de na turasanna sin a chuaigh muidne.
ba é buaicphointe an lae it was the highpoint of the day
" Níl a fhios agam an bhfuil an fhoighne agam chun na scileanna go léir a fhoghlaim áfach mar ba é buaicphointe an lae, facthas dom, ná an tseacláid te a fháil sa bheár!
sochaí an lae inniu today’s society
" Seo thíos dhá abairt as ‘An Litearthacht agus an Uimhearthacht’ *(Literacy and Numeracy for Learning and Life)*, doiciméid a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais le gairid: ‘Léirigh na scrúduithe PISA in 2009 nach raibh na scileanna litearthachta ag 17 faoin gcéad de na scoláirí uile ag cúig bliana déag d’aois agus beagnach buachaill amháin sna déaga as ceathrar, chun feidhmiú go héifeachtach i sochaí an lae inniu.
chúnamh lae day help
" Kang go maith as, agus oibríonn Mija mar chúnamh lae dó.
nár sheas an cadhnra ach leath lae the battery only lasted half a day
" Dhíol sé an chéad ifón le daoine, cuirim i gcás, nuair nach raibh ach raon sách measartha ag an bhfón agus nuair nár sheas an cadhnra ach leath lae.
Amú faoi Sholas an Lae astray in daylight
" Amú faoi Sholas an Lae ============ Bhíos i m’aonar i ndáiríre anois, ag leanúint cosán dearg a bhí déanta ag ainmhithe.
cíona lae diaries
" Scríobh sé an leabhar, *‘The Broken Years’,* bunaithe ar na cíona lae agus ar litreacha a scríobh tuairim is 1000 saighdiúir Astrálacha le linn an Chéad Chogadh Domhanda.
sochaí an lae inniu today’s society
" Tá ceist ainmheasarthacht an óil fós linn ach tá deacracht eile againn i sochaí an lae inniu nach dtugtar aird chúi air go mbíonn sé i bhfad ródhéanach agus is é sin, an ‘droim dubhach’ agus ‘an galar dubhach’.
laoi maidneachan lae the dawn lay
" Is amhrán ársa atá i laoi maidneachan lae.
imeachtaí an lae inniu agus imeachtaí ár sinsear daily events and events of our forebears
" Ag Coimhthiú ===== Tagann cumhacht scripteanna Milch as traidisiún fealsúnachta agus stairiúil ar leith, an traidisiún sin a chuireann bearna idir imeachtaí an lae inniu agus imeachtaí ár sinsear.
i lár an lae ghil in broad daylight
" Scaoileadh le gach duine de na híospairtigh san aghaidh i lár an lae ghil agus na gunnadóirí gan ach cúpla slat uathu.
bhí nóin bheag agus deireadh an lae ann you’d need a flashlight by the time
" Nuair a bhí nóin bheag agus deireadh an lae ann, drúcht ag méadú agus clocha ag géarú, agus éiníní beaga na coille craobhaí ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, shroich sé caladh agus cuan i bpríomhchathair an Domhain Thoir.
gnó an lae the day’s business
" Go tobann, tháinig cathaoirleach an tSeanaid isteach, Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe John Nance Garner fiú, chun tús a chur le gnó an lae, agus é sáite go mór sa deoch mheisciúil.
Nach aisteach an rud é i ndeireadh an lae isn’t it strange after all
" Scríobh mé faoi rince na seiteanna an bhliain ina dhiaidh sin: Nach aisteach an rud é i ndeireadh an lae, Do bharúil faoin bhoc sin atá imithe ar strae? Fear nár chuir dúil ins an cheol riamh anall, Amharc anois é ag léimnigh thar chlaí is thar fál, Ní Bach, ná Beethoven, ná Mozart, ná Gershwin – Ar na craobhacha atá sé ag rince na seiteann’! ….
cuimhní an lae úd that days memories
" Bhí a fhios agam, ón chuma a bhí orthu go raibh siad faoi bhrú millteanach, go raibh cuimhní an lae úd leo gach lá agus ní raibh aon éalú san oíche mar ba mhinic faoi thromluí iad.
chun teas an lae a sheachaint to avoid the day’s heat
" D’imigh mé roimh éirí na gréine chun teas an lae a sheachaint.
le breacadh an lae at daybreak
" Ach le breacadh an lae, nocht an t-iontas os mo chomhair.
do shochaí ilchultúir an lae inniu for today’s multicultural society
" Ach dálta achan rud eile, tá nithe áirithe de nach bhfuil fóirsteanach do shochaí ilchultúir an lae inniu siocair gur dréachtaíodh é i ré eile.
bhí nóin bheag agus deireadh an lae ann at dusk
" Sheachain sé an autobahn an bealach ar fad, agus nuair a bhí nóin bheag agus deireadh an lae ann, drúcht ag méadú agus clocha ag géarú, agus éanacha beaga na coille craobhaí ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, thóg sé a cheann agus d’amharc sé uaidh agus caidé a chonaic sé ar bharr cnoic ach an caisleán ba dheise dá bhfaca sé ar bhuille a dhá shúl riamh.
thréithrigh rialtas an lae governments of the day characterized
" Ní hamháin sin, ach d’fhonn an fhadhb a fhuascailt – agus is mar fhadhb a thréithrigh rialtas an lae na cúrsaí seo – eagraíodh reifreann chun Bunreacht na hÉireann a leasú.
ag méadú in aghaidh an lae increasing daily
" Ní hamháin go bhfuil tionchar na hIaráine ag méadú in aghaidh an lae laistigh den Iaráic – idir thionchar polaitiúil, míleata agus creidimh, ach dá bhféadfaidís cinntiú go mairfeadh rialtas al-Assad (a bhuíochas sin dóibh siúd – na hIaránaigh) bheadh an tSiria anois ag brath ar an Iaráin fiú níos mó ná mar atá muintir na hIaráice i láthair na huaire.
tré uair an chloig in aghaidh an lae teilifíse one hour of television per day
" Is léir ón dtuarascáil go gceaptar go forleathan in RTÉ go bhfuil an dualgas sin comhlíonta ag an eagraíocht tré uair an chloig in aghaidh an lae teilifíse a chur ar fáil do TG4 agus nach gá a thuilleadh do RTÉ aon chlár Ghaeilge a dhéanamh le craoladh ar a chuid bealaí teilifíse féin.
réaltaí móra an lae inniu today’s big stars
" Ar ndóigh, is iad na fir agus mná grinn réaltaí móra an lae inniu.
i ngleic leis an saol lá i ndiaidh lae struggle with life from day to day
" Ach téann muintir na háite i ngleic leis an saol lá i ndiaidh lae, mar is é Sussuarana a mbaile.
Faoi sholas an lae in daylight
" Faoi sholas an lae, bíonn sé i bhfad níos éasca fadhbanna a bhaineann le cabhail an chairr – agus leis an taobh istigh – a aimsiú.
gan tionchar ó ocras, caitheamh an lae unaffected by hunger or by the passage of time
" Ligeann an chéad cheann don imreoir leanúint leis an tógáil gan tionchar ó ocras, caitheamh an lae nó ó ionsaitheoirí cosúil le ainmhithe, damháin alla nó *zombies*.
faoi dheireadh an lae by nightfall
" Go minic bíonn siad thuas ansin faoi dheireadh an lae agus mar sin is féidir leat do chuid athchuimhne a dhéanamh sula dtéann tú a luí ar an lá céanna! Agus má dhéanann tú meancóg, tá fhios ag do chairde faoin scéal go díreach.
clár an lae the day’s program
" Bhí clár an lae le fáil i dteangacha eile chomh maith.
Roimh bhánú an lae before daybreak
" Feiceann Súil Ghlas Mullach Glas ============= Roimh bhánú an lae mar sin bhí muid ag leanstan na lóchrainn gheala suas sleasa géara na Corcóige agus muid fós leath inár gcodladh.
Fán am a nocht ball bán an lae when day dawned
" Fán am a nocht ball bán an lae, bhí an chéad mhullach sroichte agus an chéad pholl sa chárta.
Dul Amú i Lár an Lae Ghil going astray in the middle of the day
" Dul Amú i Lár an Lae Ghil ============= Ach tá fadhbanna eile ann maidir leis an bhealach isteach sna cnoic sa Spáinn.
beagán chun tosaigh ag deireadh an lae a little ahead at the end of the day
" Ach an straitéis seo a leanacht go coinsiasach do gach ceann de na cluichí, bím beagán chun tosaigh ag deireadh an lae de ghnáth.