Ag scríobh dó san *Irish Times* an mhí seo caite, luaigh Peter Robinson,
leascheannaire an DUP, ceithre réamhéileamh a bheadh le comhlíonadh sula mbeadh páirtí s'aige toilteanach cumhacht a roinnt le Sinn Féin: deireadh críochnúil le gníomhaíocht pharamíliteach; díchoimisiúnú airm na bparamíliteach; rún daingean na hinstitiúidí polaitiúla a oibriú gan stad gan staonadh; agus tacaíocht don tseirbhís phóilíneachta ó achan ghrúpa ó thuaidh.