Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Sraith na Seaimpíní The Champions League
" B'fhéidir nach bhfuil chuile shraith san Eoraip láidir, ach tá tíortha "beaga" eile in ann clubanna a chur chomh fada le Sraith na Seaimpíní agus Corn an UEFA, gan iad féin a náiriú.
cluiche sraithe league game
" Bhuadar gach cluiche sraithe (Roinn 2) agus bhí buanna ar Chorcaigh agus ar Phort Láirge ina measc.
an tSraith Náisiúnta the National League
" Cé nach bhfuil an tSraith Náisiúnta ach díreach i ndiaidh tosú, is ar na comórtais chraoibhe is mó a bheidh aird daoine dírithe, go mórmhór ó Lá Fhéile Pádraig amach.
an tSraith Cheilteach the Celtic League
" Bíonn comórtas na gclub agus na sraitheanna náisiúnta peile agus iomána á gcraoladh beo ar TG4 agus craoltar an tSraith Cheilteach sa rugbaí.
mhionchoirpeach minor league hood
" I 1984, bhí páirt aige mar mhionchoirpeach a bhí féachaint le dul chun cinn a dhéanamh, sa scannán *The Pope of Greenwich Village.
i Sraith na Seaimpíní in the Champions League
Conradh na Talún the Land League
" Dála go leor acu siúd a bhí gníomhach i gConradh na Talún, níl taithí ag an chúigear fear Gaeltachta seo ar bheith ag sárú an dlí.
ar bharr na sraithe Eorpaí on top of the European league
" Meastar go n-ardóidh an figiúir seo go €16,000 faoin bhliain 2008 agus tá Banc Ceannais na hÉireann ag tuar gur gearr go mbeidh muid ar bharr na sraithe Eorpaí don chóimheas seo.
Sraith na Seaimpíní the Champions League
" Dar leis fosta gur “móimint uafásach” ina shaol a bhí ann gan a bheith ar an fhoireann nuair a bhain Liverpool FC Sraith na Seaimpíní anuraidh.
sraitheanna na dtorthaí scrúduithe the exam results league tables
" Tá céimeanna dalba glactha aici i dtaca le trédhearcacht bíodh is go bhfuil cuid acu conspóideach go leor, ar nós fhoilsiú thuarascálacha cigireachta na scoileanna agus sraitheanna na dtorthaí scrúduithe.
i gcraobhchomórtas an tsraithchomórtais in the league championship
" Críochnóidh an tsraith, agus b’fhéidir an séasúr iomlán, má theipeann ar na Jackals an ceann is fearr a fháil ar Nashua, agus áit a fháil i gcraobhchomórtas an tsraithchomórtais dá bharr.
sraithchomórtais áitiúla local leagues
" Tugann seo le fios, ar ndóigh, go raibh an cluiche ann i bhfad sula raibh Abner Doubleday ar an saol, agus táthar in amhras anois go raibh baint ar bith ag an uasal Doubleday leis an gcluiche! Cé acu in Éirinn, Sasana nó Meiriceá a thosaigh an chluiche, ámh, níl argóint ar bith ach go raibh an cluiche á imirt go fairsing ar fud Shasana Nua ó na 1850í amach ar bhonn foirmeálta, le rialacha dochta agus sraithchomórtais áitiúla.
a úsáidtear mar shraithchomórtais traenála which are used as training leagues
" Leibhéal AAA, atá gar go maith do na *Major Leagues*; AA, a fheictear i gcathracha réigiúnda agus a athraíonn a fhoirne go minic; agus A, a úsáidtear mar shraithchomórtais traenála.
sna sraithchomórtais shinsearacha in the senior leagues
" Má chosnaíonn sé corradh agus $100 (ticéad, taisteal agus bia san áireamh) chun áit a fháil i cúlsraith dheireanach na suíochán i Yankee Stadium, cad chuige nach n-íocfá $25 ar shuíochán atá tríocha slat ón slacaí i staid *Minor League*? Ar ndóigh, níl caighdeán na himeartha sna *Minor Leagues* leath chomh maith is atá sé sna sraithchomórtais shinsearacha, ach d’fhéadfá breathnú air sin mar bhuntáiste.
an sraithchomórtas sacair is fearr agus is spéisiúla the best and most interesting league
" Ar chuma ar bith, nach í Príomhroinn Shasana an sraithchomórtas sacair is fearr agus is spéisiúla ar domhan? Nó an ea? Is cinnte go bhfuil aird mhuintir na hÉireann, chomh fada is a bhaineann le cúrsaí sacair ar aon nós, dírithe ar fad, beagnach, ar imeachtaí na Príomhroinne sin.
sraitheanna cearta náisiúnta proper national leagues
" Má tá siad dáiríre faoi, aithneoidh na húdaráis an fhadhb agus tuigfidh siad agus géillfidh siad go mba chóir go mbeadh Sraith nó Príomhroinn Eorpach ann do na clubanna ar fud na hEorpa atá an-saibhir agus sraitheanna cearta náisiúnta a thabharfaidh sásamh agus dóchas don lucht leanta.
an sraithchomórtas idirchontae the inter-county league
" Ba ghá an sraithchomórtas idirchontae a ghiorrú agus an craobhchomórtas a fháisceadh isteach i dtréimhse níos giorra chun go mbeadh deis níos fearr ag na clubanna a gcuid comórtas a rith.
den tSraith Shóisearach, of the Junior League,
" Taca an ama a thosaigh mé féin ag imirt leis na daoine fásta i gCumann Báire Chaoimhín, bhíomar i Roinn C den tSraith Shóisearach, agus cé nach raibh caighdeán iománaíochta an-ard againn, bhí scata leaideanna óga ag teacht chun cinn le chéile.
gnáthchluichí an tsraithchomórtais the regular league games
" Tosaíonn séasúr na peile i mí Lúnasa agus leanann gnáthchluichí an tsraithchomórtais ar aghaidh go dtí mí na Nollag.
dhá shraithchomórtas two leagues
" Faoi na seascaidí bhí dhá shraithchomórtas ag imirt ar bhonn náisiúnta – an National Football League (NFL) agus an American Football League (AFL).
cluiche den tsraith náisiúnta an tráth seo den bhliain a national league game this time of year
" De ghnáth, ní tharraingíonn cluiche den tsraith náisiúnta an tráth seo den bhliain ach slua measartha i gcodarsnacht le cluiche sa chraobhchomórtas i lár an tsamhraidh, ach ar an ócáid áirithe seo tháinig lucht leanúna na *Dubs* agus Thír Eoghain ina mílte, móide dream mór neodrach (mar a thugtar orthu) don ócáid speisialta, is é sin lasadh oifigiúil thuilsoilse nua Pháirc an Chrócaigh agus an chéad chluiche faoi shoilse sa staid stairiúil sin.
comórtas sraithe league competition
" Bhí an comórtas sraithe níos oscailte ná mar a bhí sé le fada mar tá cluiche nó dhó buaite agus caillte ag gach foireann.
den tSraith Náisiúnta Pheile of the National Football League
" D’oibrigh plean Uí Ifearnáin agus as Roinn 2 den tSraith Náisiúnta Pheile bhuaigh Áth Cliath Craobh Laighean agus Craobh na hÉireann i 1974.
sa tsraith in the league
" D’éirigh le The Pumas an 6ú háit a bhaint amach sa tsraith agus ba é Liam príomhscórálaí na foirne an séasúr seo.
ag buachaint coirn nó craoibhe nó rása mhóir. winning a cup or league or big race.
" An chéad uair ar éirigh lena gcontae Craobh na hÉireann a bhuachaint, mar shampla, nó duine aonair ag buachaint coirn nó craoibhe nó rása mhóir.
bunaíodh sraithchomórtas idir na seanollscoileanna, a league was established between the old universities,
" Leath an cluiche amach ó na hollscoileanna mór le rá ar an gcósta thoir, agus roimh i bhfad, bunaíodh sraithchomórtas idir na seanollscoileanna, ar a tugadh The Ivy League.
dhá shraithchomórtas ollscoile déag twelve university leagues
" Mar chomparáid, ní féidir ach le 82,000 duine a bheith i bPáirc an Chrócaigh agus 90,000 i Staid Wembley! Tá dhá shraithchomórtas ollscoile déag ar leith sna Stáit Aontaithe, agus cothrom is deich mball i ngach ceann, gan trácht ar scór nó dhó sraithchomórtas beag idir na coláistí agus ollscoileanna beaga timpeall na tíre.
lasmuigh den sraithchomórtas. outside the league.
" De ghnáth, tosaíonn na foirne mór le rá le cluiche éasca nó dhó, in aghaidh foirne lasmuigh den sraithchomórtas.
i gcluiche de chuid an tsraithchomórtais. in a league game
" Bhí na peileadóirí ag imirt ar an lá céanna i gcluiche de chuid an tsraithchomórtais.
i mbunú an Chonartha, in the founding of the League,
" Bhí páirt mhór ag Moon i mbunú an Chonartha, i dteannta le Kodama, Sasakawa, agus deachtóirí na Cóiré Theas agus na Téaváine.
Conradh Frith-Chumannach Domhanda World Anti-Communist League
" Sa bhliain 1966, cuireadh Conradh Frith-Chumannach Domhanda ar bun.
ar bharr Shliabh Liag at the top of Slieve League
" “Tá muid ar imeall an domhain!” a dúirt Anna Rudycheva, iníon léinn ón Rúis, agus í ina suí go sona sásta ar bharr Shliabh Liag, ag amharc amach trasna an Aigéin Atlantaigh.
tSraith Náisiúnta National League
" Bhuaigh sé ocht mbonn sinsir Uile-Éireann, dhá bhonn mionúir Uile-Éireann, naoi mbonn sinsearach i gCraobhchomórtas na Mumhan, ceithre bhonn sa tSraith Náisiúnta, trí bhonn déag i gCraobhchomórtas Chontae Chorcaí le Ruagairí an Ghleanna agus ocht mbonn déag i gCorn an Bhóthair Iarainn leis an Mumhain.
príomhroinn premier league
" Is é Serie A príomhroinn sacair na hIodáile, agus is cosúil go bhfuil cuid mhór de lucht leanúna na sraithe sin ar mire cheart faoi chaighdeán na réiteoireachta, nó an easpa caighdeáin is cirte a rá.
lucht leanúna na sraithe league supporters
" Is é Serie A príomhroinn sacair na hIodáile, agus is cosúil go bhfuil cuid mhór de lucht leanúna na sraithe sin ar mire cheart faoi chaighdeán na réiteoireachta, nó an easpa caighdeáin is cirte a rá.
sraithe league
" Maidir le tuairim Bhabs, ní thagaim leis ar fad toisc nach bhfaca mé féin riamh foireann as Cill Chainnigh, foireann scoile ná faoi aois, sinsear na sóisear, nach raibh ar a míle dícheall chun cluiche a bhuachan, bíodh sé ina chluiche sraithe, craoibhe nó eile.
sraithchomórtas league competition
" Tá léasadh tugtha acu do Thiobraid Árann agus do Chorcaigh, agus seachas i gcoinne Phort Láirge sa dara cluiche, níl aon chluiche caillte acu sa sraithchomórtas, cé go ndeachaigh Luimneach agus Áth Cliath gar dó sin a dhéanamh.
le linn na sraithe during the league
" Maidir le foireann Átha Cliath, tá údar ag Antaine Ó Dálaigh an bainisteoir, a fhoireann agus na himreoirí, a bheith sásta go leor lena gcuid iarrachtaí le linn na sraithe.
tsraith Náisiúnta national league
" Chríochnaigh siad sa cheathrú háit ar seacht bpointe faoi dheireadh na sraithe, agus murach cúpla botún bunúsach ag an mbeirt chúl báire i gcoinne Luimnigh agus i gcoinne Thiobraid Árann, d’fhéadfadh sé go mbeidís sa chluiche ceannais den tsraith Náisiúnta i gcoinne Chill Chainnigh.
bPríomhshraith Premire League
" Déanaim iontas dhó i gcónaí, nuair a bhím ag breathnú ar chluiche sacair ar an teilifís, a sciliúla is atá na himreoirí i bPríomhshraith Shasana: cumasach ag smachtú na liathróide agus an-chruinn sa seachadadh.
Phríomhshraith Premier League
" Tabharfaidh mé go cluiche iad nuair a bheas siad níos sine, le go mbeidh siad in ann an t-atmasfaer beo ag cluiche den Phríomhshraith a bhlaiseadh agus le go mbeidh siad in ann a chuid laochra a fheiscint ag imirt.
Daorchluiche Major League
" Ise a chuir deireadh le stailc ollmhór na n-imreoirí Daorchluiche 1995 a chuir an cluiche ar fionraí ar feadh bliana.
Léig Frith-Clúmhilleadh Anti-Defamation League
" Oifigeach de chuid an Léig Frith-Clúmhilleadh (ADL) a bhí ann.
sraith na hAlban the Scottish League
" Bhain Rangers sraith na hAlban an la sin i ndiaidh iad Dundee United a bhualadh agus Celtic cluiche cothrom a imirt in éadan Hearts agus ba leor sin mar leithscéal ionsaí a dhéanamh ar cheantar Caitliceach.
sraithe league
" Is fada an lá ó bhuaigh Áth Cliath dhá chluiche sa chraobhchomórtas sinsearach, gur cháiligh siad do chluiche ceannais Laighean, gur thugadar dóthain agus breis le déanamh do Chill Chainnigh i gcluichí sraithe agus craoibhe, agus go raibh de mhí-ádh orthu cailliúint i gcoinne Luimnigh i gcluiche ceathrú Ceannais na hÉireann.
sraithe league
" Is iad na cluichí peile a imrítear go proifisiúnta abhus ná an pheil Astrálach, an rugbaí, rugbaí sraithe agus an sacar.
tsraith league
" Fuarthas amach ansin go raibh clubanna iomána sa Bhruiséil, sa Háig, i Lucsamburg agus in Zurich agus cuireadh tús leis an tsraith Eorpach.
tsraith league
" Tá Verón ar dhuine de chúigear imreoirí a roghnaíodh atá i mbun a gceirde i dtír dhúchais an bhainisteora agus is léir nach míbhuntáiste é bheith ag imirt sa tsraith seo de réir dhearcadh Maradona.
tSraith league
" Mar shampla, ba iad Corcaigh rogha na coitiantachta i mbliana i gcoinne Chiarraí, rogha a bhí bunaithe ar bhua Chorcaí sa tSraith Náisiúnta peile.
tSraith league
" D’fhoilsigh siad an chéad chlár cluiche i 1885 agus bhunaigh siad An tSraith Sacair in éineacht le 11 foireann eile trí bliana dár gcionn.
gceannasaíocht lead, league
" Agus dea-nuacht do thomhaltóirí Mhinnesota - seans maith go mbainfidh an Mall of America an chéad áit amach arís i gceannasaíocht na siopalainne - táthar ag beartú ‘Mall of America - Céim a Dó.
sraithe league
" Bhí iarracht an-mhór déanta ag na himreoirí an bhliain roimhe sin ó thaobh traenála agus d’éirigh leo an comórtas craoibhe agus an comórtas sraithe araon a bhuachain.
bPríomhroinn premier league
" B’amhlaidh an cás d’Imogen Thomas (iar-*Miss Wales* agus iomaitheoir ins an chlár *Big Brother*) a raibh caidreamh gnéis aici ar feadh sí mhí le peileadóir pósta a bhíonn ag imirt i bPríomhroinn Shasana.
Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh Ulster Solemn League and Covenant
" Pléifidh mé an Titanic am éigin feasta, ach is é an cuimhneachán polaitiúil is mó a bheas ar siúl i mbliana, 2012, ná Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh caipéis a shínígh ceathrú milliúin duine ar an 28ú Meán Fómhair 1912 inar thug géillsinigh seo Sheoirse V móid go seasfadh siad taobh le taobh lena chéile agus “an ghéarchéim” faoi Pharlaimint Riail Dúchais a bhunú in Éirinn a fhuascailt.
Sraith na gCuradh the Champions League
" Bhí cloiste agam ar éachtaí fhoireann sacair na cathrach, Deportivo, faoi mar a bhí ag mórán Éireannach ón uair a chloígh siad Síol Broin cróga Bhleá Cliath i Sraith na gCuradh i 2004.
bun na sraithe bottom of the league
" Labhair mé leis tar éis an chluiche in aghaidh Manchain Aontaithe ag *Ewood Park*, nuair a chaill Rovers 0-2 agus thit siad isteach sa limistéar baolach, is é sin i measc ceithre fhoireann bun na sraithe.
i gcluiche sa tsraith náisiúnta peile in a national league football game
" Cuireadh i leith pheileadóra de chuid Átha Cliath gur bhain sé sclamh as imreoir de chuid Dhún na nGall i gcluiche sa tsraith náisiúnta peile.
sraith a bhunú faoi scáth start a league under the auspices of
" Is féidir le duine ar bith sraith a bhunú faoi scáth Fantasy Premier League agus cuireadh a thabhairt do dhaoine eile tíocht isteach ar an tsraith leat.
bheith ina gcuraidh sraithe ar to be league champions
" An bua a shantaigh siad agus nach raibh acu ó 1967, bheith ina gcuraidh sraithe ar Shasana, bhí sé ar iarraidh.
den tSraith Peile of the Football League
" Cuireadh leagan nua den tSraith Peile ar bun, Sraith na Príomhroinne (FA Premier League) nó An Phríomhroinn mar is fearr aithne uirthi, agus ba iad Manchester United na céad bhuaiteoirí den tsraith nua.
Sraith na Príomhroinne FA Premier League
" Cuireadh leagan nua den tSraith Peile ar bun, Sraith na Príomhroinne (FA Premier League) nó An Phríomhroinn mar is fearr aithne uirthi, agus ba iad Manchester United na céad bhuaiteoirí den tsraith nua.
iliomad craobhacha, idir chraobhacha sraithe innumerable championships, leagues
" Ré ab ea í a mhair ar feadh trí bliana déag nó mar sin inar bhuaigh iománaithe Chill Chainnigh iliomad craobhacha, idir chraobhacha sraithe, chraobhacha Laighean agus chraobhacha na hÉireann.
formhór a gcuid cluichí sraithe agus craoibhe most of their league and championship games
" Tá cuma na maitheasa ar fhoireann peile Átha Cliath agus formhór a gcuid cluichí sraithe agus craoibhe go dtí seo i mbliana buaite acu gan stró.
an tsraith chruicéid the cricket league
" Déanann an ‘*barmy army*’ ionradh lách ar an Astráil gach uair a bhíonn an tsraith chruicéid idir an Astráil agus Sasana ar siúl abhus.
Sraith na hÉireann IF League
" D’oibrigh sé roimhe sin mar fhisteiripeoir, scríobh sé colún nuachtáin ar chúrsaí spóirt, agus d’imir sé sacar i Sraith na hÉireann.
sa phríomhroinn in the premier league
" Bíonn ticéid sa phríomhroinn ag col ceathar le mo bhean do gach cluiche baile, ticéid a mbíonn $600 an ceann mar phraghas orthu! Bhí muid ag breathnú ar an gcluiche sa teach ar scáileán mór agus lean sé ar aghaidh ar feadh achar fada.
bhuadar an tsraith they won the league
" **Colm: Cén chaoi ar éirigh libh?** Aodán: “Chuidigh sé linn gur éirigh go maith leis na peileadóirí in 2012 – bhuadar an tsraith agus Corn Uí Bhroin.
sa tsraith in the league
" Chríochnaíomar sa séú háit sa tsraith”.
an tSraith Sacair the soccer league
" Is é sin, an Corn FA agus an tSraith Sacair, éacht nach bhfuil bainte amach ag foireann ar bith eile ó shin.
cluiche sraithe league games
" Bíonn corrchluiche dúshláin ag tús na bliana, agus cúpla cluiche sraithe i mí Aibreáin, cúpla cluiche craobhchomórtais i mí na Bealtaine agus sin a dheireadh go dtí an dara leath de Lúnasa ar a luaithe.
bpríomh-shraithchomórtas sacair na hAstráile Australia's premier soccer league competition
" Is ar éigean má tá éinne ionchurtha leis i bpríomh-shraithchomórtas sacair na hAstráile.
an tSraithchomórtais of the league
" Chomáin Wanderers orthu agus bhaineadar sméar mullaigh an tSraithchomórtais anuraidh.
gar do bhun na sraithe near the bottom of the league
" Os a choinne sin, tá páistí Éireannacha atá ina gcónaí sa Bhreatain gar do bhun na sraithe.
Maíonn an Conradh the League claims
" Cén fáth go mbeadh muid ag iarraidh ‘na cáipéisí dlíthiúla ar fad’ a bhaineann leis an AE a bheith aistrithe go Gaeilge? Cé léifeadh na cáipéisí céanna? Státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath, gan ach codán an-íseal acu inniúil ar an nGaeilge? Postanna do na Gaeilgeoirí sa mBruiséil =============== Maíonn an Conradh go mbeadh ar Choimisiún na hEorpa ‘103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí, 42 rúnaí agus 6 ceann aonaid’ breise a earcú le dul ag obair leis an Aontas Eorpach, dá dtabharfaí an stádas iomlán oifigiúil don Ghaeilge, gan aon mhaolú.
dá bhfíorófaí mianta an Chonartha were the league’s wishes to be realized
" Ní féidir cur amú airgid poiblí agus cur amú cumais daoine a chosaint, agus sin a bheadh ann, dá bhfíorófaí mianta an Chonartha.
Craobh na Sraithe the league final
" Cad í an fhianaise? Más ea, torthaí ar an gcéad dul síos: trí chraobh buaite in 2013 - Craobh na Sraithe Náisiúnta, Craobh Laighean agus Craobh na hÉireann, agus Craobh na Sraithe curtha i dtaisce cheana féin i mbliana.
cluichí sraithe league games
" Sílim nach ionann an cineál lucht féachana, agus dá bhrí sin an t-atmaisféar, a bhíonn ag cluichí Chorn an Domhain agus a macasamhail ag cluichí sraithe Phríomhroinn Shasana nó Sraith na gCuradh san Eoraip nó a leithéidí sin.
Sraith na gCuradh the champions’ league
" Sílim nach ionann an cineál lucht féachana, agus dá bhrí sin an t-atmaisféar, a bhíonn ag cluichí Chorn an Domhain agus a macasamhail ag cluichí sraithe Phríomhroinn Shasana nó Sraith na gCuradh san Eoraip nó a leithéidí sin.
cóir ghaoithe ag feachtas the (League’s) campaign was gaining strength
" ”* Naimhdeas na hEaglaise ========== Le tacaíocht an United Ireland League, bhí cóir ghaoithe ag feachtas an Chonartha.
i Sraith Eircom in the Eircom league
" Tá rath ar roinnt foirne i Sraith Eircom ó thaobh airgid de ach tá gá go fóill le pleanáil fhadtéarmach, dar le hEmmet Ó Riain.
Phríomhshraith premier league
" Bhí Donncha Ó hÉallaithe ag a chéad chluiche sacair i Sasana le gairid - cluiche sa Phríomhshraith idir *Arsenal* agus *Manchester City*.
an príomhshraith premier league
" Le beagán de bhlianta anuas leanann Donncha Ó hÉallaithe an príomhshraith sacair i Sasana.
chun tosaithe foirne uile na Príomhshraithe leading all the premier league teams
" Dar le Colm Mac Séalaigh, ba é diongbháilteacht Mhic Fhearghusa an ghné a chinn go mbeadh blianta fada glórmhara ag Manchúin Aontaithe chun tosaithe foirne uile na Príomhshraithe.