Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leithéidí the likes of
" Bhí go leor naimhde agus cairde sna meáin chlóite chomh maith ach is dócha, ag deireadh an lae, gur chuidigh leithéidí Kevin Myers agus é ag maslú lucht na Gaeilge go rialta san *Irish Times*.
leithéidí the likes of
"leithéidí Chorcaí, Bhaile Átha Cliath agus Luimnigh athraithe go mór le cúig bliana anuas, go háirithe ó thaobh an mhéid daoine atá le feiceáil ó thíortha na hAfraice agus Oirthear na hEorpa.
agus a leithéidí and their like
" Daoine mar Eoghanaí, Hughie agus Bidí Eoghain Hiúdaí, Mary Frainc, Joe Mhícheáil, Phil Ó Baoill agus a leithéidí.
leithéidí the likes of
" Cén fáth nach féidir le tír bheag mar seo a cuid gnóthaí a eagrú go hionraic agus go cothrom? An é go bhfuil leithéidí John Waters (*The Irish Times*) ceart nuair a deir sé nach bhfuil éirithe linn imeacht, fiú fós, ó thionchar an choilíneachais, ar chaith muid na céadta bliain faoi, agus go gcaithfidh muid fós a bheith ag cleasaíocht agus a bheith mímhacánta mar a bhí orainn a bheith leis na tiarnaí talún fadó!
lena leithéidí féin with the likes of himself
" Baineann an dream a bhíonn ar chainéil mhóra teilifíse na Breataine, mar shampla, cáil mhór amach, i gcomparáid lena leithéidí féin.
leithéidí the likes of
" Deir na himreoirí a bhí ann ag an am, leithéidí Gerry McEntee agus Mick Lyons, gur beag aithne a bhí acu ar Sheán Boylan, é sin nó ní raibh aithne dá laghad air! An t-aon aithne a bhí ag go leor air ná gur iománaí cuibheasach maith a bhí ann! Is é an bealach a ndeachaigh Seán i gcion ar na himreoirí i dtosach ná tríd an meas a léirigh sé orthu, trí aire a thabhairt dóibh i slite éagsúla agus trí bheith ag éisteacht leo, go mórmhór leis na seanfhondúirí ar nós Joe Cassells agus Gerry McEntee.
leithéidí the likes of
" Tá a gcuid tráchtairí ar fheabhas agus is breá a bheith ag éisteacht le leithéidí Brian Tyers, Mhíchíl Uí Dhomhnaill agus Garry Mhic Dhonncha ag déanamh cur síos ar chluiche bríomhar, crua - is dream iad atá inchurtha le Mícheál Ó Muircheartaigh féin, dar liom.
reáchtálann leithéidí run by the likes of
" Bíonn siad páirteach i seimineáir a reáchtálann leithéidí Corrymeela nó Democratic Dialogue nó an Glencree Reconciliation Centre.
leithéidí the likes of
" Tá seans ann go mbogfaidh daoine ó na Sealadaigh chuig leithéidí an Continuity IRA agus an Fíor-IRA.
Thaitneodh sé le leithéidí van Miert, pé scéal é. It would appeal to the likes of van Miert anyway.
" Ní mé ar chóir do lucht West on Track straitéis "phanEorpach" den chineál sin a tharraingt chucu féin? Thaitneodh sé le leithéidí van Miert, pé scéal é.
leithéidí *Magill* the likes of Magill
" Más rómhall a bhí leasú dhlíthe leabhail an stáit seo don iris *Magill*, d'fhéadfadh fós an leasú atá i ndán don stát borradh a chur faoin iriseoireacht fhiosraitheach, ach, chomh héasca céanna, d'fhéadfadh an chomhairle preas mar atá sí á beartú ag an rialtas a chinntiú nach bhfeicfí leithéidí *Magill* riamh arís.
leithéidí the likes of
" Is ansin a chuala mé leithéidí "Boolavogue" agus "The Rising of the Moon".
Leithéidí the likes of
" Leithéidí Regina Jacobs, curaí an domhain don 1500m faoi dhíon agus an dornálaí Shane Mosley atá luaite.
leithéidí the likes of
" Anois, nuair a théann leithéidí Schwartz agus Randall ag obair ar choimisiún a thug ceannasaíocht mhíleata na Stát Aontaithe dóibh, bí cinnte nach dtosóidh siad leis na teoiricí comhcheilge is "glaise", ach a mhalairt.
a leithéidí the like
" Sin ráite, bhí tionchar na *Country Blues *ann, ceol Mississippi John Hurt agus a leithéidí.
leithéidí the likes of
" Cé chomh minic is a éireoidh leat leithéidí Donald Trump, na réaltaí teilifíse Bill O'Reilly agus Tina Brown, agus scaifte scríbhneoirí teanntásacha a chur sa seomra céanna agus cur ina luí orthu a gcuid *egos* a chur ar leataobh? Sin go díreach an rud a tharla i Michael's ar West 55th Street i Manhattan oíche Fhéile Pádraig.
leithéidí the likes of
" " Bíonn leithéidí an IDA ag baint úsáide as nathanna ar nós "*going up the food chain*" agus iad ag iarraidh a thabhairt le fios gur cheart do chomhlachtaí níos mó béime a chur ar an taighde agus ar an bhforbairt, agus earraí nó seirbhísí costasacha a sholáthar seachas leanacht leis an múnla traidisiúnta atá faoi bhagairt mar gheall ar iomaíocht ó oirthear na hEorpa agus ón Áis.
leithéidí the likes of
" Cásanna clúiteacha ======= Tá ceist an chlaonpháirteachais beo beathaíoch go fóill, agus cásanna clúiteacha Pat Finucane agus Rosemary Nelson, ach bhí íospartaigh eile ann nach mbíonn a n-ainmneacha sna páipéir chomh minic sin, leithéidí Loughlin McGinn nó Roseanne Mallon.
leithéidí the likes of
" Níor léigh mé de shaothar Miller roimhe sin ach aiste amháin ar scoil chritice na Ginéive a luaití leithéidí Georges Poulet, Jean Rousset agus Jean-Pierre Richard léi.
leithéidí the likes of
" Is iontach go deo an ríméad a bhíonn ar dhaoine i ndiaidh Craobh na hÉireann a ghnóthú, ach an leanann sé i bhfad? Ní leanann, is cosúil, go mór mhór sna contaetha sin a mbíonn an bua acu go minic, leithéidí Chiarraí agus Chorcaí.
i gcomhluadar leithéidí in the company of the likes of
" Chuireamar oíche bhreá isteach i dTaigh Dhonnachaidh i gcomhluadar leithéidí Thormod Caimbeul - file a ghlac páirt sa Turas go hÉirinn i mí na Bealtaine - an t-amhránaí mór le rá Mary Smith, gan trácht ar sheisear fear ag casadh a gcuid boscaí ceoil.
leithéidí the likes of
" Chaith sé seal le Scoil Aisteoireachta an Gaeity, an scoil ar a fhreastail leithéidí Colin Farrell.
leithéidí McKearney the likes of McKearney
" Bhí leithéidí McKearney ag moladh go fiú go mbunófaí deachtóireacht phrólatáireach agus go ndéanfaí na feirmeacha a chomhshealbhú.
Leithéidí the likes of
" Leithéidí Malcolm Glazer a bheas i gceannas feasta.
leithéidí the likes of
" " Tá ardmholadh faighte ag *Little Chapel on the River *ó leithéidí Dennis Smith, Malachy McCourt agus Billy Collins, rud a léiríonn cumas Bounds scéal a insint go maith agus feabhas a léargais ar na hÉireannaigh.
leithéidí the likes of
" Is breá liom éisteacht le ceoltóirí aonair (ar nós Aogáin Lynch, Tommy Peoples, Páidí O’Connor) nó le ceol beirte (leithéidí Liz agus Yvonne Kane).
leithéidí the likes of
" Is ceoltóir é Mick a bhfuil iomrá air mar dhuine de na fidléirí is fearr atá ag cur faoi sa cheantar faoi láthair, mar fhidléir a thóg air féin stíl Thír Chonaill a chleachtadh agus a mháistriú faoi thionchar ceoltóirí éagsúla, leithéidí James Byrne agus Con Cassidy.
leithéidí the likes of
" Is ceoltóir é Mick a bhfuil iomrá air mar dhuine de na fidléirí is fearr atá ag cur faoi sa cheantar faoi láthair, mar fhidléir a thóg air féin stíl Thír Chonaill a chleachtadh agus a mháistriú faoi thionchar ceoltóirí éagsúla, leithéidí James Byrne agus Con Cassidy.
leithéidí the likes of
" Tar éis an tsaoil, tá go leor fianaise a léiríonn nach raibh an Brainse Speisialta ag obair as a stuaim féin le linn na dTrioblóidí agus go raibh siad á dtreorú ag Seirbhísí Rúnda na Breataine, leithéidí MI5.
leithéidí the likes of
" Tar éis an tsaoil, tá go leor fianaise a léiríonn nach raibh an Brainse Speisialta ag obair as a stuaim féin le linn na dTrioblóidí agus go raibh siad á dtreorú ag Seirbhísí Rúnda na Breataine, leithéidí MI5.
le leithéidí with the likes of
" Níor tháinig an cás féin chun cúirte go fóill, ach gach seachtain tagann ruainní nua eolais amach faoin Uasal DeLay agus a cheangal le leithéidí Jack Abramoff, stocaire a daoradh chun príosúin i mí Eanáir 2006 nuair a phléadáil sé ciontach i gcomhcheilg, calaois, agus breabaireacht.
le leithéidí with the likes of
" Níor tháinig an cás féin chun cúirte go fóill, ach gach seachtain tagann ruainní nua eolais amach faoin Uasal DeLay agus a cheangal le leithéidí Jack Abramoff, stocaire a daoradh chun príosúin i mí Eanáir 2006 nuair a phléadáil sé ciontach i gcomhcheilg, calaois, agus breabaireacht.
leithéidí bainiseacha nó tórramh like weddings and funerals
" Tá mise sásta daoine a dhílárú go Cúige Mumhan agus go Cúige Uladh fosta, agus tá mé sásta roinnt daoine a chur chuig áiteanna áirithe i gCúige Laighean fiú – Biorra, mar shampla – má fhaighim gealladh docht daingean ó na daoine sin nach mbeidh siad ag pilleadh abhaile fá choinne mionócáidí, leithéidí bainiseacha nó tórramh.
dá roghnófaí leithéidí Choláiste Marino if the likes of Marino College were chosen
" Ní bheadh aon chostas breise ar an stát dá roghnófaí leithéidí Choláiste Marino mar an coláiste oiliúna Gaeilge, rud a bheadh tábhachtach do rialtas a bheadh sásta seo a bhrú ar aghaidh.
leithéidí the likes of
" ***AÓF: An bhfuil cuid de na daoine a bhí páirteach sa chraobh ón tús fós in bhur measc?***TÓU: Tá roinnt acu fós ann is dóigh liom, leithéidí Sheáin Uí Bhroin, mar shampla, a bhí thart an uair sin agus atá fós ar an gcoiste agus baint nach beag aige leis an ócáid cheiliúrtha seo a bhí againn le déanaí.
leithéidí the likes of
" “Bhí leithéidí Phroinsais Uí Chonluain a raibh suim aige i dtraidisiúin cheoil tíortha eile agus a bhí sásta iad a chur faoi bhráid lucht éisteachta na hÉireann.
ó leithéidí from the likes of
" Arís, bhí feachtas láidir ann chun an t-ionad a choinneáil oscailte, feachtas a fuair tacaíocht ó leithéidí Noel Gallagher agus John Peel (nach maireann).
leithéidí the likes of
" I bPáras a bhuail sé le ceannródaithe na gluaiseachta Impriseanaí agus Iar-Impriseanaí, leithéidí Claude Monet, Camille Pissarro, Paul Gauguin, Georges Seurat agus Henri de Toulouse Lautrec, agus ba iad siúd a spreag é lena stíl féin a fhorbairt.
leithéidí the likes of
" “Tá Bealach an Doirín ar na gaobhair, baile dúchais Matt Molloy agus b’as Goirtin do Shéamus Tansey agus Peter Horan, Fred Finn agus fiú na ceoltóirí sin ó na 1920í a rinne ceirníní 78 i Nua-Eabhrac – leithéidí Michael Coleman, James Morrison, Paddy Killoran – b’as ceantar mo mháthar iad uilig.
mo leithéidí-se the likes of me
" I bhfad ródheireanach ag mo leithéidí-se a bhíonn sé ar siúl (11.
leithéidí the likes of
" Baineann sé geit as daoine go fóill mórcharachtair na linne a fheiceáil agus iad ina mbeatha: an Coileánach ag bailiú síntiús don Iasacht Náisiúnta i 1919 agus scuaine de phearsana móra ag teacht chuige, leithéidí Griffith, Desmond Fitzgerald agus Joseph McGuinness.
leithéidí the likes of
" Bhíodh sé ag dul thart ar na tithe i Rann na Feirste ag taifeadadh leithéidí Sarah Chonaill agus na daoine sin, i gcónaí ag bailiú.
leithéidí the likes of
" Is é a rinne mé ná droch-Ghaeilge a mhúineadh dó, leithéidí “Tá mé MP agus beidh mé TD or níl m’ainm Tarmacadam.
leithéidí the likes of
" Tar éis dó plé a bheith aige le leithéidí Sheáin agus Shéamuis Mhic Sheáin ó Bhóthar Seoige i dtaobh an ghá a bhí le nuachtán laethúil trí mheán na Gaeilge, bhunaigh grúpa daoine (Gearóid Ó Cairealláin agus Eoghan Ó Néill ina measc) an nuachtán Preas an Phobail ag tús na n-ochtóidí.
leithéidí the likes of
" Bhí díomá ar go leor daoine faoin méid a tharla i Staid Semple, ach tuigimid nach scabhaitéirí ná drochdhaoine iad leithéidí Sheáin Óig Uí Ailpín, Dhónail Óig Uí Chíosóig nó imireoirí eile mar iad.
leithéidí the likes of
" Bullaí fir, a Gharage! “Agus, ós ag caint dúinn ar an Seanad, nach bhfuil sé lán go doras cheana féin le Gaeilgeoirí aitheanta, leithéidí Davina Norris agus Shane Cross agus Ivana Bare Cheek! An cineál teanga a labhraíonn an triúr sin ó Choláiste na Trioblóide níl cuma Bhéarla na hÉireann uirthi, agus mar sin tá sé chomh maith le bheith ag labhairt Gaeilge.
leithéidí the likes of
" Tá muintir an tuaiscirt cleachta le beanna tí a fheiceáil á n-úsáid mar a bheadh canbhás iontu agus iad ag fógairt stair agus polaitíocht a gceantar le pictiúir de leithéidí Bobby Sands, an Rí Liam ar a chapall agus comhraiceoirí in *balaclavas* agus gunnaí á n-iompar acu.
cumhacht a bhronnadh ar leithéidí Shinn Féin/IRA to award Sinn Féin/IRA with power
" Ní fheictear dom go bhfuil sé cuí nó ceart cumhacht a bhronnadh ar leithéidí Shinn Féin/IRA mar dhuais.
a chabhródh le leithéidí Google which will help the likes of Google
" Faoi mar a luadh ag comhdháil de chuid Fondúireacht Eolaíochta Éireann (FEÉ) a bhí ar siúl le déanaí, is cuid den speictream é seo a chabhródh le leithéidí Google comhlachtaí fóin a sheachaint go hiomlán agus iad ag dul sa tóir ar an margadh soghluaiste, agus tá comhlachtaí Meiriceánacha ag teacht anseo chun an teicneolaíocht nua a thriail.
Murach a leithéidí, if it wasn't for the likes of those
" Murach a leithéidí, ní bheadh muid ann ar chor ar bith.
leithéidí the likes of
" “Má thagann an Márta ar nós an leoin, imeoidh sé ar nós na huaine, agus má thagann an Márta ar nós na huaine, imeoidh sé ar nós an leoin,” a deireadh na seandaoine, leithéidí iareagarthóir *Beo Ar Éigean*.
leithéidí the likes of
" Dar ndóigh, ní dhearna sé dochar ar bith dó gur thug leithéidí Steven Spielberg agus Bob Dylan ardmholadh dó.
leithéidí the likes of
" Le linn dó a bheith ansin, spreag sé leithéidí Damian Hirst.
leithéidí an racghiotáraí the likes of the rock guitarist
" ” Tugadh cuireadh do cheoltóirí éagsúla, leithéidí an racghiotáraí Declan Sinnott agus an dordghiotáraí Eoghan O’Neill, a bheith páirteach in Moving Hearts, cé nach raibh cur amach ar bith acu ar an cheol traidisiúnta.
leithéidí the likes of
" Ar ndóigh, cuid mhór de shárimreoirí na cispheile is fir ghorma iad - leithéidí Magic Johnston, Michael Jordon agus Shaquille O’Neil.
leithéidí the like of
" Ar ndóigh, beidh roinnt bogearraí a mbeidh ort a cheannach, má tá tú seoladh cáipéisí tábhachtacha go cliaint - leithéidí Microsoft Word, mar shampla.
leithéidí her like
" Ina measc siúd a roghnaíodh roimhe seo le bheith ina Marianne, bhí leithéidí Brigitte Bardot (1968) agus Catherine Deneuve (1985).
leithéidí the like of, such as
" Ach má leanann leithéidí Ryanair ar aghaidh ag gearradh siar ar bhagáiste, b'fhéidir amach anseo go mbeidh cosc iomlán á chur ar bhagáiste láimhe agus go mbeimid ag tabhairt leabharlann linn i bhfoirm leictreonach chun ár leabhair a choinneáil faoi cheilt! Tá an leagan Windows den ghramadóir "Ceart" a fhoilsíonn Diarmaid ar fáil ar an suíomh www.
leithéidí the like of, such as
leithéidí of such people as
" ” Ar chuma ar bith, ní mó ná sásta a bhí muintir na Somáile le loighic mharfach leithéidí Summers.
leithéidí such as
" ” Seachaint an Óil Is amhlaidh nach bhfuil saol Étaoin ag teacht in aon chor leis an íomhá de shaol an mhainicín a bheadh ag roinnt mhaith daoine agus scéalta faoi leithéidí Katy French cloiste acu.
leithéidí such as
" Ach ar fhaitíos go gceapfadh éinne gur Arabaigh agus Ioslamaigh amháin a d’fhéadfadh a bheith ina “mbagairt” do na Stáit Aontaithe, is maith an rud é go bhfuil leithéidí Kim Jong-Il, “Doctúir an Oilc” é féin, ann.
leithéidí such as
" Tá mé i ngrá le ceol na hÉireann, ceol traidisiúnta agus leithéidí Damo Dempsey, daoine a cheolann le paisean agus a chreideann sa rud a bhfuil siad a cheol fá dtaobh de.
leithéidí such as
" Moltar ann go n-aistreofaí feidhmeanna Chiste na Gaeilge (trína mhaoinítear leithéidí an Taibhdhearc, Oideas Gael, Gaillimh le Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann srl.
leithéidí such as
" Is é Dréimire an Diabhail i gCom Caillí an bealach is coitianta le tabhairt faoin sliabh cé nach bhfuil aon chosán ceart tógtha ann mar atá ar leithéidí Bheinn Neibhis nó ar Yr Wyddfa.
leithéidí such as
" com/scheuer/?articleid=11670 ) De réir an tsainmhiniú a thugann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (GAECB), is cosúil go bhfuil tú frith-Sheimiteach má aontaíonn tú le Mearscheimer agus Walt go raibh baint mhór ag Iosrael agus a lucht tacaíochta i SAM leis an ionsaí ar an Iaráic, nó má chuireann tú i leith leithéidí Podhoretz agus Ottolenghi go bhfuil siad níos dílse d’Iosrael ná do SAM agus an tAE faoi seach.
leithéidí the likes of
" ” Tugann Gates “the people in between” ar leithéidí Wolfowitz agus Greenspan.
leithéidí such as, the likes of
" Balor: Sea? Ar fhreagair tú an fógra, a Chircín, nó ar thuig tú an fógra fiú? Cad é is brí le *abominations?* Circín: Ó nár mhaith a thuig mé é, a Bhaloir, mar a thuigfeadh duine ar bith a mbeadh an Bíobla léite aige cúig huaire is fiche ó chlúdach go clúdach – leithéidí Iris agus mé féin.
leithéidí such as
" Tá dronganna éagsúla i bPáirtí an Lucht Oibre le fada an lá, leithéidí na droinge clé agus drong na deise, agus bhí cumhacht láidir acu i stiúradh an pháirtí.
leithéidí the likes of
" Ní hé nach ndéanann na foilsitheoirí eile obair mhaith, go háirithe leithéidí Cois Life.
is a leithéidí and suchlike
" Bhí seacht gcinn an uair sin i Londain – *Galtymore* is a leithéidí.
leithéidí such as
" Tá sé cumhachtach go leor le hainmhithe móra leithéidí an bhuabhaill uisce fhiáin agus na bó baile a mharú.
easpa a leithéidí the need for such a thing
" Rud eile gur mór liom faoin raon atá ag MimiToys ná easpa a leithéidí Lightning McQueen is Peppa Pig orthu! Ach ar ndóigh, ní do na gasúir amháin í an Nollaig.
leithéidí such as
" uk/programmes/b00v7p71) le deanaí agus luaigh siad gur dhein daoine thart fá 20% dá gcuid siopadóireachta in ollmhargaí sna seachtóidí ach go ndéantar níos mó ná 90% den tsiopadóireacht iomlán anois i leithéidí *Tesco* is *Asda* srl.
leithéidí such as
" Sampla maith de dhea-rún míréasúnta is ea leithéidí: “Éistfidh mé go haireach i gcónaí nuair a bhíonn urlabhraí Gaeltachta Fhine Gael ag caint faoi thodhchaí na Gaeilge i mBéarla.
leithéidí such as
" An Ghaeilge a chur i lár an aonaigh ag leithéidí Thaispeántas an Eolaí Óig a theastaíonn.
ó leithéidí from the likes of
" Is léir gur thuig bunaitheoirí Quora go raibh daoine ag úsáid an idirlín chun ceisteanna a fhreagairt agus ba léir ó leithéidí *Twitter* agus *Facebook* go raibh siad ag cur níos mó muinín i bhfreagraí ó dhaoine in ionad a chur sna freagraí a fuair siad ó chuardach Google.
leithéidí such as
" Tuigtear go soiléir go bhfuil an iomarca meáchain agus murtaill i measc na bhfachtóirí riosca is measa do réimse leathan galar ainsealach, leithéidí hipirtheannais, diaibéitis agus galair chardashoithíocha.
leithéidí such as
" Tá a fhios ag Frainc agus againn ar fad nach fada eile a bheimid in ann brath ar bhreosla iontaise, leithéidí gáis, ola etc.
cosúil le leithéidí similar to people like
" Léiríonn teideal an taispeántais go bhfuil sé d’aidhm aige scéal na nÉireannach abhus ina iomláine a chur ar fáil, seachas an dearcadh simplí seanda go raibh na hÉireannaigh go léir a tháinig chun na hAstráile cosúil le leithéidí an Cheallaigh agus a mhuintire.
leithéidí by people such as
" Priompallán an Chéiteannaigh sa Chac Bó Arís ====================== Nuair a áirítear lena chéile iad, is athreic iad de na seanmhúnlaí maslacha a thiomsaigh leithéidí Giraldus Cambrensis i gcoinne na nGael chomh fada siar leis an dara haois déag – Na Gaeil – (nó sa chás seo na Gaeil ar de bhunadh an Lucht Siúil iad) mar dhream a bhfuil fírinne na steiréitíopaí seo le sonrú orthu – an mhímhacántacht, an t-ól, an foréigean, easpa dílseachta (ach amháin dá ‘dtreibh’ féin), lorg deirce, an leisciúlacht, an scéalaí, an díbeartach, an trodaí agus mar sin de.
leithéidí such as
" Go deimhin, b’éigean do leithéidí Gabby Logan, Jeremy Clarkson agus Jemima Khan ráflaí na meán sóisialta go raibh caidrimh sheachphósta acu a shéanadh go poiblí.
tá toirmeasc ar chailíní ina leithéidí seo girls are banned from such places
" Tá cuid acu ag feidhmiú mar madrasas Ioslamacha agus tá toirmeasc ar chailíní ina leithéidí seo.
leithéidí na such things as
" Bean an Tí Bháin ======= Tá leithéidí na *Gatherings* seo ar siúl sna Stáit Aontaithe le fada an lá.
a leithéidí sin suchlike
" Sílim nach ionann an cineál lucht féachana, agus dá bhrí sin an t-atmaisféar, a bhíonn ag cluichí Chorn an Domhain agus a macasamhail ag cluichí sraithe Phríomhroinn Shasana nó Sraith na gCuradh san Eoraip nó a leithéidí sin.