Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an leibhéal teagmhála the level of contact
" Is láidreacht í chomh maith an leibhéal teagmhála atá againn le pobal na Gaeilge.
an leibhéal neamhghnách ardslándála the unusual level of high security
" Thabharfadh an leibhéal neamhghnách ardslándála timpeall Aerfort na Sionainne le bliain anuas le fios go bhfuil rud éigin ar siúl nach mian le duine éigin, áit éigin pobal na hÉireann a bheith ar an eolas faoi.
an leibhéal comhoibrithe the level of cooperation
" Tuigtear do *Beo! *nach bhfuil an Breitheamh Barron fós sásta leis an leibhéal comhoibrithe atá á fháil aige ón Ministry of Defence sa Bhreatain.
leibhéal maith líofachta a good level of fluency
" Teanga na múinteoireachta ======= Sa bhliain 1938, rinneadh teanga oifigiúil na múinteoireachta den Fharóis sna hoileáin ach leanadh ar aghaidh ag teagasc na Danmhairgise sna scoileanna le cur ar chumas daltaí leibhéal maith líofachta a bhaint amach sa teanga sin.
leibhéal dífhostaíochta the level of unemployment
" Tá an leibhéal dífhostaíochta íseal go maith (5.
go leibhéal tubaisteach to a disastrous level
" Bhí a iarbhean chéile ag fáil bháis den ailse nuair a d'fhill sé agus deir sé go ndeachaigh sé sin i bhfeidhm, "go leibhéal tubaisteach", ar gach duine.
leibhéal na máistreachta masters level
" Féadfar suas go dtí leibhéal C2 a bhaint amach, agus is leibhéal na máistreachta é an leibhéal sin.
leibhéal maoinithe level of funding
" Ós rud é go bhfuil an leibhéal maoinithe ón stát do na healaíona ag dul i laghad sa Bhreatain agus i dTuaisceart Éireann, agus nach cúis mhórtais dúinn féin ach an oiread an leibhéal maoinithe atá an stát a thabhairt do na healaíona sa Phoblacht, bheadh sé úsáideach plé a dhéanamh ar conas tionscnaimh áirithe a chur chun cinn trí chomhoibriú idirnáisiúnta.
leibhéal muiníne level of confidence
" Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
leibhéal muiníne level of confidence
" Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
scoláireachtaí tríú leibhéal third level scholarships
" Má tá tosaíocht le bheith ag an iomáint i mBaile Átha Cliath (agus ní léir go bhfuil fós in ainneoin na mbuanna thuasluaite) is gá na hiománaithe is fearr a choinneáil ag iomáint go fiú más gá iad a mhealladh trí shaoire thar lear, bronntanais, scoláireachtaí tríú leibhéal, postanna agus araile.
a mhaoiníonn cúrsaí sa tríú leibhéal which funds third level courses
" ” Is aisteach an rud é faoi láthair, a deir sé, gurb é an tÚdarás a chuireann an maoiniú ar fad ar fáil do na naíonraí sa Ghaeltacht, agus gurb é an tÚdarás freisin a mhaoiníonn cúrsaí sa tríú leibhéal, ach nach bhfuil aon bhaint aige mórán leis an dá leibhéal idir an dá cheann sin.
an leibhéal suime agus rannpháirtíochta the level of interest and participation
" Is cosúil go n-ardaíonn an leibhéal suime agus rannpháirtíochta sa chluiche i gcomhréir le forbairt gheilleagrach i gcoitinne.
an leibhéal is airde dífhostaíochta fadtéarmaí the highest level of long-term unemployment
"an leibhéal is airde dífhostaíochta fadtéarmaí sa Ríocht Aontaithe ó thuaidh agus tá an leibhéal is airde dífhostaíochta i measc daoine óga ó thuaidh fosta.
i leith an leibhéil dí atá ceadaithe. regarding the level of drink allowed.
" Díol spéise fosta na torthaí i leith an leibhéil dí atá ceadaithe.
an leibhéal ard turasóireachta the high level of tourism
" Rinne mé turas féintiomáinte ar Oileán Fraser, agus cé gur bhain mé ardtaitneamh as bheith ag tiomáint cois farraige i Land Cruiser, agus bheith ag campáil ar an trá, rith sé liom go gcaithfidh nach bhfuil an leibhéal ard turasóireachta ag déanamh mórán maitheasa don áit.
mar thomhas ar leibhéal na farraige! as a measurement of sea level!
" Agus, bhí smaoineamh ag duine eile go dtiocfadh leis na figiúirí a bheith mar thomhas ar leibhéal na farraige! Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
ar leibhéal uiledhomhanda. on a global level.
" Feiceann tú do dhúchas, do chultúr agus do thír féin ar leibhéal uiledhomhanda.
a tharraingeodh aird ar an leibhéal ard féinmharaithe, who would draw attention to the high level of suicide,
" Níl seanadóir ann d’iarchéimithe na n-institiúidí teicneolaíochta; níl seanadóir ann do na hÉireannaigh thar sáile; níl seanadóir ag an Lucht Taistil; níl seanadóir ag na hinimircigh; agus níl seanadóir ann dóibh siúd atá in ísle brí, duine a tharraingeodh aird ar an leibhéal ard féinmharaithe, mar shampla.
dá n-ardódh leibhéal an uisce if the water level rose
" Mar sin, bhí smionagar réidh le titim dá n-ardódh leibhéal an uisce sa loch taobh thiar de.
leibhéal ardnósachta level of snobbery
" Bhí Béarla breá acu, neart le rá acu faoi chuile shórt agus leibhéal ardnósachta ina measc a bhain geit asam.
ar leibhéal na mothúchán. on an emotional level.
" Pé rud go díreach a bhain deora as an nGearmánach mná, is beag a chuaigh aon cheann de na trí chuairt atá tugtha agam ar Majdanek i gcion orm ar leibhéal na mothúchán.
mhéadaigh an leibhéal dífhostaíochta the level of unemployment increased
" Lean sí ar aghaidh leis na polasaithe céanna, rud a rinne a comharba, John Major, fosta sa bhliain 1990, agus mhéadaigh an leibhéal dífhostaíochta go ceithre mhilliún.
leibhéal náisiúnta, national level,
" Dá n-éireodh leo móramh a bhaint amach ag leibhéal náisiúnta, bheidís i gcumhacht i ngach parlaimint sa tír.
ar gach leibhéal. on every level
" Ach seachas sin, ba thoghchán neamhghnách é seo ar gach leibhéal.
ag leibhéal na sóisear. at junior level.
" **Stádas**Ní raibh stádas na heagraíochta nua soiléir go dtí Ard-Fheis CLG i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928 nuair a vótáil na hionadaithe ar son an rúin go mbeadh Comhairle na Breataine ina comhairle cúige agus go mbeadh seaimpíní na Breataine páirteach i gcluichí ceannais na hÉireann ag leibhéal na sóisear.
Tá sé deacair gan gnaoi a bheith agat ar Myers ar leibhéal pearsanta, it is difficult not to have an affection for Myers on a personal level
" Tá sé deacair gan gnaoi a bheith agat ar Myers ar leibhéal pearsanta, cé go n-easaontóinn féin le cuid dá thuairimí.
in institiúid tríú leibhéal. in a third level institution
" Tá mo mhic comhshamhlaithe go maith i sochaí na hÉireann, tá duine acu ar fhoireann sacair Chorcaí faoi bhun ceithre bliana déag, agus tá staidéar gnó á dhéanamh ag an duine eile in institiúid tríú leibhéal.
oideachas dara leibhéal second level education
" Cuireadh oideachas dara leibhéal ar Kieran ar Choláiste Cholm Cille i nDoire agus bhain sé céim chéad onóracha amach sa Léann Ceilteach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
ar leibhéal áirithe. at some level
" Pléitear go mion is go minic na ceisteanna móra atá os comhair an phobail agus is annamh nach mbíonn feachtas éigin ar bun ar leibhéal áirithe.
ag ceithre leibhéal cumais, at four levels of ability
" Tá scrúduithe ar fáil ag ceithre leibhéal cumais, is é sin ag Bonnleibhéal 1 agus 2 (A1 agus A2) agus ag Meánleibhéal 1 agus 2 (B1 agus B2) agus tá foireann teg ag obair ar na hArdleibhéil (C1 agus C2) faoi láthair.
ag leibhéal áirithe. at a particular level
" Má éiríonn le duine pas a ghnóthú sa scrúdú, bronntar teastas air le dearbhú go bhfuil cumas sa teanga bainte amach aige ag leibhéal áirithe.
an leibhéil bháin white balance
" Ní hé gur ceamaradóir leisciúil mé, ach fágaim an fheidhm “auto” ar siúl an t-am ar fad, nach mór – toisc gur féidir! Agus go leor rudaí ag tarlú go sciobtha, bíonn sé seo go hiontach – is féidir liom a bheith ag taifeadadh láithreach, gan a bheith buartha faoi chúrsaí ar nós an tsolais, an leibhéil bháin nó an fhócais, fiú.
leibhéal nua éifeachtúlachta. a new level of effectiveness.
" Cé nár chuir sé an t-eagras a bhfuil sé ag plé leis ar bun, teastaíonn uaidh é a thabhairt ar aghaidh go leibhéal nua éifeachtúlachta.
leibhéal struis na gcomaitéirí stress levels of commuters
" Ní laghdóidh na hathruithe seo leibhéal struis na gcomaitéirí san ardchathair, ar dream iad a bhraitheann faoi léigear cheana féin.
Clár um Thaighde in Institiúidí Tríú Leibhéal Program for Research in Third Level Institutions
" Ina measc siúd tá an Clár um Thaighde in Institiúidí Tríú Leibhéal trína bhfuil breis agus €865 milliún curtha ar fáil do na hinstitiúidí tríú leibhéal ó bhí 1998 ann.
leibhéal na bainistíochta managerial level
" Ar leibhéal na bainistíochta, bhí ochtar as deichniúr ina mbaill de na Ridirí.
leibhéal sin foirfeachta that level of perfection
" Sea, tá ‘An Ribín Bán’, le Michael Haneke, ar an leibhéal sin foirfeachta.
leibhéal meanman level of human spirits
" , ach cad é a dhéanann sin don phobal cruthaitheach sa bhaile sin?  Déanann sé difear an domhain má tá d'iarrachtaí dírithe ar thraidisiúin, ar chuimhne, ar shamhlaíocht áit ar leith agus ardaítear an leibhéal meanman ag an tréimhse sin.
ag céimniú amach as na forais tríú leibhéal graduating from third level institutions
" Ach mar is gnách sna tionscadail dhigiteacha in Éirinn, tá fadhb ann: ní hionann na scileanna atá acu siúd a bhíonn ag céimniú amach as na forais tríú leibhéal is na scileanna atá de dhíth ar na fostóirí san earnáil seo.
céimithe ó roinnt de na forais tríú leibhéal graduates from some of the third level institutes
" Níl aon vótaí ach (i) ag céimithe ó roinnt de na forais tríú leibhéal, na coláistí de chuid an NUI agus TCD, agus (ii) ag polaiteoirí, ’sé sin Comhairleoirí Contae agus baill an Oireachtais.
leibhéal inniúlachta chomh íseal sin level of capability so low
" Is deacair a chreidiúint go bhfuil an leibhéal inniúlachta chomh íseal sin.
leibhéal deacrachta level of difficulty
" Tá an t-alt seo dírithe ar dháltaí Ardteistiméireachta ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga de.