Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
laghdú reduction
" Ar aon chuma tagann laghdú i rátaí tinnis nuair a mhéadaíonn rátaí ginearálta sláinte.
uaireanta laghdaithe reduced hours
" Le cúpla bliain anuas, tá an bhróg ag teannadh ar na comhlachtaí seo, agus b'éigean daofa oibrithe a ligint chun bealaigh nó iad a chur ar uaireanta laghdaithe.
laghdú decrease, fall
" Roimh 1970, bhí cúig scoil sa pharóiste (ag Ceann Garbh, Loch Muc, Sealagán, Béal an Átha Mhóir agus Droim an Aonaigh) ach tháinig laghdú ar na huimhreacha mar gheall ar an imirce.
ag laghdú falling
" Tá an daonra ag laghdú le 100 bliain anuas agus tuilleadh.
laghdú fall, reduction
" Coicís tar éis an ionsaithe, bhí laghdú 75% ar an uimhir sin agus is léir go mbeidh sé roinnt achair sula mbeidh aon leigheas ar an scéal.
laghdú decrease, fall
" Ní hamháin go gcosnaíonn sé airgead an t-idirlíon a chur ar fáil in oifig, ach má bhíonn daoine á úsáid in ionad a bheith ag obair tagann laghdú mór ar tháirgiúlacht na n-oibrithe.
go laghdófaí méid na n-íocaíochtaí that the size of the payments be decreased
" Moladh go laghdófaí méid na n-íocaíochtaí agus go gcuirfí bealaí ar fáil le leithscéal a ghabháil seachas airgead a íoc.
laghdaithe reduced
" Anois tá an líon sin laghdaithe go cúig cinn.
laghdaithe reduced
" Anois tá an líon sin laghdaithe go cúig cinn.
laghdaítear an stoc a thuilleadh the stock is further reduced
" Leanann na hiascairí ar aghaidh ansin ag marú na n-iasc ag leibhéal atá ró-ard, agus laghdaítear an stoc a thuilleadh.
rud a laghdóidh an t-ualach oibre which will lessen the burden of work
" " Beidh duine as Sasana á cheapadh acu mar bhainisteoir gan mhoill, rud a laghdóidh an t-ualach oibre atá ar Cholm.
an ráta dífhostaíochta a laghdú to lower the unemployment rate
" Ansin, d'éirigh an Rialtas an-ghnóthach agus iad ag cur in iúl don phobal go rabhadar ag iarraidh an ráta dífhostaíochta a laghdú; bunaíodh coimisiún a raibh sé mar aidhm aige tuarascáil a chur ar fáil faoin dífhostaíocht! Sea, ó bhuaigh Schröder an t-olltoghchán in athuair i mí Mheán Fómhair 2002, táthar fós ag caint faoin tslí is fearr leis an ngéarchéim eacnamaíoch a shárú.
laghdú decrease
" Tugaim faoi deara go bhfuil laghdú ag teacht ar an mhéid Oráisteach atá ag freastal ar na paráidí gach bliain agus b'fhéidir go bhfuil an t-ord sásta go bhfuil leithscéal acu chun gearradh siar ar na himeachtaí.
laghdaithe decreased
" "Shíl mé gur uaidh féin a bhí sé ag teacht ach, i bhfírinne, bhí sé ag teacht ón stuif a chuireadh sé ar mhála na bpíobaí uilleann a bhí aige!" Ról an cheoil ======= Cinnte, tá cuimhní deasa cinn ag baint leis an cheol, ach cad é an rol atá aige sa saol? Nuair atá smacht ag tíoróntacht na gcairteanna ar an oiread sin daoine óga, nach bhfuil fiúntas an cheoil laghdaithe go mór? "Tá an saol níos fearr de dheasca an cheoil," arsa Neil.
laghdú luaidhe lead abatement
" " Idir an dá linn, rinne Cole obair i laghdú luaidhe, ansin fuair sé post mar chigire tógála.
laghdú decrease
" Tá na rialtais breá sásta béalghrá a thabhairt do chruachás na saoránach, ach ní dóigh liom go ligfidh siad do laghdú sna praghsanna agus caillteanas cothromais tarlú.
laghdú ar líon na dtaismeach agus na marbh a decrease in the number of casualties and dead
" Beifear ag guí chomh maith go dtiocfaidh laghdú ar líon na dtaismeach agus na marbh ar gach taobh, agus go n-éireoidh le náisiúin atá ag fulaingt tús a chur le hatógáil.
laghdú decrease
" Ó thaobh rannpháirtíocht an phobail in imeachtaí an Árais, tá an t-ionchur deonach an-tábhachtach ach, arís, is gné é seo nach bhfuil aon smacht againn air, agus tá laghdú mór go ginearálta i líon na ndaoine atá sásta obair dheonach a dhéanamh.
a gcostais táirgthe a laghdú to lower their production costs
" Idir an dá linn, bhí lucht drioglainne Bowmore ag iarraidh a gcostais táirgthe a laghdú, costais bhreosla go áirithe.
laghdú reduction
" Idir an dá linn, bhí lucht drioglainne Bowmore ag iarraidh a gcostais táirgthe a laghdú, costais bhreosla go áirithe.
laghdú decrease
" Deirtear go bhfuil laghdú tagtha i líon na ngairmeacha, agus tá dochar mór déanta do mhuinín daoine as an Eaglais.
a laghdú to reduce
" Cén uair a thiocfadh leat a rá go bhfuil níos mó luacha ag baint le rud a laghdú ná mar atá le rud a mhéadú? Cé mhéad uair a chuala tú duine ag gearán faoi chanbhás lom spárálach, é ag rá nach bhfaca sé rud ar bith ann, go raibh an praghas áiféiseach agus go dtiocfadh le duine ar bith é a dhéanamh? An bhfuil an freagra faighte agat go foill? Is ea, tá mé ag caint faoi ghluaiseacht ealaíne a tharla sna seascaidí agus atá go fóill ábalta díospóireachtaí fíochmhara a spreagadh idir daoine faoin fhiúntas a bhaineann léi agus an t-aitheantas atá nó nach bhfuil tuillte aici.
laghdú decrease
" Déarfaidh daoine leat a bhíonn sna tithe tábhairne go minic nach bhfuil an laghdú sin le feiceáil agus ní bheifeá ag súil lena leithéid i ndáiríre, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil siad ag mealladh daoine anois nach rachadh in aice le tábhairne roimhe seo de bharr na toite.
Laghdódh sin ar fhadhbanna iompair i measc daoine óga that would lead to a decrease in behavioural problems
" Laghdódh sin ar fhadhbanna iompair i measc daoine óga de bharr alcóil, etc.
laghdú decrease
" Ach le cois na gceisteanna faoi na cúiseanna go bhfuil sé seo ag tarlú, tá ceisteanna deacra eile le freagairt, mar shampla: Cad go díreach is féidir a dhéanamh faoin titim seo i líon na nÉireannach i Nua-Eabhrac? Tá roinnt daoine, atá go mór i gcoinne inimircigh mhídhleathacha ar bith bheith sa chathair, ag cur ceiste ar cheart *rud ar bith *a dhéanamh faoin laghdú seo i líon na nÉireannach.
Laghdú reduction
" Dá gcuirfí ceist ortsa cén dúshlán is mó atá ag Éirinn sa bhliain atá amach romhainn, cén freagra a thabharfá ar an cheist sin? Laghdú a dhéanamh ar an slad ar na bóithre? An rialtas a athrú? Leapacha a fháil sna hospidéil dóibh siúd atá tinn agus sean? Praghsanna earraí agus seirbhísí a Laghdú? Scoileanna nua a thógáil agus bail a chur orthu sin atá i ndroch-chaoi? Tuilleadh gardaí bheith ag siúl na sráide? Iarracht a dhéanamh ar fhadhb an ólacháin a réiteach? Tá a thosaíocht féin ag gach duine, ag brath ar chúinsí a shaoil agus ar a riachtanais phearsanta.
laghdú reduction
" Dar leis go mbeidh laghdú ar an méid gortuithe don ghlúin agus don bhléin i gcás an chúl báire dá bharr seo.
laghdú decrease
" I mí Eanáir, mar shampla, bhí laghdú 15% ar an líon suíochán a dhíol Aer Lingus i gcomparáid leis an am céanna anuraidh.
ag laghdú falling
" Tá praghas na stampaí ag laghdú sa Nua-Shéalainn, agus tá ar New Zealand Post bheith i gcónaí á dhéanamh féin níos tana agus níos éifeachtaí.
laghdú suntasach noticeable decrease
" Tháinig na fógraí seo chun mo chuimhne le déanaí nuair a d’eisigh Cónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann tuarascáil a thug le fios go raibh laghdú suntasach tagtha ar líon na dturasóirí atá ag teacht go hiarthar na tíre.
ag laghdú falling
" Tá praghas na stampaí ag laghdú sa Nua-Shéalainn, agus tá ar New Zealand Post bheith i gcónaí á dhéanamh féin níos tana agus níos éifeachtaí.
laghdaithe decreased
" Cé go bhfuil an líon turasóirí i nDún na nGall laghdaithe 100,000 ó bhí an bhliain 2000 ann, tá na siopaí, tithe tábhairne, lóistiní agus bialanna i nGleann Cholm Cille breá bríomhar le daoine atá ag déanamh cúrsaí le hOideas Gael.
seirbhís laghdaithe decreased service
" D’fhéadfadh sé tarlú gur seirbhís laghdaithe a thiocfadh as dá bharr mar go ndúnfaí bardaí inar tolgadh an galar agus go mbeadh ar othair fanacht sna hotharlanna níos faide.
go laghdóidh spéis go leor daoine san institiúid that a lot of people's interest in the institute will decline
" Is cinnte go laghdóidh spéis go leor daoine san institiúid agus nach mbeidh fonn ar oiread fear dul leis an tsagartóireacht ar fud an domhain.
laghdú decrease
" Bhí méadú i mbliana ar líon na ndaoine a chuaigh isteach sa chliarscoil i Má Nuad den chéad uair le fada (tá naoi gcléireach déag sa chéad bhliain ansin agus 75 sa choláiste ar fad, i gcomparáid le 75 an bhliain seo caite), ach seans gur laghdú a bheas i gceist má chuirtear an treoir nua seo i bhfeidhm.
ag laghdú de réir a chéile decreasing gradually
" Nuair a bhím sa tuaisceart aithním go bhfuil Béal Feirste caillte ag na Protastúnaigh, go bhfuil an móramh Protastúnach ag laghdú de réir a chéile agus cruthóidh sin fadhbanna.
Laghdú decrease
" Sa chas seo, léifimid scéalta mar a leanas: “Longa seoil tráchtála ar ais” “Pacáistiú plaisteach: ródhaor anois” “Suirbhé nua: bia áitiúil nó fiú ón ghairdín is mó a ithimid anois” “Laghdú mór sa líon gluaisteán ar na bóithre” Ag an chomhdháil, labhraíodh faoin tábhacht a bhain le fuinneamh a chaomhnú agus é a úsáid ar shlí níos éifeachtaí.
laghdú mór a big decrease
" Tugadh tacaíocht don dearcadh seo cúpla bliain ó shin nuair a foilsíodh staidéar sa mBreatain a thaispeáin go raibh laghdú mór tagtha ar an líon beach, féileacán agus éan i gceantar a raibh bia a raibh modhnú géiniteach déanta air ag fás ann.
a laghdódh which would reduce
" Deacair a thuiscint ======= Agus iarbhaill den RUC ag tabhairt fianaise chomh damanta sin i gcoinne a mBrainse Speisialta féin, is éasca a thuiscint cén fáth go mbeadh an dá rialtas agus Sinn Féin sásta le socrú a laghdódh go mór cumhacht an dream chéanna.
a laghdódh which would reduce
" Deacair a thuiscint ======= Agus iarbhaill den RUC ag tabhairt fianaise chomh damanta sin i gcoinne a mBrainse Speisialta féin, is éasca a thuiscint cén fáth go mbeadh an dá rialtas agus Sinn Féin sásta le socrú a laghdódh go mór cumhacht an dream chéanna.
laghdú decrease
" Óir, ainneoin an mhéadaithe ar rátaí úis, níl aon laghdú tagtha ar phraghsanna tithe, ná baol air.
ag iarraidh a gcumhacht a laghdú trying to lessen their power
" Gach áit a mbreathnaíonn na Stáit Aontaithe, ní fheiceann siad ach naimhde atá ag iarraidh a gcumhacht a laghdú.
laghdaigh an spás eatarthu go ríthapa the space between them decreased very quickly
" In ainneoin a chrutha, laghdaigh an spás eatarthu go ríthapa mar bhí an strainséir ag treabhadh chun cinn mar a bheadh tarbh beag, tréan.
gan laghdú ar an luas with no let-up in the speed
" Bhí siad ag teannadh leis an gcampa, gan laghdú ar an luas, mearbhall ina cheann ag Liam.
an laghdú laethúil the daily decrease
" Os a choinne sin, agus ceist na Gaeltachta á plé, is minic a léirítear imní faoi chás na scoileanna ansin agus an laghdú laethúil atá ar úsáid na Gaeilge iontu.
a laghdú to reduce
" Cé gur féidir le hiompar poiblí agus pleanáil chathrach fhadradharcach an gá atá le gluaisteáin a laghdú, beidh gluaisteáin de dhíth orainn go ceann i bhfad eile fós.
go meallfadh ráta laghdaithe cánach corparáidí that a reduced corporation tax rate will attract
" (Measann na páirtithe go meallfadh ráta laghdaithe cánach corparáidí níos mó infheistíochta ó thar lear.
laghdú decrease
" Bhí sprioc níos fadtéarmaí ann fosta: an líon básanna a laghdú 25% idir 2000 agus 2006.
le hastuithe ceaptha teasa a laghdú. to reduce greenhouse emissions.
" Tá neart is féidir a dhéanamh i do theach cónaithe féin le hastuithe ceaptha teasa a laghdú.
go laghdófaí an dleacht mháil that the excise duty be lowered
" D’éiligh siad le déanaí, mar shampla, go laghdófaí an dleacht mháil ar dheochanna meisciúla sa Cháinaisnéis, dleacht a cuireadh air d’fhonn srian a chur ar ró-ólachán sa tír.
costais inmheánacha a laghdú to lower internal costs
" D’eisigh Thomson Scientific ráiteas ag rá go raibh orthu an chéim seo a ghlacadh toisc go raibh orthu costais inmheánacha a laghdú chun dul in iomaíocht i gceart sa mhargadh.
laghdú decrease
" D’eisigh Thomson Scientific ráiteas ag rá go raibh orthu an chéim seo a ghlacadh toisc go raibh orthu costais inmheánacha a laghdú chun dul in iomaíocht i gceart sa mhargadh.
an difríocht sin eatarthu a laghdú. to reduce that difference between them.
" “Táim ag iarraidh an poll sin idir ficsean agus réalachas a líonadh – an difríocht sin eatarthu a laghdú.
an limistéar imeartha laghdaithe the reduced playing area
" Do bhaill agus do lucht leanúna CLG, b’aisteach agus ba choimhthíoch an radharc iad na cuaillí difriúla a bhaineann le rugbaí agus an limistéar imeartha laghdaithe a fheiceáil.
an fhuaim ag méadú agus ag laghdú the sound increasing and decreasing
" Siosarnach ard ag teacht ó liáin na muilte, an fhuaim ag méadú agus ag laghdú le gach casadh den lann.
laghdaigh luach na gcaorach, the value of sheep fell,
" Ach i ndiaidh tamaill laghdaigh luach na gcaorach, agus athraíodh an talamh féaraigh ar na cnoic go foraoisí fianna.
agus go laghdaíonn imirt le haois, and that playing reduces with age,
" Cé gur fíor go mbíonn níos mó fear ná ban páirteach i gcúrsaí spóirt agus go laghdaíonn imirt le haois, is láidre ná an dá thosc sin (gnéas agus aois) tionchar ioncaim agus oideachais ar an rannpháirtíocht, a deirtear sa tuarascáil.
an nasc leis an mBreatain a laghdú, to lessen the link with Britain,
" Dúirt fear amháin, “Ní maith liom na dathanna, agus cén fáth go bhfuil tír ón taobh eile den domhan chomh mór sin ar mo bhratachsa?” Bhí daoine áirithe ag iarraidh an nasc leis an mBreatain a laghdú, agus luaigh go leor daoine an t-éan an cíobhaí mar shiombail neodrach a thaitneodh leis an tromlach.
laghdú dífhostaíochta. the reduction of unemployment.
" Cheap na hairgeadaithe nár chóir don rialtas cur isteach ar an gheilleagar, agus gur chóir an bhéim a chur ar shrianadh boilscithe, seachas laghdú dífhostaíochta.
laghdaithe decreased
" 6 ciliméadar san uair; trí bliana níos déanaí, bhí an meánluas laghdaithe go 13.
laghdú reduction
"laghdú 7 faoin gcéad tagtha ar an ráta dífhostaíochta ó 2004, tá líon na n-earraí a onnmhairítear ag méadú an t-am ar fad, tá an-chuid infheistíochta coigríche sa Pholainn agus tá na céadta milliún euro á gcur abhaile ag Polannaigh atá ag obair i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.
laghdaithe sna leabhair staire. reduced in the history books
" Déantar dearmad go príomha mar go bhfuil a ról - go caoithiúil - laghdaithe sna leabhair staire.
laghdaithe anois, reduced now
" Cé go bhfuil an brú sin laghdaithe anois, beidh Ahern os comhair an bhinse arís go luath agus d’fhéadfadh sé tarlú go dtiocfadh sé faoi bhrú in athuair.
ar féidir leis truailliú a laghdú which can reduce pollution
" Modh an-choitianta iompair atá sa rothaíocht sna cathracha seo, ar féidir leis truailliú a laghdú agus atá neodrach ó thaobh mhéid an charbóin a scaoiltear.
laghdú chomh mór sin such a big reduction
" Agus cionn is go dtéann an clár amach beo ar TG4, caithfear réamhchomórtas a reáchtáil sa dóigh is nach maireann an comórtas níos faide ná fad an chláir féin!Léiríonn seo ar fad an oiread suime is atá ag daoine sa cheird anois – rud atá go hiontach nó níl sé i bhfad ó shin ó bhí an t-iomrá ag dul thart go gcuirfí deireadh leis an chomórtas mar go raibh laghdú chomh mór sin tagtha i líon na rannpháirtithe.
rud a laghdaíonn an t-ualach oibre atá air. which lessens his workload.
" ” Níl Darach ag aisteoireacht sna seónna a thuilleadh, rud a laghdaíonn an t-ualach oibre atá air.
a laghdú. to reduce
" Ní fhéadfadh *Lá Nua* dearmad a dhéanamh ar an bpobal arb as dóibh ach más mian leo leanúint de bheith ag foilsiú nuachtáin náisiúnta 32 chontae, is dóigh liom go gcaithfear an bhéim ar scéalta an Tuaiscirt a laghdú.
laghdú decrease
" Ghlacamar le laghdú cheana féin i líon na dTeachtaí Parlaiminte Eorpacha atá againn.
laghdú cúig déag faoin gcéad 15 per cent reduction
" Buaileann Rónán isteach agus labhraíonn an triúr againn faoi chúrsaí ceoil i gcoitinne – faoin gcéad singil a cheannaíomar, “Mull of Kintyre”, a bhí mar bhronntanas do mo sheanmháthair; faoin gcéad cheolchoirm ar fhreastalaíomar uirthi, Lark in the Park le U2 i 1978; faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain (le sé mhí anuas, cuir i gcás, tá laghdú cúig déag faoin gcéad i ndiaidh theacht ar mhargadh na gceirníní sna Stáit Aontaithe).
ag laghdú diminishing
" Agus sin mar atá sé faoi láthair: comhlachtaí ag titim as a chéile ar 'chaon taobh, agus na bancanna á náisiúnú; ár bpinsin ag laghdú lá i ndiaidh lae; praghasanna ár dtithe ag titim agus praghasanna an bhia ag árdú.
laghdófar shall listen
" Táthar ag súil fós go laghdófar líon na ndaoine gan dídean 50 faoin gcéad roimh 2020.
laghdú go suntasach to lessen considerably
" Is go faiteach a bheas go leor de na heagrais Ghaeilge ag tabhairt aghaidh ar an bhliain úr agus iad in amhras faoina dtodhchaí de thairbhe fainic a thug Aire na Gaeltachta san Fhómhar gur cheart a líon a laghdú go suntasach.
laghdú a decrease
" Nuair a thiteann an OTI (GDP), tagann laghdú ar an mhéid gháis cheaptha teasa a astaítear.
laghdú lessened
" Is cur amú airgead poiblí atá ann agus ba cheart é a leasú is a laghdú.
dá laghdódh an soláthar were the (gas) provision to be lessened
" De réir Bhord Gáis na hÉireann, dá laghdódh an soláthar gáis ar údar amháin nó eile, d'fhéadfadh an córas an lagar a cheartú é féin go huathoibríoch.
Laghdaíonn lessens
" Laghdaíonn an pointe deireanach seo an t-aon míbhuntáiste atá ann, dar liom, agus sin an rud nach feidhmchlár greasáin atá ann agus ní féidir, dá dheasca sin, rochtain a fháil ar do liosta muna bhfuil do Mhac leat.
Laghdaíonn sé it lessens
" Laghdaíonn sé an diamhracht a bhaineann leis.
laghdaíonn sé it lessens
" Tá mórán daoine an-mhíshásta faoi seo de bhrí go laghdaíonn sé an daonlathas logánta, dar leo siúd, agus deirtear go mbeidh deacracht ag na páirtithe seo foireann a fháil amach ag gríosú vótaí do na hiarrthóirí ceaptha.
laghdaithe cut back, dropped
" Gá aici aire a thabhairt do chúraimí níos cóngaraí do bhaile fosta siocair go bhfuil líon suíochán Dhún Laoghaire laghdaithe go ceithre cheann agus Aire na Leanaí, Barry Andrews, mar leathbhádóir aici i soitheach atá ag dul go tóin poill go tiubh gasta.
Laghdaigh lessened
" Laghdaigh líon na mbocht go mór in áiteanna (Karnataka, an stát a bhfuil Bangalore ann) ach ar éigin in áiteanna eile (Orissa agus Bihar, dhá stát atá chomh bocht le haon tír san Afraic).
laghdófaí would be lessened
" Is amhlaidh go laghdófaí a n-íocaíocht díreach ón Státchiste ach d’ardófaí dá réir an teacht isteach ón cheadúnas teilifíse.
laghdaíodh were cut, lessened
" Chuir an AE tús leis an bpróiséas seo i 2007 nuair a laghdaíodh táillí fánaíochta 70%.
laghdaíodh was lessened
" De réir a chéile laghdaíodh ar an spás a thugtar d'aon rud as an ghnáth, cuir i gcás, seanleabhair nó leabhair chlaisaiceacha nó leabhair i nGaeilge.
laghdú to lessen
" Chuidigh sé le goin chultúrtha a chneasú agus le corrabhuais shíceolaíoch an chomhthionóil a laghdú.
laghdaithe lessened
" Chuir mé an fíon bán goirt a bhí laghdaithe ón bpota sliogáin dhubha isteach ina mullach agus chríochnaigh mé an t-anlann le huachtar.
laghdú decline
" Tháinig laghdú mór tobann ar OTI (GDP) na tíre sin agus cuireadh brú mór ar an stát leasa shóisialaigh agus ar an chóras pholaitíochta i gcoitinne.
Laghdaigh lessened
" Laghdaigh siad go mór líon na ndaoine a bhí fostaithe ag an stát, tríd is tríd.
laghdú to diminish
" ’ Mar a scríobh Joe Lee sa leabhar céanna ‘Nuair a chuir an Mistéalach cinedhíothú i leith Shasana, séard a mhaigh sé ná gur bhain an rialtas feidhm d'aon ghnó as smoladh an bharr prátaí chun líon na nÉireannach a laghdú agus an náisiún Éireannach a scriosadh, oiread ab fhéidir leo.
laghdú lessen
" Anuas ar sin, cé go raibh an rialtas náisiúnta de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ag iarraidh an STA a chur i bhfeidhm, ba é ceannaire an fhreasúra choimeádaigh a chaill a phost dá bharr! Ba é cuspóir an STA ná astaíochtaí carbóin as tionscail a laghdú tríd praghas a ghearradh ar gháis cheaptha teasa.
laghdú to lessen
" Ach má shamhlaítear duit gur líon ollmhór básanna é seo, bíodh ’ fhios agat go raibh 8,253 bás ann sa tír de dheasca ar thionóiscí bóthair i 2001! Tá sé mar sprioc ag rialtas Sarkozy an líon seo a laghdú arís go 3,000 bás (nó níos lú) in aghaidh na bliana idir seo agus deireadh a thréimhse mar uachtarán i 2012.
laghdófaí would be lessened
" Mhol an Bord Snip go laghdófaí íocaíocht díreach TG4 ón Státchiste, ach go n-ardófaí dá réir a teacht isteach ón cheadúnas teilifíse.
laghdú méide downsizing
" Cur i gcéill agus séanadh atá i ráitisí na bpáirtithe móra tuaisceartacha atá ag caint ar sheirbhísí poiblí a chostaint ach a luaithe a bheas rialtas ag feidhmiú i *Westminster* agus staidreamh státseirbhísigh an Státchiste ina lámha acu, is cinnte go bhfeicfidh muid "ciorruithe", an "nuachóiriú" (*modernisation*) agus "laghdú méide" (*downsizing*).
laghdú lessening
" Deir Browne thar ceann an IRFU, go mbeidh laghdú de €12 milliún ar ioncam an Chumann Rugbaí má leantar ar aghaidh leis na moltaí, agus gurb é tuairim an chumainn nár chóir go mbeadh ról ar bith ag an Rialtas i gcúrsaí craolacháin spóirt in Éirinn chomh fada is a bhaineann leis an rugbaí ar aon nós.
laghdú to lessen
" Ina áit sin, caithimid úsáid pacáistíochta phlaistí a laghdú, agus feabhas a chur ar athchúrsáil agus ar bhailiú an mhéid a bhíonn againn.
Laghdú to lessen
" A Líon a Laghdú ======= Is díol spéise do thurasóirí é an crogall inbhir i dtuaisceart na hAstráile agus soláthraíonn comhlachtaí éagsúla turais ar thalamh agus i mbáid leis an míol réamhstairiúil seo a fheiceáil.
níor laghdaigh didn’t lessen
" Cé gur chuir rialtas Pháirtí na nOibrithe faoi stiúir Lula deireadh le hocras agus cé gur fheabhsaigh caighdeán saoil an uile dhuine – de na bochtáin san áireamh – níor laghdaigh an bhearna ollmhór idir an saibhir agus an daibhir.
laghdófaí would be lessened
" Tháinig toradh ar a gcuid iarrachtaí sa bhlian 1990, tráth ar tháinig an rialtas ar chomhaontú leis na ceardchumainn go laghdófaí líon na marcanna breise go dtí 6% agus go 3% i gcásanna áirithe.
laghdófar shall lessen
" Níltear ag súil go laghdófar an méid airgid a chaithfear sa chogadh le blianta amach romhainn.
laghdaigh lessened
" Chinntigh arduithe íosphá agus liúntas míosúil do theaghlaigh bhochta gur laghdaigh líon na ndaoine a bhí ag fáil bháis den ocras.
ag laghdú lessening
" Tá líon na ndaoine ar fheirmeacha agus atá fostaithe ar an talamh san abhantrach ag laghdú le blianta fada anuas agus cuireadh go mór leis an gclaonadh seo le linn an triomaigh thuas.