Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leasuithe amendments
" Áit na Gaeilge i reachtaíocht na tíre á cinntiú trí leasuithe a mholadh ar Achtanna an Oireachtais agus iad ina mBillí, mar shampla leasuithe suntasacha faighte ar an reachtaíocht seo a leanas: An tAcht um Phleanáil agus Forbairt 2000 An tAcht Oideachais 1998 Acht na nOllscoileanna 1997 Bille na Leanaí 1999 An Bille Rialtais Áitiúil 2000 Acht Sheirbhís na gCúirteanna An Bille Meabhairshláinte 2000 Ar an obair eile atá ar siúl nó a bhfuil ról lárnach ag an gComhdháil inti tá: Glór na nGael Gaillimh le Gaeilge Cúrsaí Oideachais Coistí Rialtais agus Ranna 7.
leasuithe changes
" " Deir sé go bhfuil gá le leasuithe sa tslí ina ritear na comhlachtaí stáit, gur cheart go mbeadh níos mó daonlathais i gceist agus go gcaithfí níos fearr leis na hoibrithe.
leasuithe a chur i gcrích bring about changes
" Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine, agus cabhraíonn an obair dheonach le daoine scileanna nua a fhorbairt, a bheith níos féinmhuiníní, agus leasuithe a chur i gcrích ina bpobal féin.
ag baint amach leasuithe achieving reforms
" Nach bhfuil cosúlacht ann idir an eachtra sin agus na rudaí a tharla ar na mallaibh? Tharla an rud céanna ó 1920 go 1922, nuair a bhí rath ar an chúis phoblachtánach sa deisceart, agus arís ag deireadh na 1960í, nuair a bhí gluaiseacht na gceart sibhialta ag baint amach leasuithe.
an Cúigiú Leasú Bunreachta the Fifth Amendment
" Ghlac oifigigh eile an Cúigiú Leasú Bunreachta in aghaidh féinchiontaithe agus dhiúltaigh siad ceisteanna a fhreagairt.
a rinne na leasuithe a dhréachtú who drafted the reforms
" I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí an t-oideachasóir Giuseppe Bertagna, duine den dream a rinne na leasuithe a dhréachtú.
leasú a dhéanamh ar an lúb ar lár seo sa bhunreacht to amend this flaw in the constitution
" Tá rialtais faoi bhrú ó shin leasú a dhéanamh ar an lúb ar lár seo sa bhunreacht le daingniú a dhéanamh ar dhlí na tíre ionas nach mbeadh aon cheist faoi ghinmhilleadh de chinéal ar bith a bheith ar fáil ach i gcásanna ar leith.
a leasú to reform
" Tá siad siúd ar mian leo an eaglais a leasú ag rá arís go bhfuil sé in am deireadh a chur le riail na haontumhachta.
leasuithe reforms
" Tharla sé seo agus VOTF - grúpa de Chaitlicigh chráifeacha atá ag brústocaireacht ar son leasuithe atá, dar le go leor, measartha - ar tí cúpla caibidil nua a oscailt i mBrooklyn agus Queens.
ceangailte le leasú ar na dlíthe leabhail tied to the amendment of the lible laws
" Tá lucht na meán sa tír seo le fada in aghaidh dlí nua chun príobháideacht an duine a chosaint a bheith ceangailte le leasú ar na dlíthe leabhail.
leasuithe reforms
" Dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt, Paul Murphy, nach raibh sé cinnte gur seo an t-am ceart leis na leasuithe seo a thabhairt isteach, de bharr nach bhfuil gníomh ar bith curtha i gcrích ag an IRA.
le leasú to be amended
" Tá rialachán Eorpach dar teideal "Teilifís Gan Teorainn" le leasú uaidh seo go 2004 agus is ar an réiteach don leasú seo is mó a bhfuil aird na bhfógróirí dírithe.
leasuithe reforms
" leasuithe ======= Tá leasuithe ag dul ar aghaidh ag baint le póilíneacht, dímhíleatú agus an clár cothromaíochta, mar a thugtar air, a mbeidh náisiúnaithe sásta leo.
a leasú to amend
" Sin an chúis atá aige chun an fhoráil a leasú agus tréimhse ama níos faide ná cúig bliana a thabhairt isteach.
leasuithe i gcúrsaí póilíneachta policing reforms
" Comhghéilleadh stairiúil ======= Meabhróidh poblachtánaigh duit gur chuir an Trimbleach in éadan chóir a bheith gach gné de chur i gcrích an Chomhaontaithe, Weston Park, leasuithe i gcúrsaí póilíneachta, etc.
leasú repeal
" Tá rudaí ag athrú de réir a chéile, ach go dtí go ndéanfar leasú ar na dlíthe frith-cheardchumainn, beidh go leor deacrachtaí le sárú againne sna ceardchumainn.
é a leasú to amend it
" Tá 45% den tuairim nár mhiste é a leasú beagán fós agus gan ach 10% atá sásta leis mar atá sé.
seachas leasú bunreachtúil instead of a constitutional amendment
" Is cinnte go scoiltfeadh reifreann ar an cheist pobal an stáit seo agus tá an ceart acu siúd a mholann díriú ar reachtaíocht nua seachas leasú bunreachtúil.
leasú amendment
" Más rómhall a bhí leasú dhlíthe leabhail an stáit seo don iris *Magill*, d'fhéadfadh fós an leasú atá i ndán don stát borradh a chur faoin iriseoireacht fhiosraitheach, ach, chomh héasca céanna, d'fhéadfadh an chomhairle preas mar atá sí á beartú ag an rialtas a chinntiú nach bhfeicfí leithéidí *Magill* riamh arís.
a leasú to reform
" Má éiríonn linn dlíthe inimirce Mheiriceá a leasú, mar aon le cóid leithreas Nua-Eabhrac, b'fhéidir nach mbeidh 2004 ródhona mar bhliain ar chor ar bith.
leasú repeal
" Tá cuid de na Gaeil is fadradharcaí in Éirinn le fáil san eagraíocht, fiú ina measc siúd atá i gcoinne aon leasú a dhéanamh ar Riail 42.
an Bunreacht a leasú to amend the constitution
" Leis an fheachtas reifrinn atá ar siúl acu tá siad ag iarraidh an Bunreacht a leasú chun muintir na n-ainmneacha aisteacha éagoiteanna iasachta a choinneáil amach as an tír.
leasuithe bréagnaitheacha contradictory amendments
" Níl aon ghá leis an reifreann seo, ach amháin más mian linn leasuithe bréagnaitheacha a dhéanamh ar an Bhunreacht, drochthionchar a imirt ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus cur ar chumas daoine áirithe vótaí lucht ciníochais na tíre a fháil.
Leasú Pósta Feidearálach Federal Marriage Amendment
" In áit féachaint air seo mar cheist ar cheart do dhaoine cead a bheith acu a rogha féin a dhéanamh mar gheall uirthi, thug an tUachtarán Bush isteach an Leasú Pósta Feidearálach, dlí a chuirfeadh cosc ar lánúineacha aonghnéasascha pósadh.
a leasú to reform
" Ba chóir don rialtas an dlí seo a leasú agus cead a thabhairt do pháistí a bheith ansin - i rith na laethanta saoire scoile ar aon nós.
leasú ar chóras na gceadúnas repeal of the licence system
" Baineadh amach cuid de na haidhmeanna a bhí ag na mianadóirí go gairid ina dhiaidh sin, ina measc leasú ar chóras na gceadúnas agus ionadaíocht parlaiminte.
leasú fertilizer
" Roimhe sin úsáideadh mar leasú í.
leasuithe reforms
" Ach ní léir go bhfuil aon leasuithe i ndán don chóras lochtach a chothaigh an fhadhb seo sa chéad dul síos.
leasú amendment
" Is ar an ábhar sin gur chuir an NRA agus Comhairle Contae na Mí achainí faoin leasú ar Acht na Seadchomharthaí Náisiúnta faoi bhráid an Aire Comhshaoil nua-cheaptha, Dick Roche, ar an 20 Samhain 2004.
leasuithe drámatúla dramatic reforms
" Ina measc, tá na leasuithe drámatúla a rinneadh ar na dlíthe inimirce tar éis 9/11 agus an saibhreas nua atá le fáil in Éirinn na laethanta seo.
leasuithe reforms
" Ina measc, tá na leasuithe drámatúla a rinneadh ar na dlíthe inimirce tar éis 9/11 agus an saibhreas nua atá le fáil in Éirinn na laethanta seo.
leasú repeal
" Is é cuspóir an bhille seo leasú a dhéanamh ar an reacht féinrialach Bascach chun Saorstát Bascach a bhunú a bheadh ceangailte le Stát na Spáinne.
a leasú to amend
" Mura n-aontaíonn léitheoirí le rud éigin atá scríofa, níl le déanamh acu ach an cnaipe "*edit*" a bhrú agus é a leasú.
a leasú to repeal
" Ach tá sin thart anois agus b’in an t-údar, dar liom, a bhí ag cuid mhaith de na baill a vótáil le Riail 42 a chur ar ceal nó a leasú.
leasú reform
" Lena chois sin, déanfar leasú ar na dlíthe chlúmhillte a bhéarfaidh cosaint do na meáin as corrmheancóg bheag a déanamh agus iad ag fiosrú scéalta móra atá go mór ar leas an phobail.
an córas a leasú to reform the system
" Ach is léir gur bac mór é an MRSA ar phleananna an Aire Sláinte, Mary Harney, an córas a leasú.
a leasú to reform
" An curaclam a leasú ======= Nior chuir an tAire Hanafin, ar iarmhúinteoir Gaeilge í féin, aon am amú ag labhairt amach i gcoinne mholadh Enda Kenny nach mbeadh an Ghaeilge éigeantach níos mó sa churaclam meánscoile.
leasú repeal
" Tá conspóid iontach mór i saol polaitiúil na Spáinne i láthair na huaire, ós rud é go bhfuil an Pharlaimint sa Chatalóin i ndiaidh leasú a dhéanamh ar reacht féinrialtais na Catalóine.
a leasú to reform
" An curaclam a leasú ======= Nior chuir an tAire Hanafin, ar iarmhúinteoir Gaeilge í féin, aon am amú ag labhairt amach i gcoinne mholadh Enda Kenny nach mbeadh an Ghaeilge éigeantach níos mó sa churaclam meánscoile.
leasú change, amendment
" Rinne an comhrialtas a toghadh in 2007 an chéad leasú ar an Transport21, agus ar ndóigh ba é an comhrialtas a raibh an chéad Taoiseach Glas i gceannas air, a toghadh mar iarmhairt ar ghéarchéim na hola i 2010, a rinne na leasuithe ba mhó.
leasú repeal
" Tá conspóid iontach mór i saol polaitiúil na Spáinne i láthair na huaire, ós rud é go bhfuil an Pharlaimint sa Chatalóin i ndiaidh leasú a dhéanamh ar reacht féinrialtais na Catalóine.
an córas parlaiminte féin a leasú to reform the parliamentary system itself
" Deir Harper go bhfuil faoi an córas parlaiminte féin a leasú: má fhéachann sé le hionadaíocht chionmhar a thabhairt isteach, seasfaidh an NDP leis.
leasú repeal
" Tá conspóid iontach mór i saol polaitiúil na Spáinne i láthair na huaire, ós rud é go bhfuil an Pharlaimint sa Chatalóin i ndiaidh leasú a dhéanamh ar reacht féinrialtais na Catalóine.
é a leasú to reform it
" Má tá locht ar an chóras, ba cheart iarracht a dhéanamh é a leasú in áit an milleán a chur ar an ábhar.
leasuithe amendments
" Ach is constaicí iad cuid de na leasuithe atá tagtha ar an Acht le déanaí ar an oscailteacht seo.
a leasú to amend
" Leoga, tá brú ar an rialtas a chuid pleananna a leasú nó a chaitheamh i dtraipisí.
leasú radacach radical reform
" An mhí seo caite, dúirt Impact, ceann de na ceardchumann is mó a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe san earnáil phoiblí, nár mhór leasú radacach a dhéanamh ar an phróiseas díláraithe.
leasuithe agus athruithe improvements and changes
" Agus muid ag maireachtáil anois i ré seo na teicneolaíochta, sílim gur gá leasuithe agus athruithe a dhéanamh ar na polasaithe uilig agus ábhar nua a chur leo.
an córas a leasú to change the system
" Is gá an córas a leasú agus é a chur ina cheart gan mhoill.
leasú amendment
" Tagairt cháiliúil CJ Haughey don leasú a bhí á mholadh aige siúd ar an dlí, leasú a thabharfadh cead do phoitigéirí coiscíní a sholáthar – do lánúineacha pósta amháin – ar oideas! Is fada ó Ré Dhorcha na n-ochtóidí anois sinn, buíochas le Dia.
leasuithe bunúsacha basic amendments
" Beidh leasuithe bunúsacha le déanamh ar mhodhanna cumarsáide na ngardaí, go háirithe má táimid le fórsa a mhúnlú a mbeidh ar a chumas aige dul i ngleic le fadhbanna nua-aoiseacha.
Mhol siad gur cóir an dlí a leasú the recommended that the law should be ammended
" Mhol siad gur cóir an dlí a leasú le go gclúdófar lánúineacha neamhphósta agus lánúineacha homaighnéasacha sa shainmhíniú.
a leasú to change
" Beidh ar choistí contae ar fud na tíre machnamh a dhéanamh maidir lena modhanna oibre agus b’fhéidir go mbeidh orthu cuid acu a leasú toisc go bhfuil an saol – agus CLG – ag athrú go tapa ar go leor bealaí.
a leasú to amend
" Is léir, áfach, go bhfuil a leithéid i bhfeidhm cheana féin, don té atá toilteanach, agus in acmhainn, díol as! Cad is féidir a dhéanamh faoin chamscéim seo? Níor mhiste, i mo thuairimse, don Aire Hanafin an ciorclán cuí (uimhir m10/94) a leasú agus a atheisiúint sa dóigh is gur díolúine ó fhoghlaim teangacha i gcoitinne a bheadh i gceist seachas an Ghaeilge amháin.
leasú ammendment
" Ba chóir, mar shampla, leasú a dhéanamh ar mhír 37(1) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta a shíltear a bheith míchothrom mar go bhféadfaí úsáid a bhaint aisti le leithcheal a dhéanamh ar mhúinteoirí homaighnéasacha i scoileanna atá á reáchtáil ag na heaglaisí.
leasú an chórais sláinte the reform of the health system
" Ba cheart go mbeadh sí in ann dúshlán a thabhairt d’aon dris chosáin atá ag cur bac ar leasú an chórais sláinte – áitiúlachas agus caomhnaitheacht na ngairmeacha leighis, cuir i gcás – de thairbhe gur dócha nach mbeidh feachtas toghchánaíochta eile le fearadh aici feasta.
leasú ar ár mbunreacht an amendment to our constitution
" Ní haon áibhéil a rá gurb é Conradh Liospóin an leasú bunreachta is casta a cuireadh os comhair mhuintir na hÉireann riamh agus ná déanaimis dearmad gur leasú ar ár mbunreacht atá ann.
leasú bunreachta is casta the most complicated constitutional amendment
" Ní haon áibhéil a rá gurb é Conradh Liospóin an leasú bunreachta is casta a cuireadh os comhair mhuintir na hÉireann riamh agus ná déanaimis dearmad gur leasú ar ár mbunreacht atá ann.
in aghaidh na leasuithe seo against these reforms
" Ba í an cheist ba mhó a bhí i mbéal cheannairí na hEorpa tar éis an reifrinn ná cén fáth a raibh muintir na hÉireann in aghaidh na leasuithe seo? Baineann cuid den fhreagra leis an tír seo agus leis an fheachtas, agus an chuid eile leis an Aontas Eorpach féin.
a leasú amend
" San Astráil tosaíodh ag baint táillí de mhic léinn fiche bliain ó shin, ach rinneadh an córas sin a leasú cúpla uair le roinnt blianta anuas.
Leasuithe reforms
" Leasuithe D’fhógair an tAire Airgeadais ar lá na cáinaisnéise go mbeadh roinnt eagraíochtaí á gcomhtháthú agus cinn eile á scor.
leasú corrected
" Is cur amú airgead poiblí atá ann agus ba cheart é a leasú is a laghdú.
leasuithe molta amendments advised
"leasuithe molta ar an chóras a íoctar costais le Teachtaí Dála agus tá an tAire Brian Lenihan le moladh as seasamh diongbháilte a ghlacadh ar an cheist.
leasú to improve
" Tá obair leanúnach ar bun leis an gcóras a leasú is a fhorbairt, óir tá sé óg go maith, go fóill, mar chóras.
leasú polaiméireach polymer preservation
" I measc na samplaí coirp, tá suthanna ó thréimhse iompair 9- 32 seachtain le feiceáil ann agus iad ar fad leasaithe nó caomhnaithe, chomh maith le gach rud eile, trí chóiriú ar a dtugtar ‘leasú polaiméireach - polymer preservation’ nó ‘plaistiniú - plastination’.
leasuithe improvements
" Bliain chorraithe a bhí ann i measc mac léinn agus lucht ollscoile toisc go ndearna an tAire Ard-Oideachas, Valérie Pécresse, raon leathan leasuithe ar an gcóras ollscolaíochta sa Fhrainc a chur i bhfeidhm, leasuithe ar chuir mic léinn agus múinteoirí araon ina n-aghaidh.
leasú reform
" Is fada Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ag maíomh go raibh sé leis an scéim seo a leasú ó bhonn.
leasú amendment
" Ó 1922 ar aghaidh bronnadh saoránacht na hÉireann ar gach duine a rugadh sa Stát ach i 2004 chuir rialtas Bertie Ahern leasú bunreachtúil faoi bhráid an phobail a d’athródh cúrsaí sa mhéid is nach mbeadh ceart ag leanaí a shaolófaí in Éirinn chun saoránachta ach amháin ar choinníoll go mbeadh duine dá dtuismitheoirí ina shaoránach sa stát.
leasú amendment, reform
" Déanann sé leasú suntasach ar ghníomhú eachtrannach an aontais – trí Uachtarán lán aimseartha a cheapadh don Chomhairle agus Ard-Ionadaí a cheapadh do Ghnóthaí Eachtracha.
leasú improve
" Scéimeanna forbartha teanga, cultúrtha agus ealaíne a choinneáil agus a leasú más gá5.
leasú change
" Bheadh leasú le déanamh ar an reachtaíocht a bhaineann leis an Fhoras agus leis an Údarás, atá éagsúil ó bhord stáit ar bith eile sa mhéid is go dtoghtar formhór a gcuid comhaltaí.
leasú to amend
" Theastaigh an modh faoina thoghtar is a cheaptar an Bord a leasú.
leasú to reform
" Bhí Turnbull san eite chlé den Pháirtí Liobrálach agus cé gur vótáil sé in éadan an bhille, dúirt sé go raibh sé réidh idirbheartú a dhéanamh leis an mbille a leasú.
leasú to reform
" Ag Deireadh Fómhair rinne an rialtas an bunreacht a leasú chun stádas teanga náisiúnta a thabhairt don Tamazight.
leasú ó bhonn complete reform
" Ar cheann de na moltaí is conspóidí sa dréachtstraitéis, tá go gcuirfí leasú ó bhonn ar Údarás na Gaeltachta agus gur Údarás na Gaeilge a dhéanfaí den eagraíocht sin, eagraíocht a bheadh freagrach feasta – is cosúil – as an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.
leasú reform
" Ar cheann de na moltaí is conspóidí sa dréachtstraitéis, tá go gcuirfí leasú ó bhonn ar Údarás na Gaeltachta agus gur Údarás na Gaeilge a dhéanfaí den eagraíocht sin, eagraíocht a bheadh freagrach feasta – is cosúil – as an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.
leasuithe reforms
" Ach ba ar chaomhnú an status quo a bhí iarrachtaí phobal na teanga dírithe le dornán míosa anuas seachas ar leasuithe chun maitheasa a dhéanamh ar bheartais teangan, rud a bhí intuigthe go leor is dócha.
Leasú amendment
" Bheartaigh an chúirt nach bhfuil sé dleathach aon srian a chur ar chaiteachas a dhéanfadh corparáid ar chraolta polaitiúla de bharr go dtiocfadh a leithéid de shrian a bheith salach ar Chéad Leasú an Bhunreachta.
leasuithe bunreachtúla constitutional amendments
" Chuir an Lucht Oibre roinnt mhaith leasuithe bunreachtúla i bhfeidhm fosta a d’athraigh rialú na Breataine go mór agus a cheaptar a bheidh i measc na n-athruithe is mó a fhágfaidh siad san fhadtéarma.
leasuithe reforms
" Óir tá ceann de na leasuithe is radacaí le fada i leith maoiniú na n-eagras, le cur i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge.
leasú amendment
" An gcuirfidh an rialtas deireadh lena beartais ionstraimí reachtúla a aistriú nó an ndéanfar leasú ar an bheartas sin? Agus an dara cheist ná cad é a tharlóidh don Rannán Seirbhisí Aistriúcháin nuabhunaithe mar go mbeidh an corpus oibre a bheas le déanamh acu i bhfad níba theoranta ná mar a samhlaíodh roimh an bhreithiunais? Níor rialaigh an chúirt ar cheist costais sa chás seo go fóill.
leasú amendment
" Nuair a bhí Barack Obama ag cur leasú le cúram sláinte chun cinn le déanaí, cuireadh iontas ar go leor go raibh Lieberman, iarbhall de na Daonlathaigh, ag taobhú leis an bPáirtí Poblachtánach i gcoinne an uachtaráin.
Leasú amendment
" Tar éis a ndiúltaithe, bhagair siad Leasú 1 (saoirse labhra) ar na comhlachtaí iompair, agus cuireadh na fógraí in airde arís.
Leasú Dá Laghad no improvement, no amelioration
" Leasú Dá Laghad ======== Ní raibh an eagraíocht ag iarraidh athaontú na tíre, bhí siad ag éileamh comhionannais mar gur chreid earnálacha éagsúla náisiúnaíoch go dtitfeadh an tóin as an stát seicteach ó thuaidh dá scoirfí na bunphrionsabail ar a raibh sé bunaithe agus go dtarlódh sin gan dul i dtuilleamaí feachtais mhíleata.
leasú amendment
" Chiallódh sé sin nach mbeadh leasú stádas na Gaeilge ar an churaclam díbeartha den chlár oibre ach go mbeadh sé curtha ar an mhéar fhada.
Leasú reform
" Leasú an Rialtais Áitiúil ========== Molaim go n-íocfaí an cháin réadmhaoine seo leis an údarás áitiúil.
leasuithe amendments
" Meabhraítear do phobal na Fraince go bhfuil ar rialtais i dtíortha éagsúla leasuithe ar an gcóras pinsin a chur i bhfeidhm.
leasú to reform
" Is gá an córas pinsin a leasú agus déanfar sin.
leasuithe amendments
" Dúirt sé go raibh na leasuithe a mhol an Comhchoiste Oireachtais “á scrúdú faoi láthair.
leasú to amend
" Deis Leasaithe ======= Níl an eagraíocht gan locht agus bhí géarghá le leasú a dhéanamh ar an bhord, a bhí rómhór agus ró-amscaí le feidhmiú i gceart mar Pharlaimint Gaeltachta.
ar bhonn leasuithe in a reformed mode
" Elaine Byrne, anailísí polaitiúil i gcoláiste na Tríonóide, freagra ar McCarthy inar mhaígh sí go sábhálfadh an Seanad airgead dá mbeadh sé ag feidhmiú i gceart ar bhonn leasuithe.
iarracht leasuithe an attempt at reform
" Nuair a thug Rodford iarracht leasuithe a chur i bhfeidhm chuir sé olc ar na heochróirí agus maítear gur chuir siad féin mionsonraithe an gobharnóra i gcillín McConville, a bhfuil dúnmharú an Chonstábla Steven Carroll curtha ina leith.
An gcabhróidh na leasuithe dlí shall the law reforms help
" An gcabhróidh na leasuithe dlí atá á moladh sa Bhrasaíl agus san Ísiltír? Má léiríonn eachtraí Rio de Janeiro agus Alphen aan den Rijn rud amháin, is é seo é: tiocfaidh gealt ar ghunna nuair a theastaíonn uaidh – laistigh nó lasmuigh de chóras an dlí.
Leasú amendment
" Moltai leis an Scéim a Leasú: =============== D’fhógair Ó Cuív sa bhliain 2004 go raibh athbhreithniú ar Scéim Labhairt na Gaeilge agus ar bhealach deineadh an t-athbhreithniú sin sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch faoi Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007).
leasuithe reforms
" An bhfuil Réiteach na Faidhbe ag Ruairí Quinn? ======================== Is maith an scéal é go n-aithníonn an tAire Oideachais go bhfuil fadhb mhór againn agus ón méid atá ráite aige le cúpla mí anuas, is léir go bhfuil sé toilteanach tabhairt faoi leasuithe a dhéanamh ar mhaithe leis an bhfadhb a réiteach.
leasuithe measúnaithe assessment reforms
" Tá an méid ama a chaitear ag múineadh mata agus léitheoireacht sna bunscoileanna le méadú agus tá pleananna aige níos mó usáid a bhaint as measúnú leanúnach don Teastas Sóisearach ach an mbeidh comhoibriú na múinteoirí ar fáil? Tá an chuma ar an scéal go bhfuil ceardchumann na meánmhúinteoirí, an ASTI, chun iarracht a dhéanamh bac a chur ar na leasuithe measúnaithe atá beartaithe ag Ruairí Quinn.
leasuithe reforms
" Cuireadh próiseas comhairliúcháin poiblí ar bun chun na leasuithe seo a bhaint amach agus iarradh ar eagrais agus ar dhaoine aonaracha a gcuid moltaí a chur chun tosaigh ina leith.
Leasú an Bhunreachta constitutional reform
" Leasú an Bhunreachta =========== Is iontach an scéal é, ach níl aon tagairt do mhuintir dhúchais na hAstráile sa bhunreacht, cáipéis bhunaidh na tíre.
leasú seachas a scor to reform rather than disband
" Ach tá deis stairiúil ann anois Seanad Éireann a leasú seachas a scor.
leasuithe reforms
" Ba iad leasuithe Lemass agus Whitaker a chuir tús le muirthéacht mhór na seascaidí.