Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lagmhisneach loss of heart
" Baineann roinnt mhaith acu triail as an teanga a fhoghlaim arís, áfach, ach tagann lagmhisneach orthu athuair nuair a dhéanann siad freastal ar chúrsa nach bhfuil go maith.
lagmhisnigh lowness of spirits
" Cad chuige a raibh an oiread sin lagmhisnigh ar an pháipéar áirithe aontachtach seo, go raibh scéal i ndiaidh scéil ag tabhairt le fios go raibh an IRA ar tí dul i mbun an fhoréigin arís? Luaigh mé an briseadh isteach i gCaisleán an Riabhaigh roimhe seo.
géilleadh don lagmhisneach give in to low spirits
" '" Goilleann sé uirthi go bhfuil an Ghaeilge ag dul i léig sa Ghaeltacht ach ní duine í atá sásta géilleadh don lagmhisneach.
lagmhisneach low spirits
" Níor chuir sé sin lagmhisneach ar Mundy, áfach, mar a tharlódh i gcás daoine eile.
lagmhisneach lowness of spirits
" Agus ghríosaigh siad mé go rialta nuair a tháinig lagmhisneach orm.
lagmhisneach lowness of spirits
" Ní haon ionadh é nach bhfuil ach céatadán beag cat ann a bhfuil bua na péintéireachta acu agus más rud é nach bhfuil bua na scuaibe ag do mhogaí féin, ná bíodh aon lagmhisneach ort.
lagmhisneach discouragement
" Labhraítear, cinnte, faoin ráta dífhostaíochta a bheith ag dul in airde, faoin éigeandáil sa tionscal mótair agus faoin ghéarchéim mhuiníne atá ag daoine as na forais airgeadais, ach feictear dom go ndéantar bainistíocht ghlic ar dháileadh na drochnuachta seo sa chaoi is nach gcuirfear lagmhisneach amach is amach ar na Francaigh.
lagmhisneach dispondency
lagmhisneach lack of confidence
" Tugann na meáin in Éirinn neamhaird orthu de ghnáth agus tá mé cinnte go gcuireann sé sin lagmhisneach ar go leor de na húdair.
an-lagmhisneach discouragement
" Ag an am sin bhí an-lagmhisneach tagtha ar imreoirí agus ar lucht tacaíochta na hAirgintíne araon i ndiaidh ré Alfio Basile.
lucht an lagmhisnigh the weak-hearted
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
lagmhisneach despondency
" Agus tá díomá agus lagmhisneach ar mhuintir na dtíortha beaga.
chuir lagmhisneach made me despair
" Ach b’é an rud is mó a chuir lagmhisneach agus múisiam orm faoin tsiúlóid ná an méid bruscair agus an dramhaíola, de gach cineál atá caite anseo is ansiúd ar feadh an bhealaigh.
lagmhisneach low spirits
" Bhí lagmhisneach ar lucht peile na cathrach go mb’fhéidir nach bhfeicfí foireann Átha Cliath caithréimeach go deo i gcoinne fhoireann Chiarraí.
an ghangaid agus an lagmhisneach bad blood and despondency
" Ciallóidh sé sin go mbeidh chóir a bheith ceithre bliana caite ag cur is ag cúiteamh fán chóras nua agus gan a dhath ar a shon ach an ghangaid agus an lagmhisneach.
chuir lagmhisneach air dampened his spirits
" Tar éis dó ranganna bunúsacha a dhéanamh sa mheánscoil, rud a chuir lagmhisneach air toisc an easpa líofachta a fuair sé ann cheal ama, rinne Gurvan cúrsa tumoideachas STUMDI ar feadh sé mhí agus anois tá sé sa dara bhliain in UBO.
Ara chuir sé lagmhisneach mhór ar ah, it really dispirited
" An raibh cineál lagar misnigh ar dhaoine nuair a d’imigh an Raidió as an áit, meas tú?** PÓMurchú: Bhí! Ara chuir sé lagmhisneach mhór ar mhuintir na Gaeltachta.
ag cur lagmhisnigh orainn fán tráth seo weakening our resolve by now
" Bhí na logainmneacha seo leis an aidiacht 'mór' ag cur lagmhisnigh orainn fán tráth seo, gan trácht ar an droim sléibhe, Anacair, gar dúinn.
tagann lagmhisneach orm courage fails me
" Smaoiním ar an saibhreas cainte a bhuail sna cluasa mé nuair a chuir mé fúm anseo dhá scór bliain ó shin agus nuair a cuirtear sin í i gcomórtas leis an dteanga bhocht tanaí atá anois á labhairt mar ghnáth-theanga chumarsáide, tagann lagmhisneach orm agus cuirim an cheist orm féin, céard is fiú a bheith ag iarraidh teanga a tharrtháil ón mbás, atá chomh truaillithe i mbéal na gcainteoirí dúchais deireannacha is gur deacair a rá gur Gaeilge í a thuilleadh!
bíonn lagmhisneach orm I lose heart
" Amantaí bíonn lagmhisneach orm agus mé ag plé le hábhar nach léifear i nGaeilge ná i mBéarla, ach ní minic a tharlaíonn sé sin buíochas le Dia!” Ach níl gach rud foirfe i saol an aistriúcháin.
ag cur lagmhisnigh air dampening his spirits
" An Chluas Bhodhair Tugtha d'Éilimh an Choimisinéara:** Nuair a d'fhógair an t-iar-Choimsinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, i Nollaig na bliana anuraidh go raibh sé le héirí as oifig luaigh sé dhá chúis a bhí ag cur lagmhisnigh air: * Diúltú an rialtais scun scan dul i ngleic le cúrsaí earcaíochta sa státsheirbhís lena chinntiú go mbeadh a dhóthain daoine ann le seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge * Diúltú aghaidh a thabhairt ar an éileamh go mbeadh pobal na Gaeltachta in inmhe seirbhísí Gaeilge a fháil ón státchóras ins an Ghaeltacht gan cheist, gan choinníoll.