Pota Focal Intergaelic
lear | leer | leo | leog | leon
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Díshealbhaíodh go leor daoine a lot of people were evicted
" Díshealbhaíodh go leor daoine mar nach gcuirfidís a gcuid gasúr ar scoileanna Protastúnacha.
Goilleann sé go mór ar go leor daoine it bothers a lot of people
" Goilleann sé go mór ar go leor daoine, taobh istigh agus taobh amuigh den Chumann, go mbíonn mórchuid airgid ag dul isteach i gcistí an Chumainn, Domhnach i ndiaidh Domhnaigh i rith mhíonna fada an tsamhraidh.
Baineadh stangadh as go leor daoine A lot of people were taken aback
" Baineadh stangadh as go leor daoine le gairid nuair a cuireadh in iúl go raibh an scian i ndán do bhuiséad Raidió na Gaeltachta.
dá mbaileodh go leor leo ón tír if plenty of people left the country
" Bhí tromlach den phobal ar nós cuma liom, mar gur mhothaigh siad go mbeadh saol níos compordaí acu féin dá mbaileodh go leor leo ón tír! Tá sé in am díospóireacht cheart, oscailte a thosú i dtaobh cheist na hinimirce sa tír seo.
D'fhuáil go leor teifeach a mbeola le chéile Many refugees sewed their lips together
" D'fhuáil go leor teifeach a mbeola le chéile le sreang mhiotal in ionaid ar fud na tíre chun cur in iúl go soiléir nach rabhthas ag éisteacht leo.
sleamhnóidh go leor coireanna cainte isteach i do cheann gan fhios duit a lot of language crimes will slip into your head unbeknown to you
" Ní hamháin go méadóidh do stór focal, ach sleamhnóidh go leor coireanna cainte isteach i do cheann gan fhios duit.
ait go leor strangely enough
" Tá comhairle curtha ar fáil ag an Irish Internet Association d'fhostóirí ar conas bainistiú a dhéanamh ar úsáid an idirlín, ach ait go leor, níl an cháipéis sin ar fáil ar líne.
nach leor an deontas that the grant is not enough
" Ar ndóigh, i ndiaidh blianta fada leatroime agus neamhairde beidh éileamh níos mó ná mar ba cheart ar an airgead agus ciallaíonn sin nach leor an deontas.
nach leor an deontas that the grant is not enough
" Ar ndóigh, i ndiaidh blianta fada leatroime agus neamhairde beidh éileamh níos mó ná mar ba cheart ar an airgead agus ciallaíonn sin nach leor an deontas.
Tá go leor ar m'aicíd there are many people like me
" Tá go leor ar m'aicíd," ar sé.
phill go leor ar a bhfód dúchais many returned home
" Nuair a d'éirigh obair fairsing ó 1970 ar aghaidh, siocair na monarchain i nGaoth Dobhair, phill go leor ar a bhfód dúchais.
ar go leor slite in many ways
" "Chuaigh Davitt ana-mhór i bhfeidhm orm thar aon duine eile a bhí suas le mo linnse toisc go raibh sé ag scríobh laistigh den gcathair, go raibh tionchar Mheiriceá ar go leor slite, tionchar an cheoil agus tionchar fhilíocht Mheiriceá, tar éis dul i bhfeidhm air mar a bhí sé dulta i bhfeidhm ormsa.
cé go mbuaileadh mise breoite, ceart go leor even though I became ill, right enough
" D'ainneoin an sórt sin saoil, is dóigh liom go mbainimís níos mó spóirt as agus nach raibh an sórt duaircis seo (cé go mbuaileadh mise breoite, ceart go leor) agus an phusadaíl a bhíonn ag daoine óga inniu aon chor ann.
éirimiúl go leor intelligent enough
" Chomh maith le himní a bheith air faoi na scrúduithe sa chéad bhliain den chúrsa, thosaigh sé ag smaoineamh fosta go mb'fhéidir nach raibh sé éirimiúl go leor le bheith ansin.
go leor imirceach a lot of emigrants
"go leor imirceach as Éirinn ann freisin nach bhfuil chomh cáiliúil sin.
Aisteach go leor strangely enough
" Aiféala ======= Aisteach go leor, cé go bhfuil sí ar dhuine de mhórfhilí na Gaeilge, ní bhreathnaíonn sí uirthi féin mar fhile proifisiúnta.
dian go leor hard enough
" An é go raibh daoine róshantach nuair a tugadh isteach an euro nó an é nach raibh an rialtas dian go leor ar na gaimbíní a mhéadaigh a gcuid praghsanna go slítheánta nuair a fuair siad an deis ag tús na bliana seo caite? Níor smaoinigh na daoine seo, nuair a athraíodh go dtí an euro, go mbeadh sé níos fusa as sin amach comparáid a dhéanamh idir tíortha na hEorpa maidir leis na praghsanna atá a ngearradh ar earraí siopadóireachta.
inmhuiníne go leor trustworthy enough
" Cinnte, shéanfadh aontachtaithe go láidir go bhfuil aon cheangal idir cinneadh s'acusan agus na hionsaithe atá ag titim amach ar shráideanna a gcathrach, ach nuair a chuireann tú in iúl nach bhfuil aicme éigin daoine - náisiúnaithe sa chás seo agus Alliance, dream eile nach bhfuil aontachtach go leor - inmhuiníne go leor le postanna sinsearacha a thabhairt dóibh, is cineál eile seicteachais é.
go leor cabhrach enough help
" Tá víris ag cruthú géarchéime ar an idirlíon faoi láthair ach níl na comhlachtaí a fhoilsíonn bogearraí ag tabhairt go leor cabhrach d'úsáideoirí ríomhairí.
aisteach go leor strangely enough
" Ach, aisteach go leor, níor cúisíodh riamh é.
má thoghtar go leor ball den DUP if enough members of the DUP are elected
" D'fhéadfadh sé ansin geallstan nach scorfaidh siad an Tionól arís má athbhunaítear é, ach tá fadhbanna anseo - má thoghtar go leor ball den DUP agus go leor easaontóirí ón UUP, d'fhéadfadh siad sáinn pholaitiúil eile a chruthú sa Tionól, gan Chéad- agus leas-Chéad Aire bheith ainmnithe.
nár foilsíodh go leor scéalta a bhí fírinneach that a lot of truthful stories weren't published
" Ach chinntigh sé leis nár foilsíodh go leor scéalta a bhí fírinneach agus a raibh géarghá ann go bhfoilseofaí iad.
go leor iontas plenty of wonders
" An Mhuir Mharbh ======= Ní tír an-mhór í an Iordáin agus is féidir go leor iontas a fheiceáil taobh istigh de cheithre lá.
go leor a lot
" AÓF: Is dóigh go bhfuil sé nádúrtha go leor go mbeifeá ag glacadh páirte in agallaimh bheirte agus lúibíní mar sin.
nach n-aontódh go leor daoine liom that a lot of people wouldn't agree with me
" Sílim gurb iad na hamhráin dúshraith an cheoil rince agus gurb iad is tábhachtaí, dá bhrí sin! B'fhéidir nach n-aontódh go leor daoine liom faoi sin ach sin mo thuairim phearsanta féin.
Dála go leor dá nglúin like many of their generation
" Dála go leor dá nglúin, áfach, chinn siad ar a gclann a thógáil le Béarla.
cliste go leor clever enough
" Tá EasyReader cliste go leor chun leaganacha éagsúla d'fhocail a aithint - má roghnaítear an focal "earraí", cuir i gcás, taispeánfar gach eolas ar an bhfocal "earra".
Ait go leor strangely enough
" Ait go leor, ceann de na cúiseanna atá leis seo ná an aimsir - tá sé ró-scamallach anseo chun úsáid cheart a bhaint as teileascóp.
ní mór do go leor daoine dul i dtuilleamaí an fhoclóra a lot of people have to rely on a dictionary
" Tá a shaothar dúshlánach, go háirithe ó thaobh na teanga de, agus ní mór do go leor daoine dul i dtuilleamaí an fhoclóra agus iad á léamh.
Dala go leor dá chomhoibrithe like many of his co-workers
" Dala go leor dá chomhoibrithe, bhí caighdeán maith maireachtála ag Buckley; d'óladh sé cúpla pionta tar éis na hoibre agus bhaineadh sé sult as cluichí spóirt ag an deireadh seachtaine.
ar mo shuaimhneas go leor comfortable enough
" AÓF: An dtógann sé mórán ama ort amhrán a fhoghlaim? MNA: Ní thógann is dócha, ach tógann sé tamall go dtí go mbím ar mo shuaimhneas go leor chun é a chanadh os comhair lucht éisteachta! AÓF: Inis dom faoin bhfeadóg mhór.
dian go leor hard enough
" AÓF: An maith leat a bheith leis an ngrúpa? MNA: Is breá liom é, cé go mbíonn sé dian go leor uaireanta.
forbartha go leor developed enough
" Amach anseo b'fhéidir go mbeidh muid in ann eolas bith-mhéadrach ar nós méarloirg a úsáid chun ár gcéannacht a chruthú, ach níl an teicneolaíocht sin forbartha go leor go fóill.
Cé gur fhulaing sé go leor although he suffered a lot
" Cé gur fhulaing sé go leor bhí sé sásta dearmad a dhéanamh air sin agus oibriú chun go mbeadh an dá thaobh san Afraic Theas in ann teacht le chéile agus stát nua a bhunú.
go leor forbartha a lot of development
" Is maith linn go bhfuil muid in ann teacht isteach le comhlachtaí a bhfuil go leor taithí acu cheana féin sa ngnó seo mar ciallaíonn sin go bhfuil muid ag obair ar thionscadail a bhfuil go leor forbartha déanta orthu.
nach raibh Laidin ar a dtoil ag go leor d'ár gcuid saighdiúirí that many of his soldiers couldn't speak Latin
" Bhí mé féin agus mo dhaidí agus Condo Leasing de Rís ag smaoineamh ar imruathar a dhéanamh ar thír nó dhó i Meiriceá Laidineach, ach d'éist muid leis mar nóisean nuair a fuair muid amach nach raibh Laidin ar a dtoil ag go leor d'ár gcuid saighdiúirí.
go leor foirgneamh plenty of buildings
" Níl le déanamh agat ach amharc thart ar bhaile nó ar chathair ar bith chun go leor foirgneamh - bialanna agus oifigí, mar shampla - a fheiceáil a úsáideann an tÍostachas mar chomhartha aitheantais.
go leor cabhrach a lot of help
" "Tá go leor cabhrach ar fáil sna Stáit Aontaithe," a deir sé.
go leor tacaíochta enough support
" Deir daoine go minic nach dtugann pobal na Gaeilge go leor tacaíochta do dhrámaíocht na Gaeilge.
chuir sin go leor daoine le báiní that made a lot of people furious
" Tharla, i rith na mblianta, gur ceileadh an gradam ar imreoir de bharr gur díbríodh den pháirc é i gcluiche club gan tábhacht agus chuir sin go leor daoine le báiní.
go leor fuinnimh a lot of energy
" Chaith sé go leor fuinnimh ag iarraidh a bheith atofa go Parlaimint na hEorpa.
go leor brabúis enough profit
" Is éard atá i gceist le seirbhísí eitleáin OSP ná bealaí nach bhfuil – de réir dealraimh – go leor brabúis le saothrú ag comhlachtaí príobháideacha orthu, ach a bhfuil tábhacht shóisialta ag baint leo (mar shampla, chun gnó a fhorbairt i gceantar iargúlta).
aisteach go leor strangely enough
" Má shiúlann tú síos Bóthar na bhFál, chífidh tú geansaithe Liverpool, Manchester United, Arsenal chomh maith le geansaithe Aontroma agus, aisteach go leor, geansaithe Bhaile Átha Cliath (is maith le cailíní óga na dathanna!).
dála go leor daoine like a lot of people
" “Cheap mé, dála go leor daoine, nach raibh tada ann ach a ghabháil chuig an micreafón.
nochtadh go leor eolais nua a lot of new information was revealed
" Gort nár treabhadh mórán cheana ab ea seo agus, dá réir, nochtadh go leor eolais nua agus chualathas scéalta faoi na coimhlintí éagsúla ó dhaoine nár labhair amach go poiblí cheana.
go leor foghlamtha plenty of learning
" Tá a fhios agat an chéad bhliain d’aon chúrsa, bíonn go leor foghlamtha i gceist ó thaobh lucht múinte an chúrsa de.
go laghdóidh spéis go leor daoine san institiúid that a lot of people's interest in the institute will decline
" Is cinnte go laghdóidh spéis go leor daoine san institiúid agus nach mbeidh fonn ar oiread fear dul leis an tsagartóireacht ar fud an domhain.
ag cruthú go leor spéise creating plenty of interest
" Ní nach ionadh, tá na difríochtaí costas i gcás na nglaonna idirnáisiúnta ag cruthú go leor spéise i measc daoine a bhíonn ag déanamh glaonna thar sáile go minic.
Míthráthúil go leor unseasonably enough
" Míthráthúil go leor, mar shampla, léiríodh Santa Claus i bpictiúr amháin agus cuma air go bhfuil sé ag iarraidh duine a chrochadh! Ag druidim leis an naoú haois deag, bhí Santa Claus mar íomhá le feiceáil go forleathan, ach thiocfadh leis an íomhá seo a bheith beag nó mór agus gléasta i ndathanna éagsúla - glas, gorm, nó fiú corcra, mar shampla.
mar atá á thuar ag go leor eacnamaithe as a lot of economists are predicting
" Fadhb ollmhór a bheas ann amach anseo má chuireann an ECB leis an mhéadú seo agus má ardaíonn rátaí úis na tíre seo go 3%, fé mar atá á thuar ag go leor eacnamaithe.
i go leor ionad in many positions
" D’imir sé i go leor ionad ar an bhfoireann, agus bhuaigh sé boinn uile-Éireann agus contae sna gráid go léir.
a chothaíonn go leor deacrachtaí which gives rise to many difficulties
" De réir an tsainmhínithe ar an teaghlach sa Bhunreacht faoi láthair, ní aithnítear ach oiread cearta an tuismitheora aonair agus níl aon cheart bunreachtúil ag an athair i leith a pháiste, rud a chothaíonn go leor deacrachtaí d’aithreacha atá scartha ó mháthair a bpáistí agus iad ag lorg cead na páistí céanna a fheiscint.
a rachaidh i gcion ar go leor daoine that will make an impression on a lot of people
" Is cinnte gur albam é a rachaidh i gcion ar go leor daoine.
deireanach go leor late enough
" Shroicheamar an áit deireanach go leor sa tráthnóna agus mar sin níor éirigh linn mórán oibre a dhéanamh seachas an trealamh taifeadta a chur isteach san ionad agus na huirlisí uilig a leagan amach go néata ionas go mbeimis ábalta teacht orthu go tapaidh nuair ba ghá.
go leor leor dearmad many many mistakes
" Dála chuile dhuine eile, rinne mé go leor leor dearmad agus bhí neart deacrachtaí agam agus mé ag foghlaim (go háirithe leis an tuiseal ginideach) ach bhí an fonn foghlamtha agus an grá don Ghaeilge chomh láidir ionam nach raibh sé riamh i gceist agam éirí as.
dul i ngleic le go leor státseirbhíseach drogallach to tackle plenty of reluctant civil servants
" Le sin a chur i gcrích, beidh orthu dul i ngleic le go leor státseirbhíseach drogallach agus a ndúshlán a thabhairt.
Aisteach go leor strangely enough
" Tá mé i mo chónaí in Indreabhán anois – rud a chuidíonn leis an mblas, ar ndóigh! ENÍG: An mbaineann tú úsáid as an Ghaeilge go rialta? MO: Aisteach go leor, ní bhíonn duine ar bith san obair ag labhairt Gaeilge.
leathard go leor half high enough
" Is féidir dul ag siúl sléibhe, cé go bhfuil sé beagáinín leadránach – níl na cnoic leathard go leor.
go leor uirlisí lots of instruments
" Bhídís ag múineadh go leor uirlisí agus ag eagrú ranganna taobh amuigh d’uaireanta scoile chun go mbeadh muid in ann cur isteach ar na comórtais ag feiseanna agus fleánna ceoil.
go leor frustrachais plenty of frustration
" Bíonn go leor frustrachais i gceist agus iad ag iarraidh na smaointe doimhne seo a chumadh i nGaeilge chun ceist a fhreagairt nó chun bheith ag caint leis an duine taobh leo.
a chuaigh i gcion go mór ar go leor daoine who had a great impact on a lot of people
" Ba léir, ón dóigh ar labhair sí mar gheall ar Mhícheál, gur fear faoi leith a bhí ann a chuaigh i gcion go mór ar go leor daoine.
go leor fuinnimh enough energy
" Is cinnte nach mbeidh tú díomhaoin agus tú ag tabhairt cuairte ar an cathair álainn seo ach má bhíonn beagán beag ama le spáráil agat, agus go leor fuinnimh agat go fóill, is fiú gan na háiteanna eile seo a chailleadh: - An Museu d’Art Contemporani de Barcelona (www.
tá go leor ar a haicíd there are many like her
" “De réir mar a fheicimse, tá go leor ar a haicíd,” arsa Máire.
go leor de bhunadh na Gaeltachta many of the Gaeltacht people
" B’fhéidir dá dtuigfeadh siad an tairbhe a bhaineann go leor de bhunadh na Gaeltachta as na cúrsaí samhraidh go mbeadh orthu athmhachnamh a dhéanamh!
go leor manach lots of monks
go leor foréigin plenty of violence
" Ar ndóigh, ní cruinnithe cairdiúla iad seo de ghnáth – mar aon le cluichí ríomhaireachta eile tá go leor foréigin i gceist le roinnt MMOs.
sáite i go leor conspóidí involved in a lot of controversies
" Is dócha go raibh lúcháir air slán a fhágáil ag an Roinn Sláinte, áit a raibh sé sáite i go leor conspóidí.
go leor earcach a fhostú to employ enough recruits
" Is ar éigean atá Roinn na Cosanta Náisiúnta in ann go leor earcach a fhostú le háit na saighdiúirí oilte atá ag éirí as an arm in aghaidh na bliana a thógáil.
go leor armlóin enough ammunition
" Teip an Chláir Mar a shíl mé roimh ré, ní raibh go leor armlóin ag Contae an Chláir le Cill Chainnigh a chur ó mhaith.
go leor leor inspioráide lots of inspiration
" Ceapaim gur thug mo thuismitheoirí-se go leor leor inspioráide dom.
go gcloisfear go leor fúithi that plenty will be heard about her
" Is duine í Natasha Fennell atá misniúil agus ardaidhmeannach agus is cinnte go gcloisfear go leor fúithi sna blianta atá romhainn.
fiáin go leor wild enough
" Bhí sé cosúil le bheith ag breathnú ar chlár de chuid David Attenborough! Is páirc thar cionn é Etosha – tá áiseanna maithe inti ach tá sí fiáin go leor mar sin féin, agus tá sé dochreidte an méid ainmhithe atá ansin.
folláin go leor fit enough
" Ní raibh Haddock in ann bheith i láthair sa chúirt an tseachtain seo mar gur mheas a dhlíodóirí nach raibh sé folláin go leor le bheith ann.
i go leor dáilcheantar imeallach in many marginal constituencies
" Is dócha go dtiocfaidh méadú beag ar ionadaíocht an pháirtí sa 30ú Dáil, ach de thairbhe iad a bheith ag iomrascáil le Fine Gael i go leor dáilcheantar imeallach, ní dócha go sáróidh líon suíochán an LO 25 nó 26.
gan trácht ar go leor duaiseanna not to mention lots of prizes
" Tá cúpla teideal buaite ag Janine Redmond ar an mbosca, ag Eoghan Ó Ceannabháin ar an bhfeadóg mhór agus ar an bhfeadóg stáin, ag Niamh Denmead ar an gcruit, ag Sarah Jane í féin, gan trácht ar go leor duaiseanna don cheol beirte agus don cheol triúir agus a leithéid.
nach mbuafaidh siad go leor suíochán that they won't win enough seats
" Creideann Poblachtánaigh go gcaillfidh siad a gcumhacht i gComhdháil na tíre, rud a chinnteoidh go bhfágfar an uachtaránacht bacach éagumasach go dtí an chéad toghchán uachtaránachta eile in 2008, agus creideann na Daonlathaigh nach mbuafaidh siad go leor suíochán chun an ruaig iomlán a chur ar na Poblachtánaigh.
ar go leor suíomh gréasáin on lots of websites
" Dúradh ar go leor suíomh gréasáin go ndeachaigh an Ghaeilge i gcion ar an Ultais agus spreag sé seo suim sa Ghaeilge ionam.
a loic ar go leor daoine, which failed a lot of people,
" Scoil, dar liom, a loic ar go leor daoine, daoine nach raibh ábalta cur suas leis an réim a bhí ar bun san áit agus a d’fhág é.
imníoch go leor fá dtaobh de. worried enough about it.
" Ag an am bhí cluiche an-chontúirteach á imirt acu maidir le hAidan bocht agus bhí seisean imníoch go leor fá dtaobh de.
go leor gealt plenty of mad people
" Ag an am, bhí go leor gealt ag dul thart a d’amharcfadh air seo agus b’fhéidir a ghlacfadh treoir uaidh agus a dhéanfadh dochar d’Aidan.
fite fuaite trí go leor acu. mixed through a lot of them.
" Tá trí amhrán déag ar an albam agus tá dánta de chuid de Paor fite fuaite trí go leor acu.
go leor leor dlúthdhioscaí lots and lots of CDs
" Dhíolamar go leor leor dlúthdhioscaí ar an oíche chomh maith.
go leor liúntas plenty of allowances
"go leor liúntas curtha ar fáil ag rialtais éagsúla thar na blianta do sheandaoine na tíre, roinnt acu nach bhfuil ar fáil i dtíortha eile.
céatadán ard go leor a high enough percentage
" Cuireann go leor de na tithe altranais seirbhís phroifisiúnta den chéad scoth ar fáil ach tá céatadán ard go leor nach ndéanann amhlaidh.
go leor príosúnach many prisoners
" Bunaíodh an tír “nua” seo san 18ú haois, agus rinne go leor príosúnach as Sasana, Albain, Éirinn agus tíortha eile an turas fada ar bháid mhóra go dtí an áit aineoil seo.
Chuaigh seo sa muileann ar go leor daoine. This baffled a lot of people.
go leor den lucht tacaíochta plenty of the supporters
" Caithfidh mé a rá go bhfuil mé féin agus go leor den lucht tacaíochta ar nós cuma liom faoi seo.
go leor leor bruscair a huge amount of rubbish
" Bhí go leor leor bruscair le feiceáil, agus cé go bhfuil rialacha dochta i bhfeidhm maidir leis na diongónna agus na hainmhithe eile, níl mórán amhrais ach go gcuireann sé isteach orthu daoine bheith i láthair.
bhí go leor ábhair machnaimh agam. I had plenty to reflect on.
" Agus mé i mbun an turais fhada abhaile, tríd an teas agus an t-allas i Singapore, bhí go leor ábhair machnaimh agam.
Baineadh siar as go leor daoine a lot of people were taken aback
" Baineadh siar as go leor daoine le déanaí nuair a d’fhógair Motorola go raibh seans ann go mbrisfidís 350 oibrí as a bpoist i gCorcaigh.
go leor tagairtí plenty of references
" Déanann Ihimaera go leor tagairtí do dhaoine atá i mbéal an phobail sa Nua-Shéalainn ina chuid scríbhneoireachta, agus cuireann sé mar charachtair iad ina leabhair – John Campbell, láithreoir teilifíse TV3 mar shampla.
go leor cumhachta enough power
" Tá an freasúra ina choinne freisin, ach tá gearán éagsúil acusan: nach mbeidh go leor cumhachta ag an Údarás nua.
théimis chuig go leor féilte we used to go to lots of festivals
" Mar a deirim, théimis chuig go leor féilte i rith an tsamhraidh agus chuala mé ceol agus amhráin a chuaigh i gcion go mór orm.
go leor stíleanna lots of styles
" Caithfidh go mbíonn tú ag éisteacht le stíleanna difriúla amhránaíochta? An bhfuil aon stíl ar leith gur fearr leat? ENíC: Taitníonn go leor stíleanna liom.
éasca go leor easily enough
" Go hiondúil, braithim go dtagann smaoineamh d’amhrán éasca go leor ach ní bhíonn sé chomh héasca céanna é a chur i gcrích.
go leor iarrachtaí many attempts
" Rinneadh go leor iarrachtaí ó shin rialtas logánta a chur ar bun i Stormont agus bunphrionsabal roinnt na cumhachta mar dhúshraith aige.
go leor cumhachta a ghiniúint to generate enough power
" Agus, ar ndóigh, caithfidh an cadhnra go leor cumhachta a ghiniúint chun gur féidir leis an ghléas feidhmiú ar feadh roinnt uaireanta an chloig ar a laghad.
go leor rún eolaíochta plenty of scientific secrets
"go leor rún eolaíochta á gceilt ag bosca gleoite bán an iPod! Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel ((www.
ag cur míshásaimh ar go leor de mo chomharbaí. much to the displeasure of many of my successors.
" “Chuaigh mé ar scor sa bhliain 2000 ach tá mé gníomhach liom, rud atá ag cur míshásaimh ar go leor de mo chomharbaí.
éileamh mór go leor a big enough demand
" Os a choinne sin, beidh cead anois ag aerlínte eitiltí nua a chur ar bun ó Chnoc Mhuire nó ó Chorcaigh go Meiriceá má chreideann siad go bhfuil éileamh mór go leor ann.