Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ritheann sé le fána it drops down
" Tá bóthar amháin chuig Ulapul, a thagann ó Inbhir Nis trí shléibhte fiáine seasca, ansin ritheann sé le fána go dtí Loch Bhraoin, atá fada leathan.
neirbhíseach fána mbeidh le léamh sa tuarascáil nervous about what will be contained in the report
" Is léir go bhfuil Rialtas na Breataine neirbhíseach fána mbeidh le léamh sa tuarascáil.
ag sciorradh le fána sliding down a slope
" Na hurláir ag sciorradh le fána is fios an bhealaigh ag an ngaoth is an fuacht trí gach poillín is scoilt sa tigh.
Imeacht le fána atá romham anois go ceann scríbe. I'll be going downhill from now until my destination.
" Imeacht le fána atá romham anois go ceann scríbe.
le fána downhill
" Ní insíonn an ceamara bréag, mar a deir an seanfhocal, ach tá conspóid ar bun anois faoi iontaofacht pictiúr clúiteach amháin a ghlac Capa a thaispeáineann mílísteoir Spáinneach ag rith síos le fána á scaoileadh le hurchar agus é ag titim sa ghleo.
le fánaí downhill
" Chuir an balla deireadh leis na turasanna chuig The Key, an chippy ba chóngaraí don teach s'againne, le turasanna siopadóireacht - bhí i bhfad níba mhó siopaí ar Bhóthar na Seanchille ná a mar a bhí ar Bhóthar na bhFál - agus chuir sé deireadh leis na rásaí guider - carbaid de dhéantús baile a rinne muid as adhmad, rotha agus sreang! Rachadh na guiders síos le fánaí isteach go Sráid Cupar ar an taobh ‘Protastúnach’ den deighilt.
le fána downhill
" Caithfidh ceannaire gach pobal atá i mbaol, “socht” a rá, táimid ag dul síos le fána in ionad suas, beidh deireadh iomlán leis an teanga mura ndéanfa muid dianbhearta éigin”.
thug aghaidh le fána started downhill
" 15 agus thug aghaidh le fána ar an rothar isteach bóthar Mhionlaigh.
ar a laghad fiche troith síos le fána at least twenty foot of a descent
" Ag doras an tséipéil, a bhí ar a laghad fiche troith síos le fána, bhí dealbh mhór den easpag déanta as cré-umha ag seasamh ansin le cuma an-sollúnta air.