Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chuir Conor Lenihan an lasóg sa bharrach Conor Lenihan inflamed passions
" Smaoinigh fosta ar an leasainm a thugann sé air féin in onóir a laoich – The Bull McCabe - ceann de na bligeaird is mó i litríocht na hÉireann! Mar is dual dó, chuir Conor Lenihan an lasóg sa bharrach i rith an ama shuaite seo, nuair a thug sé le fios ar “Questions and Answers” ar RTÉ go raibh sé i gceist ag an rialtas cúiteamh airgid a thabhairt d’fheirmeoirí a bheadh toilteanach ligean do dhaoine siúl ar a gcuid talún.
an lasóg a chur sa bharrach to inflame passions
" Ach ba léir go raibh mórshiúl *Love Ulster* ina leithscéal ag daoine – poblachtánaigh easaontacha agus grúpaí imeallacha eile – an lasóg a chur sa bharrach agus tá gach duine thíos leis.
go gcuirfear an lasóg sa bharrach sa Meánoirthear uilig, that passions will be inflamed in the whole of the Middle East,
" Má chúlaíonn siad, tá an seans ann go gcuirfear an lasóg sa bharrach sa Meánoirthear uilig, go mbeidh Siaigh i gcoinne Sunnaíoch, Arabaigh i gcoinne Iosraelach, agus gach aon duine i gcoinne Mheiriceá.
Chuirfeadh a cuid cainte an lasóg sa bharrach her talk would inflame passions
" Chuirfeadh a cuid cainte an lasóg sa bharrach agus is minic le linn an agallaimh a luann sí an tine mheafarach ina bolg.
cuireadh an lasóg sa bharrach things started to happen
" Cor suntasach ab é sin i saolré an rialtais seo agus cuireadh an lasóg sa bharrach nuair a d’imigh an tAire Stáit Trevor Sargent sna sála air.
an lasóg sa bharrach all hell loose
" ”* Thuig oifigigh i Roinn an Stáit agus i Roinn Cosanta SAM go maith go gcuirfeadh Iosrael an lasóg sa bharrach sa Mheánoirthear uile agus go mbeadh Meiriceá thíos leis.
an lasóg sa bharrach matters flared up
" Chuir aithisc Abbot an lasóg sa bharrach, ach measadh go ndeachaigh sé thar fóir nuair a sheas sé ag léirsiú amháin agus an mana “Ditch the Witch” scríofa ar chlár taobh thiar de.
cuireadh an lasóg sa bharrach i gceart all hell broke loose
" An Nimh san Fheoil ======== Nuair a chuir na Sasanaigh deireadh leis an stádas ar tugadh “Catagóir Speisialta” air sna Sé Chontae, i 1976, cuireadh an lasóg sa bharrach i gceart.
chuir na meáin úra an lasóg sa bharrach the new media started the rumpus
" Is cinnte gur chuir na meáin úra an lasóg sa bharrach ach ní inniu ná inné a thosaigh fadhbanna na bhfoilseachán Gaeilge.
Chuir cogadh na saoirse an lasóg sa bharrach the war of independence set the whole thing alight
" Dúiseacht ==== Chuir cogadh na saoirse an lasóg sa bharrach.
an lasóg sa bharrach (put) the cat among the pigeons
" Chuir Brandis an lasóg sa bharrach, áfach, agus é ag freagairt ceiste ón Seanadóir Nova Peris, an chéad bhean bhundúchasach a toghadh don teach uachtar riamh.
Chuir an fhógairt an lasóg sa bharrach this announcement whipped up a storm
" Chuir an fhógairt an lasóg sa bharrach ar an toirt mar gur mheas daoine go leor go mbeadh a leithéid mícheart agus gránna.