Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha in competition with one another for gigs
" Nuair a thosaigh Altan sna hochtóidí, ní raibh ann ach cúpla grúpa mór traidisiúnta (na Chieftains, De Danann, Arcady) ach anois tá go leor grúpaí eile traidisiúnta in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha.
cur le chéile work together
" Tá tréimhse an-rathúil romhainn má bhíonn ar ár gcumas ar fad cur le chéile agus leas a bhaint as na deiseanna ar fad atá agus a bheas ar fáil dúinn.
ag déanamh tríligh le chéile twittering away with one another
" Nuair a tháinig na héin bheaga chainteacha Lochlannacha anseo - na síodeitigh nó *bombycilla garrulus* - chuaigh mé ar an idirlíon fosta agus tháinig mé ar shuíomh gréasáin éaneolaithe áitiúla, a bhí ag déanamh tríligh le chéile, mar a déarfá, ar chlár plé.
ag treabhadh le chéile working together
" " An cheist a chuirfeadh sí ná "an bhfuil na polasaithe stáit go léir agus an bhfuilimid féin mar phobal ag treabhadh le chéile sa tslí is éifeachtaí ar mhaithe leis an teanga?" Tá obair mhór ar siúl ag an mbean ghníomhach seo, i mórán réimsí den saol.
réitíonn daoine le chéile people get on with each other
" Caithfidh mé a rá gur breá liom Harlesden, go háirithe mar gheall ar gur áit é atá go hiomlán ilchultúrtha agus de bharr go réitíonn daoine le chéile.
réitíonn siad go maith le chéile they get on well with each other
" Tá triúr tánaistí aigesean agus deir sé go réitíonn siad go maith le chéile agus go dtugann siad tacaíocht láidir dá chéile i gcónaí.
D'fhuáil go leor teifeach a mbeola le chéile Many refugees sewed their lips together
" D'fhuáil go leor teifeach a mbeola le chéile le sreang mhiotal in ionaid ar fud na tíre chun cur in iúl go soiléir nach rabhthas ag éisteacht leo.
ag tacú le chéile supporting each other
" " Is léir mar sin go bhfuil an ailtireacht, an cultúr agus an teanga ag tacú le chéile i mBéal Feirste agus go bhfuil cúrsaí faoi lán seoil anois agus an chathair ag súil le bheith mar chathair chultúrtha na hEorpa sa bhliain 2008.
a shnaidhmeadh le chéile to bind together
" Leis na Chieftains ======= Bhí an athbheochan sa cheol traidisiúnta faoi lán seoil sna seachtóidí nuair a chuaigh Bell leis na Chieftains, grúpa a rinne iarrachtaí ceol na hÉireann agus an ceol clasaiceach a shnaidhmeadh le chéile.
Ba ghnách linn casadh le chéile we used to meet
" "Ba ghnách linn casadh le chéile ag cruinnithe d' eaglaisigh agus bhí seirbhís mhór idireaglasta sa Hyde Parish Church of England nuair a tháinig an scéal faoi Shipman amach ar dtús.
go réitíonn siad go maith le chéile that they get on well together
" " Daonlathach ======= Tá na baill chéanna páirteach i Kíla anois ó bhí 1996 ann agus deir Colm go réitíonn siad go maith le chéile.
bailimid le chéile we gather together
" AÓF: Má tá baill an bhanna ina gcónaí in áiteachaí difriúla conas a eagraíonn sibh an ceol agus an cleachtadh? Cé a dhéanann an cóiriú ar an gceol? DNíS: Roimh thuras a dhéanamh bailimid le chéile i Philadelphia chun cleachtadh a dhéanamh.
bailithe le chéile gathered together
" Praghas: €25 (clúdach crua)* Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President bailithe le chéilegathered together bhriseadh lárthéarmamid-term break ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight as go brách leisoff he went ina sámhchodladhsound asleep clagarnachclatter liúigh Patrick féinPatrick himself yelled den chosán bristeof the broken pavement foscadhshelter tolgcouch phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded rinne lámhachánshe crawled dallógablinds leathorlachhalf an inch grúpa confachan angry group idirboth ag béiceachshouting casúrhammer tairnínails cláir adhmaidwooden boards gráscardisorderly mob bosca na bhfiúsannathe fuse box lúth na ngéagthe power in her limbs marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear crógachtbravery cinnireachtleadership fuaraigeantacool-headed ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters as a támhnéal faitísfrom her trance of fear ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys shín amach a cosshe extended her leg Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted i mbaol a mbáisin danger of being killed scanraithe as a mbeathascared to death trost na mbrógthe tramp of the shoes carr coimhthíoch bána strange white car go tráthrialtaregularly nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home róchontúirteachtoo dangerous í ar a díchealldoing her best ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency barúilidea gluaiseachtaímovements i bhfianaisein light of nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit drogallreluctance an t-aon chosaintthe only protection
ag iomaíocht le chéile competing with each other
" Ní mé cén míniú atá le feiniméan seo na ndeartháireacha, ach seans go mbaineann sé le deartháireacha a bheith de shíor ag cleachtadh agus ag iomaíocht le chéile amuigh sa gharraí nó ar chúl an tí.
Bhailímis le chéile we used to gather together
" Bhailímis le chéile uair sa mhí le haghaidh comhrá, lóin agus léimh.
nach bhfuil ag teacht le chéile that are conflicting
" " Mar a léiríonn na tuairimí go léir nach bhfuil ag teacht le chéile ar tagraíodh dóibh san alt seo, tá gaol fíorchasta ag an duine daonna le bia.
ní chaithfidh cuid acu go deas le chéile some of them won't treat each other well
" Má chuireann tú 150 cailín in áit mar seo ní chaithfidh cuid acu go deas le chéile agus chonaic mé féin é sin ag tarlú.
i dteagmháil le chéile in contact with each other
" Is é an rud atá i gceist leis seo ná grúpa cainteoirí Gaeilge a bhíonn i dteagmháil le chéile achan lá fríd an idirlíon agus, de réir cosúlachta, tá rachairt mhór air.
níor réitigh siad go maith le chéile they didn't get on
" Phós a thuismitheoirí, Freddie Lennon agus Julia Stanley, i 1938 ach níor réitigh siad go maith le chéile.
bailithe le chéile gathered together
" Áiseanna idirghníomhacha ======= Tá cuid mhaith eolais ar an ngramadach bailithe le chéile sa chlár freisin.
mo dhá lámh chomh fada le chéile empty-handed
" Tá sibh i gcónaí ag gearán go dtagaim agus mo dhá lámh chomh fada le chéile.
Toisc gur réitíomar ar fad chomh maith sin le chéile because we all got on so well together
" I lár coille a bhíomar anuraidh, seisear léachtóirí agus fiche mac léinn, agus chaitheamar seachtain ansin ag plé litríocht Bhéarla agus Ghaeilge na hÉireann, ag glacadh páirte i ndráma, ag féachaint ar scannáin, ag siúl, ag gabháil foinn os comhair tine chnámh, agus ar ndóigh, ag blaiseadh braon beorach is fíona anois is arís! Thug foireann ghnó ó Jameson cuairt orainn fiú amháin, agus físeán leo faoin bpróiseas stiléireachta, agus thángadar le cúpla braon saor in aisce dúinn chomh maith! Toisc gur réitíomar ar fad chomh maith sin le chéile, fuaireas cuireadh caint a thabhairt in Olomouc níos déanaí sa bhliain.
réitíodar le chéile den chuid is mó they got on for the most part
" Toisc teanga, stair, traidisiúin, agus nósanna ólacháin na ndaoine seo bheith mórán mar an gcéanna, réitíodar le chéile den chuid is mó agus níor éirigh eatarthu riamh.
Réitigh achan duine go maith le chéile. Everyone got on well together.
" Réitigh achan duine go maith le chéile.
i gcaidreamh le chéile in a relationship together
" Táimid i gcaidreamh le chéile le sé bliana anois.
ag cruinniú le chéile gathering together
" Is féidir a rá go bhfuil an t-atmaisféar san ardrang anois níos cosúla leis an atmaisféar a bhíonn i gceist agus grúpa cairde ag cruinniú le chéile.
ag feidhmiú le chéile functioning together
" Ach dá mba rud é go raibh siad ag feidhmiú le chéile, gurb iad Sinn Féin agus an DUP a bhí ag iarraidh na táillí uisce a ghearradh ar dhaoine, agus muidne i mbun feachtais ina gcoinne, sílim go mbeadh muid in áit i bhfad níos sláintiúla.
nascaim le chéile iad I link them together
" Uaireanta ritheann dhá smaoineamh liom agus nascaim le chéile iad.
nach gcasfaidís le chéile that they wouldn't meet
" Íseal i dtosach, an ceol brónach úd ina glór i gcónaí, ag fiafraí de cén fáth nach gcasfaidís le chéile arís.
go réitíonn baill an ghrúpa go maith le chéile that the members of the group get on well together
" ” Cuireann an taisteal isteach ar Mhuireann, cé go ndeir sí go réitíonn baill an ghrúpa go maith le chéile agus iad ar an bhóthar.
réitímid ana-mhaith le chéile we get on very well together
" Éiríonn go hiontach linn nuair a dheinimid gigeanna le chéile agus réitímid ana-mhaith le chéile chomh maith.
a shnaidhmeadh le chéile to join together
" ‘Féachaigí cé chomh furasta agus atá sé in ann an dá thraidisiún, an Gaelachas agus an Gobshiiteis, a shnaidhmeadh le chéile ina phearsantacht agus ina charachtar agus ina mheon.
ar aon choiscéim le chéile in step with each other
" Deis, clé,” idir na poirt chun an banna ceoil a choinneáil ar aon choiscéim le chéile agus scairt na ceoltóirí eile na focail chéanna ar ais.
ag casadh ceoil le chéile go sóisialta playing music together socially
" Bhí muid ar fad ag déanamh iarchéime sa gceol ansin agus bhíodh muid ag casadh ceoil le chéile go sóisialta.
castáil le chéile to meet each other
" Roghnaigh muid an t-ainm Líadan sa deireadh thiar thall agus ní raibh níos mó cainte ann faoi! AÓF: ***An mbíonn sibh ag seinm le chéile go minic? Cén chaoi a mbíonn sibh in ann a bheith ag cleachtadh má tá sibh ar fad in bhur gcónaí in áiteacha éagsúla sa tír?***SD: Déanann muid iarracht castáil le chéile chomh minic agus is féidir.
le rialtas a chur i dtoll a chéile to form a government
" Fiú dá mbeadh rith an ráis leo, seans go mbeadh an comhaontú idir iad agus FG tuairim agus deich suíochán faoi bhun an mhéid is lú atá de dhíth le rialtas a chur i dtoll a chéile.
más mian leo rialtas a chur le chéile if they wish to form a government
" Beidh siad féin agus an Lucht Oibre ag brath, mar sin, ar pháirtí amháin eile ar a laghad más mian leo rialtas a chur le chéile.
i mbun rása le chéile. racing each other.
" Roinnt míonna ó shin, mar shampla, níor dhícháiligh breitheamh beirt fhear óga a thiomáin ag beagnach 200 ciliméadar san uair in aice leis an Mhuileann gCearr agus iad i mbun rása le chéile.
cleachtadh le chéile to practise together
" AÓF: An gcruthaíonn sin fadhbanna daoibh? Conas a bhíonn sibh in ann cleachtadh le chéile mar ghrúpa, mar shampla?CNicG: Is féidir linn teacht le chéile nuair a bhíonn féile ar siúl, ach de ghnáth ní bhíonn mórán cleachtaidh déanta ag na féilte sin.
a nascadh le chéile to link together
" Ach tá an iarracht atá ar bun an foréigean poblachtánach agus an Ghaeilge a nascadh le chéile ag dul thar fóir.
comhoibriú le chéile to co-operate with each other
" ) Ar ndóigh, d'fhéadfadh tábhairneoirí comhoibriú le chéile lena leithéid de sheirbhís iompair phoiblí a airgeadú.
nuair a bhuaileadar le chéile when they met
" Agus nuair a bhuaileadar le chéile an tseachtain dár gcionn go raibh an draíocht ídithe, an gaol thart agus an Palace Bar lán.
measctha le chéile ina n-imirt. mixed together in their play.
" D’imir siad iomáint a bhí saibhir, ealaíonta agus sciliúil, agus bhí luas agus fiontar agus “cuma sa diabhal” measctha le chéile ina n-imirt.
thagadh scata mór daoine le chéile a big crowd of people used to gather at Blairgowrie
" Gach samhradh, thagadh scata mór daoine le chéile ag Blàr Gobharaidh le sméara a bhaint – saothraítear sútha craobh agus sútha talún agus torthaí eile sa cheantar sin – agus an-deis a bhíodh ann le céilithe a chur ar siúl agus ceol a sheinm.
dreapadh suas le chéile, climbing up together,
" Bhain Jamie agus Keith an barr amach ag an am chéanna agus mar sin thosaigh mé féin agus Lyndsay ag dreapadh suas le chéile, agus b'fhéidir cúig mhéadar eadrainn.
Labhraíodar le chéile ar feadh tamaillín. They spoke for a while.
" Labhraíodar le chéile ar feadh tamaillín.
Conas a bhuail sibh le chéile? How did you meet?
" Conas a bhuail sibh le chéile? NB: Tháinig sí isteach sa cheardlann chugam lá amháin chun mo thuairim a fháil faoi bhogha a bhí aici.
agus an tuarascáil á cur le chéile as the report was being compiled
" NeamhghníomhachFuarthas amach agus an tuarascáil á cur le chéile go bhfuil seans mór go mbeidh daoine ar ioncam íseal agus ar easpa oideachais neamhghníomhach i gcúrsaí spóirt agus suaitheadh coirp (ní théann siad ag siúl anois is arís, fiú).
tháinig achan rud le chéile go hiontach gasta. everything came together very quickly.
" Nuair a dúirt muid go raibh sé le tarlú, tháinig achan rud le chéile go hiontach gasta.
ag cleachtadh le chéile arís practising together again
" Tá sí féin agus Tríona ag cleachtadh le chéile arís agus le cois a bheith le feiceáil ar an stáitse i Vicar Street beidh siad ag canadh ag ceolchoirm ina mbaile dúchais, Ceannanus, i mí Iúil agus ag Scoil Samhraidh Oideas Gael i nGleann Cholm Cille an mhí chéanna.
ag cleachtadh le chéile practising together
" Chaith siad bliain ag cleachtadh le chéile ar dtús agus is léir go bhfuil turas ar leith taistealta acu ó shin, go proifisiúnta agus fiú go pearsanta, ón lá cinniúnach sin i gCorcaigh.
ag cur le chéile an chláir putting together the programme
" Faoi láthair, tá Bríd (atá ina stiúrthóir ar Aisling Ghéar) ag cur le chéile an chláir don bhliain seo chugainn.
Tarraingíonn Caitlicigh agus Protastúnaigh go maith le chéile Catholics and Protestants get on well
" Tarraingíonn Caitlicigh agus Protastúnaigh go maith le chéile i dTom an t-Sabhail, agus is cosúil gur mar sin a bhí sé i gcónaí.
tagann an script le chéile the script comes together
" “Tagann smaointe áirithe agus imíonn smaointe eile, ach tagann an script le chéile ag an deireadh.
tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó. all the member of his parties are in agreement with regard to supporting him.
" Tá ceannaire nua fuinniúil acu agus, de réir dealraimh, tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó.
ná altanna a chomhghleacaithe uilig le chéile. than all the articles of his colleagues put together.
" Le linn dó a bheith ag scríobh a cholúin laethúil, “An Irishman’s Diary”, don *Irish Times* spreag altanna Myers níos mó litreacha chuig an eagarthóir ná altanna a chomhghleacaithe uilig le chéile.
a cuireadh le chéile which was put together
" Anuas air sin, níor tugadh cead dom alt a scríobh don fhorlíonadh speisialta a cuireadh le chéile mar chomóradh ar nócha bliain Éirí Amach na Cásca.
ceangailte le chéile tied together
" Tá an dlúthcheangal agus an comhoibriú idir iad agus an DUP chomh láidir sin go bhfuil an chuma ar an scéal gur stát dhá pháirtí atá ann ó thuaidh agus go bhfuil an dá pháirtí sin ceangailte le chéile mar a bheadh cúpla Siamach ann.
Is é an snáth a cheanglaíonn na dánta ar fad le chéile the thread that ties all the poems together
" Is é an snáth a cheanglaíonn na dánta ar fad le chéile ná go bhfuil siad ar fad bunaithe ar véarsaíocht dhúchasach Chonamara.
le chéile together
" Tiocfaidh na páirtithe le chéile i rith an tsamhraidh ansin chun vóta na stát éagsúil a chomhaireamh agus a n-iarrthóirí oifigiúla a ainmniú.
as an gcaoi ar ceanglaíodh le chéile iad from the way they were linked together
" Bhí daoine ag rá go mb’fhéidir go mbainfí an tuairim sin as an gcaoi ar ceanglaíodh le chéile iad sa scannán a rinne Michael Davitt.
ag achrann is ag bruíon le chéile go leanúnach in constant battle
" Bhí baill áirithe den fhoireann ag achrann is ag bruíon le chéile go leanúnach agus d’éirigh cúrsaí chomh holc sin sa deireadh go raibh ailt sna nuachtáin náisiúnta, fiú, faoi chúrsaí ansin.
ag iomaíocht le chéile competing with each other
" ” Ar bhraith sé strus ag obair ina leithéid de thimpeallacht?“Bhraitheas, gan dabht, agus nuair a bhíodh ceantair áirithe san ollscoil ag iomaíocht le chéile faoi rudaí is cinnte go gcuirfeadh sé sin isteach go hindíreach ar do chuid oibre-se.
a bhailiú le chéile to gather together
" ” Ar ndóigh, tá Donald “paiseanta” fá Celtic Connections mar gur sheinn Capecaillie ag gach féile le 20 bliain anuas, agus tá deis aige anois na ceoltóirí is fearr leis a bhailiú le chéile le bheith páirteach i gcóisir mhór a mhairfidh ar feadh naoi lá dhéag.
a chur le chéile to put together
" Anois, agus an t-albam eisithe agus ar fáil, is gá dom iarracht a dhéanamh ar an gceirnín a dhíol, ar cheolchoirmeacha a eagrú agus ar mo sheó aonair féin a chur le chéile agus a tharraingt timpeall na tíre.
Réitigh muid go maith le chéile, we got on well together,
" Réitigh muid go maith le chéile, an bheirt againn ar ár suaimhneas amuigh faoin spéir san aimsir maith.
ag canadh le chéile singing together
" Bhí muid go hiontach ag canadh le chéile ach ní shílim go bhfuil sé sin le cloisteáil ar an taifeadadh.
a chas muid le chéile, we met each other
" Agus b’in an uair dheireanach a chas muid le chéile, ar thuras aisteach go Talamh an Éisc agus Toronto.
ar scoil le chéile at school together
" Bhí Lunny agus Christy ar scoil le chéile i nDroichead Nua agus chónaigh siad le chéile i mBaile Átha Cliath i lár na seascaidí.
ag seinm le chéile ó am go chéile playing together from time to time
" In 2004, mar shampla, tháinig Planxty le chéile in athuair agus rinne roinnt seónna i mBaile Átha Cliath agus i Londain, agus tá Moving Hearts ag seinm le chéile ó am go chéile chomh maith.
ag teacht le chéile coming together
" Deir sé go mbeidh Moving Hearts ag teacht le chéile ag deireadh na bliana seo arís agus ar an bhliain seo chugainn chomh maith agus go b’fhéidir go ndéanfaidh Planxty roinnt ceolchoirmeacha sna blianta atá amach romhainn fosta.
Ní neart go cur le chéile, united we stand,
"Ní neart go cur le chéile, mar deirtear, agus is fealsúnacht í seo a bhí i gceist agus é ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-’01, tráth a bhí sé i gceannas ar fheachtas a bhí ar bun ag mic léinn altranais chun maoiniú breise a fháil ón rialtas, feachtas ar éirigh leis £15 milliún breise a fháil.
leis an bhunachar fuaime a chur le chéile to put together the sound database
" Rinne muid seisiún taifeadta léi a mhair ar feadh timpeall fiche uair an chloig leis an bhunachar fuaime a chur le chéile.
ár ndomhain ag teacht le chéile our worlds are coming together
" Déanann muid gáire le chéile, ag rá gurb éard atá ag tarlú ná go bhfuil ár ndomhain ag teacht le chéile – na heilimintí uilig ag bualadh i gcoinne a chéile; tintreach agus toirneach, scamaill agus báisteach.
le chéile lámh ar lámh together hand in hand
" Is é an rud is aistí faoi am mar choinne ná go mbíonn dhá luas i gceist leis – mall agus gasta – agus siúlann mall agus gasta le chéile lámh ar lámh mar a bheadh cúpla ann.
tharraingt le chéile chun éifeachta to draw effectively together
" Le hairgead a thuilleamh, bíonn saothar le déanamh, glaochanna gutháin le cur agus an t-iomlán a tharraingt le chéile chun éifeachta.
le chéile together
" Cé nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar theanga an phobail in gach cuid den Ghaeltacht oifigiúil faoi mar atá léirithe in ‘Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007’, fós féin is ócáid an-speisialta Gaeltachta é a thugann daoine agus cumainn pheile de chuid Cumann Lúthchleas Gael atá ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta agus Bhreac-Ghaeltachta le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad na nGael.
cur le chéile to cooperate
" An bhfuil bealach ar bith le teacht roimh na hathruithe seo agus iad a shárú? D’ainneoin a cuid lochtanna uilig, is múinteoir maith é taibhse an Tíogair Cheiltigh agus taispeánfaidh sé dúinn feasta gur fearr i bhfad an cur le chéile agus an daonnacht ná an coimhthíos agus an leithleas.
Ní neart go cur le chéile there's unity in strength
" Ní neart go cur le chéile! Mar eolas: Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009.
pléascadh le chéile bashing it out
" Ach bhíos ana-shásta dosna lads agus is breá liom an grianghraf - Kíla agus stair 'Rock n Roll' ag pléascadh le chéile.
Cur le Chéile ingredients
" An Cur le Chéile, Úinéir Dánlainne agus Údar Meánaosta ============================ Níl éinne a dheineann neamh-infhiosaitheacht mná níos fearr ná Juliette Binoche.
Ní neart go cur le chéile unity is the best way forward
" Ní neart go cur le chéile ach Gallóglaigh geilleagair atá de dhíth orainn an aimsir seo! ‘.
mór le chéile friendly
" In 2007, agus Craobh na Mumhan buaite ag Port Láirge, tá siad mór le chéile, Dan agus Justin.
a roinnt le chéile to share with each other
" Ach an riail ba shuimiúla a bhí ag an Assange óg ná go raibh iachall air agus ar a chomrádaithe aon eolas ar tháinig siad trasna air a roinnt le chéile, go hoscailte.
bhí fáiscthe le chéile was fastened together
" Thosaigh an patrún tar éis an toghchán i 1932, nuair a caitheadh amach Cumann na nGael, an páirtí polaitíochta a bhunaigh an stát, le háit a dhéanamh don fhórsa nua polaitíochta a bhí fáiscthe le chéile ag De Valera as an dream ba réadúla nár ghlac leis an gConradh i 1922 agus a chreid go mb’fhearr a bheith istigh sa Dáil ná taobh amuigh dhó.
in éineacht le chéile all together
" Éagraíonn siad laethanta agus deireadh seachtaine ag siúl sléibhe agus dreapadh ina gceantair féin agus bíonn cúpla geábh náisiúnta sa bhliain ann nuair a thagann baill in éineacht le chéile le haghaidh seachtain iomlán de shiúl sléibhe.
bhí fáiscthe le chéile was fastened together
" Thosaigh an seanphatrún tar éis an toghchán i 1932, nuair a caitheadh amach Cumann na nGael, an páirtí polaitíochta a bhunaigh an stát, le háit a dhéanamh don fhórsa nua polaitíochta a bhí fáiscthe le chéile ag De Valera as an dream ba réadúla nár ghlac leis an gConradh i 1922 agus a chreid go mb’fhearr a bheith istigh sa Dáil ná taobh amuigh dhó.
a chur le chéile to bring together
" Sin an uair a bheartaigh siad an tuarascáil sin, Tuarascáil Uí Chinnéide, a chur le chéile.
Tharraing siad le chéile they cooperated
a chur le chéile in éineacht to work together
" **SMM: Nár cheart na bailte go léir a bhfuil an Ghaeilg acu, ó Chill Ghallagáin soir go Port a’ Chlóidh agus an Corrán Buí, a chur le chéile in éineacht lena macasamhail de bhailte istigh ar an Muirthid, thart ar an Eachléim?** BNC: Bíonn siad ag caint ar na clusters seo a bhunú.
ina suí le chéile sitting together
" 
Ar an 26u Márta 2007, chonaic muid Ian Paisley agus Gerry Adams fána lile Cásca, ina suí le chéile, a gcomhghleacaithe sinsir thart orthu agus iad ag fógairt go mbunófaí feidhmeannas ag Stormont ar an 8ú Bealtaine, feidhmeannas ina mbeadh náisiúnaithe agus aontachtaithe ag roinnt cumhachta lena chéile.
maireachtáil le chéile live together
" Ba é Coimisineir na hEorpa, An tUasal Johannes Hahn a d’oscail an droichead suaithinseach seo agus dúirt sé go raibh sé mar sprioc ag an Aontas Eorpach tacú le muinitir Thuaisceart Éireann ina n-iarrachtaí chun maireachtáil le chéile ar bhonn síochánta.
neart moltaí le chéile plenty of recommendations
" Má tá fadhb ag baint leis – agus is léir go bhfuil - nár cheart iarracht a dhéanamh é a leasú seachas cinneadh gasta a dhéanamh chun é a scor, cinneadh a bhféadfadh aiféaltas a bheith orainn faoi amach anseo b’fhéidir? Reifreann Eile ====== Is cinnte go gcuirfear neart moltaí le chéile nuair a ghairmfear an Reifreann, ach sula dtosófar ar an tuairmíocht sin ba mhaith liom féin cúpla moladh fánach a dhéanamh i leith Seanad leasaithe.
Neart an Chur Le Chéile strength in uniting
" Neart an Chur Le Chéile ============= Tá na Samaritans ag tosú ar chomhoibriú le heagraíochtaí eile anois toisc éileamh níos mó ná riamh ar a gcuid seirbhísí agus níos lú airgead acu chun an chabhair a thabhairt.
ag cur achainíocha le chéile formulating petitions
" “Ach tá meitheal ollúna amuigh ansin ag cur achainíocha le chéile, agus ag cothú mírúin agus míshástachta i measc mhuintir na Gaeilge faoi rudaí nach bhfuil tábhacht ar bith ag baint leo.
tharraingt le chéile agus a roinnt ar to draw together and to share
" Séard atá ann ná áit gur féidir íomhánna agus físeanna a tharraingt le chéile agus a roinnt ar “clár” cosúil le clár taghaid a bheadh ag dearthóir éadaí nó seomraí.
róghoirt acu fanacht le chéile too bitter to remain together
" Scrúdaíonn Duggan an toradh a bhíonn ag an chailliúint mhillteanach seo uirthi féín agus ar a fear chéile, Tony, agus ar an dóigh a scamhann an dubrón a gcaidreamh go dtí go mbíonn sé róghoirt acu fanacht le chéile.
Le Chéile ach Scartha together while yet separated
Le Chéile is Fearr Sinn, an Dá Chanúint we’re best together, the two dialects
" Le Chéile is Fearr Sinn, an Dá Chanúint ============ **SMM: Tá eolas éicint agat ar an tír seo anois.
cuireadh coiste le chéile a committee was formed
" Bhí ceann ag teastáil go géar i dToronto féin! Agus mar sin, cúig bliana ó shin nó mar sin, cuireadh coiste le chéile d’aon ghnó chun deireadh seachtaine Gaeilge a eagrú.