Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
olagón lamenting, wailing
" An bhfuil muid chomh normálta le hÁth Luain nó le Gaillimh nó le Chelmsford? Ag tús na bliana seo, bhí sé mar aidhm agam gearradh siar ar an olagón agus ar an ochón ó sa cholún seo.
olagón wailing, lamenting
" D'fhoghlaim sé cuid mhór ó olagón agus ó éagaoin agus ó thuireamh na haislinge: leagan eile den stair agus bealaí rúnda le brú isteach in áit nach raibh sé ag teastáil.
chaointe na meánaicme the laments of the middle-class
" Ar chuma éigin, áfach, níor tugadh an spás céanna dó sna nuachtáin is a tugadh do chaointe na meánaicme faoi phleananna Noel Dempsey bocht.
ag olagón lamenting
" Bhí an bheirt acu ina suí go teolaí sa chistin ag caitheamh siar G agus Ts agus ag ithe *Suggestive Biscuits *nuair a thosaigh Lizzie ag olagón: "A Mhary," ar sise, "tá mé trí chéile.
éagaoineadh lamenting
" Bígí ag dúil le holagón agus éagaoineadh ó aontachtaithe nuair a fheicfidh siad go bhfuil clár Shinn Féin á chur i gcrích ag Rialtas na Breataine.
caoineadh lament
" Is caoineadh é an fonn mall ar Shliabh an Airgid, áit a ndearnadh mianadóireacht ar feadh na mblianta fada.
ag éagaoineadh san fhiántas lamenting in the wilderness
" Agus tarlóidh san am sin go bhfágfar iliomad daoine ag siúl na mbóithre agus ag éagaoineadh san fhiántas agus ag éagnach ar na sléibhte nuair nach dtig leo teacht ar an áit a dtáinig siad as nó nach n-aithníonn siad an logainm úr.
éagaoin, lament,
" “Cluintear éagaoin, golán, nuar agus olagón ar fud na hÉireann.
olagón na Mumhan. the Munster lamenting.
" Erectus gan athrú“Yeah, yeah, yeah”, a deir Balor, “ní bheidh difear ar bith ann idir amhránaíocht na Polainne agus stuif Chonamara agus olagón na Mumhan.
sáith cúiseanna caointe our fill of reasons to lament
" Bhí ár sáith cúiseanna caointe againn i gcaitheamh na bliana, le foirne éagsúla na hÉireann agus na Poblachta ar easpa fuinnimh agus easpa tuigbheála, agus a gcuid bainisteoirí ar easpa cuid mhór rudaí eile.
ag caoineadh na laethanta nach dtiocfadh ar ais: lamenting the days that won't come back
" Bhí sé ag caoineadh na laethanta nach dtiocfadh ar ais: ‘Cad a dhéanfaimid feasta gan snaoisín?’ Tá amhras anois faoi lucht lúthchleasa an domhain Nach n-úsáideann a gcloigeann faoi steroids, ochón.
olagón lamenting
" Nárbh fhearr i bhfad dóibh feidhmiú go réamhghníomhach agus a n-imní a léiriú dá bpáirtithe sa chomhrialtas nuair a céadmholadh an tástáil mhaoine ar phinsinéirí, in áit a bheith ag olagón nuair a bhí an beart curtha i gcrích? An amhlaidh nár thug na dreamanna seo uilig aon suntas do scéal a bhí ar chéad leathanach an nuachtáin is mó meas sa tír coicís roimhe sin? Ach is cinnte nár cheart go dtiocfadh an alltacht agus an fhearg a bhí ar an phobal maidir leis an mholadh aniar aduaidh ar Thaoiseach a mhaígh tráth go raibh sé ina “good judge of what makes people tick.
ag caitheamh i ndiaidh lamenting the abscence
" Is léir go bhfuil a nguthanna ann ón tús áfach, bíodh sin Créide ag caoineadh Dínertach, Liadain ag caitheamh i ndiaidh Cuirthir nó Gráinne ag ceiliúradh a grá do Dhiarmaid.
Cumha i nDiaidh an tSeansaoil lamenting for the old life
" Cumha i nDiaidh an tSeansaoil ============== I mbliana, 2012, tá laethanta na hImpireachta bailithe leo ach bhí an Bhreatain páirteach i seacht gcogadh le 30 bliain anuas.
an gol agus an gáire lament and laughter
"an gol agus an gáire anseo, an greann agus an t-uaigneas agus, thar aon rud eile, ceiliúradh na beatha.
Is trua liom I lament
" Gan Iontaobhas Ultach, cé dhéanfaidh an obair sin anois? Deireadh Curtha leis an gComhdháil ============= Is trua liom go bhfuil deireadh curtha leis an gComhdháil.
caoineadh a lament
" Tá Eanach Cuain ar an gceirnín, caoineadh a scríobh Raftery don slua a báthadh ar abhainn na Coiribe in 1828.
B'iomaí olagón agus ochón ó a chualathas much wailing and lament was heard
" B'iomaí olagón agus ochón ó a chualathas ag an droichead chéanna.
Tá teora liom agus deora dá réir I’m limited and therefore lamenting
" Dhúisíos ar maidin i mo ridire dom agus tuigim anois tar éis sracfhéachaint a thabhairt ar leabhar Graeber nach bhfuil a leithéid de rud ann – agus nach raibh riamh! Tá teora liom agus deora dá réir, a léitheoir chaoin.
ag caoineadh chomh hannamh lamenting how seldomly
" In eagrán (i)Beo!(/i) na míosa seo caite, bhí Pól Ó Muirí ag caoineadh chomh hannamh agus a fhoilsítear leabhair neamhfhicsin i nGaeilge.