Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
siocair nár cuireadh i bhfeidhm na treoirlínte a bhí leagtha síos because the guidelines that had been laid down were not implemented
" Rialaigh an chúirt go raibh an otharlann faillíoch siocair nár cuireadh i bhfeidhm na treoirlínte a bhí leagtha síos le dul i ngleic leis an ghalar.
a leagadh síos na rialacha that the rules were set down
" Tá díospóireacht ar siúl le blianta anuas mar gheall ar bhunús na peile Astrálaí, ach níl aon amhras ach gur in Victoria a imríodh an chéad chluiche riamh, agus ba in Melbourne a leagadh síos na rialacha den chéad uair.
ar leagadh rialacha síos dó for which rules were laid down
" Deir daoine áirithe nach raibh ann ach sacar, ar leagadh rialacha síos dó sa bhliain 1863 i Sasana.
go raibh droim láimhe á thabhairt do choinníollacha teanga a leag siad féin síos do thithe úra i nGaeltacht na Rinne. that language conditions laid down by themselves for new houses in the Ring Gaeltacht were being ignored.
" Go deimhin léiríonn cáipéisí inmheánacha de chuid na Comhairle Contae gur chuir sí in iúl d’fheidhmeannaigh ón rannóg pleanála i 2006 gur mheas sí go raibh droim láimhe á thabhairt do choinníollacha teanga a leag siad féin síos do thithe úra i nGaeltacht na Rinne.
leagfaí síos would be stipulated
" Seo é mo mholadh ina bhfuil dhá chuid: (i) sara gcuirfí deireadh le héigeantas na Gaeilge mar ábhar Ardteiste agus mar ábhar iontrála Ollscoile, go leagfaí síos go mbeadh dúbailt pointí san Ardteist le fáil as Gaeilge, Béarla agus Matamaitic agus (ii) go socrófaí go mbeadh 50% ar a laghad de na postanna sa gcóras poiblí á líonadh ag daoine atá inniúil ar an dá theanga agus a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh go paiteanta trí mheán na Gaeilge, ar an ábhar go bhfuil fíor-riachtanas ag an Stát riar mhaith daoine atá dátheangach a fhostú lena gcuid dualgais reachtúla a chomhlíonadh i dtaobh freastal ar an bpobal trí Ghaeilge.
leagtha síos set out
" Go minic sa lá atá inniu ann, mura bhfuil iomám ann a chinnteoidh go maraítear an chaora de réir na ndeasghnáth atá leagtha síos, bíonn ar fhear an tí é féin an íobairt a dhéanamh.
leagtha síos set out
" Bhí go leor daoine cáinteach fosta nach raibh spriocóg faoi leith leagtha síos don Ghaeltacht sa Dréachtstraitéis laistigh den 250,000 sin.
Leagann Pól síos Paul spells out
" Leagann Pól síos sa Tiomna Nua na tréithe atá de dhíth ar easpag nó ar shagart: ba chóir dó a bheith cumasach i gcúram teaghlaigh agus ba chóir dó a bheith monagamach.
leagtar síos is set down
" Is iad sin an clár a dhréachtaigh an Coiste Náisiúnta Frithbheartaíochta (Conseil National de la Résistance - coiste inar cuimsíodh na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla sa Fhrainc a chuir i gcoinne na Naitsithe) i Márta 1944 agus ina leagtar síos bunphrionsabail an stáit nua, agus Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe ar glacadh leis i 1948.
Leag mé sin síos I laid that down
" Leag mé sin síos mar bhunphrionsabal.
leagtha síos laid down
" Anuas ar sin, is léir go bhfuil na meáin úra ag feidhmiú lasmuigh den chomhthéacs eitice agus dlíthiúil atá leagtha síos do na meáin sheanbhunaithe le fada.
leagann síos spells out
" Bhí cruinniú déthaobhach ag Gillard le hUachtarán na hAfganastáine, Hamid Karzai, in Chicago freisin agus shínigh siad comhaontú straitéiseach comhpháirtíochta, a leagann síos bunús an chaidrimh a bheidh idir an dá thír tar éis aistarraingt na bhfórsaí Astrálacha.
inar leagadh síos was set out
" Chuir an tOmbudsman dréachtscéim 2009-11 faoi bhráid an Aire Éamon Ó Cuív i Nollaig 2008 inar leagadh síos na seirbhísí a chuirfeadh a Oifig ar fáil do chainteoirí Gaeilge mar aon leis na hacmhainní a chuirfí ar leataobh don chúram seo.
leag mé síos an guthán I put down the phone
" Bhí fear nach bhfaca mé roimhe sin ná ó shin ag fanacht liom ar an chosán abhus nuair a leag mé síos an guthán.
leagann síos na coinníollacha lays down the conditions
" Is é an tAcht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956 a leagann síos na coinníollacha a ghabhann le deonú saoránachta agus rinne an Breitheamh tagairt don chuid den Acht a deir gur “dá rogha féin amháin” a bhronnfaidh an tAire deimhniú eadóirseachta ar iarratasóirí.
inar leagadh síos which stipulated
" Tugadh an reachtaíocht isteach inar leagadh síos go bhfágfaí na teorainneacha mar a bhí, gan aon athrú.
leagtar síos spriocanna targets are set out
" I gcás na dornálaíochta, leagtar síos spriocanna (craobhacha a bhuachan) agus próisis agus an príomhphróiseas ná traenáil.
leag sí síos a fís uaillmhianach she mapped out an ambitious vision
" Ceapadh Robyn Archer, siamsóir mór le rá, ina stiúrthóir ealaíne ar an gcomóradh anuraidh agus leag sí síos a fís uaillmhianach don bhliain ag an am.
agus a leagfadh síos go soiléir and would clearly lay down
" Dá bhfaighfí réidh leis an Airteagal sin i reifreann bheadh saoirse ansin ag na polaiteoirí reachtaíocht cheart a shocrú a bheadh ag tíocht le riachtanas leighis na mban agus a leagfadh síos go soiléir céard iad na cásanna ina gceadófaí an ghin sa bhroinn a chur ó mhaith.
de réir na bhfoirmlí atá leagtha síos according to the formats set down
" Ciallaíonn sé sin go raibh deacrachtaí níos mó ag scoláirí an stíl ársa seo a rangú ó thaobh an cheoil de, agus go háirithe de réir na bhfoirmlí atá leagtha síos sa cheol Eorpach i gcoitinne.
leagtha síos mar bhunchoinníoll set down as a basic condition
" Ar an gcéad dul síos, beidh ar an nuachtán leagan clóite a chur ar fáil ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, fiú amháin muna bhfuil sin leagtha síos mar bhunchoinníoll ag an bhForas.
an oighearchlúid a leag síos ice-sheet which dropped (it
" Ó Ré Nua na Cloiche atá na hulacha moghlaeracha seo, agus mar sin, ó thaobh na staire de, níl siad róshean ar chor ar bith ! Tá uirlis, lámhdéanta as breochloich idir 300,000 agus 400,000 bliain roimh Chríost, b’fhéidir, in Ard-Iarsmalann na hÉireann, ach de réir lucht saineolais ansin snoíodh í in áit éigin eile agus ba é an oighearchlúid a leag síos ina dhiaidh sin í gar do chósta na hÉireann.
leagtha síos set down, spelled out
" Smaoinigh ar seo: ní éiríonn le státchóras na hÉireann ach beagán de na doiciméidí dlithiúla ón tír seo a aistriú go Gaeilge, cé gurb í an Ghaeilge ‘an phríomhtheanga oifigiúil’ de réir Alt 8 den Bhunreacht agus cé go bhfuil sé leagtha síos in Alt 25.
nár éirigh leis na spriocanna a leagadh síos that the aims set out weren’t achieved
" Bhí a chruthúntas nár éirigh leis na spriocanna a leagadh síos nuair a cuireadh deireadh leis an Ghaeilge éigeantach le feiceáil in dhá chás cúirte a tionscnaíodh i 2010 inar tugadh cúiteamh airgid do bheirt iarrthóirí siocair nár cuireadh marcanna breise dá gcumas i mBéarla agus i nGaeilge san áireamh agus iad i mbun comórtais inmheánacha.
a leagfadh síos dúshraith don tsíocháin which would lay down the foundations of peace
" Ar feadh tamaill, bhí an chuma ar an scéal go raibh ollghluaisceacht ag dul a fhás as an tubaiste a leagfadh síos dúshraith don tsíocháin agus mná á stiúradh.