Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní áirim leathchos strae not to mention a stray leg
" Ach nuair a bhí sé díreach ar tí comhghairdeachas a dhéanamh leis féin as fuascailt na ceiste a aimsiú, nár smaoinigh sé nach raibh liombó ar bith ann níos mó, gur chuir comhdháil easpag nó cruinniú cairdinéal éicint ar ceal go deo é in aon deireadh seachtaine fada oibre amháin, nach raibh slí ann do leanbh ná do dhuine, ní áirim leathchos strae a bheadh gan foscadh ná dídean sa dá shaol an dá lá is a mhairfeadh fear na leathchoise.
leathchos single foot
" Ní gá dó ach a leathchos a chur amach ar an doras agus titfidh na mná i bhfanntais.
a leathchos (his/her) a foot
" Tuigim fiú go pointe, go mb’fhéidir go mbeadh sé deacair fostaí a fháil a bhfuil a leathchos i saol na Gaeilge agus a lapa eile i saol an idirlín aici/aige, ach léiríonn na suíomhanna a ainmníodh i gComórtas Gradaim an Ghreasáin le déanaí agus an buaiteoir, ach go háirithe, nach bhfuil sin fíor.
leathchos amháin one foot
" Ní raibh i gcaint an chuairteora Shínigh ach plámás na taidhleoireachta, ach mar sin féin, chuir ráiteas Xi ag meabhrú mé ar an chaoi a ndearna geilleagar na tíre seo a bhealach isteach sa nua-aois, agus ar an tSín féin, a bhfuil leathchos amháin aici sa nua-aois agus cos eile fanta sa ré réamhthionsclaíoch.
mo leathchos i slabhra my foot in a chain
" D’fháisc Jean mo leathchos i slabhra, agus cé go raibh fhios agam gur cur i gcéill a bhí i gceist, mhothaigh mé faitíos agus éadochas ag éirí ionam.
raibh an leathchos eile san uaigh ag was dead entirely
" Ar an 6 Iúil, 1994 nocht Uinsionn sa cholún Tuarascáil go raibh an leathchos eile san uaigh ag Peig Sayers bhocht mar go raibh a dírbheathaisnéis le baint mar shaothar ainmnithe de shiollabas na hArdteiste.