Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a laghad atá athraithe how little has changed
" Feiceann sise na fadhbanna sa chóras sláinte, agus labhrann sí fós faoi stailc na n-altraí cúpla bliain ó shin agus a laghad atá athraithe ó shin.
a laghad so few
" Deir sé go bhfuil an t-aschur cláracha ag laghdú go leanúnach dá bharr seo, ó thaobh caighdeáin agus ama, agus gur cúis náire é, mar shampla, a laghad cláracha Éireannacha do pháistí a bheith á gcraoladh.
a laghad deiseanna oideachais so few education opportunities
" An rud is mó a chuir ionadh orm faoi thuarascáil 1926 ná cé chomh beo bocht agus a bhí ceantair faoi leith, agus a laghad deiseanna oideachais a bhí ar fáil.
ag dul i laghad decreasing
" Tá an céadchodán a rugadh sa tír ag dul i laghad.
dá laghad sinn even though we are small in number
" Ba cheart dá réir na rudaí a soláthraítear aisti a bheith dírithe ar na daoine atá á labhairt, dá laghad sinn, seachas ar na daoine ná teastaíonn sí uathu in aon chor.
ar feadh glúin eile ar a laghad for another generation at least
" Tá a fhios agam go bhfuil an scéalaíocht agus an amhránaíocht ag dul ar aghaidh ar feadh glúin eile ar a laghad.
a scríobhfadh úrscéalaí gan tallann dá laghad that a novelist with no talent whatsoever would write
" Tá cuid de ghníomhartha an PSNI mar a bheadh eachtraí ann a scríobhfadh úrscéalaí gan tallann dá laghad i leabhar bleachtaireachta gan mhaith.
a laghad díospóireachta a bhí ann how little debate there was
" Chaith sé seacht mbliana ag obair ar leabhar ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain agus bhí díomá an domhain air a laghad díospóireachta a bhí ann nuair a foilsíodh an saothar.
tionchar dá laghad the slightest interest
" Maidir leis an rialtas, lig siad orthu nach raibh mórán suime acu i dtuairimí na sluaite agus nach mbeadh tionchar dá laghad ag an líon daoine a bhí i láthair ar dhearcadh an rialtais.
ar a laghad at least
" Ní féidir liom lá a chaitheamh gan ar a laghad nuachtán amháin a léamh.
ar a laghad at least
" Ach ar a laghad tháinig sé ar an chlár agus labhair sé.
laghad rírá lack of hubbub
" "Cén fáth nach dtógtar amach as an gcarr an créatúr bocht ar aon nós go bhfeicfidh muid cé hé féin," a d'fhiafraigh sé ansin agus díomá air faoina laghad rírá agus rúille búille a bhí timpeall láthair na timpiste.
ar a laghad cúnamh at least help
" D'fhreastail mé ar an chomhdháil mar gur cheap mé go mbeadh deis agam múinteoir, nó ar a laghad cúnamh, a fháil ansin.
suim dá laghad the slightest interest
" Seachas an *Irish Post*, ní raibh suim dá laghad ag na meáin chumarsáide eile i Sasana san fhirinne i gcás an scéil áirithe sin.
tuairim dá laghad the slightest notion
" ) Ní fhéadfadh sé go bhfuil sin folláin, agus tarlaíonn nach bhfuil tuairim dá laghad ag daoine cén réiteach atá ar an bhfadhb mhór seo.
nach raibh baint dá laghad aici lena raibh ar siúl who was in no way involved in what was happening
" Thosaigh na póilíní agus na saighdiúirí a bhí in éineacht leis na turasóirí ag scaoileadh leis na hagóideoirí agus mharaigh siad seisear, páiste ocht mbliana d'aois ina measc nach raibh baint dá laghad aici lena raibh ar siúl.
a laghad poiblíochta so little publicity
" Tugadh a laghad poiblíochta don tionscadal nach raibh a fhios agamsa faoi go pearsanta go dtí Meán Fómhair 2003.
aird dá laghad the slightest heed
" Tá an taighde sin fós ag leanacht ar aghaidh ach níor tugadh aird dá laghad ar a thuairimí.
faoi laghad na gcluichí a bhíonn acu about how few matches they have
" Ceapadh go mbeidís sásta triail a bhaint as toisc go mbíonn siad ag clamhsán go minic faoi laghad na gcluichí a bhíonn acu sa chraobhchomórtas gach bliain (ceann nó dhó gach bliain i gcoinne foirne láidre - an Clár agus Tiobraid Árann anuraidh, mar shampla).
tuairim dá laghad no idea
" "Níl tuairim dá laghad againn céard atá ag tarlú.
a locht a laghad its fault is how scarce it is
" Is é a locht a laghad agus níl aon amhras ann ach gur cheart cur go mór leis agus cláracha den chineál céanna a chur ar fáil i chuile naíonra sa tír.
ar a laghad at least
" Dá mbeadh ball den IRA faoi choinneáil anseo i Learpholl de bharr go raibh armlón aige, bheadh sé ina phríomhscéal ar an leathanach tosaigh de gach nuachtán náisiúnta ar feadh míosa agus gheobhadh sé/sí téarma príosúin 30 bliain ar a laghad.
a laghad sin ban rialta so few nuns
" An fhadhb atá ann ná go bhfuil sé níos daoire scoileanna a reáchtáil na laethanta seo de bhrí go bhfuil a laghad sin ban rialta ann chun seirbhísí a chur ar fáil.
go bhfoghlaimeoinn rud inteacht ar a laghad that I would learn something at least
" Ní raibh a fhios agam cad é a bhféadfainn a bheith ag súil leis ansin, ach mheas mé go bhfoghlaimeoinn rud inteacht ar a laghad.
a laghad eolais so little knowledge
" Toisc a laghad eolais bheith sa tír ag an am ar reáchtáil seirbhíse teilifíse, bhí an Rialtas ag smaoineamh ar an ngnó a thabhairt amach do dhream príobháideach éigin ar bhonn saincheadúnais.
go bhfoghlaimeoinn rud inteacht ar a laghad that I would learn something at least
" Ní raibh a fhios agam cad é a bhféadfainn a bheith ag súil leis ansin, ach mheas mé go bhfoghlaimeoinn rud inteacht ar a laghad.
dá laghad é however small it is
" Is mór an chabhair gach sintiús, dá laghad é! AÓF: Cén áit gur féidir tuilleadh eolais a fháil amach faoi imeachtaí an Bhéil Bhinn? NNicCI: Is féidir glaoch ormsa ag 353 1 2745857 nó 353 86 3748596 nó scríobh chuig (anbealbinn@oceanfree.
suim dá laghad the least interest
" Ní raibh suim dá laghad acu ionainn.
a laghad Gaeilge so little Irish
" Ar an ábhar sin is cúis mhór díomá é a laghad Gaeilge a bheith le léamh ar shuímh oifigiúla an chumainn, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh nach bhfuil cumann ar bith eile sa tír ina bhfuil níos mó de lucht labhartha na Gaeilge le fáil.
ag dul i laghad decreasing
" Ós rud é go bhfuil an leibhéal maoinithe ón stát do na healaíona ag dul i laghad sa Bhreatain agus i dTuaisceart Éireann, agus nach cúis mhórtais dúinn féin ach an oiread an leibhéal maoinithe atá an stát a thabhairt do na healaíona sa Phoblacht, bheadh sé úsáideach plé a dhéanamh ar conas tionscnaimh áirithe a chur chun cinn trí chomhoibriú idirnáisiúnta.
a laghad sin freagairte so little reaction
" Mar iriseoir, an gcuireann sé iontas air go dtig le rialtais “an bhréag mhór” a inse arís agus arís eile agus a laghad sin freagairte bheith ann? “Cinnte, agus cuireann sé alltacht orm,” ar sé, “ach mothaím, agus daoine ag dul in aois, go gcroitheann siad a gceann níos mó agus níos mó, mar a rinne mo mháthair agus m’athair, nuair a fheiceann siad a bhfuil ag titim amach.
ar a laghad at least
" Deirtear go mbeidh ar a laghad 150 bliain eile de dhíth leis an obair a chríochnú.
ar a laghad at least
" Deirtear go mbeidh ar a laghad 150 bliain eile de dhíth leis an obair a chríochnú.
a laghad sin leabhar so few books
" Is mór an trua go bhfuil a laghad sin leabhar ar fáil anseo, go háirithe leabhair d’fhoghlaimeoirí agus samplaí maithe iontu den chaint bheo.
tuairim dá laghad the slightest clue
" Níl tuairim dá laghad agam céard a bhí ar bun acu nuair a thóg siad é! Oíche Chinn Bhliana ======= Tháinig an oíche dheireanach de 2005.
a laghad sin datha ar a gcraiceann so little colour in their skin
" Gardaí Éireannacha! D'aithneofá ar an toirt iad, a laghad sin datha ar a gcraiceann, agus a chúthailí is atá siad.
tuairim dá laghad the slightest clue
" Níl tuairim dá laghad agam céard a bhí ar bun acu nuair a thóg siad é! Oíche Chinn Bhliana ======= Tháinig an oíche dheireanach de 2005.
suim dá laghad the slightest interest
ar a laghad fiche uair at least twenty times
" Bhí greim ag an bhfonn taistil ort agus, nuair a tharlaíonn sé sin, is deacair fáil réidh leis! Cuireadh síol an phlean taistil atá agam anois i mbrú óige taobh amuigh de Pháirc Náisiúnta Kruger san Afraic Theas mí an Mheithimh seo caite, ach tá an plean athraithe ar a laghad fiche uair ó shin.
rún dá laghad the slightest intention
" Dúirt duine den lucht agóide ar an chlár raidió “Liveline” le déanaí go raibh sí cinnte gur áit dheas é Biorra ach nach raibh rún dá laghad aici dul ann! Deir SIPTU go bhfuil siad ag dréim go rachaidh oibrithe ó Combat Poverty agus ó Enterprise Ireland i mbun a mhacasamhail d’agóid go luath.
athraithe a laghad sin changed so little
" I ndomhnach, tá an baile féin athraithe a laghad sin gur féidir cuid mhaith poll a rinne airtléire agus gunnaí an chatha a fheiceáil i bhfoirgintí an bhaile go fóill.
comhscór ar a laghad at least a draw
" Maidir le Port Láirge, cheapas gur imir siad go han-mhaith i gcoinne Chorcaí agus go raibh comhscór ar a laghad tuillte acu.
ní bhíonn fonn dá laghad orthu they don't feel like ... at all
" Is dócha gur féidir a rá go bhfuil níos lú cumarsáide i measc daoine na laethanta seo; tá daoine i bhfad níos príobháidí ina saol agus, go minic, ní bhíonn fonn dá laghad orthu comhrá a dhéanamh le bean tí faoi cé as a bhfuil siad tar éis a theacht nó cá bhfuil a dtriall.
ní raibh fonn dá laghad uirthi post eile a fháil she didn't feel in the least like getting a job
" ” Thug Natasha aghaidh ar an bhaile ach ní raibh fonn dá laghad uirthi post eile a fháil ina tír dhúchais.
ar a laghad at least
" Cén uair a bheidh deireadh leis an triomach seo? Cé nach bhfuil aon duine sásta é a rá go poiblí, ceapann go leor daoine go mbeidh sé dhá bhliain eile ar a laghad sula mbeidh deireadh leis.
ar a laghad dosaen uair at least a dozen times
" Anois, níl aon tuairim agamsa faoi cheol ach bhí Pat i gcónaí ag seinnt (ón uair a chuireas aithne cheart air sa mheánscoil) agus cén fáth nach mbeadh gig ag teastáil uaidh – bia, deoch, leaba don oíche, grian is girseacha na Spáinne? Ach, focann *hell*, ghlaoigh mé isteach chuige ar a laghad dosaen uair agus fiú agus mé ina theannta ar feadh dhá uair an chloig agus cnapáin ollmhóra raithní caite againn, bhíodh sé fós ag rá ‘b’fhéidir’ nó ‘níl mé cinnte an oirfeadh mo chuidse ceoil don tábhairne seo.
seasca fonn, ar a laghad. sixty tunes, at least.
" * D’fhoghlaim mé seasca fonn, ar a laghad.
iontas dá laghad the slightest surprise
" Níor cheart go gcuirfeadh sé seo iontas dá laghad orainn.
ag tabhairt airde dá laghad ar an Phobal, paying the least bit of attention to the Public,
" “Bhuel, a Aire,” a d’fhreagair Laoch na Litríochta, “Meafar atá ann: fiú sa saol iar-thoghcháin, mar a shamhlaíonn tú féin é, beidh Caipitleachas fós *ag* *blíp blíp blípeáil* an Lucht Oibre (mar a déarfá féin go deas múinte); beidh an Rialtas fós ina shámhchodladh; ní bheidh aon duine ag tabhairt airde dá laghad ar an Phobal, agus beidh an Todhchaí fós sa chac!”
a laghad sin den imirt fhisiciúil so little physical play
" Ach rud eile a thugas faoi deara freisin ná go raibh a laghad sin den imirt fhisiciúil sa chluiche i 1995 – teagmháil phearsanta, mhífhéaráilte ar nós tarraingt geansaí, greim láimhe ar chéilí comhraic agus úsáid mhídhleathach na gualainne, drochnósanna na peile le bheith macánta faoi, agus nósanna a thug Cill Chainnigh, go bhfóire Dia orainn, thar aon fhoireann eile chun “foirfeachta” i gCraobh na hÉireann in 2006.
ní rabhthas ag cur suim dá laghad sna teangacha dúchasacha. there wasn't the least interest in native languages.
" ” Fiú ag tús na seascaidí, nuair a bhain Krauss Alasca amach, ní rabhthas ag cur suim dá laghad sna teangacha dúchasacha.
go mairfidh teangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt faoi láthair, that languages with at least a million speakers at the moment will survive,
" ” Deir Krauss go bhfuil gach seans ann go mairfidh teangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt faoi láthair, cé go ndeir sé go dtiocfadh le brúidiúlacht stáit deireadh a chur le teanga a mbeadh fiú an méid sin cainteoirí aici.
níl fonn dá laghad air canadh. he doesn't in the least bit feel like singing.
" Briseann a ghuth gach re líne – níl fonn dá laghad air canadh.
ar feadh bliana ar a laghad. for at least a year.
" Nuair a shíníonn tú le foireann phroifisiúnta, caithfidh tú fanacht ansin ar feadh bliana ar a laghad.
glúin ar a laghad. at least a generation.
" Tógfaidh an t-athrú seo glúin ar a laghad.
gan stró dá laghad. without exerting themselves.
" Arís i mbliana bhí Uíbh Fháilí, an Clár agus Loch Garman díomách agus neamhiomaíoch, níor imir Gaillimh go maith ach ar feadh 60 nóiméad (sa bhliain ar fad!) agus bhuaigh Cill Chainnigh Craobh Laighean gan stró dá laghad.
ar a laghad naonúr páistí at least nine children
" Fear a phós cúigear ban agus a raibh ar a laghad naonúr páistí aige ab ea an Sualannach “céasta” seo! Ní fios cé mhéad máistreás a bhí aige.
athrú dá laghad the slightest change
" Cad é mar atá a fhios ag Balor an Bhéil Bhinn gur mar sin a bheas? Tá a fhios aige nó, murab ionann agus fianaise Bhertie os comhair an bhinse fiosraithe, ní bhíonn athrú dá laghad riamh ar an Oireachtas.
athrú dá laghad the slightest change
" Cad é mar atá a fhios ag Balor an Bhéil Bhinn gur mar sin a bheas? Tá a fhios aige nó, murab ionann agus fianaise Bhertie os comhair an bhinse fiosraithe, ní bhíonn athrú dá laghad riamh ar an Oireachtas.
ní bheidh scrupall dá laghad orthu they won't have any scruples
" De bharr go bhfuil an geilleagar an-láidir, tá ciste mór dubh ag an rialtas agus ní bheidh scrupall dá laghad orthu úsáid a bhaint as chun a leasa féin.
fonn cainte dá laghad the least desire to talk
" Thug mé féin cuairt air faoi dhó dhá bhliain go leith roimh a bhás ach, faoin am sin, ní raibh fonn cainte dá laghad air.
rud a léiríonn a laghad measa something which shows how little respect
" Dá bharr sin, tugann lucht leanúna na gcomórtas trialach “cruicéad pitseámaí” ar na cluichí teoranta mar leasainm, rud a léiríonn a laghad measa is atá ag na traidisiúnaithe ar an gcineál seo cruicéid.
gan ar a laghad trí chupa tae sa ghrágán aige, without having had at least three cups of tea,
" D’fhear nach bhfuil ábalta an teach a fhágáil gan ar a laghad trí chupa tae sa ghrágán aige, bhí iontas orm go bhfuair mé chomh fada sin i mo thuras gan tae, agus gan aon duine a thachtadh.
Níl ceist dá laghad faoi there is no question about it
" Níl ceist dá laghad faoi ach go bhfuil na páirtithe a bhí san iar-chomhrialtas, go háirithe an Páirtí Liobrálach, i gcruachás faoi láthair.
amhras dá laghad the slightest doubt
" In ainneoin cé chomh láidir is a bhí an sruth sin, sruth lagmheasa nó dímheasa go minic, ní raibh amhras dá laghad airsean oiread agus aon soicind amháin dá shaol gur amadáin an dream a raibh lagmheas nó dímheas acu ar an rud seo.
ar a laghad at least
" I measc iad siúd atá bainteach le cúrsaí spáis, tá comhlacht amháin ar a laghad ag díriú ar chúrsaí satailíte.
bunús dá laghad the slightest basis
" Ach de réir thaighde Dymphna Lonergan, ní raibh oiread agus bean amháin ar tugadh Síle uirthi i measc na mban a tháinig ó Éirinn! Dá bhrí sin, is léir nach raibh bunús dá laghad ag baint le teoiric na bhfoclóirithe! Ach tá cúpla teoiric eile ag Lonergan.
níl deacracht dá laghad agam I have no difficulty
" Nach fíor sin? Ian: Ní fíor! In ainneoin gach a bhfuil cluinte nó léite agat, níl deacracht dá laghad agam le Caitliceachas, ná leis an Eaglais Chaitliceach, ná leis an phápacht ná le rud ar bith eile a bhaineann leis an Eaglais sin – is leis na Caitlicigh iad féin atá deacracht agam.
loighic dá laghad the least logic
" Níl loighic dá laghad ag baint mar sin le daoine a bheith ag fáil díolúine i leith na Gaeilge ach ag an am chéanna a bheith ábalta tabhairt faoi theangacha eile.
nach bhfuil aithne dá laghad acu ar a chéile. who don't know each other in the least.
" Tá eolas maith ag daoine ar Eaglais Aontaithe an Oirmhinnigh Sun Myung Moon mar gheall ar na póstaí ollmhóra ina mbíonn daoine páirteach nach bhfuil aithne dá laghad acu ar a chéile.
ar a laghad iarrachta on how little effort
" An bhfuil a leithéid de réimeas sách sibhialta le go mbronnfaí onóir den chineál seo air? **Darfur** Deis a bheas i gcluichí na bliana seo aird a tharraingt ar a laghad iarrachta atá déanta ag an tSín tionchar a imirt ar Rialtas na Súdáine – atá faoi cheangal eacnamaíoch aige, a bheag nó a mhór – faoin chinedhíothú atá ar siúl in Darfur.
nár léirigh suim dá laghad sa teanga who didn't show the least bit of interest in the language
" “Mac an Easpaig – shíl sibhse gurbh é Casey bocht na Gaillimhe an chéad easpag in Éirinn a raibh mac aige, ach cad as, mar sin, don tseanbheannacht Ghaelach atá chomh coitianta sin i mBéarla: *May all your sons be bishops, and all their sons be bish**ops also*?” Phléigh sé buntáistí agus míbhuntáistí na mbealaí éagsúla chun an Ghaeilge a fhoghlaim – é seo le daoine nár léirigh suim dá laghad sa teanga riamh ina saol.
suim dá laghad the slightest interest
" Ach ní raibh suim dá laghad agam é sin a dhéanamh mar go raibh mé ag obair fós.
taithí dá laghad the slightest experience
" ***Míbhuntáistí:*** Tá an baol ann go bhfuil ardú céime faighte aige róghasta agus níl taithí dá laghad aige in aireacht gheilleagrach.
gan leisce dá laghad, without the slightest hesitation
" In ainneoin go bhfuil cláracha déanta aige faoi cheoltóirí fíorcháiliúla, is é an chéad rud a deir sé, gan leisce dá laghad, ná: “Cuid de na cláracha a bhaineann leis an tsraith *Sé mo Laoch*; na cinn faoi Johnny O’Leary agus Seán McGuire agus fúthu siúd atá ar shlí na fírinne anois.
níl difríocht dá laghad le sonrú san Iaráic there is no difference evident in Iraq
" Ach de réir dealraimh níl difríocht dá laghad le sonrú san Iaráic – nó in aon áit eile – anois agus an bhuíon bheag d’fhórsaí Astrálacha ar ais ar an bhfód dúchais.
níl spéis dá laghad acu they have absolutely no interest
" Tá beirt ghardaí óga ina seasamh ag cúinne na háirse agus iad ag caint go gasta, níl spéis dá laghad acu in aon rud thart timpeall orthu.
gan rún dá laghad a bheith acu without having the slightest intention
" Ba léir dó go raibh daoine áirithe i ndiaidh theacht isteach gan rún dá laghad a bheith acu an teanga a labhairt.
a laghad ama how little time
" An rud ba shuntasaí ná a laghad ama a tugadh le linn an choinbhinsiúin do chúrsaí móra na tíre – cúrsaí geilleagair agus bonneagair, cuir i gcás – agus an easpa suime a léiríodh san iarrthóir uachtaránachta, John McCain.
nó ní raibh barúil dá laghad agam because I had absolutely no idea
" Thug an suth thart ar an choláiste muid agus b'fhiú go mór an turas a rinne muid nó ní raibh barúil dá laghad agam cén dóigh a n-oibríonn rudaí ar ollscoil.
ar a laghad at least
" An laige is mó atá air ná go mbíonn an leagan amach ar dhoiciméid a chruthaítear leis beagáinín beag difriúil ó Word agus caithfear dá bhrí sin cóip amháin amháin ar a laghad de Word a bheith san oifig.
ach ar a laghad but at least
" Ní raibh aon éalú agam as, ach ar a laghad, bhí mé ag tiontu mo chorp uaidh nuair a bhuail sé mé: bhí mé réidh dó agus níor lean mé ar aghaidh faoi rotha an diabhail ruda.
ar a laghad at least
" Is dócha go mairfidh fadhbanna geilleagair na hÉireann ar feadh cúig bliana ar a laghad.
ar a laghad at least
" Is cosúil go bhfaighidh an Státchiste an t-airgead - $800 billiún ar a laghad - i gcomhair plean Paulson ar iasacht ón mBanc Cúlchiste Feidearálach, a bhfuil a scairshealbhóirí go léir ina mbancanna príobháideacha.
ar a laghad dhá insint two versions at least
" ’ Bhí ar a laghad dhá insint ar an scéal (3): (a) tá lánchead ag Dati dul ar ais ag obair aon uair is mian léi taobh istigh den tréimhse ama atá dlite di, fágaimis an cinneadh fúithi féin nó (b) ag dul ar ais ag obair chomh luath sin, nach bhfuil Dati ag tabhairt le fios gur tábhachtaí a cuid oibre ná a hiníon agus nach gá saoire máithreachais chomh fada a bheith ann in aon chor.
deis dá laghad slightest chance
" Ach maidir le haidhmeanna Iosrael i leith Gaza, ainneoin na seafóide a scríobh colúnaí leis an *New York Times*, Thomas Friedman, ag an am a mhaíomh go raibh deis ag muintir Ghaza anois ‘Dubai ar an Meánmhuir’ a thógáil, ní raibh sé ar intinn ag na hIosraeligh deis dá laghad a thabhairt do na Palaistínigh an limistéar a fhorbairt ar chor ar bith.
dá laghad the least
" Ach cad chuige a gcuireann ’ oiread sin daoine anseo suim sa chultúr ghaelach? Cad fúthu siúd nach bhfuil bunús ná oidhreacht Éireannach sa chúlra acu, ach a ghlacann páirt in imeachtaí gaelacha go rialta? An Polannach Mná Tá bean óg áirithe agam sa rang Ghaeilge nach bhfuil rian dá laghad den Éireannachas ina cnámha – is as an Pholainn a tháinig a muintir blianta ó shin, ach ní haon áibhéil a rá nach bhfaca mé a leithéid riamh roimhe.
ar a laghad at least
" Ní fios go fóill cioca cróga nó meargánta é mar chraic bhailithe airgid thapa an straitéis sin ‘fhonn tús a cur le hathshlánú an státchiste’, i bhfoclaibh maorga an Aire Airgeadais, ‘próiséas a leanfaidh go ceann cúig bliana eile,’ ar a laghad.
a laghad ratha such lack of success
" Léiríonn na figiúirí a laghad ratha is atá ar pholasaithe an Rialtais le dornán blianta anuas tuilleadh fear a earcú.
a laghad fear how few men
" Go deimhin, tá líon na bpríomhoidí fireanna as cuimse ard i bhfianaise a laghad fear atá ag teagasc san earnáil.
lena laghad how few
" Ach mar a tharla i gcás an díospóireacht a bhain lena laghad eachtrannach a bhíodh ina ngardaí, cuireann daoine eile an milleán ar an Ghaeilge.
ar a laghad at least
" Dearcadh an duine Thug léachtóir eacnamaíochta anseo in Ollscoil Virginia moladh dá chuid mac léinn cúpla mí ó shin, agus tchítear dom go bhfuil sé ar a laghad chomh tráthúil anois is a bhí sé nuair a dúirt sé den chéad uair é.
dá laghad in the least
" Rinne fiosrúchán oifigiúil ar mhaíomh Howard blianta ní bá dhéanaí inar léiríodh nach raibh bunús dá laghad leis na líomhaintí a rinneadh in éadan lucht iarrtha tearmainn ar an mbád.
ar a laghad at least
" Tá Cill Chainnigh i bhfad níos fearr, dhá chúilín déag ar a laghad, ná aon chontae eile, Tiobraid Árann, Corcaigh agus eile san áireamh”.
ar a laghad at least
" Agus an chluas bhodhar á fáil ón gcomhphobal idirnáisiúnta ag a n-achainí leis an iascach gan srian a stad agus le héirí as an dumpáil mhídhleathach, rinne iascairí na Somáile iarracht deireadh a chur leo iad féin, nó ar a laghad ‘cáin’ a ghearradh ar na longa iasachta.
dá laghad in the least, whatsoever
" Bhí mé ar tí ‘dul chun cinn an gheilleagair’ a rá, ach seo í an cheist: an tábhachtaí, dar leat, béim a leagan ar an dul chun sóisialta in áit a leagan don chuid is mó ar dul chun cinn geilleagair? **An Bealach Ceart nó Botún?** Níl amhras dá laghad orm go bhfuil an stát in iomrall sa treo a bhfuil siad ag leagan béim na forbartha.
ar a laghad at least
" Measann an t-Ollamh Georges go bhfuil 25 mamach andúchasach ar a laghad bunaithe anois san Astráil, agus fearacht Oileán Mhic Guaire, tá an-dochar déanta acu do na hainmhithe bunaidh, ach go háirithe do na fiachait.
dá laghad what so ever
" Scaoileadh saor an dochtúir Haneef faoi dheireadh nuair nár fritheadh aon fhianaise go raibh baint dá laghad aige leis na hionsaithe.
a laghad ama so little time
" Is éacht ann féin é a laghad ama a theastaíonn chun na páipéir scrúdaithe a cheartú agus na torthaí a fhoilsiú.
dá laghad in the least
" Is fada Balor sa tóir ar Bhiffo chun an t-agallamh seo a chur air, agus is fada Biffo ag seachaint Laoch na Litríochta cionn is go raibh a fhios aige nach mbeadh drogall ná doicheall dá laghad ar Bhalor na ceisteanna crua cráite a chur.