Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lig dithe leave her alone
" " "Seo, lig dithe, tá an deontas reaite agus níl pingin rua aici le mí.
lig dithe leave her alone
" " "Seo, lig dithe, tá an deontas reaite agus níl pingin rua aici le mí.
i bpolaitíocht na heite clé left-wing politics
" Is cuimhin liom agallamh raidió a chur tráth ar dhuine a bhí an-ghafa i bpolaitíocht na heite clé.
cead raide leave to do as they please
" " "Tá, is dócha," arsa Tadhg, "ach bheir muid cead raide daofa ar na bronntanais lá Nollag nó ní bhíonn siad beag óg ach an seal gairid.
fágadh roinnt na dí ag Féilim sharing out the drink was left to Féilim
" Chuir Máire thart na glasraí agus an t-anlann agus fágadh roinnt na dí ag Féilim.
thug sé comhartha go mbeadh sé ag dul ar chlé he indicated left
" Rinne Cian mar a iarradh air agus thug sé comhartha go mbeadh sé ag dul ar chlé.
dá mbaileodh go leor leo ón tír if plenty of people left the country
" Bhí tromlach den phobal ar nós cuma liom, mar gur mhothaigh siad go mbeadh saol níos compordaí acu féin dá mbaileodh go leor leo ón tír! Tá sé in am díospóireacht cheart, oscailte a thosú i dtaobh cheist na hinimirce sa tír seo.
Níl ribe féin ort anois you haven't a hair left on your head
" Níl ribe féin ort anois," arsa Féilim agus é ag amharc ar Fhiachra a raibh gach ribe ar a cheann gearrtha isteach go dtí an dúid aige.
páirtithe na heite clé the left-wing parties
"páirtithe na heite clé i gcoinne na leasuithe chomh maith ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil na polaiteoirí i mbun argóna faoi na ceisteanna seo de bharr na polaitíochta seachas de bharr iad a bheith buartha faoin oideachas nó faoin mhúinteoireacht.
chiotóg left hand
" Preit, a dhuine! Chonac Arabach uasal ó chianaibh agus a chroiméal breá dubh á shlíocadh aige lena chiotóg.
an eite chlé the left wing
"an eite chlé ag tacú go láidir leis na hinimircigh, ag iarraidh go mbronnfaí cearta áirithe orthu (an cead vóta a chaitheamh, mar shampla) agus ag léiriú an-bhá leo.
mé a fhágáil ina cheann leave me in charge
" Dá stróicfeadh sé leis agus mé a fhágáil ina cheann dhéanfainn féin gnaithe breá.
bainid aoibhneas as an duilliúr they take delight from the leaves
" Ach na Seapánaigh, glacann siad grianghraif de chrainn agus ní gá go mbeadh an crann ar fad ann; bainid aoibhneas as an duilliúr, dathanna á dtréigean, glas, buí, dearg, órga.
clár den eite chlé left wing programme
" Comhghuaillíocht ======= Dúirt Gerry Adams go raibh an seanréimeas polaitíochta ag athrú agus gur féidir comhghuaillíocht a bhunú idir Sinn Féin, an Páirtí Glas agus Páirtí an Lucht Oibre le clár den eite chlé a chur chun tosaigh.
go bhfágfar rud éigin that something will be left
" Níl an oiread sin suime aici san airgead ach is mian léi go bhfágfar rud éigin ina diaidh, mar a rinne an dream a bhí ag dul don cheol sna glúnta a tháinig roimpi.
d'fhágfainn tú agus do chloigeann ag teacht thart I'd leave you with your head spinning
" ' "Dá mbeadh seans agamsa," arsa Dónall leis féin, "d'fhágfainn tú agus do chloigeann ag teacht thart.
fágtha ar lár left out
" Sa tuarascáil eacnamúil a thug an "solas glas" don mhonarcha nua bhí rud beag amháin fágtha ar lár: an costas tógála.
Ciotóg a bhí i Mícheál Mícheál was left-handed
" Ciotóg a bhí i Mícheál agus greim ciotóige aige, ach theastaigh ón mBráthair Dwane deasóg a dhéanamh de! An Leader Cup (*Limerick Leader*) an comórtas a bhí ann ag an am sin ag na scoileanna agus shroich foireann Mhíchíl an cluiche leathcheannais.
gur theastaigh uaidh an scoil a fhágáil that he wanted to leave school
" " Nuair a chuir Pádraig in iúl dá thuismitheoirí tar éis na Meánteiste gur theastaigh uaidh an scoil a fhágáil chun bheith ina phluiméir, níor chuir siad i gcoinne an smaoinimh sin.
teachtaireacht a fhágaint to leave a message
" Nuair a rinne *Beo! *iarracht dul i dteagmháil leis na hollscoileanna ag an uimhir sin, ní bhfuair muid ach gléas freagartha a d'iarr orainn teachtaireacht a fhágaint.
tar éis dise bailiú léi after she had left
" Nuair a chuaigh a chailín go Tír na mBascach ar feadh bliana chun Spáinnis a fhoghlaim, chuaigh Hector léi, ach d'fhan sé ansin trí bliana tar éis dise bailiú léi.
d'fhágfaí leo féin iad they'd be left on their own
" De bharr chultúr imirceach na Stát Aontaithe, imíonn an chuid is mó den dream óg i bhfad ó bhaile, agus bogann go leor de chairde lucht pinsin go ceantar eile chomh maith; d'fhágfaí leo féin iad, mar sin, murach áiteanna mar The Villages.
fágadh na coirp the bodies were left
" Maraíodh na mná agus na páistí uilig agus fágadh na coirp ar an trá mar chomhartha do na fir.
ag tréigean an tionscail leaving the industry
" Mar sin féin deir An Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha go bhfuil níos mó agus níos mó daoine ag tréigean an tionscail.
ag eitilt thar loch amach leaving the country
" agus tá an brabús ar fad ag eitilt thar loch amach.
duilleoga atá ag feo decaying leaves
" Tá pasáistí le feiceáil a lúbann isteach ar a chéile agus nach dtéann áit ar bith, agus iad clúdaithe le múnlú bambú, eoclaip, duilleoga atá ag feo agus adharcáin ochtapais.
gur chóir dóibh glanadh leo they should pack up and leave
" Dhírigh sí freisin ar dhaoine as an Áis, ag rá nach gcloíonn siad le nósanna agus traidisiúin na tíre seo agus gur chóir dóibh glanadh leo.
ar tí imeacht about to leave
" Bhí mé ar tí imeacht, nuair a tháinig gluaisteán agus bean á thiomáint.
tógtha le polaitíocht na heite clé taken with left-wing politics
" Bhí guth agus ceol iontach aige, agus cosuil leis an chuid is mó den dream sin, chítear dom, feasóg air agus é tógtha le polaitíocht na heite clé.
a d'fhág an taoide agus í ag trá left by the retreating tide
" Bhí cairn mhóra néalta frithchaite sa ghaineamh, a raibh luisne lonrach air a d'fhág an taoide agus í ag trá.
ag fágáil an fhoréigin ina ndiaidh leaving violence behind
" Má bhí an béarlagair chomh casta le *spaghetti*, béile blasta a bhí ann do na daoine a chreideann go bhfuil an IRA ag fágáil an fhoréigin ina ndiaidh.
duilliúr leaves, greenery
" Tá sé chóir a bheith faoi cheilt go hiomlán ag an duilliúr agus tá féar ag fás ar an díon freisin.
ar an eite chlé nó dheas on the left of right wing
" Maidir lenár dTaoiseach faoi láthair, ní léir an le Boston nó Berlin a sheasann sé, an bhfuil sé i bhfábhar an phríobháidithe nó tacú le comhlachtaí stát-urraithe, nó an bhfuil sé ar an eite chlé nó dheas i bhFianna Fáil Cead a chinn do McDowell ======= Má chuir ráitis agus iompar an Taoisigh féin as don phobal i gcoitinne in 2003, tá go leor de chosmhuintir Fhianna Fáil ag lochtú an Taoisigh as cead a chinn a thabhairt don Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, le linn 2003.
ina chiotóg in his left hand
" * Gluais &#149; Glossary as an tom coillfrom the hazel bush scoilbsplinters ina chiotógin his left hand cloch speilescythe-stone faobharsharp edge lann na scinethe blade of the knife dheamhan a gcloisfeadh sé béicíl na ngasúrhe wouldn't hear the shouting of the children araebecause clósyard i ngeall ar an mbáisteachbecause of the rain a ghoilehis stomach dornán eileanother small quantity slámamount ag an gcrann mór darachat the big oak tree beartbundle lagweak an scoththe best cáilreputation a bhí uaidhthat he wanted garbhchomhaireamha rough count deich scillingten shillings gadwithe, rope chuir sé an ruaig ar an madrahe chased the dog seascaircosy, snug caonachmoss stoc storrúil an chrainnthe strong trunk of the tree choisrigh sé é féinhe blessed himself éadan síonchaite rocachweather-worn wrinkled face ar mhullach a chinnon the top of his head scáinteacht ghruaigesparseness of hair bun tornapathe bottom of a turnip eala bhána white swan ag fairewatching thuirling an spideog ar an talamhthe robin landed on the ground le dúilwith desire ag preabadhjumping ruainnín aráina small piece of bread beathafood sprúillemorsel ag samhlúimagining síógínlittle fairy dea-shíóga good fairy de dhoirte dhairtedartingly, suddenly a dhá luaithe isas soon as in airde ar leac na fuinneoigeup on the window-sill a broinn deargher red breast giodamachfrisky, jaunty mífhoighdeachimpatient ag bíogaílchirping go háiridespecially uaibhreachproud, spirited ar leathadhopen lena bréagadhtoo woo her babhtaísometimes cuinneogchurn drisiúrdresser dos cabáistetuft of cabbage máimín fataía handful of potatoes ag cuardach na nuachreafóigesearching the new soil cruimhmaggot bagrachthreatening binnsweet a ghlaoití amanta air féinhe used to be called sometimes spideoga difriúladifferent robins á leanúintfolllowing him conairpathway ag moilliúslowing nuair a d'iniúch séwhen he examined súil ribesnare (of thin cord or wire) d'fheith siseshe waited de réir dealraimhapparently ina ghnóthaíin his affairs ar nós gasúirínlike a young child go n-abrofaíthat it be said gileacht a súlthe brightness of her eyes frídthe smallest thing go beachtprecisely chomh haerach céannaevery bit as lively achairína very short time seafóidnonsense <td cl
bhileog leaves
" Bhí an mugairle Mhuire sona, faoi mar a bhí an tseamair Mhuire, an tseamróg sin a raibh na ceithre bhileog uirthi.
rinneadh stacán cloiche de Dhónall Dónall was left rooted to the spot
" Leis sin rinne an máistir Ó Duibhir búirtheach agus rinneadh stacán cloiche de Dhónall.
chiotóg left-handed person
" Bhí fadhb bheag amháin ann, áfach: ba chiotóg é Tadhg agus deasóga ab ea an bheirt eile! "D'fhoghlaim mé an giotár mar dheasóg agus is mar sin a sheinnim anois é, cé go n-airím go mbeadh rithim níos fearr agam dá mbeadh sé foghlamtha an bealach eile agam.
an duilliúr úr the new leaves
" Tá an sabhaircín agus lus an chromchinn ag damhsa sa leoithne; tá na huain óga ag damhsa ar na bánta; tá an duilliúr úr ag damhsa ar ghéaga na gcrann; tá an magairlín meidhreach ag damhsa ar na méilte; tá Bertie an Bodach ag damhsa ó ghéarchéim go héigeandáil; tá Peewee Flynn agus an Half Leper Ó Leath Lobhair ag iarraidh damhsa amach ar dhoras an Bhinse Fhiosraithe, agus - Dia idir muid agus an t-olc - tá Balor na Súile Nimhe ag damhsa thart istigh sa phluais.
shaoire mháithreachais maternity leave
" Mar shampla, má tá an duine ar shaoire mháithreachais nó saoire bhliantúil, seans maith go mbeidh tú sásta go leor.
saoire bhliantúil annual leave
" Mar shampla, má tá an duine ar shaoire mháithreachais nó saoire bhliantúil, seans maith go mbeidh tú sásta go leor.
shaoire tinnis sick leave
" Fuair mé amach go gasta go raibh an fáilteoir a bhíodh ann de ghnáth ar shaoire tinnis mar go raibh taomanna driopáis ag teacht uirthi.
nuair ba mhian liom imeacht when I wanted to leave
" Ní raibh duine ar bith eile ag obair ansin, mar sin bhí orm scairt gutháin a chur ar dhuine éigin nuair ba mhian liom imeacht ar feadh cúpla bomaite.
duilliúr leaves
" Ach is mí fhriseáilte, íocshláinteach, athbhríoch í mí seo na Bealtaine, dar le laoch na litríochta: an t-am a dtagann duilliúr ar na crainn agus bláthanna ar na sceacha, an t-am a dtosaíonn suán na beatha ag sníomh aníos arís fríd a chuid féitheacha.
gan trácht ar leaving aside
" In áit is mó a fheictear difríochtaí, gan trácht ar chúrsaí teanga ná cultúrtha, ná ó thaobh na timpeallachta de.
greadadh leis to take his leave
" Chomh luath is a bheidh siad sin thart, ní theastóidh ach an rud is lú le tabhairt ar gníomhú agus rogha a thabhairt don Uasal Ahern greadadh leis nó fanacht go mbrúfar é," arsa iaraire amháin le *Beo!.
ar mhian leo an eagraíocht a fhágáil who wanted to leave the organization
" Bhí géarchéim airgid in RTÉ ag an am agus bhí siad ag tairiscint iomaíochta do dhaoine ar mhian leo an eagraíocht a fhágáil.
fágtha ar lár left out
" (Nó ba cheart go mbeadh!) Má tá aon cheann acu fágtha ar lár, nó rófhada chun tosaigh, beidh locht agam uirthi.
ar fhealsúnacht na heite clé nó deise on the philosophy of the left or right wing
" Nárbh fhearr i bhfad go mbeadh na páirtithe sinsearacha seo ina bhfreasúra do chúis i bhfad níos tábhachtaí, go mbeadh dearcadh i bhfad níos fadtéarmaí acu agus go mbeadh siad ar a ndícheall ar son a muintire uile? Go mbeadh na focail "frith-Chomhaontú" agus "frith-Aontacht" curtha sa bhosca bruscair agus go mbeadh an pholaitíocht bunaithe ar fhealsúnacht na heite clé nó deise chun leas achan bhall den tsochaí? Tuigtear cén fáth ar cuireadh ailtireacht Chomhaontú Aoine an Chéasta le chéile.
an eite chlé the left wing
"an eite chlé in ísle brí ar chúiseanna stairiúla.
an eite chlé the left wing
" Is ar éigean a bhí na torthaí fógartha ná gur thosaigh cúlbhinseoirí i bhFianna Fáil ag rá go raibh súil caillte ag Fianna Fáil ar an chúis a bunaíodh an páirtí, sin le rá le fealsúnacht náisiúnta phoblachtánach ar an eite chlé a chur chun cinn.
bpolaitíocht na heite clé left-wing politics
" Bhíos sáite i gcultúr Shasana agus gníomhach i bpolaitíocht na heite clé.
d'fhág siad cibé beo nach raibh daonna ina ndiaidh they left all creepy-crawlies to themselves
" " Amach leo agus d'fhág siad cibé beo nach raibh daonna ina ndiaidh nuair a tharraing siad an doras ina ndiaidh.
agus greadadh leis amach as an oifig and to leave the office
" Is é an rud a tharlaíonn de ghnáth i mórchomhlacht dá chineál ná a luaithe is a fhógraíonn feidhmeannach go bhfuil sé i gceist aige éirí as a phost, iarrtar air a dheasc a ghlanadh laistigh d'uair an chloig agus greadadh leis amach as an oifig.
saoire ghairdín garden leave
" I Sasana bronntar "saoire ghairdín" ar oibrithe a bhíonn ag imeacht - is é sin íoctar iad as fanacht sa bhaile.
fágfar in áit na leathphingine é it'll be left behind
" Tá Aer Lingus i riocht fíorfholláin faoi láthair ach caithfear leanstan leis an fhorbairt nó fágfar in áit na leathphingine é.
polaitíocht na heite clé left-wing politics
" Is daoine a bhfuil bá acu le polaitíocht na heite clé iad seo.
súitear amach na duilleoga the leaves are sucked off
ag tréigean an tsaoil seo leaving this world/dying
" “Tá mo sheanchomrádaithe ag tréigean an tsaoil seo.
fágtar rudaí ar lár things are left out
na crainn gléasta i nduilleoga úra the trees dressed in fresh leaves
" Radharc aoibhinn a bhí ann: na crainn gléasta i nduilleoga úra, an sceach gheal faoi bhláth, agus clocha méithe phálás an easpaig agus abhainn ghléigeal dhonn ag rith fúthu.
fágtha gan chosaint left without protection
" Cad é a thiocfadh le hiarbhaill an IRA a dhéanamh? Má eagraíonn siad a bpobal féin le cur in éadan na nOráisteach, cad é na himpleachtaí a bheas ansin do phróiseas úr na síochána? Tá imní ar chuid mhór daoine atá ina gcónaí gar do “líne na síochána” go mbeidh siad fágtha gan chosaint.
dhaltaí Ardteiste Leaving Certificate pupils
" Tá ranganna á reáchtáil againn ag am lóin freisin agus cúrsaí do dhaltaí Ardteiste agus do mhic léinn tríú leibhéal.
a laige is atá an eite chlé the weak nature of the left wing
" An eite chlé ======= Fadhb eile a bhaineann leis an Mheánoirthear is é a laige is atá an eite chlé, dar le Fisk.
de chuid na heite clé of the left wing
" Agus ar eagla go sílfeadh éinne gur ceist í seo a bhaineann le dornán beag antoisceach de chuid na heite clé, níor mhiste a mheabhrú go bhfuil Éire cáinte ag eagraíochtaí creidiúnacha idirnáisiúnta maidir leis an cheist áirithe seo.
dhaltaí Ardteiste Leaving Certificate pupils
" Tá ranganna á reáchtáil againn ag am lóin freisin agus cúrsaí do dhaltaí Ardteiste agus do mhic léinn tríú leibhéal.
D&#146;fhágainn I used to leave
" D&#146;fhágainn AIB luath ar an Aoine agus rithinn suas go Cearnóg Mhuirfean lena dhéanamh.
tsaoire mháithreachais maternity leave
" Baineadh an-gheit astu ar fad nuair a thóg mé an tsaoire mháithreachais agus nuair a chuaigh mé ar ais.
eite chlé left wing
" &#148; Páirtí an Lucht Oibre ======= Tá Muireann ina ball de Lucht Oibre le blianta fada anois ach deir sí go mbraitheann sí rud beag míshuaimhneach sa pháirtí anois, de bhrí go bhfuil sé tar éis bogadh ón eite chlé go dtí an lár.
an eite chlé the left wing
" Rinne iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Ruairí Quinn, botún mór roimh an olltoghchán deireanach nuair a chuaigh sé in adharca le Gerry Adams i ndíospóireacht ar &#147;The Late Late Show&#148; faoi cé atá i gceannas ar an eite chlé in Éirinn.
má thréigeann duine amháin an duine eile if one person leaves the other
" Faoi láthair, má tá fear agus bean ina gcónaí le chéile, is cuma más tréimhse fhada nó ghearr atá i gceist, agus má thréigeann duine amháin an duine eile de bharr easaontaithe, nó má éiríonn duine amháin tinn, nó fiú má fhaigheann duine acu bás, níl an duine eile i dteideal aon cheann de na cearta céanna a bheadh aige/aici dá mbeadh sé/sí pósta.
de chuid na heite clé of the left wing
" Tá corradh le 100 feisire ag na Liobrálaigh, leathchéad ag an Bloc Québecois, agus 30 nach mór ag an NDP de chuid na heite clé.
san Ardteist in the Leaving Cert
" Idir an dá linn, tá torthaí sásúla á bhfáil san Ardteist i nGaeilge, bliain i ndiaidh bliana &#150; drochtheist ar chaighdeán na scrúduithe sin! Anuas air sin, níl aon chomhthéacs sóisialta á thabhairt d&#146;fhoghlaim na teanga.
is féidir leo bailiú leo amach an doras they can leave
" Muna bhfuil siad sásta a bheith ag éisteacht le Gaeilge, is féidir leo bailiú leo amach an doras.
fágadh trian de na tithe gan díon a third of the houses were left without a roof
" In Innisfail fágadh trian de na tithe gan díon agus ar a laghad 2,000 duine gan dídean.
a d&#146;fhágfaí amach that would be left out
" &#147;Bhí dua ag baint le rogha a dhéanamh cén chuid den scéal a chuirfí isteach sa leabhar agus cén chuid a d&#146;fhágfaí amach.
daltaí na hArdteiste the Leaving Certificate pupils
" Ní fada anois go mbeidh daltaí na hArdteiste ag tabhairt faoin scrúdú is tábhachtaí ina saol.
ina cholpa clé in his left calf
" De réir thuarascáil an phaiteolaí stáit, cuireadh sé philéar san uasal Fullerton, sa chloigeann, sa mhuineál, ina lámh dheis, ina cholainn, agus ina cholpa clé.
roinntí an méid a bhíodh fágtha the amount left would be divided
" ” An rud a tharlaíodh ná nuair a bhíodh an buiséad go léir a bhain le cúrsaí riaracháin caite, roinntí an méid a bhíodh fágtha idir cúrsaí teanga agus cúrsaí forbartha pobail.
eachtra a chuaigh i bhfeidhm ar thuismitheoirí Jones an event that left its mark on Jones' parents
" Rugadh Jones i 1913, nuair a bhí Learphollach eile de bhunadh Éireannach, Jim Larkin, ina cheannaire ar an fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath, eachtra a chuaigh i bhfeidhm ar thuismitheoirí Jones.
rí na láimhe clé the forearm of the left hand
" Mo thuismitheoirí a bhí ann, cúr tiubh gallúnaí ar mo mháthair suas ar rí na láimhe clé, an lámh eile á glanadh aice sular ardaigh sí í chun an cluasán clé (ceol, céard eile?) a bhaint di.
an cluasán clé the left earphone
" Mo thuismitheoirí a bhí ann, cúr tiubh gallúnaí ar mo mháthair suas ar rí na láimhe clé, an lámh eile á glanadh aice sular ardaigh sí í chun an cluasán clé (ceol, céard eile?) a bhaint di.
rinne mé cinneadh fágáil I made a decision to leave
" “Ach, mar gheall ar go n-éirímse tuirseach de rudaí tar éis ceithre bliana &ndash; sin an sórt *cycle* a bhíonn agam &ndash; rinne mé cinneadh fágáil.
nach bhfágfadh an t-íospartach martraithe that wouldn't leave the prisoner crippled
" Ba chosúil, mar shampla, go gceadófaí céasadh ar bith nach bhfágfadh an t-íospartach martraithe.
cúrsa iar-Ardteistiméireachta post-Leaving Cert course
" Ní mar sin a bhí sé i gcónaí i gcás an fhir thréithigh seo as Brí Chualainn &ndash; i ndiaidh dó an scoil a fhágáil i lár na nóchaidí agus cúrsa iar-Ardteistiméireachta déanta aige, bhí sé ag súil go mbeadh sé ábalta leanúint lena chuid staidéir i gceann de na coláistí ealaíne sa phríomhchathair.
ón eite chlé from the left wing
" Níl mórán athrú tagtha ar thacaíocht an Lucht Oibre sna pobalbhreitheanna agus iad faoi ionsaí ag Fine Gael san earnáil liobrálach mheánaicmeach agus ag Sinn Féin ón eite chlé.
ar shaoire leanúnach tinnis on continuous sick leave
" Bhí cuid de na daoine a bhí oiread fríd a chéile mar gheall ar an mhéid a bhí ag tarlú ann go raibh siad ar shaoire leanúnach tinnis ón obair.
ghoill a n-imeacht ar Bhalor Bocht their leaving upset Poor Balor
" Cuid acu, ghoill a n-imeacht ar Bhalor Bocht agus cuid eile níor ghoill.
ag fágáil na mór-roinne is ansa liom, leaving the continent I like the most,
" Love, fiú! Bhí lionn dubh ar mo chroí agus mé ag imeacht as an Maláiv, ní hamháin mar go raibh mé ag fágáil na mór-roinne is ansa liom, ach toisc go raibh mé ag fágáil cairde a bhí mar a bheadh teaghlach agam, agus ag fágáil tíre a bhí tar éis greim docht a fháil ar mo chroí.
fágtar fúinn féin it is left to ourselves
" Ligeann sé dóibh a scéalta brónacha féin a insint os comhair an cheamara agus fágtar fúinn féin breithiúnas a thabhairt orthu.
trí theachtaireachtaí a fhágáil ar shuímh a chéile. by leaving messages on each other's site.
" Déanann siad teagmháil lena gcairde, trí theachtaireachtaí a fhágáil ar shuímh a chéile.
ag fágáil mhór-roinn iontach na hAfraice, leaving the wonderful continent of Africa,
" Is cinnte go raibh lionn dubh ar mo chroí agus mé ag fágáil mhór-roinn iontach na hAfraice, ag eitilt ó Johannesburg go Perth, ach ag an am céanna bhí mé ar bís leis an mór-roinn nua seo a bhí ag feitheamh orm a fheiceáil.
tréigfidh siad a mbailte fearainn dúchais. they will leave behind their native townlands.
" As seo amach, beidh go leor daoine ag iarraidh bheith ina gcónaí i sráidbhailte agus tréigfidh siad a mbailte fearainn dúchais.
ag tréigbheáil an pháirtí faoi láthair leaving the party at the moment
" Ba chuid den straitéis fhadtéarmach riamh é agus murar thuig na daoine atá ag tréigbheáil an pháirtí faoi láthair gur cuid den loighic a bhí taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta é go nglacfadh Sinn Féin leis an chóras cirt ó thuaidh, thuig an cheannaireacht é.
daltaí Ardteiste Leaving Cert pupils
" An rud ba shuimiúla, is dócha, faoi na scéalta seo ná go raibh siad sna ceannlínte thart ar an am go raibh daltaí Ardteiste na tíre ag líonadh isteach a bhfoirm CAO chun cúrsa ollscoile a roghnú.
ar tí fágáil, about to leave,
" ” Agus mé ar tí fágáil, thaispeáin Tadhg an tionscadal atá idir lámha anois aige dom, leabhar nua do dhaoine fásta, ar an dul céanna le saothar eile dá chuid, *Gugalaí Gug*, a foilsíodh do pháistí.
i bpolaitíocht na heite clé in left-wing politics
" Bhí aithne mhaith agam féin ar Colin i Learpholl, áit a raibh sé gníomhach i bpolaitíocht na heite clé nuair a bhí sé ina dhéagóir, san fheachtas dlúthpháirtíochta le Vítneam, mar shampla.
nuachtáin de chuid na heite clé left-wing newspapers
" Chuir muid nuachtáin de chuid na heite clé agus litreacha chuige ó Learpholl agus ba léir ó na litreacha a scríobh sé ar ais go raibh scoilt san IRSP.
le buille beag an-mhailíseach dá ciotóg. with a small very malicious blow of her left jab.
" “*Blíp*! *Blíp! Blíp!* a Bhaloir,” ar sise go magúil, lách, carthanach, agus í ag síneadh Laoch na Litríochta ar fhleasc a dhroma le buille beag an-mhailíseach dá ciotóg.
mo shá spionnaidh fágtha ionam enough vigour left in me
" Ní dóigh liom go bhfuil dóthain ama agam ná mo shá spionnaidh fágtha ionam timpeall de cheithre chiliméadar a chur orm i mbrothall an lae.
sa chraobh ar clé, na teangacha Ceilteacha. in the branch on the left, the Celtic languages.
" Nuair a bhí mé thart fá chúig bliana déag d’aois thaispeáin múinteoir Laidine léaráid de theangacha na hEorpa don rang agus is cuimhin liom gur chuir mé suim sa chraobh ar clé, na teangacha Ceilteacha.