Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leabhar na tairngreachta the book of prophecy
" Ach tar éis na scéalta a bhí ag teacht chugam faoi ó fhoinsí éagsúla (ceoltóirí den chuid is mó), thar tréimhse fhada, bhí sé cosúil le seanchas a bhí scríofa i leabhar na tairngreachta a fheiceáil ag tarlú.
Thabharfá mionn an leabhair you'd swear by the Bible
" Thabharfá mionn an leabhair gur as Ros Muc nó Carna an duine céanna agus é ag seanchas le Mattie Joe Shéamais agus Máirtín Jamsie, atá ag caitheamh seal i Siceágo ar a suaimhneas.
seoltaí leabhar book launches
" Dúirt Lillis Ó Laoire, duine de na hamhránaithe sean-nóis is cáiliúla sa tír, liom go bhfuil sé féin ag súil go mór le bheith ag éisteacht le Corn Uí Riada ar an gcóras satailíte agus é i Nua-Eabhrac! Tá rudaí eile ann ar ndóigh seachas na comórtaisí - seoltaí leabhar agus dhlúthdhioscaí, mar shampla, agus ansin Scléip na hÓige, féile taobh istigh d'fhéile, d'fhéadfá a rá.
a leabhar mór-ráchairte his book that is in heavy demand
" Rowling a leabhar mór-ráchairte *Harry Potter*, agus b'fhéidir go dtiocfaidh cuid den draíocht sin chugamsa fosta.
leabhair mhór-ráchairte popular books
" Is é úinéir an fhoilsitheora is mó san Iodáil, Mondadori, comhlacht a fhoilsíonn leabhair mhór-ráchairte, nuachtáin agus irisí, agus a bhfuil 20% den mhargadh foilsitheoireachta inmheánach aige.
leabhar fianaise book of evidence
" Sa chúirt dúirt Hugh Byrne nach raibh aon eolas aige ar aon fhaoistin go dtí go bhfaca sé an leabhar fianaise.
aontaí leabhar book fairs
" Téann Micheál chuig aontaí leabhar thart ar an tsaol; bíonn sé in Frankfurt, bíonn sé i Nua-Eabhrac, rud nár tharla riamh i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge.
leabhar tagartha gramadaí grammar reference book
" Chomh maith leis an chúis sin atá luaite agam, shíl mé i gcónaí go bhfuil gá le leabhar tagartha gramadaí ina bhfuil na rialacha gramadaí leagtha amach go deas soiléir sothuigthe.
leabhair gearrthóg poiblí public scrapbook
" Tá an taispeántas mar chineál leabhair gearrthóg poiblí a insíonn, ina bhealach féin, scéal 9/11.
leabhar aíochta guestbook
" Níor mhiste a rá gur scríobh cuid mhaith de na cuairteoirí sa leabhar aíochta gur bhreá leo Gaeilge a fhoghlaim agus gurbh é an bac ba mhó a bhí ina mbealach ná easpa deiseanna í a úsáid.
Ní scríobhtar leabhair i mbeáir Books aren't written in bars
" "Ní scríobhtar leabhair i mbeáir," a dúirt McEvoy, ar fear giorraisc go maith é, leis an *Irish Voice *an mhí seo caite, le linn lóin i mbialann Indiach ar 29th Street.
i leabhar bleachtaireachta gan mhaith in a useless detective book
" Tá cuid de ghníomhartha an PSNI mar a bheadh eachtraí ann a scríobhfadh úrscéalaí gan tallann dá laghad i leabhar bleachtaireachta gan mhaith.
Leabhar na Meastachán The Book of Estimates
" Go praiticiúil, is éard a chiallaíonn sé ná go mbeidh muid in ann teacht ar na cáipéisí a bhí os comhair an Rialtais nuair a glacadh le Leabhar na Meastachán don bhliain 1999.
údar leabhar mór-ráchairte best-selling author
" Tuairiscíodh an samhradh seo caite gur ardaigh Dennis Smith, an t-iarfhear dóiteáin i Nua-Eabhrac agus an údar leabhar mór-ráchairte, ceisteanna tromchúiseacha sábháilteachta, ina measc cinn a luaigh an BPCA i ndiaidh dhúnadh an ionaid.
foilsíodh leabhar a book was published
" Mar chuid den obair seo foilsíodh leabhar bunaithe ar bhéaloideas Árainn Mhór, *Cogar san Fharraige*, an bhliain seo caite.
dá bhfoilseofaí an leabhar if the book were published
" An Greann agus Tuaisceart Éireann - dá bhfoilseofaí an leabhar, bheadh sé ar an cheann is tanaí riamh, dar leat, is dócha.
a dheichiú leabhar his tenth book
" Tá sé díreach i ndiaidh a dheichiú leabhar a fhoilsiú agus é - creid é nó ná creid - 97 mbliana d'aois.
leabhar móréilimh best-selling book
" Thuig siad go raibh leabhar móréilimh acu agus ní raibh siad sásta an t-airgead sin a chailleadh - agus ba chuma faoin fhirinne.
leabhar taistil travel book
" Má osclaíonn tú leabhar taistil ar bith, chífidh tú go dtarraingeofar pictiúr meallach duit den Bholaiv mar cheann scríbe.
chun foilsiú leabhar Gaeilge a chur chun cinn to promote the publishing of Irish language books
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh an Bord chun foilsiú leabhar Gaeilge a chur chun cinn sa tslí is go mbeadh ábhar maith léitheoireachta Gaeilge ag an bpobal.
Leabhar na Meastachán the Book of Estimates
" Níl aon teist níos fearr orthu ná an chaoi a ndéileálfar leis an Tionscnamh Iompair Tuaithe agus Leabhar na Meastachán á réiteach do cháinaisnéis na bliana seo chugainn.
dhá leabhar fhíorspéisiúla two fascinating books
" Le cúpla bliain anuas, tá dhá leabhar fhíorspéisiúla scríofa aige chomh maith ar chuid de na gnéithe is tábhachtaí den pholaitíocht Ghael-Mheiriceánach.
leabhar comhbróin book of condolences
" Chuaigh an bheirt acu le chéile go dtí an Ardeaglais Chaitliceach leis an leabhar comhbróin a shíniú, agus stad iriseoir ón *Sunday Telegraph *iad ar a bhealach amach, ag iarraidh fáil amach cén sórt teachtaireachta a scríobh siad.
dóthain leabhar enough books
" ÉÓD: Cé air a bhfuil A Learner's Guide to Irish dírithe? Daoine acadúla? An gnáthphobal? DW: Ar an ngnáthphobal - is dóigh liom go bhfuil dóthain leabhar ann do na daoine acadúla! - agus go háirithe ar na foghlaimeoirí nach bhfuil buneolas acu ar an nGaeilge nó ar an ngramadach.
an leabhar bunaidh the original book
" "Níl ann ach cuid mhór seanchaca!" a mhaíonn ár Léirmheastóir Liteartha, agus leis sin míníonn sé cúis a ghangaide: Dar le Balor an Bhéil Bhinn nach bhfuil ann ach mac leabhair; gur seanuncail leis féin, Dónal Donn an Phinn Nimhe, a scríobh an leabhar bunaidh: *The McGlinchy Commode*.
sraith leabhar a series of books
" Mar a dúirt mo dhuine i Monty Python, *Now for Something Completely Different *– tá sé díreach tar éis alt a scríobh don *Belfast Telegraph *dar teideal *“Should Camilla be Queen?”! *Tá sraith leabhar d’fhoghlaimeoirí fásta faoi theifeach ón mBoisnia scríofa aige fosta, mar aon le ceithre chnuasach filíochta.
leabhair tharraingteacha attractive books
" B’fhearr i bhfad go mbeadh na haistritheoirí agus an t-airgead dá n-úsáid chun leabhair tharraingteacha a chur amach a mbeadh fonn ar an dream óg iad a léamh.
ag méaradradh ar an leabhar fiddling with the book
" Leis an am a chur thart, bhí sí ag méaradradh ar an leabhar a bhí léi ach ní thiocfadh léi a súile a choinneáil air.
Leabhar Cheanannais the Book of Kells
" Chreid siad go láidir go raibh an t-am ceart do leabhar nua a bheadh mar oidhre ar Leabhar Cheanannais agus a dhéanfadh ceiliúradh ar an oidhreacht chomhchoitianta ealaíon sa dá thír.
na seoltaí leabhar agus dlúthdhioscaí the book and CD launches
" Cuimhnigh freisin ar na daoine nach dtéann chuig aon chomórtas ach chuig na seisiúin, na seoltaí leabhar agus dlúthdhioscaí agus, ar ndóigh, an club amhránaíochta, Casadh an tSúgáin - bíonn an-ócáidí aige sin chuile bhliain.
leabhar teagmhálacha contacts book
" I mo leabhar teagmhálacha, tá nótaí beaga in aice leis na hainmneacha.
ina leabhar mórdhíola in his best-selling book
" Tugann sé féin cuntas lom fírinneach ar na himeachtaí sin agus go leor eile ina leabhar mórdhíola I Crossed the Line.
a laghad sin leabhar so few books
" Is mór an trua go bhfuil a laghad sin leabhar ar fáil anseo, go háirithe leabhair d’fhoghlaimeoirí agus samplaí maithe iontu den chaint bheo.
Leabhar Cheanannais The Book of Kells
" AÓF: An cuimhin leat an chéad albam nó taifeadadh speisialta éigin a fuair tú? An mbíonn tú ag éisteacht leis sin go fóill? NMacC: An ceann le Planxty a bhfuil dearadh cosúil le dearadh ó Leabhar Cheanannais ar an gclúdach.
i leabhair shaothair in workbooks
" Bheadh sé suimiúil a fháil amach cé mhéad uair an chloig a chaitheann daltaí scoile ag líonadh isteach bearnaí i leabhair shaothair – obair leadránach nach bhfuil buntáiste oideachasúil ar bith ag baint léi.
aontaí leabhar book fairs
" Chomh maith leo siúd bíonn aontaí leabhar agus crannchuir againn.
Tá an-rath ar na leabhair áirithe those particular books are very successful
" ” Tá an-rath ar na leabhair áirithe sin faoi Ruairí agus is léir go bhfuil Colmán an-bhródúil astu.
Leabhar Cheanannais the Book of Kells
" Deora Áille – Máire Áine Ní Dhonnchadha ======= Tá ornáidíocht Leabhar Cheanannais le cloisteáil i nguth an amhránaí seo.
aontaí leabhar book fairs
" Chomh maith leo siúd bíonn aontaí leabhar agus crannchuir againn.
neart leabhar plenty of books
" Oifig bhreá chompordach aige, pictiúr áille de chuid JJ Mackey ar an mballa agus neart leabhar ar na seilfeanna, *The Death of the Irish Language*, *Pleanáil Teanga* ina measc.
leabhar éithigh false oath
" Bolton, ar ambasadóir Mheiriceá ag na Náisiúin Aontaithe é anois, Donald Rumsfeld, atá anois mar Rúnaí Cosanta Mheiriceá, Paul Wolfowitz, iar-Rúnaí Cosanta Mheiriceá, agus Lewis Libby, státseirbhíseach in oifig an leasuachtaráin, a dhíotáil binse fiosraithe Comhdhála le déanaí as leabhar éithigh a thabhairt.
ina gcoinnítí leabhair naofa, cloig agus taisí in which holy books, bells and relics used to be kept
" Tá comharthaí dothuigthe ann ó thraidisiún áitiúil na gCruithneach, agus tá gréasa ann a thagann ó thraidisiún an domhain Luath-Chríostaí, mar shampla lámhscríbhinní maisithe de na Soiscéil agus scrínte oirnéalta déanta as miotal, ar bhoscaí iad ina gcoinnítí leabhair naofa, cloig agus taisí.
líon lán de leabhair crammed with books
" Seomra simplí go leor a bhí i gceist: seilfeanna líon lán de leabhair, deasc ar a raibh leabhair caite anseo is ansiúd go míchúramach agus ríomhaire a raibh cuma nua-aimseartha air.
an leabhar móréilimh the best-selling book
" Tá mé tar éis *McCarthy's Bar*, an leabhar móréilimh le Pete McCarthy, nach maireann, a léamh agus tá píosa mór ann faoi na deacrachtaí a bhí aige ciorcail chloiche a aimsiú i gCorcaigh.
ceardlanna, seoltaí leabhar agus díospóireachtaí workshops, book launches and debates
" Beidh ceardlanna, seoltaí leabhar agus díospóireachtaí ar siúl i rith na féile chomh maith.
leabhar cuairteoirí visitors' book
" " Mar a scríobh roinnt mhaith daoine i leabhar cuairteoirí Maureen, bíonn muintir an oileáin uilig an-chairdiúil fáilteach.
liosta na leabhar ba mhó a raibh ceannach orthu on the bestsellers' list
" Agus an leabhar sin, *Mary McAleese: the Outsider* ar liosta na leabhar ba mhó a raibh ceannach orthu nuair a foilsíodh é i 1999, caithfidh gur thuill sí suim bhreá airgid di féin.
mo leabhar síniúchán my autograph book
" Bhí Simon gealgháireach agus fáilteach ach, le bheith fírinneach, bhí muidne beagáinín díomách mar nach raibh aon chuid den *rock ’n’ roll* ag baint leis – bhí sé róbhéasach! Cinnte labhair sé faoin gceol, shínigh sé mo leabhar síniúchán – “Do The Rat, Simon Crowe”– thaispeáin sé clúdaigh na n-albam dúinn ach níor theastaigh uaidh ach labhairt faoin iascaireacht! D’fhágamar, sásta lenár síniúchán (mo cheann féin suite in aice le cinn Eamonn Coughlan, Pelé agus Chearbhaill Uí Dálaigh) ach beagáinín díomách.
mar thithe tábhairne, nó caifí, nó siopaí leabhar, as pubs, or cafés or bookshops,
" Baintear úsáid as na pubaill ar dhóigheanna éagsúla – mar thithe tábhairne, nó caifí, nó siopaí leabhar, nó mar ionaid do chainteanna, díospóireachtaí agus imeachtaí dírithe ar pháistí.
leabhair theagaisc tutoring books
" Sa leabharlann, tá leabhair amhrán, leabhair fonn, irisí, leabhair theagaisc agus leabhair rince le fáil.
ábhar leabhair aige material for a book
" Dúirt mé leis go raibh ábhar leabhair aige – ‘Seoidíní Eolais Tommy C - Cartlannaí’.
scór leabhar twenty books
" Tá dosaen duais bainte aige as a shaothar, agus scór leabhar foilsithe aige.
ceithre leabhar dá chuid four books of his
" ” Ní stopann Ihimaera riamh de bheith ag obair – bíonn sé an-ghnóthach i gcónaí agus tá ceithre leabhar dá chuid foilsithe taobh istigh de chúig bhliana.
na hirisí agus leabhair a léamh read the magazines and books
" Déanta na fírinne, níor tharla rud ar bith an chuid is mo den am, agus bhí deis againn cupán caife a ól, na hirisí agus leabhair a léamh agus comhrá a dhéanamh le comrádaithe.
tíorántacht na leabhar scoile the tyranny of school books
" B’ábhar gearáin é tíorántacht na leabhar scoile ag Pádraic Ó Conaire.
leabhar dá gcuid a book of theirs
" Chuirfeadh an chuid is mó acu fáilte roimh leabhar dá gcuid bheith ar an churaclam scoile.
Foilsíodh an leabhar the book was published
" Foilsíodh an leabhar le comóradh a dhéanamh ar 90ú bliain Éirí Amach na Cásca agus, mar a mhíníonn an t-údar, leabhar don ghnáthléitheoir atá ann, is é sin, leabhar léitheoireachta nach gcuirfeadh eagla do chraicinn ort ó thaobh líon na leathanach nó nach mbáfadh faoi thonn mhór fonótaí thú.
sraith leabhar a series of books
" Ba é an múnla a bhí agam féin Modern Masters, sraith leabhar a foilsíodh ar na húdair agus fhealsúna is céimiúla agus arbh iad mic léinn ollscoile nó léitheoirí ginearálta a bpríomh-mhargadh.
leabhar den scoth an excellent book
" Má tá suim agat in áiteanna mar Shrath-pheofair agus Knock Farril, agus turas ar intinn agat, tá leabhar den scoth ar fáil, *The Highlands*, le Joanna Close-Brooks (HMSO 1995, £10.
ar chosán na leabhar on the path of books
" Is maith mar a spreagfadh *Éile: an chéad seilchí* páiste ar bith le dul i mbun léitheoireachta agus is maith mar a chuireann an leabhar i gcuimhne don léitheoir fásta seo an pléisiúr a bhain leis na chéad choiscéimeanna a thógáil ar chosán na leabhar fadó fadó.
leagan amach an leabhair. the layout of the book.
" AOF: Cén cineál leagain amach atá ar an bpacáiste? TMU: Go bunúsach leanann na dlúthdhioscaí leagan amach an leabhair.
do dhearadh an leabhair, to the design of the book,
" (Ba chóir dom focal molta a thabhairt do dhearadh an leabhair, an clúdach ach go háirithe.
Léiríonn leabhar na gcuairteoirí the visitors' book shows
" Léiríonn leabhar na gcuairteoirí go dtagann daoine anseo go rialta.
leabhair fhilíochta poetry books
" Bhí leabhair fhilíochta leis ann, *Muskerry*, *Secret Societies*, agus *The Blue Formica Table*.
stair an leabhair the history of the book
" “Is é atá i gceist leis an tionscadal seo ná stair an leabhair in Éirinn.
Leabhar Cheanannais, the Book of Kells,
" ” Is éard atá i gceist leis an saothar *History of the Irish Book* ná stair an leabhair Éireannaigh ón tús – na lámhscríbhinní, Leabhar Cheanannais, Leabhar na hUidhre, Leabhar Laigheanach agus a leithéid sin anuas go dtí deireadh an 20ú céad.
Leabhar na hUidhre, Book of the Dun Cow,
" ” Is éard atá i gceist leis an saothar *History of the Irish Book* ná stair an leabhair Éireannaigh ón tús – na lámhscríbhinní, Leabhar Cheanannais, Leabhar na hUidhre, Leabhar Laigheanach agus a leithéid sin anuas go dtí deireadh an 20ú céad.
conas mar a chuaigh na leabhair i bhfeidhm ar dhaoine, how the books impacted on people,
" ) “Is é ábhar na n-imleabhar uilig ná: stair na foilsitheoireachta agus an cúlra atá leis an fhoilsiú sin; conas mar a chuaigh na leabhair i bhfeidhm ar dhaoine, ar a smaointe agus ar a saol inmheánach; an bhaint a bhí idir na leabhair agus an margadh; an bhaint a bhí idir na leabhair agus an staid pholaitíochta; conas mar a léigh daoine na leabhair.
ceann de na leabhair ba thábhachtaí riamh one of the most important books ever
" Scríobh Ó Buachalla ceann de na leabhair ba thábhachtaí riamh 40 éigin bliain ó shin, *I mBéal Feirste Cois Cuain*.
nach bhfóirfeadh an maíomh as leabhair that boasting about books wouldn't suit
" Chan sé an fhírinne ach, má chan féin, bhí Mac Grianna siosmaideach go leor gan a chuid comrádaithe scoile a bhodhrú lena chuid léitheoireachta; bhí sé tugtha don súgradh agus don chuideachta oiread céanna le gasúir eile a aoise agus thuig sé, is léir, nach bhfóirfeadh an maíomh as leabhair don chuideachta a bhí á coinneáil aige.
sa tsraith leabhar in the book series
" Is léir gur chuala roinnt údar an focal – CS Lewis, mar shampla, mar is droch-chréatúir iad na boggarts ina leabhar The Chronicles of Narnia agus tá siad sa tsraith leabhar Harry Potter le JK Rowling fosta, mar “*the shape shifters*”.
bunaithe ar leabhar based on a book
" Rinne Tom scannán eile a stiúradh dar teideal Hush-a-Bye Baby, ar dhráma é, agus tá seans ann go stiúrfaidh sé scannán bunaithe ar leabhar de chuid Séamus Deane, a bhfuil Reading in the Dark mar theideal air, san am atá romhainn.
i gcéad chaibidil an leabhair in the first chapter of the book
" Tá cur síos i gcéad chaibidil an leabhair ar na blianta 1959 – 1990, tréimhse a chaith Mac Grianna in ospidéal meabhairghalair Naomh Conall i Leitir Ceanainn.
i leabhar nuafhoilsithe in a newly published book
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
leabhar dírbheathaisnéiseach auto-biographical
" Is leabhar dírbheathaisnéiseach é, ina ndéantar cur síos ar an chliseadh néarógach a tharla di agus í sa choláiste, ach cuntas ficseanúil is ea é inar athraigh sí sonraí ar nós ainmneacha daoine.
Leis an leabhar a cheiliúradh, to celebrate the book,
" Leis an leabhar a cheiliúradh, táthar ag caint ar cheolchoirm a eagrú sa Royal Festival Hall i Londain, a mbeadh an punc-cheoltóir Patti Smith, le cois Alanis Morissette agus Alan Rickman, i láthair aici mar aíonna.
foilsiú an leabhair seo the publishing of this book
"foilsiú an leabhair seo tráthúil mar tá athbheochan iontach ar siúl sna cluichí Gaelacha i Learpholl faoi láthair agus tá an-suim ag na himreoirí óga i stair na heagraíochta sa tír seo.
Leabhar cumhachtach powerful book
" Leabhar cumhachtach atá sa saothar *Watching the Door*, ar cuimhní cinn ar a bhlianta i mBéal Feirste é.
leabhar book
" Caithfidh mé a admháil go mbeinnse féin den tuairim sin mura mbeadh a leabhar, *Watching the Door,* léite agam.
laghdaithe sna leabhair staire. reduced in the history books
" Déantar dearmad go príomha mar go bhfuil a ról - go caoithiúil - laghdaithe sna leabhair staire.
Bheadh díle leabhar míshlachtmhar ann, there would be loads, a flood, of untidy books
" An mbeadh aon duine ag rá leis an údar nach raibh an lámhscríbhinn réidh fós? An mbeadh aon duine ann le snas a chur ar an lámhscríbhinn sin? An mbeadh aon duine ag rá nach raibh an leabhar go maith ar chor ar bith?! Bheadh díle leabhar míshlachtmhar ann, lán botún agus cuma neamhghairmiúil orthu.
réimse na leabhar Gaeilge scope of Irish books
" Baineann réimse na leabhar Gaeilge le ficsean agus filíocht den chuid is mó.
leabhair staire history books
" Is fíor go mbíonn beathaisnéisí le fáil ach ní bhíonn, mar shampla, leabhair staire nó cnuasaigh aistí chomh coitianta sin – an cineál ábhair a chuireann Roy Foster nó Declan Kiberd ar fáil, cuir i gcás.
Leabhar dathannach beoga faoi chlúdach crua a colourful vibrant hardback book
" Leabhar dathannach beoga faoi chlúdach crua is ea *Aniar *a bhfuil dánta ó réanna éagsúla le fáil ann.
nach raibh an oiread sin leabhar neamhfhicsin that there weren't that many Irish language non-fiction books
" Ní luaithe mé ag gearán nach raibh an oiread sin leabhar neamhfhicsin ar fáil i nGaeilge agus seo chugam anois ceann eile – *Dúirt Bean Liom* (Coiscéim, €7.
go seolfar an leabhar that the book will be launched
" Fuair An Béaslaíoch: Beatha agus Saothar Phiarais Bhéaslaoi le Pádraig Ó Siadhail an chéad duais sa chomórtas "Léirmheastóireacht ar Fhiolíocht/Saothar Próis" ag an Oireachtas i gCathair na Mart anuraidh agus tá súil againn go seolfar an leabhar i Learpholl mar chuid den cheiliúradh i mbliana.
Tá Gaeilge na leabhar agam féin, I learned my Irish from books, ie not a native speaker
" Tá Gaeilge na leabhar agam féin, mar sin, ar an drochuair, níl Gaeilge ag an gcuid is mó de na daoine a bhfuil aithne agam orthu.
gur dheis a ligeadh le sruth a bhí sa leabhar that the book was a lost opportunity
" Ba é an rud a rith liom sa deireadh ná gur dheis a ligeadh le sruth a bhí sa leabhar – d’aimsigh Ní Dhuibhne an t-ábhar ceart, ach b’fhearr di aithris a dhéanamh ar Myles gonta ná Tolstoy foclach.
sleachta as an leabhar sin extracts from that book
" Tá Lunny ag léamh mhórshaothar Sheosaimh Mhic Grianna, *Mo Bhealach Féin*, faoi láthair agus tá sé beartaithe aige sleachta as an leabhar sin a fhí isteach sna píosaí ceoil atá á scríobh aige d’Fhéile an Earagail.
Ina chuid leabhar nua-Naitsíoch, in his Neo-Nazi books
" Ina chuid leabhar nua-Naitsíoch, maíonn Serrano go bhfuil Hitler ag fanacht san Antartach, agus go bhfillfidh sé gan mhoill leis an gcogadh deireanach a fhearadh ar fhórsaí an dorchadais – na Giúdaigh.
leabhar fantaisíochta fantasy book
" D’fhéadfaí neamhaird a thabhairt ar *An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín *toisc gur leabhar fantaisíochta do dhaoine óga é, ach tugann sé léargas grinn dúinn ar chúrsaí sóisialta, polaitíochta agus inscne in Éirinn sa lá atá inniu ann.
Leabhar na hUrnaí Coiteann The Book of Common Prayer
" Breatnach darbh ainm John Phillips a chuir Manainnis ar Leabhar na hUrnaí Coiteann i 1610.
Tarraingíodh siar an leabhar the book was withdrawn
" Tarraingíodh siar an leabhar go gairid i ndiaidh dó a bheith foilsithe sa Bhreatain sa bhliain 1993.
leabhair mhaithe good books
"leabhair mhaithe ar fáil a dhéanann cur síos ar na stáid éagsúla agus ar na tithe lóistín atá sna bailte éagsúla ar an mbealach.
leabhair nótaí notebooks
" Agus gailearaí an phobail lán de mo chairde sna léinte glasa le leabhair nótaí ina bpócaí agus déshúiligh thart ar a muineál, feictear dom go mbeidh dhá thaobh an tí ag vótáil ar son cibé bille a chuirfidh mé os a gcomhair.
Thabharfainn an leabhar I'd swear on the bible
" Thabharfainn an leabhar go gcuirfidh tú fós in áit na leathphingine mé, thíos ag bun an leathanaigh.
Leabhar Cheanannais the Bk. of Kells
" Ceaptar gur ann a scríobhadh Leabhar Cheanannais agus gur thug na manaigh leo é ar ais go Ceanannas Mór agus iad ag teitheadh roimh na Lochlannaigh.
léitheoireacht leabhair a book reader
" An Pholaitíocht SMM: An fear léitheoireacht leabhair thú? DÓS: Braitheann sé, uaireanta.
leabhar book
" Athcraoladh an tsárshraith raidió 'Glórtha ón Gorta' le Cathal Póirtéir (1997) an mhí seo caite, mí na Samhna, agus chuir na guthanna agus na scéaltaí a chuala mé ar an chlár, an leabhar *'Irish, Catholic and Scouse, The History of the Liverpool Irish 1800-1939*' le John Belcham (Ollscoil Learphoill, 2007) i gcuimhne dom.
leabhar na míosa the book of the month
" Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm againn fosta na baill a spreagadh le teacht le chéile uair sa mhí in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear leis an saothar a bheas mar leabhar na míosa a phlé.